Más mian leat leas a bhaint as rothar ar bhóthar poiblí in Éirinn, ní mór frithchaiteoirí agus lampaí áirithe a bheith feistithe ar do rothar chun is go gcinnteofar go bhfeicfidh úsáideoirí eile an bhóthair tú. Ní foláir do gach rothar as a mbaintear leas ar bhóithre poiblí in Éirinn na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Soilsiú Feithiclí), 1963-2009 a chomhlíonadh. Leagann an dlí sin síos an cineál frithchaiteoirí agus lampaí nach mór a fheistiú ar do rothar, na trátha nach mór duit leas a bhaint as do lampa rothair iontu agus na píonóis ar feidhmeach iad má bhaineann tú leas as rothar ar bhóthar poiblí gan soilsiú éifeachtach as. Gortaítear, loitear go trom nó maraítear go leor rothaithe gach uile bhliain in Éirinn de bharr soilsiú míchuí ar a gcuid rothair.
Is féidir fíneáil ar an láthair a fháil ó bhall den Gharda Síochána de thairbhe gan soilsiú cuí a chur ar do rothar.
Faoi Alt 108 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 féadfaidh ball den Gharda Síochána (fórsa póilíneachta na hÉireann) d’ainm agus do sheoladh a éileamh má mheasann sé/sí go bhfuil coir nó cion déanta agat. Féadfaidh sé/sí d’ainm agus do sheoladh a éileamh freisin má mheasann sé/sí go raibh páirt agat in imbualadh nó go ndearna tú gortú do dhuine eile nó díobháil do mhaoin. Mura dtugann tú d’ainm agus do sheoladh, nó má thugann tú ainm nó seoladh bréige, féadfaidh an Garda do rothar a choinneáil go dtí go mbíonn sé/sí sásta cé tú féin.
Ní mór frithchaiteoir cúil a thaispeáint i gcónaí ar gach rothar a mbaintear leas as ar bhóithre poiblí in Éirinn. Is éard is brí le frithchaiteoir cúil ná frithchaiteoir dearg ar sofheicthe é go ceann fhad 325 troigh ar chúl nuair a bhíonn ceannsoilse feithicle ag lonrú go díreach air. Is é an t-aon eisceacht amháin ar an riail seo ná ar rothar páiste sa chás go mbaintear leas as an rothar sin i gcaitheamh sholas an lae.
I rith "na huaireanta soilsithe", is é sin an tréimhse arna tosú leathuair tar éis luí na gréine agus arna críochnú leathuair roimh éirí na gréine an mhaidin dár gcionn; ní foláir do gach rothaí an soilsiú seo a leanas a bheith feistithe (agus a leas a bhaint as) ar a rothar:
Is éard is brí le lampa tosaigh ná lampa ar feistithe ar fheithicil tiomána neamh-mheicniúla é; agus solas bán nó solas buí ar taispeáint chun tosaigh uaidh, solas ar feiceálach ó fhad réasúnta é.
Is lampa ar feistithe ar chúl do rothair é lampa cúil, agus nuair a lastar é, ba cheart go mbeadh solas dearg le feiceáil as ar feiceálach ó 500 troigh é.
Ní chaitear na lampaí a bheith ar lasadh nuair a bhítear tagtha chun staid i lár tráchta nó nuair a choisíonn duine leis an rothar chomh gar agus is féidir go colbha na láimhe clé den bhóthar.
Is cion é, de réir na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Soilsiú Feithiclí), 1963, gan leas a bhaint as soilsiú cuí ar rothar. Má stadann Garda tú, féadann an Garda sin d'ainm agus do sheoladh, sonraí faoi do rothair, agus am agus dáta an chiona a thabhairt uait. Féadtar foláireamh a thabhairt duit nó féadtar toghairm chun teacht os comhair na cúirte a eisiúint duit.
Tugann cur i bhfeidhm na Rialachán sin cosaint do gach aon úsáideoir (bóthair) - na rothaithe san áireamh. Cuideoidh leas éifeachtach a bhaint as soilsiú ar do rothar le seachaint timpistí agus b'fhéidir go sabhálfaí do bheatha leis.
An chuid is mó rothar a dhíoltar sna siopaí an lá inniu ann; bíonn frithchaiteoirí feistithe orthu cheana féin mar nós caighdeánta.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.