Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Caighdeáin fheithiclí > Clárphlátaí Feithiclí

Print Page Send to a Friend

Clárphlátaí Feithiclí

Eolas

Tá rialacha géara leagtha síos maidir le cruth, tomhais agus sonraí teicniúla clárphlátaí feithiclí atá le feiceáil ar fheithiclí in Éirinn. Déantar clár uimhreacha a eisiúint go huathoibríoch de réir oird ag an am a chláraíonn tú feithicil ag an Oifig Áitiúil Mhótair Chánach.

Rialacha

Tá na rialacha beachta a bhaineann leis an bhformáid speisialta de phláta clárúcháin fheithiclí atá leagtha síos i ndlí na hÉireann faoi (IR 318/92 Rialacháin Chláracháin Fheithicle agus Cánachais 1992 agus arna leasú ina dhiaidh sin ag (IR 432/99 Rialacháin (Leasú) Cánachas Feithiclí 1999). Féach íomhánna de phlátaí clárúcháin fheithiclí inghlactha anseo. Leagann an dlí seo síos formáid, toisí agus sonraí teicniúla nach mór a léiriú ar fheithiclí cláraithe in Éirinn.

Is iad na príomh-riachtanais sna rialacha faoi fhormáid phlátaí clárúcháin fheithiclí ná:

  • Ní mór don phláta clárúcháin – ar comhdhéanta d’uimhreacha agus litreacha é - a bheith i ndath dubh ar chúlra frithchaiteach bán
  • Ní mór ainm an chontae inar cláraíodh an fheithicil a bheith i nGaeilge (mar shampla Baile Átha Cliath, Corcaigh, srl.)
  • Ní mór bratach an AE agus na litreacha “IRL” a bheith ar thaobh na láimhe clé den phláta, an bhratach comhdhéanta de 12 réalt órga i bhfíor ciorcail, na litreacha i mbán faoi, agus an rud ar fad ar chúlra frithchaiteach gorm. Níor chóir aon uimhreacha, litreacha, marcanna, srl. eile a bheith le feiceáil ar do phláta clárúcháin.

Ní mór plátaí clárúcháin fheithiclí a bheith greamaithe de thosach agus de chúl d’fheithicilse agus iad le feiceáil go soiléir i dtólamh. Sna cúinsí ina mbíonn tú ag tarraingt leantóra, carbháin, srl., ní mór cóip den phláta clárúcháin a bheith greamaithe de chúl an leantóra, an charbháin, srl.

Ní gá d’fheithiclí nach bhfuil acu ach roth tosaigh amháin (.i., gluaisrothair) an pláta clárúcháin a iompar ach amháin ar chúl na feithicle.

Cláruimhir fheithicle a chur in áirithe

Is féidir iarratas a dhéanamh uimhir chlárphláta feithicle a chur in áirithe ar nó i ndiaidh an 1 Samhain den bhliain roimh dó a bheith i gceist agat tosnú ag baint úsáide as an bhfeithicil. Mar sin i bhfocail eile ní féidir iarratas a dhéanamh ar uimhir chlárphláta feithicle a chur in áirithe go dtí an 1 Samhain 2006 leis an bpláta sin a úsáid sa bhliain 2007.

Ní mór don uimhir a chuireann tú in áirithe a bheith sa ghnáthchruth agus ní mór dó a bheith ag dul le ceantar an údaráis cheadúnaithe ina bhfuil gnáthchónaí ort agus an bhliain ina mbeidh an fheithicil in úsáid don chéad uair. Mar shampla 07-D-77 ní féidir ach le duine a chónaíonn i mBaile Átha Cliath agus a bhfuil sé i gceist aige/aici feithicil a úsáid don chéad uair leis an bpláta sin sa bhliain 2007 an uimhir a chur in áirithe.

Ní mór gur in ainm úinéir chláraithe na feithicle ar a mbeidh na plátaí le feiceáil a bheadh an uimhir curtha in áirithe. Ní féidir uimhir atá in áirithe a aistriú chuig duine eile.

Tá gach cláruimhir ar fáil le cur in áirithe ach amháin an chéad uimhir a eisítear gach bliain sna cathracha seo a leanas - Corcaigh, Baile Átha Cliath, Luimneach agus Port Láirge. Is iad sin na clárphlátaí 07-C-01, 07-D-1, 07-L-1 agus 07-W-1. Tá na plátaí seo in áirithe cheana do Mhéara/ArdMhéard na gCathracha seo agus níleadar ar fáil d'aon duine eile.

Ní féidir cláruimhir atá curtha in áirithe a chur ar fáil don fheithicil go dtí go dtagann an uimhir sin aníos sa ghnáth ord. Ní féidir an uimhir a bheith le feiceáil ar fheithicil go dtí go bhfuil sé eisithe go foirmiúil ag na Coimisinéirí Ioncaim tar éis don deimhniú cláraithe comhlíonta a bheith curtha ar fáil agus a bheith glactha leis.

Déanfar iarratais a phróiseáil nuair a thagann an chéad phost isteach ar an gceathrú lá oibre de mhí na Samhna, déanfar é seo le am a thabhairt d'iarratais a bheith istigh sa phost.

Ní thabharfar tús áite d'iarratais a thagann isteach roimh an dáta seo.

Is féidir uimhir a chur in áirithe go sealadach má chuireann tú foirm iarratais chomhlán ar an bhfacs ar an gceathrú lá oibre de mhí na Samhna chuig an LárOifig Fheithiclí nuair atá an chéad phróiséas roghnaithe curtha i gcrích. Ní mór an táille a bheith curtha ar fáil taobh istigh de thrí lá oibre. Muna bhfuil an táille faighte faoin am sin beidh an uimhir ar fáil arís le cur in áirithe ag duine eile.

Rataí

Tá táille de €1,000 le n-íoc le cláruimhir fheithicle a chur in áirithe.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir foirm iarratais ar chláruimhir fheithicle a chur in áirithe a íoschóipeáil agus a chomhlánú (pdf) (foirm amháin do gach uimhir) agus í a chur leis an táille chuí (seiceanna iníoctha leis an mBailitheoir Custaim agus Máil) chuid an LárOifig Fheithiclí.

Cuirfear scéal sa phost chucu siúd go n-éiríonn lena n-iarratais (nó ar an bhfacs má iarrann tú é sin) ar Fhoirm VRT 15N. Ní mór an fhoirm seo a chur ar fáil nuair atá an fheithicil dhá chlárú agat.

Muna n-éiríonn le d'iarratas, cuirfidh an LárOifig Fheithiclí scéal chugat agus cuirfear an táille ar ais chugat.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Na Coimisinéirí Ioncaim

Oifig Feithicil Lárnach
Calafort Ros Láir
Loch Garmáin
Éire

Teil:+353 (0)53 9161247 or +353 (0)53 9161230
Facs:+353 (0)53 9133790
R-phost: reservereg@revenue.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 October 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.