Córas iarratais agus riachtanais iontrála coláistí

Ag cur isteach ar choláiste

Déantar iarratas ar bheagnach gach cúrsa fochéime lánaimseartha tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO).

I measc na gcúrsaí fochéime sna hollscoileanna agus sna hinstitiúidí teicneolaíochta tá:

  • Ardteastais - Leibhéal 6
  • Gnáthchéimeanna Baitsiléara - Leibhéal 7
  • Céimeanna Baitsiléara Onóracha - Leibhéal 8

Cuireann an CAO lámhleabhar ar fáil liostaíonn na cúrsaí go léir atá ar fáil agus a thugann eolas ar conas iarratas a dhéanamh.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chun staidéar a dhéanamh in institiúidí tríú leibhéal trí thairseach an CAO.

Cúrsaí lasmuigh den CAO

Is bealach nua é an clár oideachais tríú leibhéal chun céim a bhaint amach. Ní gá iarratas a dhéanamh tríd an CAO. Is féidir leat eolas a fháil faoi iarratas a dhéanamh ar shuíomh Gréasáin na hOifige Náisiúnta Treasacha (NTO).

Níl aon chomhlacht lárnach iarratais ann do Chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC). Ní mór do mhic léinn iarratas a dhéanamh go díreach chuig na coláistí aonair.

Dátaí tábhachtacha i gcomhair iarratas CAO

Iarratais CAO do 2024-2025

Tá iarratais CAO do 2024-2025 ar oscailt ón 6 Samhain 2023. Is é 5pm an 1 Feabhra 2024 an spriocdháta d’iarratais CAO.

Iarratais dhéanacha

Dúnadh iarratais dhéanacha don CAO 2024-2025 ar an 1 Bealtaine 2024.

Ní féidir breithniú a dhéanamh ort do HEARDARE ná measúnú a dhéanamh ort mar mhac léinn lánfhásta má dhéanann tú iarratas déanach.

Cúrsaí iarratais srianta

Is cúrsaí iarratas teoranta iad roinnt cúrsaí.

Tá próisis luathmheasúnaithe (amanna chomh luath le Feabhra) ag a leithéid seo de chúrsaí agus ní mór iad a lua i d' iarratas CAO in am chun go mbeidh an institiúid ard-oideachais in ann an próiseas a eagrú.

Ciallaíonn sé seo nach féidir leat iarratas a dhéanamh ar a leithéid seo de chúrsaí in iarratas deireanach. Foilsíonn an CAO caileandar scrúdaithe agus agallamh anseo (pdf).

Athrú intinne

Tá seans eile agat chun d'iarratas a athrú, saor in aisce, ón 7 Bealtaine 2024 go dtí 5 i.n. ar an 1 Iúil 2024.

Cúrsaí leighis

Ní mór do iarratasóirí AE ar chúrsaí fochéime leighis (pdf) tabhairt faoin scrúdú Iontrála do Ghairmeacha Sláinte (HPAT). Tá tuilleadh eolais ar an láithréan gréasáin HPAT-Ireland.

Is féidir leat eolas maidir le cláir iontrála iarchéime sa mhíochaine a fháil ar an suíomh gréasáin CAO.

Tábla de phríomhdhátaí d'iarratais CAO 2024-2025

Dátaí iarratais an CAO do 2024-2025

Dáta

Cad a tharlóidhin?

6 Samhain 2023

Osclaíonn an córas iarratais ar líne

20 Eanáir 2024

Dáta deiridh i gcomhair iarratas ar líne le ráta lascainithe

1 Feabhra 2024

Dáta deiridh i gcomhair ghnáth-iarratas ar líne nó ar pháipéar

Márta agus Aibreán 2024

Agallaimh agus cur i láthair fillteán oibre i gcomhair cúrsaí teoranta (féach thuas)

1 Bealtaine 2024

Dáta deiridh i gcomhair iarratas déanach

7 Bealtaine 2024

Tús leis an áis athrú intinne ar líne

1 Iúil 2024

Dáta deiridh i gcomhair athrú intinne faoi roghnú cúrsaí ar d'fhoirm CAO atá seolta isteach roimhe seo

 

5 Iúil 2024

Déanann an LOI tairiscintí Bhabhta A d'iarrthóirí nach bhfuil ag fanacht lena ngráid don Ardteist 2024.

