Ní mór do shaoránaigh ó thíortha áirithe iarratas a dhéanamh ar víosa a fháil le teacht go hÉirinn sula dtagann siad anseo ar thuras gnó. Tá an fhaisnéis ar iad siúd nach bhfuil gá le víosa iontrála ar fáil sa doiciméad: Riachtanais víosa le teacht isteach in Éirinn.
Ní gá do shaoránaigh an AE/LEE víosaí a fháil le taisteal go hÉirinn ar chúrsaí gnó. (Is iad 27 tír an Aontais Eorpaigh (AE) mar aon leis an Íoslainn, an Iorua, agus Lichtinstéin na tíortha LEE).
Ní mór d’iarratasóirí i dtíortha áirithe a n-iarratais ar víosaí a dhéanamh ar líne ón 30 Meitheamh 2008 i leith. (Féach 'Conas iarratas a dhéanamh’.)
Má tá tú ag teacht go hÉirinn le haghaidh cruinniú gnó, agus más gá duit víosa a fháil chuige sin, ní mór duit na nithe seo a leanas a sholáthar mar aon le d’iarratas ar víosa.
Tá tuilleadh eolais faoi cáipéisí riachtanacha le haghaidh víosa gnó ar láithreán gréasáin Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann de chuid na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
Má tá tú ag teacht go hÉirinn le freastal ar chomhdháil, agus má tá víosa uait, ní mór duit iad seo a leanas a sholáthar mar aon le d’iarratas ar víosa:
Tá tuilleadh eolais ag Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
faoi cáipéisí
riachtanacha le haghaidh víosa comhdhála.
Eolas ar iad siúd nach bhfuil gá le víosa atá ar fáil sa doiciméad: Riachtanais víosa le teacht isteach in Éirinn. Ní gá duit víosa a fháil le cuairt a thabhairt ar Éirinn más más saoránach de chuid an AE/LEE tú.
Is iad na gnáth-tháillí neamhaisíoctha le hiarratas ar víosa a phróiseáil ná:
Víosa do thuras singil: 60 euro
Víosa ilturais: 100 euro
Víosa idirthurais: 25 euro
Ní chaithfidh iarratasóirí ar leith táille a íoc. San áireamh tá daoine atá pósta le saoránaigh AE ach nach saoránaigh AE iad féin agus náisiúnaithe na dtíortha liostaithe thíos:
Tá áis iarratas víosa ar líne á chur ar fáil i ngach ambasáid agus consalacht de chuid na hÉireann ar bonn céimithe i rith 2008. Caithfidh tú iarratas ar víosa a dhéanamh ar líne. Tá faisnéis faoi conas iarratas a dhéanamh ar líne as Béarla (pdf) agus as Araibis (pdf), as Sínis (pdf), as Rúisis (pdf), as Fraincis (pdf), as Tuircis (pdf) agus as Urdais (pdf).
Tá sonraí faoi na cáipéisí a bheidh ag teastáil uait agus na riachtanais ghrianghrafadóireachta le fáil ar láithreán gréasáin Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ).
Tosaíonn Rialtas na hÉireann sonraí bithmhéadracha ó iarratasóirí víosa áirithe a bhailiú. Ó Márta 2010 ní mór do gach iarratasóir víosa atá os cionn aois 6 agus ina chónaí sa Nigéir, méarloirg a sholáthar. Tá tuilleadh eolais faoi shonraí bithmhéadracha ar fáil sa liosta ceisteanna coitianta ar an suíomh gréasáin SEIÉ.
Molann Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann go dtabharfá 8 seachtaine ar a laghad chun d’iarratas ar víosa a phróiseáil.
Sula gcuireann tú isteach ar víosa athiontrála ní mór duit clárú le hoifigeach inimirce an cheantair sin ina bhfuil tú i do chónaí. (Is é sin Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce má tá cónaí ort i mBaile Átha Cliath). Féadfaidh tú tuilleadh a léamh faoi chlárú inár ndoiciméad faoi Clárú náisiúnach nach den LEE iad in Éirinn.
Seol an Foirm Iarratais le haghaidh Víosa Athiontrála (pdf) comhlánaithe mar aon leis an gcáipéisíocht riachtanach go léir trí phost cláraithe chuig:
Oifig Próiseála Víosaí Athiontrála,
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann,
13-14 Cé an Bhúrcaigh,
Baile Átha Cliath 2.
Cuir isteach ar do víosa athiontrála i bhfad roimh na dátaí a bhfuil sé ar intinn agat taisteal. Déanfar iarratais ar víosaí athiontrála a fhaightear tríd an bpost a phróiseáil laistigh de 4 lá ón am a fhaightear iad, agus cuirfear do víosa athiontrála ar ais chugat trí phost cláraithe.
Feadfaidh tú cur isteach go pearsanta ar víosa athiontrála laistigh d’uaireanta áirithe ag an seoladh thuas. Beidh ort foirm iarratais chomhlánaithe agus an cháipéisíocht riachtanach go léir a bheith agat.
Tá tuilleadh eolais faoi cur isteach ar víosa athiontrála agus faisnéis faoi riachtanais ghrianghrafadóireachta le fáil ar láithreán gréasáin Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann.
Caithfidh tú iarratas ar víosa a dhéanamh ar líne.
Ambasáid nó consalacht na hÉireann is gaire duit
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13-14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
ÉIRE
Láithreán Gréasáin: http://www.inis.gov.ie/
R-phost: visamail@justice.ie
13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan-Déardaoin: 8rn go 10in, Aoine: 8rn go 4in
Teil:+353 1 666 9100
Láithreán Gréasáin: http://www.garda.ie/Controller.aspx?Page=31
R-phost: gnib_dv@garda.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.