Na háiseanna do vótálaithe le míchumais

Réamhrá

Tá socruithe i bhfeidhm do dhaoine faoi mhíchumas fisiciúil, ar a bhfuil breoiteacht, lagú amhairc, nó atá faoi mhíchumas léitheoireachta agus scríbhneoireachta, lena cheadú duit an ceart atá agat a chleachtadh chun vóta a chaitheamh. Is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • An stáisiún vótála ina gcaitheann tú vóta a athrú
  • Compánach a bheith agat le cabhrú leat vóta a chaitheamh nó is féidir leis an oifigeach ceannais cabhrú leat vóta a chaitheamh
  • Vóta a chaitheamh trí úsáid a bhaint as páipéar ballóide teimpléid má tá lagú amhairc ort
  • Vóta a chaitheamh sa phost
  • Vóta a chaitheamh ag ospidéal, teach altranais nó ina mhacasamhail d’institiúid, má chónaíonn tú ann.

Inrochtaineacht stáisiún vótála

Nuair is féidir, bíonn stáisiúin vótála lonnaithe i bhfoirgnimh atá inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. Caithfidh stáisiúin vótála a bheith ar leibhéal urlár na talún i gcónaí. Is féidir rampaí sealadacha a shuiteáil chun rochtain a éascú.

Is gnách go ndeartar urrann vótála i stáisiúin vótála do dhaoine atá ina seasamh. Caithfidh an ceann comhairimh (an duine atá freagrach as an toghchán nó an reifreann i do thoghcheantar a eagrú) tábla agus cathaoir a chur ar fáil do vótálaithe ar gá dóibh suí síos.

Vótáil ag stáisiún vótála eile

Tabharfaidh an ceann comhairimh fógra poiblí faoi na stáisiúin vótála go léir sa toghcheantar nach bhfuil inrochtana d’úsáideoirí cathaoir rothaí. Má bhíonn deacracht agat rochtain a fháil ar do stáisiún vótála áitiúil, is féidir leat iarratas a dhéanamh i scríbhinn leis an gceann comhairimh ar a laghad seachtain roimh lá na vótála chun cead a fháil vóta a chaitheamh ag stáisiún vótála sa toghcheantar céanna. Is é an ceann comhairimh i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh sirriam na cathrach nó an chontae. I gcontaetha eile, is é an cláraitheoir contae a dhéanann seo.

Le cabhrú leis an gceann comhairimh stáisiún eile oiriúnach a roghnú, ba cheart duit a mhíniú i d’iarratas an fáth nach féidir leat teacht ar do stáisiún áitiúil. Más féidir, ba cheart duit stáisiún vótála eile a mholadh atá inrochtana agus áisiúil duit. Seolfaidh an ceann comhairimh údarú scríofa ar aghaidh chugat le vóta a chaitheamh ag stáisiún vótála eile, agus is iondúil gurb é seo an ceann a mhol tú. Ba cheart duit an t-údarú seo a sholáthar (anuas ar an ngnáthfhianaise i leith aitheantais) nuair a théann tú chun vóta a chaitheamh. A luaithe a sannadh stáisiún eile vótála duit, ní féidir leat vóta a chaitheamh ag do stáisiún áitiúil.

Do vóta a chaitheamh

Cúnamh a fháil le vótáil ag stáisiún vótála

Is é an t-oifigeach ceannais an duine atá freagrach as an vótáil a dhéanamh ag stáisiún vótála. D’fhéadfadh oifigeach ceannais maoirseachta a bheith ar dualgas freisin – áirítear lena bhfreagrachtaí maoirseacht a dhéanamh ar na socruithe do vótálaithe faoi mhíchumas. Is féidir leat iarraidh ar an oifigeach ceannais maoirseachta má theastaíonn cúnamh uait.