Mar shampla lánfhásta, iarrthóirí a chuir áiteanna siar, srl

8 Lúnasa 2024

Déanann an LOI tairiscintí Bhabhta a Neamhní (d'iarrthóirí iarchéime sa mhíochaine agus roinnt iarrthóirí eile)

13 Lúnasa 2024

Dáta deiridh i gcomhair glacadh le tairiscintí Bhabhta a Neamhní

23 Lúnasa 2024

Tagann torthaí na hArdteistiméireachta amach

28 Lúnasa 2024

Déanann an CAO tairiscintí Bhabhta a hAon

29 Lúnasa 2024

Osclaítear an áis um Áiteanna ar Fáil

3 Meán Fómhair 2024

Dáta deiridh i gcomhair glacadh le tairiscintí Bhabhta a hAon

9 Meán Fómhair 2024

Déanann an CAO tairiscintí Bhabhta a Dó

11 Meán Fómhair 2024

Dáta deiridh i gcomhair glacadh le tairiscintí Bhabhta a Dó

17 Meán Fómhair 2024 go 3 Deireadh Fómhair 2024

Eiseofar tairiscintí mar is riachtanach chun folúntais a líonadh

5 Samhain 2024

 Iarratais CAO oscailte do 2025

Riachtanais iontrála

Pointí Ardteistiméireachta

Cuirtear pointí ar fáil do mhic léinn a bhfuil scrúdú na hArdteistiméireachta déanta acu ar son na dtorthaí a fhaigheann siad sa 6 ábhar is fearr a dhéanann siad, ag iarracht amháin den Ardteistiméireacht.

Braitheann na pointí a bhronntar ar an leibhéal a ghnóthaíonn an mac léinn san ábhar. Is féidir an t-áireamhán ar qualifax.ie a úsáid chun na pointí a bhaineann le do thorthaí a ríomh.

Tá an stádas céanna ag an Teastas Stáit a thairgtear do mhic léinn don Ardteistiméireacht 2021 agus atá ag na hArdteistiméireachta a bronnadh ar mhic léinn sna blianta roimhe sin.

Braitheann an méid pointí iontrála a theastaíonn d'aon chúrsa:

  • Ar an méid áiteanna, agus
  • An líon iarrthóirí do na háiteanna sin.

Mar sin athraíonn an leibhéal iontrála ó bhliain go bliain. Tugtar pointí níos airde do na páipéir a dhéantar ag an Ardleibhéal ná páipéir ag an nGnáthleibhéal.

Féadfaidh roinnt ollscoileanna pointí bónais breise a leithdháileadh don mhatamaitic Ardleibhéil.

Foilsíonn an CAO íosmhéid na bpointí la haghaidh gach cúrsa chomh luath agus a dhéantar gach babhta tairiscintí. Is féidir seiceáil na bpointí riachtanacha i mblianta roimhe freisin.

Má tá tú faoi mhíchumas

D'fhéadfá cáiliú le haghaidh scéim Bhealach Rochtana Míchumais ar Oideachas (DARE), atá dírithe ar fheabhas a chur ar rochtain ar an ardoideachas do lucht fágála scoile faoi mhíchumas.

Bealach Rochtana ar Ardoideachas (BRA)

Dáileann scéim iontrála BRA roinnt áiteanna tríú leibhéal bunaithe ar phointí laghdaithe ar fhágálaithe scoile a bhfuil cúlra faoi mhíbhuntáiste acu. Chun a bheith incháilithe don scéim, caithfear critéir áirithe a chomhlíonadh i ndáil le cúinsí airgeadais, sóisialta agus cultúrtha. Léigh tuilleadh inár gcáipéis ar an scéim BRA.

Sainriachtanais acadúla iontrála

Ní mór do scoláirí na riachtanais iontrála acadúla ar leith (ar a dtugtar riachtanais mháithreánacha freisin) a theastaíonn don chúrsa is mian leis nó léi a dhéanamh.

Leigh tuilleadh eolais faoi na hollscoileanna, na hinstitiúid teicneolaíochta agus na coláistí oiliúna anseo.

