Téarmaí dlíthiúla mínithe

Cathain a tharlaíonn iomarcaíocht?

Nuair a chailleann tú do phost de bhrí go bhfuil an gnó á dhúnadh ag d’fhostóir nó go bhfuil an líon ball foirne á laghdú, glactar leis gur iomarcaíocht atá i gceist. Tarlaíonn iomarcaíocht nuair nach ann do do phost sa chuideachta níos mó, scaoiltear chun bealaigh thú agus ní cheaptar aon duine i d’áit.

Is rogha dheireanach í iomarcaíocht

Ní mór do d’fhostóir dul i gcomhairle leat roimh chinneadh maidir le hiomarcaíocht a dhéanamh. Is rogha dheireanach í iomarcaíocht agus ní mór go mbeadh forais bhailí eacnamaíocha, theicniúla nó eagraíochtúla mar bhonn leis na hathruithe ar fhoireann oibre.

Sula dtugann d’fhostóir fógra iomarcaíochta duit, d’fhéadfadh sé/sí post eile sa ghnó a thairiscint duit. ‘Obair mhalartach’ a thugtar air seo.

Céard atá i gceist le hiomarcaíocht dháiríre?

Ní mór go mbeadh d’fhostóir in ann a léiriú go bhfuil cúis dháiríre le fógra iomarcaíochta a thabhairt duit.

Is éard atá i gceist le hiomarcaíocht dháiríre iomarcaíocht a bhfuil cúis ghnó dáiríre mar bhonn léi.

Áirítear i measc na gcúiseanna a bhíonn le hiomarcaíocht:

  • Deacrachtaí airgeadais laistigh den ghnó: ní mór do d’fhostóir costais a laghdú agus is gá an líon ball foirne a laghdú chun é sin a dhéanamh, mar shampla.
  • Easpa oibre: ní theastaíonn fostaithe leis na scileanna atá agatsa ó d’fhostóir níos mó nó tá riachtanas an fhostóra laghdaithe nó ciallaíonn teicneolaíocht nua nach ann do do phost níos mó, mar shampla.
  • Atheagrú laistigh den ghnó: tá cinneadh déanta ag d’fhostóir leanúint ar aghaidh leis an ngnó le níos lú ball foirne nó gan ball foirne ar bith nó ní hann don phost a dhéanann tusa níos mó, mar shampla.
  • Dún gnó: tá an gnó á dhúnadh nó á bhogadh.

An difríocht idir iomarcaíocht agus dífhostú

Iomarcaíocht

Is ionann iomarcaíocht agus dífhostú ó do phost, de bhrí gur mian le d’fhostóir an líon ball foirne a laghdú rud a chiallaíonn nach ann do do phost níos mó.

Is ar d’fhostóir atá an dualgas cruthúnais a léiriú gur ann d’iomarcaíocht dhlisteanach agus dá bhrí sin go bhfuil an dífhostú cothrom.

Ionas go mbeidh an dífhostú cothrom, ní mór do d’fhostóir a léiriú freisin gur roghnaíodh tú go cothrom don iomarcaíocht agus gur cloíodh le nósanna imeachta cothroma.

Mura gcomhaontaíonn tú go bhfuil an dífhostú cothrom, ní mór duit fianaise maidir le ceann amháin acu seo a leanas a sholáthar:

  • Níl aon fhírinniú eacnamaíoch luaite leis an iomarcaíocht
  • Níl na cúiseanna atá tugtha duit maidir leis an iomarcaíocht dáiríre
  • Tá ball foirne eile ceaptha i d’áit
  • Níor cloíodh le nósanna imeachta cothroma
  • Roghnaíodh tú go héagórach le haghaidh iomarcaíochta (mar gheall ar aois nó cine, mar shampla)

Dífhostú le haghaidh cúiseanna eile

Ní mór go mbeadh d’fhostóir in ann cúiseanna a sholáthar a fhírinníonn do dhífhostú. D’fhéadfaí tú a dhífhostú ó do phost le haghaidh ceann de na cúiseanna seo a leanas:

  • Acmhainn
  • Inniúlacht
  • Cáilíochtaí
  • Iompar

Mura síleann tú go bhfuil cúiseanna d’fhostóra fírinnithe, is féidir leat dífhostú éagórach a éileamh.

