Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Caighdeáin fheithiclí > Scrúdú Náisiúnta Feithiclí

Print Page Send to a Friend

Scrúdú Náisiúnta Feithiclí

Eolas

I mí Eanáir 2000 tháinig tástáil riachtanach gluaisteán i bhfeidhm mar chuid de Threoir an AE a leagann síos tástáil riachtanach gluaisteán i ngach ballstát. Is coir é gluaisteán a thiomáint nach mór tástáil a dhéanamh air gan diosca na Seirbhíse Tástála Náisiúnta Gluaisteán a bheith le feiceáil air agus gearrfar Aicme C fíneálacha ar dhaoine as an dlí a shárú.

An Tástáil Náisiúnta Gluaisteán a thugtar ar an tástáil agus is í an tSeirbhís Tástála Náisiúnta Gluaisteán Teo (STNG) a dhéanann an tástáil ar son an Rialtais. Tá an STNG neamhspléach ó gharáistí agus ó thionscal an mhótair agus níl aon leas le baint aici as toradh teipe nó pas a thabhairt do ghluaisteán. Tá sé mar aidhm ag an tástáil sábháilteacht a fheabhsú ar an mbóthar agus cur le cosaint na timpeallachta. Is féidir breathnú anseo ar an eolas míosúil is déanaí maidir le rátaí náisiúnta pas/teipe

Tá an lárionad tástála lonnaithe ar Champas Gnó Iarthar na Cathrach, taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, le 46 ionaid fheidhmiúcháin ar fud na tíre. Tá an córas tástála smachtaithe ag ríomhairí agus ag brath go mór ar threalamh uathoibríoch le slándáil agus cinnteacht na tástála a chinntiú chomh fada agus is féidir.

I measc nithe eile beidh an scrúdú ag díriú ar: coscáin; astaíochtaí an phíobáin sceite; rothaí agus boinn; soilse; stiúradh agus crochadh; fráma agus focharráiste; corais leictreacha; gloine agus scatháin; traiseoladh; córas inmhéanach agus breosla.

Beidh toradh teipe le fáil ag gluaisteán ar son rudaí simplí, mar shampla, cuimilteoirí gaothscátha bríste, scatháin sciatháin nó táscairí bríste chomh éasca céanna le teip ar son leibhéil arda astaíochtaí, stiúradh lochtach nó drochchoscáin. Baineann an chuid is mó de na torthaí teipe le fadhbanna leis na ceannsolais, astaíochtaí agus coscáin. Cuirtear teastas pas nó tuairisc teipe ar fáil tar éis na tástála agus má theipeann ar an ngluaisteán míníonn an tuairisc cén fáth gur theip air agus céard is cóir a dhéanamh le rudaí a chur ina gceart.

Molann an STNG go ndéanann duine cinnte roimh an tástáil:

  • go bhfuil dóthain ola agus uisce sa ghluaisteán
  • go bhfuil an cófra bagáiste folamh agus nach bhfuil aon earraí pearsanta ar na suíocháin, mar shampla suíocháin linbh gur féidir a thógáil amach
  • go bhfuil an gluaisteán réasúnta glan (go mór mór an focharráiste)
  • go bhfuil na caipíní moil bainte agus go bhfuil an brú ceart aeir sna boinn
  • go bhfuil criosanna agus fáiscíní le feiceáil go soiléir
  • go gcomhlíonann na huimhirchláir
  • go bhfuil beilt chomhrialaithe nua curtha isteach más gluaisteán díosail atá i gceist, is é sin taobh istigh den tréimhse ama molta ag déantóir na feithicle
  • Molann an STNG go mbíonn seiceáil agus socrú déanta ar na soilse roimh an tástáil.

Má thugann tú an gluaisteán le seirbhís a fháil déanta air roimh an tástáil, molann an STNG go mbeadh aird speisialta dírithe ar na pointí is mó a thugann toradh teipe do ghluaisteáin:

  • Ceannsoilse: ailíniú agus ord
  • Coscáin: chun tosaigh, ar cúil agus coscán láimhe
  • Astaíochtaí an phíobáin sceite: sa chuid is mó cásanna ní theastaíonn ach tiúnadh beag a dhéanamh ar an inneall.

Rialacha

Ó 2002 ar aghaidh, rinneadh tástáil ar gach gluaisteán atá 4 bliana agus os a chionn. Beidh ar fheithiclí a éiríonn leo sa tástáil dul faoi thástáil gach 2 bhliain uaidh sin amach. Ó Mheitheamh 2011 ar aghaidh, rinneadh tástáil ar ghluaisteáin atá os cionn 10 mbliana d’aois gach bliain.