Tá rialacha diana ann lena chinntiú go gcoimeádtar rúndacht agus slándáil na ballóide. Tá an dlí sonrach faoi na saghsanna na vótálaithe ar féidir cabhrú leo vóta a chaitheamh; conas a fhéadtar cabhrú leo; agus cé ar féidir cabhrú leo. Ní foláir don oifigeach ceannais an dlí a chur i bhfeidhm. Tá an dlí ann chun a bheith cinnte go mbeidh tú in ann do vóta a chaitheamh ar an mbealach is mian leat, agus chun go mbeidh sé coinnithe faoi rún.

Ag brath ar an gcineál míchumais atá agat, d'fhéadfadh cúnamh a bheith curtha ar fáil duit ar thrí bhealach:

  • Vótáil le compánach
  • cúnamh ón oifigeach ceannais
  • Teimpléad de pháipéar ballóide a úsáid

Vótáil le compánach

Má tá tú faoi lagú amhairc nó faoi mhíchumas fisiciúil nó má tá deacracht litearthachta agat a chuireann cosc ort vótáil gan chúnamh, d’fhéadfá compánach a thabhairt leat leis an bpáipéar ballóide a mharcáil duit. Caithfidh an duine seo a bheith ar a laghad 16 bliana d’aois. Ní féidir leo a bheith ina n-iarrthóir toghcháin nó ina ngníomhaire d’iarrthóir. Ní fhéadfaidh siad cúnamh a thabhairt do níos mó ná beirt daoine ag toghchán ar leith. Mura gcreideann an t-oifigeach ceannais go bhfuil an duine a roghnaíonn tú incháilithe gníomhú mar chompánach, is féidir le duine eile gníomhú mar do chompánach nó is féidir leat iarraidh ar an oifigeach ceannais cabhrú leat.

Nuair a thugann compánach cúnamh duit, téann siad isteach in urrann vótála leat agus insíonn tú dóibh conas an bhallóid a mharcáil. Cuireann an compánach an páipéar ballóide marcáilte sa bhosca ballóide ansin.

Cúnamh a fháil ón oifigeach ceannais

Má tá tú faoi lagú amhairc nó faoi mhíchumas fisiciúil nó má tá deacracht litearthachta agat a chuireann cosc ort vótáil gan chúnamh, is féidir leis an oifigeach ceannais cabhrú leat an páipéar ballóide a mharcáil.

Téann an t-oifigeach ceannais agus na gníomhairí pearsanaíochta leat go dtí áit sa stáisiún vótála nach féidir le comhrá ar gnáthghlór a chloisteáil ann. (Ionadaí iarrthóra é gníomhaire pearsanaíochta a dhéanann maoirseacht ar an vótáil agus a cabhraíonn le cosc a chur ar chionta toghcháin.)

Más gá, cuirfidh an t-oifigeach ceannais iontráil go dtí an stáisiún vótála ar fionraí agus déanfaidh siad daoine a bhaint den áit, lena chinntiú nach féidir le duine ar bith do rogha vótála a chloisteáil. Tá na gníomhairí pearsanaíochta ann mar fhinnéithe lena chinntiú go leanann an t-oifigeach ceannais do threoracha. Faoi mar a bhíonn i gceist le gach duine atá bainteach i vótáil, tá oibleagáid reachtúil ann ar ghníomhairí pearsanaíochta do vóta a choimeád rúnda.

Fiafraíonn an t-oifigeach ceannais díot cén vóta ba mhaith leat a chaitheamh agus déanann siad do roghanna a mharcáil ar an bpáipéar ballóide de réir do rogha. Léifidh siad aon eolas ón bpáipéar ballóide a m’fhéidir go mbeidh ort a chloisteáil chun do chinneadh a dhéanamh. Cuireann siad an páipéar ballóide isteach sa bhosca ballóide ansin.

Cuirtear cosc sa dlí ar oifigeach ceannais ó ghníomhú ar aon treoracha scríofa a fhaightear ó vótálaí. Is amhlaidh atá seo mar gheall go bhféadfadh gur scríobh nó gur athraigh duine eile na treoracha agus ba dheacra a bheadh sé a chinntiú go raibh do vóta á chaitheamh ar an mbealach a theastaíonn uait.