Iomarcaíocht éigeantach agus neamhéigeantach

Sula gcomhlíonann fostóir an nós imeachta iomarcaíochta atá ceangailteach de réir reachtaíochta (iomarcaíocht éigeantach), is féidir leis/léi cinneadh a dhéanamh pacáiste a thairiscint chun fostaithe a spreagadh chun an ról atá acu a fhágáil.

Iomarcaíocht neamhéigeantach a thugtar air seo uaireanta. Úsáidtear é chun an próiseas iomarcaíochta éigeantaí a sheachaint nó chun an líon fostaithe a mbeidh sé riachtanach fógra iomarcaíochta a thabhairt dóibh a laghdú.

Iomarcaíocht éigeantach

Is éard atá i gceist le hiomarcaíocht éigeantach nuair is gá don fhostóir an líon ball foirne a laghdú agus nuair a chinneann sé/sí fógraí iomarcaíochta a eisiúint. Sainaithníonn an fostóir na fostaithe a dtabharfar fógra iomarcaíochta dóibh ach ní mór dó/di a chinntiú go mbaintear úsáid as critéir roghnúcháin cothroma.

Iomarcaíocht neamhéigeantach

D’fhéadfadh iomarcaíocht neamhéigeantach tarlú mar gheall ar iomarcaíocht dheonach nó luathscor.

Iomarcaíocht dheonach

Tarlaíonn iomarcaíocht dheonach nuair is gá do d’fhostóir an líon ball foirne a laghdú agus nuair a iarrann sé/sí ar fhostaithe ar mhaith leo tairbhe a bhaint as iomarcaíocht dheonach.

Ní mór go mbeadh an próiseas roghnúcháin cothrom agus trédhearcach. Ní féidir tú a roghnú go huathoibríoch de bhrí go ndearna tú iarratas.

Luathscor

Sa chás seo tairgeann d’fhostóir dreasachtaí luathscoir. Go hiondúil, ceadaítear duit roinnt íocaíochtaí pinsin a fháil níos túisce i gcomparáid le gnáthchás scoir. Is féidir é a úsáid seachas iomarcaíocht dheonach.

Iomarcaíochtaí comhchoiteanna

B’fhéidir go mbeifeá páirteach in iomarcaíocht chomhchoiteann má tá fógra iomarcaíochta á thabhairt ag d’fhostóir do líon áirithe fostaithe i rith aon tréimhse de 30 lá i ndiaidh a chéile.

Glactar leis gur iomarcaíocht chomhchoiteann atá i gceist sna cásanna seo a leanas:

  • Tugtar fógra iomarcaíochta do 5 fhostaí as foireann oibre ina bhfuil idir 21 - 49 fostaí
  • Tugtar fógra iomarcaíochta do 10 bhfostaí as foireann oibre ina bhfuil idir 50 - 99 fostaí
  • Tugtar fógra iomarcaíochta do 10% de na fostaithe as foireann oibre ina bhfuil idir 100 - 299 fostaí
  • Tugtar fógra iomarcaíochta do 30 fostaí as foireann oibre ina bhfuil idir 300 fostaí

Rialacha maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna

Ní mór do d’fhostóir rialacha áirithe a leanúint má tá iomarcaíocht chomhchoiteann i gceist.

Ceanglas dul i mbun comhairliúcháin

Ní mór do d’fhostóir dul i mbun comhairliúchán agus é mar aidhm teacht ar chomhaontú le d’ionadaí. Ní mór na comhairliúcháin seo a reáchtáil a luaithe agus is féidir agus ar a laghad 30 lá sula n-eisítear an fógra iomarcaíochta. Is é aidhm an chomhairliúcháin seo breithniú a dhéanamh ar cibé acu an ann nó nach ann d’aon rogha eile seachas iomarcaíochtaí.