Ní mór duit do dheimhniú ceadúnaithe/cláraithe feithicle a thabhairt leat chuig an ionad tástála. Ní mór duit do cheadúnas tiomána nó do phas a thaispeáint freisin mar aitheantas.

Díolúintí ón Tástáil Náisiúnta Gluaisteán

Ó Eanáir 2010, ní gá feithiclí a cláraíodh roimh Eanáir 1980 a thástáil.

Ní gá tástáil a dhéanamh ar ghluaisteáin atá lonnaithe go buan ar oileáin nach bhfuil ceangailte leis an mórthír.

Veaineanna-cairr

Maidir le veaineanna-cairr a bhfuil na fuinneoga cúil ar na taobhanna líonta acu, teagmháil a dhéanamh leis an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Tel: 091 872 600).

Feithiclí tugtha isteach ó Thuaisceart na hÉireann agus ó thar lear

Ní mór d’fheithiclí a allmhairítear go hÉirinn ó thaobh amuigh den Stát (lena n-áirítear Tuaisceart Éireann) dul tríd an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán freisin (chomh luath is atá an fheithicil 4 bliana d’aois nó níos sine). Tá sé seo i bhfeidhm fiú amháin má rinneadh MOT nó aon tástáil feithicle eile uirthi thar lear. Os rud é gur cion atá ann gluaisteán a thiomáint atá dlite do thástáil gan diosca ón tSeirbhís Tástála Náisiúnta Gluaisteán a léiriú, má tá an fheithicil allmhairithe 4 bliana d’aois nó níos sine cheana féin, ní mór í a chur faoin Tástáil Náisiúnta Gluaisteán láithreach. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na gluaisteáin TNG agus allmhairithe i dteagmháil leis an Roinn Seirbhísí Custaiméara TNG ar 1890 200 670.

Léigh tuilleadh maidir le feithicil a allmhairiú go hÉirinn anseo.

Achomharc a lorg ar thorthaí TNG

Má tá tú míshásta le torthaí na tástála is féidir leat achomharc a lorg tríd an gcóras achomhairc atá ag an TNG. Ní mór an t-achomharc a lorg taobh istigh de 7 lá ó dháta na buntástála. Le hachomharc a lorg, faigh foirm Achomhairc ón ionad tástála nó ó Rannóg Sheirbhísí Custaiméirí na TNG. Líon isteach na píosaí cuí den fhoirm, tabhair an fáth/na fáthanna a cheapann tusa nár cheart teastas tástála a bheith diúltaithe do do ghluaisteán. Cuir an fhoirm chomhlánaithe chuig Rannóg Sheirbhísí Custaiméirí na TNG ag an seoladh thíos. Cuirfear tástáil eile ar fáil do do ghluaisteán ag an ionad tástála ach beidh ort an táille iomlán tástála a íoc. Má éiríonn le do ghluaisteán sa dara tástáil, aisíocfar an dara táille leat.

Rátaí

Cosnaíonn an tástáil €50 (€55 ó 1 Feabhra 2012) agus tógann sé idir 40 nóiméad - 1 uair an chloig chun é a dhéanamh. Cuimsíonn sé thart ar 60 tástáil éagsúil (pdf), a dhéantar le ríomhaire agus de láimh araon.

De réir Chairt Chustaiméirí na Seirbhíse Tástála Náisiúnta Gluaisteán, má iarrann tú coinne Tástála Náisiúnta Gluaisteán taobh istigh de 4 seachtaine agus nach féidir í a chur ar fáil, tá tú i dteideal an tástáil a fháil saor in aisce.

Má theipeann ar do ghluaisteán sa tástáil, ní mór duit atástáil a chur in áirithe taobh istigh de 21 lá agus ní mór an atástáil a dhéanamh taobh istigh de 30 lá ón gcéad thástáil. Tá costas €28 ar atástáil. Tá atástáil nach gcuimsíonn úsáid threalamh tástála saor in aisce. (Cuimsítear in atástáil saor in aisce ábhair bheaga infheicthe cosúil le cuimilteoir gaothscátha nua a chur isteach).

Má chuireann tú do choinne dearbhaithe ar ceal le níos lú ná fógra 5 lá oibre (Luan go hAoine, nach gcuimsíonn an lá tástála) nó mura dtagann tú chuig do thástáil, gearrfar €22 de bhreis ort (os cionn an gnáth-tháille) an chéad uair eile a thugann tú d’fheithicil isteach i gcomhair tástála.

