Más mian leat gluaisrothair a thiomáint ar bhóthar poiblí in Éirinn ba cheart duit a bheith ar an eolas go bhfuil rialacha faoi leith i bhfeidhm maidir leis an gcineál lampaí agus frithneoirí nach mór a bheith ar an ngluaisrothar. Tá na rialacha seo leagtha síos sna Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Soilsiú Feithiclí), 1963. Má bhíonn soilse éifeachtacha ar do ghluaisrothar cinnteófar go bhfuil úsáideoirí eile bóthair in ann tú a fheiceáil. Tá an Garda Síochána (poilíní na hÉireann) freagrach as an dlí a bhaineann le soilsiú feithiclí in Éirinn a chur i bhfeidhm agus tá sé riachtanach go ndéantar é seo le sábháilteacht a chinntiú ar na bóithre. Tá sé mar aidhm ag na Rialacháin seo timpistí a sheachaint agus beatha agus maoin a chosaint.
Ní mór go mbeadh na nithe seo a leanas ar ghluaisrothar an t-am ar fad:
Ní mór go mbeadh na nithe seo a leanas ar thaobhcharranna gluaisrothar an t-am ar fad:
Ba cheart na ceannlampaí ar do ghluaisrothar a ísliú go maith in am sna cúinsí seo a leanas:
Ní mór do ghluaisrothaithe uilig lampaí a úsáid (ach amháin stop-lampaí) i rith uaireanta "soilsiúcháin". Má tá tú ag baint úsáide as an ngluaisrothar sa lá nuair atá an léargas lag, ní mor duit lampaí a úsáid freisin. Má tá lampaí in úsáid ar do ghluaisrothar agat, ba cheart duit déanamh cinnte na soilse a ísliú nuair atá tú ag teacht i dtreo úsáideoirí eile bóthair.
Bíonn na lampaí agus frithneoirí seo ar formhór na ngluaisrothar nuair a dhéantar iad. Is féidir lampaí breise a cheannach ag aon siopa maith gluaisrothair.
Muna bhfuil tú cinnte an bhfuil do ghluaisrothar ag cloí leis an dlí ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an stáisiún Garda áitiúil le comhairle agus eolas a fháil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.