Tá na rialacha seo sonraithe in na Achtanna um Chaomhnú Fostaíochta, 1977-2014.

Chomh maith leis sin, ceanglaíonn an tAcht um Fhostaithe (Faisnéis agus Comhchomhairle a Sholáthar), 2006 ar fhostaithe dul i gcomhairle le fostaithe maidir le hathruithe suntasacha san áit oibre, lena n-áirítear tograí le haghaidh iomarcaíochtaí comhchoiteanna. Baineann an tAcht seo le fostóirí a bhfuil 50 duine nó níos mó fostaithe acu.

Eolas nach mór do d’fhostóir a sholáthar

Ní mór do d’fhostóir an t-eolas seo a leanas a chur ar fáil i scríbhinn do d’ionadaithe:

  • Na cúiseanna atá leis an iomarcaíocht
  • An líon agus cur síos ar na fostaithe cuí
  • An líon agus cur síos ar na fostaithe atá fostaithe de ghnáth
  • An tréimhse ina dtarlóidh an hiomarcaíochtaí
  • Na critéir roghnúcháin d’fhostaithe a bhfuil fógraí iomarcaíochta le tabhairt dóibh
  • An modh a úsáidtear chun aon íocaíocht iomarcaíochta a ríomh

Ní mór do d’fhostóir an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta a chur ar an eolas faoi na hiomarcaíochtaí beartaithe i scríbhinn ar a laghad 30 lá sula dtarlaíonn an chéad iomarcaíocht. Sonraítear in IR 140/1977 an t-eolas nach mór do d’fhostóir a chur ar fáil don Aire.

Leagan as foirne agus obair ghearr-ama

Má tá ganntanas oibre nó má athraíonn imthosca airgeadais an ghnó, d’fhéadfadh d’fhostóir tú a leagan as nó d’uaireanta oibre a laghdú (obair ghearr-ama) le haghaidh roinnt seachtainí.

Is éard atá i gceist le leagan as nuair a chuireann d’fhostóir in iúl duit gur dóigh leis/léi nach mbeidh aon obair ar fáil duit le haghaidh tréimhse shealadach agus nach n-íocfar thú.

Is éard atá i gceist le hobair ghearr-ama nuair a laghdaítear do chuid uaireanta agus pá mar gheall ar laghdú sa mhéid oibre atá a déanamh.

I gcásanna áirithe, má bhí tú leagtha as nó i mbun oibre gearr-ama le haghaidh tréimhse áirithe ama tá tú i dteideal iomarcaíocht a éileamh.

Iomarcaíocht i rith saoire bhreoiteachta, saoire mháithreachais agus saoire cúramóra

Tugtar fógra iomarcaíochta duit fad is atá tú ar shaoire bhreoiteachta

Má chinneann d’fhostóir fógra iomarcaíochta a thabhairt duit fad is atá tú ar shaoire bhreoiteachta, b’fhéidir go mbeadh tú in ann dífhostú éagórach a éileamh.

Mura féidir le d’fhostóir a chruthú go raibh iomarcaíocht dháiríre i gceist agus gur gcloíodh le nósanna imeachta cothroma, d’fhéadfaí a chinneadh go raibh do dhífhostú éagórach.

Má tá an iomarcaíocht dáiríre, féadfaidh tú dífhostú éagórach a éileamh má shíleann tú gur roghnaíodh tusa le haghaidh iomarcaíochta go héagórach. Ba cheart do d’fhostóir critéir roghnúcháin a úsáid atá réasúnach agus curtha i bhfeidhm ar bhealach cothrom.

Tugtar fógra iomarcaíochta duit fad is atá tú ar shaoire mháithreachais

Ní féidir fógra iomarcaíochta a thabhairt duit fad is atá tú ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise. Féadfar fógra iomarcaíochta a thabhairt duit nuair a fhilleann tú ar an obair nó fad is atá tú ag súil sula dtéann tú ar shaoire mháithreachais.