Teastais agus tuairiscí caillte

Má chailleann tú nó má théann do theastas TNG amú ort, is féidir leat ceann eile a fháil ina áit ach táille bheag a íoc (€12.70) tríd foirm iarratais a chomhlánú. Glaoigh isteach chuig do stáisiún Garda áitiúil agus faigh foirm RF134. Ní mór duit an fhoirm a chomhlánú agus í a fháil stampáilte agus sínithe ag an nGarda. Seol an fhoirm, chomh maith leis an diosca gaothscatha nó teastas TNG (pé acu atá fós agat) agus seic nó ordú poist don €12.70 iníoctha leis an Applus Seirbhíse Tástála Gluaisteán chuig an Riarthóir Teastas Tástala ag an seoladh thíosluaite.

Más mian leat tuairisc nua TNG a fháil in áit ceann atá imithe amú ort, scríobh chuig an Riarthóir Teastas Tástala ag an seoladh thíos luaite agus tabhair uimhir chláraithe do ghluaisteáin, déantóir agus múnla na feithicle agus do chuid sonraí féin chomh maith le seic nó ordú poist don €12.70 iníoctha leis an Applus Seirbhíse Tástála Gluaisteán.

Conas Iarratas a dhéanamh

Má cháilíonn do ghluaisteán le haghaidh tástáil de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Gluaisteán (NCT) féadfaidh tú glao a chur ar an tSeirbhís ag an uimhir 1890 412 413 nó a seirbhís ar líne a úsáid. Féadfaidh an tSeirbhís coinne shealadach a thairiscint duit ag ionad tástála in aice láimhe nó cuireadh a thabhairt duit do choinne thástála féin a shocrú. Má oireann an choinne shealadach duit nó más mian leat am, dáta nó ionad tástála eile a bheith agat ní mór duit dul i dteagmháil leis an tSeirbhís.

Nuair a fhaigheann tú do litir fógartha, ní mór duit dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Tástála Náisiúnta Gluaisteán chun do choinne a dhearbhú, a athrú nó a chur ar ceal. Tar éis duit dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Tástála Náisiúnta Gluaisteán agus do choinne shealadach a dhearbhú nó a athrú, gheobhaidh tú litir ‘Dearbhú ar Choinne’. Féadfaidh tú do choinne a dhearbhú, a chur ar ceal nó a athrú ar líne anseo.

Mura bhfuil an tSeirbhís Tástála Náisiúnta Gluaisteán tar éis cloisteáil uait 14 lá roimh an dáta na coinne sealadaí, cuirfear do thástáil ar ceal go huathoibríoch agus cuirfear ar fáil do chustaiméirí eile í.

Is féidir leat do choinne dhearbhaithe a chur ar ceal nó a athrú trí fhógra 5 lá oibre a thabhairt (Luan-Aoine). Má chuireann tú do choinne ar ceal nó má athraíonn tú í ag tabhairt fógra níos lú ná 5 lá (Luan-Aoine), gearrfar táille breise de €21.90 ort.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Ba chóir iarratais tríd an bpost a sheoladh chuig an seoladh thíos. Féadfaidh tú an tástáil atá ceaptha duit a chur in áirithe, a dhearbhú nó a chur ar ceal ar líne trí leas a bhaint as an nasc thuas. Féadfar fiosruithe faoi áirithintí a chur ar aghaidh chuig bookings@ncts.ie.

Féadfar fiosruithe faoin tástáil na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna a dhéanamh trí ríomhphost a sheoladh chuig info@ncts.ie.

An tSeirbhís Tástála Náisiúnta Gluaisteán (STNG) Teo

Campas Gnó Iarthar na Cathrach
Lakedrive 3026
Bóthar Nás
Baile Átha Cliath 24
Ireland

Lóghlao:1890 200 670
Facs:+353 (0)1 413 5996
Láithreán Gréasáin: http://www.ncts.ie
R-phost: info@ncts.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 February 2012

Teanga

English | Polsku | Română

Ábhar Gaolmhar

  • An Tástáil Tiomána
    Is riachtanas eigeantach e go ndeanann tú an tástáil tiomána sula dtabharfar an tríú ceadúnas sealadach duit nó aon cheann eile ina dhiaidh sin.
  • Tástálacha tiománaithe do thiománaithe le míchumas in Éirinn
    Ní foláir do gach tiománaí in Éirinn (lena n-áirítear tiománaithe le míchumas) tabhairt faoi thástáil phraicticiúil ar a gcuid oilteachtaí tiomána. Faigh níos mó eolais i dtaobh na dtastálacha tiomána do thiománaithe le míchumas.
  • Scrúdú Teoirice Tiomána
    Cur síos ar an scrúdú nua teoirice do thiománaithe mar chuid den chóras ceadúnas iomlán tiomána a bhaint amach.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.