An Earnáil ollscoileanna

Tá formhór na n-ollscoileanna in Éirinn maoinithe ag an Stát, ach is gnách go mbíonn siad uathrialach. Is ollscoil phríobháideach í Coláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn (RCSI).

Is iad na hollscoileanna in Éirinn:

  • Ollscoil na hÉireann (OÉ) arb í an scáth-ollscoil í a chlúdaíonn an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), Ollscoil na Gaillimhe, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.
  • Ollscoil Bhaile Átha Cliath, ar a dtugtar go ginearálta Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD).
  • Ollscoil Luimní
  • Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU)
    Ollscoil Leighis agus Eolaíochtaí Sláinte RCSI

Earnáil na teicneolaíochta

Cuimsíonn earnáil na teicneolaíochta ollscoileanna teicneolaíochta (TUanna) agus institiúidí teicneolaíochta (TFanna).

Tá 5 ollscoil theicneolaíoch ann:

Tá 2 institiúid teicneolaíochta ann:

  • Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta (IADT), Dún Laoghaire
  • Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan

Coláistí oideachais

Soláthraíonn coláistí oideachais sainoiliúint do mhúinteoirí bunscoile. Tá bunghráid áirithe do mhatamaitic agus do Bhéarla.

Leagann an Roinn Oideachais na riachtanais iontrála amach chuig sainoiliúint do mhúinteoirí.

Cúrsaí IarArdteistiméireachta

Ní chuirtear na háiteanna ar chúrsaí IarArdteistiméireachta ar fáil ar bhonn pointí ach ní mór go mbeadh na hiarrathóirí de chaighdeán na hArdteistiméireachta. Cuireann an chuid is mó coláistí agallamh ar na hiarrthóirí le fáil amach an bhfuil siad feiliúnach don chúrsa.

Táillí iarratais CAO

Táillí iarratais an CAO 2024-2025
Iarratas Ráta
Iarratas ar líne (nó ar pháipear) ráta lascainithe faoi 20 Eanáir €30
Iarratas ar pháipéar agus ar líne faoi 1 Feabhra €45
Iarratas déanach ar líne faoi 1 Bealtaine €60

Conas iarratas a dhéanamh

Iarratas tríd an LOI

I gcomhair institiúidí ardoideachais rannpháirteacha, is féidir iarratas a dhéanamh ar líne tríd an CAO.

Iarratais eile

Ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig an institiúid ardoideachais chuí (ní tríd an CAO) sna cásanna seo a leanas:

  • Cúrsaí iarchéime
  • Iontráil do chúrsaí ag leibhéal níos airde ná an chéad bhliain
  • Cúrsaí gairide, téarma amháin, páirtaimseartha agus cúrsaí ócáideacha
  • Ath-iontráil do Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Coláiste Mhuire Gan Smál, Coláiste na Tríonóide agus Ollscoil Luimní
  • Cúrsaí leantacha ag na hinstitiúidí teicneolaíochta
  • Aon chúrsa nach luaitear i lámhleabhar an LOI
  • Iarrthóirí lánfhásta áirithe
  • Céimithe nó Iarrthóirí lánfhásta chuig Coláiste Ríoga na Máinlia

Cónaí lasmuigh den AE

Má tá tú nó má bhí tú do i do chónaí lasmuigh den AE b’fhéidir go mbeidh ort iarratas a dhéanamh go díreach chuig roinnt institiúidí ard-oideachais (IAO).

Tá sé an-tábhachtach na nósanna imeachta chun iarratais a dhéanamh ar chúrsaí a sheiceáil mar d’fhéadfadh sé a bheith deacair nó dodhéanta earráidí a chur ina gceart.

Ba chóir duit do chuid fiosrúchán a dhéanamh i bhfad roimh dháta deiridh an 1 Feabhra, agus tráth nach déanaí ná an Nollaig roimhe sin is fearr.

Sonraí teagmhála an CAO

An Lár-Oifig Iontrála

Teach an Túir
Sráid Eglinton
Gaillimh
Éire

Uaireanta Oscailte: Lu-hAo 9:30-17:00
Teil: (091) 509 800
Facs: (091) 562 344
Láithreán Gréasáin: http://www.cao.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Bealtaine 2024