Más mian leat go gcabhróidh an t-oifigeach ceannais leat vóta a chaitheamh, ba cheart duit cuairt a thabhairt ar an stáisiún vótála i bhfad sula ndúnfar é istoíche. Ceadaítear sa dlí d’oifigeach ceannais iarraidh ar chúnamh a dhiúltú i rith an dá uair an chloig dheireanacha vótála dá gcuirfeadh cabhrú le toghthóir amháin cosc ar dhaoine eile ó vótáil. Ní bhaineann an srianadh seo le vótáil ag compánach - is féidir cabhrú leat vóta a chaitheamh ag compánach ag aon tráth i rith na n-uaireanta vótála.

Teimpléad de pháipéar ballóide a úsáid

Gléas trédhearcach plaisteach é páipéar ballóide teimpléid a chuirtear ar bharr páipéar ballóide. Tá cló ardaithe agus Braille ar an teimpléad, chun gur féidir le daoine ar a bhfuil lagú amhairc vóta a chaitheamh gan chúnamh. Is féidir leat an rogha seo a úsáid má tá lagú amhairc ort agus mura mian leat go gcabhróidh compánach nó oifigeach ceannais leat chun do pháipéar ballóide a mharcáil.

Úsáidtear an teimpléad le huimhir Shaorghlao a shainaithníonn na hiarrthóirí i do cheantar. Más mian leat éisteacht leis an eolas seo roimh lá na vótála, is féidir leat an uimhir ghutháin a fháil ó d’údarás áitiúil nó do Cheann Comhairimh. Is féidir leat éisteacht leis an eolas roimh lá na vótála chun go mbeidh cur amach agat air agus/nó is féidir leat úsáid a bhaint as do ghuthán póca chun glaoch ar an uimhir fad a bhíonn tú san urrann vótála.

Tá páipéar ballóide teimpléid ar fáil ag gach stáisiún vótála. Má insíonn tú don oifigeach ceannais gur mhaith leat teimpléad a úsáid, tabharfar páipéar ballóide duit a bhfuil an teimpléad ceangailte leis.

Úsáidtear cló ardaithe agus Braille leis na hoscailtí sa teimpléad a shainaithint atá ag na háiteanna céanna leis na cearnóga ar an bpáipéar ballóide. Déanann tú do roghanna a mharcáil ar an bpáipéar ballóide faoin teimpléad. Tá flapa os cionn gach oscailte, chun gur féidir leat an flapa a dhúnadh nuair a bhíonn cearnóg marcáilte agat. Nuair a chríochnaigh tú an páipéar ballóide a mharcáil, is féidir leat é a bhaint ón teimpléad, é a fhilleadh agus é a chur sa bhosca ballóide ar an ngnáthbhealach.

Cuireann an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta eolas ar fáil faoin teimpléad a úsáid. Tá níos mó sonraí ar fáil ar na teimpléid ar ncbi.ie.

Iarratas a dhéanamh ar vóta a chaitheamh ón mbaile

Má chónaíonn tú sa bhaile agus má tá tú faoi mhíchumas fisiciúil nó má tá breoiteacht ort a chuireann cosc ort ó fhreastal ar stáisiún vótála, is féidir leat cáiliú do vóta a chaitheamh sa phost. Caithfidh tú iarratas a dhéanamh le d’údarás áitiúil go gcuirfear san áireamh thú ar Liosta na Vótálaithe Poist.

Má chónaíonn tú in ospidéal, i dteach altranais nó ina mhacasamhail d’institiúid agus má tá tú faoi mhíchumas fisiciúil nó má tá breoiteacht ort a chuireann cosc ort ó fhreastal ar an stáisiún vótála, is féidir leat vóta a chaitheamh ag an ospidéal nó ag teach altranais. Caithfidh tú iarratas a dhéanamh le d’údarás áitiúil go gcuirfear san áireamh thú ar Liosta na Vótálaithe Speisialta.