Má thugtar fógra iomarcaíochta duit de bhrí go bhfuil tú ag súil, b’fhéidir go mbeadh tú in ann dífhostú éagórach a éileamh. Glactar leis go bhfuil roghnú le haghaidh iomarcaíochta bunaithe ar fhorais áirithe cosúil le toircheas éagórach faoin reachtaíocht maidir le dífhostú éagórach.

Tugtar fógra iomarcaíochta duit fad is atá tú ar shaoire cúramóra

Má chinntear tú a dhífhostú ar fhorais iomarcaíochta, fad is atá tú ar saoire cúramóra, ghlacfaí leis an gcinneadh sin mar dhífhostú éagórach faoi Acht um Shaoire Cúramóirí, 2021.

Mura gceadaíonn d’fhostóir duit filleadh ar an obair ag deireadh do shaoire cúramóra b’fhéidir go mbeifeá in ann éileamh a bhunú faoin reachtaíocht um dhífostú éagórach. D’fhéadfaí fógra iomarcaíochta a thabhairt duit i ndiaidh duit filleadh ar an obair, áfach.

Sílim gur roghnaíodh go héagórach mé nó nach raibh iomarcaíocht i gceist i ndáiríre

Má shíleann tú gur roghnaigh d’fhostóir go héagórach thú nó nach raibh iomarcaíocht dháiríre i gceist, is féidir leat éileamh maidir le dífhostú éagórach a dhéanamh.

Síleann tú gur roghnaíodh go héagórach thú

Ba cheart do d’fhostóir critéir roghnúcháin atá cothrom agus réasúnach a úsáid nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh maidir le daoine ar cheart fógra iomarcaíochta a thabhairt dóibh.

Áirítear i measc na samplaí de roghnú éagórach:

  • Ba é an nós i d’áit oibre gurb é an duine deiridh isteach an chéad duine amach agus níor chloígh do roghnú leis an nós imeachta seo
  • Sa chás go sonraítear i do chonradh critéir roghnúcháin nár cloíodh leo

Tá d’iomarcaíocht éagórach má rinne d’fhostóir idirdhealú nuair a roghnaíodh tusa chun fógra iomarcaíochta a fháil. Má chinntear fógra iomarcaíochta a thabhairt duit de bhrí go bhfuil tú ag súil nó ar shaoire mháithreachais, mar shampla.

D’fhéadfadh go mbeadh tú roghnaithe ag d’fhostóir freisin le haghaidh cúis éagórach. Áirítear i measc cúiseanna éagóracha gur lorg tú ceann de do chearta dlíthiúla, go ndearna tú gearán maidir le sláinte agus sábháilteacht nó gur ghlac tú páirt i stailc oifigiúil.

Síleann tú nach cás iomarcaíochta dáiríre a bhí ann

Is éard atá i gceist le hiomarcaíocht dháiríre iomarcaíocht a bhfuil cúis ghnó dáiríre mar bhonn léi.

Comharthaí go mb’fhéidir nach bhfuil d’iomarcaíocht dáiríre:

  • Tá fostaithe nua ceaptha ag d’fhostóir le déanaí chun obair den chineál céanna a dhéanamh
  • Bhí caidreamh diúltach agat le d’fhostóir nó le daoine eile san áit oibre
  • Níor caitheadh mar an gcéanna leatsa agus le daoine eile san áit oibre

Na dlíthe a bhaineann le hiomarcaíocht

Tá na dlíthe a bhaineann le hiomarcaíocht sonraithe in Achtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967–2014.

Tá na ceanglais a bhaineann le comhairliúchán maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna sonraithe in Achtanna um Chaomhnú Fostaíochta, 1977-2014 agus in Acht um Fhostaithe (Faisnéis agus Comhchomhairle a Sholáthar), 2006.

Tuilleadh eolais

Tá tuilleadh eolais maidir le do chearta fostaíochta le fáil ó WRC. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le seirbhís Eolais agus Custaiméirí WRC – féach thíos.

Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Iúil 2022