Má tá tú ar Liosta na Vótálaithe Poist nó Speisialta don bhliain reatha, gheobhaidh tú foirm iarratais, de ghnáth, sa phost. Mura bhfaigheann tú, is féidir leat ceann a íoslódáil ó checktheregister.ie. Tá foirmeacha ar fáil, chomh maith, ó na húdaráis áitiúla, oifig an phoist, stáisiúin Ghardaí agus na leabharlanna poiblí go léir. Déantar soláthar ar an bhfoirm iarratais do theastas dochtúra, nach dteastaíonn, de ghnáth, ach do do chéad iarratas.

Caithfear iarratais atá le cuimsiú san liosta ábhartha a sheoladh chuig d’údarás áitiúil. Caithfidh an t-údarás áitiúil d’iarratas a fháil faoi na dátaí seo a leanas, ar a dhéanaí:

  • I gcás olltoghcháin, 2 lá i ndiaidh dháta díscaoilte na Dála
  • I gcás fhothoghchán na Dála, 2 lá i ndiaidh dháta an ordaithe a cheapann lá na vótála
  • I gcás toghcháin nó reifrinn eile, 22 lá (gan an Domhnach agus saoirí poiblí a áireamh) roimh lá na vótála

Is féidir leat níos mó a léamh faoi seo inár gcáipéis ar chlárú chun vóta a chaitheamh.

Conas vóta a chaitheamh sa phost

Go luath roimh lá na vótála, seolfar na cáipéisí seo a leanas chugat:

  • Páipéar ballóide
  • Fáltas don pháipéar ballóide
  • Clúdach litreach don pháipéar ballóide marcáilte
  • Clúdach litreach níos mó ar a bhfuil seoladh an chinn chomhairimh.

Nuair a mharcáil tú an páipéar ballóide, cuir isteach é sa chlúdach litreach ar a bhfuil “Clúdach Litreach an Pháipéir Bhallóide” agus séalaigh é. Cuireann tú an clúdach litreach seo agus an fáltas líonta don pháipéar ballóide isteach ansin sa chlúdach litreach móra ar a bhfuil seoladh an chinn chomhairimh, séalaíonn tú é agus seolann tú sa phost é. Caithfear an páipéar ballóide a sheoladh sa phost; ní féidir é a thabhairt go díreach don cheann comhairimh

Conas vóta a chaitheamh ó ospidéal nó teach altranais

Cuirfear thú ar an eolas ar an lá agus ar an am (tuairim is) a ghlaofaidh oifigeach ceannais speisialta ort ag an ospidéal nó ag an teach altranais lena cheadú duit vóta a chaitheamh go gairid roimh lá na vótála. Taispeánfaidh an t-oifigeach seo fianaise duit i leith a n-aitheantais agus barántas ceapacháin duit nuair a thagann siad i láthair. Gabhfaidh Garda leo, arb é a ról na páipéir bhallóide a chosaint (ar an mbealach céanna a dhéantar sin i stáisiún vótála) agus chun gníomhú mar fhinné neamhspleách lena chinntiú go dtugtar faoin nós imeachta vótála i gceart.

Ní féidir leis an oifigeach ceannais agus an Garda a bheith i láthair nuair a chaitheann tú do vóta. Tabharfaidh an t-oifigeach ceannais dearbhú aitheantais duit, a mbeidh siad ina bhfinné air duit. Marcálann tú an páipéar ballóide ansin go rúnda agus cuireann tú sa chlúdach litreach speisialta é, dúnann tú an clúdach litreach agus tugann tú é don oifigeach ceannais.

Má theastaíonn cabhair uait le vótáil, tabharfaidh an t-oifigeach ceannais speisialta é ar an mbealach céanna a thugtar cúnamh ag stáisiún vótála.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Rannóg Toghchórais

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta

Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
D01 W6X0
Éire

Teil: (01) 888 2000
Lóghlao: 1890 20 20 21
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Samhain 2022