Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Taisteal go hÉirinn > Ceannacháin Saor ó Cháin do Thaistealaithe taobh amuigh den AE

Print Page Send to a Friend

Ceannacháin Saor ó Cháin do Thaistealaithe taobh amuigh den AE

Eolas

Scéim Easpórtála Miondíola

Is féidir le cuairteoirí go hÉirinn ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) earraí a cheannach in Éirinn le tabhairt abhaile leo agus faoiseamh cánach a fháil orthu. Ní féidir faoiseamh cánach a fháil ar sheirbhísí, mar shampla, lóistín ostáin, béilí ná carr a fháil ar chíos.

Oibríonn an Scéim Easpórtála Miondíola ar dhá bhealach.

  • Íocann an turasóir Cáin Bhreisluacha (CBL) nuair a cheannaíonn sé/sí na hearraí agus ina dhiaidh sin faigheann sé/sí aisíoc ón miondíoltóir cuí nó ón údarás aisíoca. Má ghearrann an miondíoltóir CBL ar an turasóir aisíocfaidh sé/sí é leis an turasóir nuair atá fianaise scríofa faighte aige/aici go bhfuil na hearraí easpórtáilte.
  • I gcuid de na siopaí miondíola déantar na hearraí a dhíol gan cáin a ghearradh nó gan aon údarás aisíoca a chur san áireamh. Ní mór íoc as na hearraí seo le cárta creidmheasa. Má dhíoltar na hearraí gan cáin a ghearradh orthu gan aon údarás aisíoca a bheith san áireamh, beidh an míondíoltóir ag brath ansin ar an turasóir fianaise scríofa a chur ar ais chuige/chuici go bhfuil na hearraí easpórtáilte (sonrasc le stampa ó lucht Custaim), muna dtarlaíonn sin, beidh ar an míondíoltóir an CBL a íoc ar na hearraí seo. Má dhíoltar na hearraí gan cáin a ghearradh ach údarás aisíoca a bheith san áireamh, líonann an turasóir amach dearbhán aisíoca, faigheann sé/sí stampa ón lucht Custaim ar an dearbhán agus cuireann sé/sí ar ais chuig an údarás aisíoca é. Muna gcuireann an turasóir an sonrasc nó an dearbhán ar ais, is féidir leis an miondíoltóir nó an t-údarás aisíoca an CBL a ghearradh ar na hearraí a ceannaíodh ar chuntas cárta creidmheasa an turasóra.

Bíonn laghdú de 17.36% ar ghnáthphraghas na n-earraí i gceist leis an bhfaoiseamh cánach seo.

Faoiseamh Cánach do Chónaitheoirí an AE

Is féidir le daoine a bhfuil cónaí orthu san AE faoiseamh cánach a fháil freisin má chuireann siad fianaise ar fáil go bhfuileadar ag imeacht le cónaí taobh amuigh den AE ar feadh bliana ar a laghad.

Earraí a dhéanann miondíoltóir a easpórtáil go díreach

Chomh maith leis an Scéim Easpórtála Miondíola is féidir le miondíoltóirí earraí a chur díreach chuig baile an turasóra (taobh amuigh den AE amháin) a d'ordaigh nó a cheannaigh an turasóir. Nuair a tharlaíonn seo níl aon cháin le n-íoc ag an turasóir.

Rialacha

Coinníollacha a bhaineann le faoiseamh cánach

  • Ní mór na hearraí a easpórtáil taobh amuigh den AE taobh istigh de thrí mhí ó dheireadh na míosa inár ceannaíodh iad. Mar shampla, earraí a ceannaíodh i rith mí Eanáir ní mór iad a easpórtáil faoin 30 Aibreán.
  • Ní mór don turasóir fianaise scríofa a chur ar fáil go bhfuil na hearraí easpórtáilte.

Fianaise Scríofa

Go hiondúil, cuirtear an sonrasc le stampa ó lucht Custaim ag an bpointe deireanach gur fhág an turasóir an AE ar fáil mar fhianaise easpórtála. Mar shampla, má cheannaíonn duine earraí in Éirinn agus má théann sé/sí ansin chuig an mBreatain Mhór roimh an AE a fhágáil ní mór stampa lucht Custaim sa Bhreatain Mhór a bheith ar na sonraisc chuí. Cuirfidh lucht Custaim na hÉireann stampa ar sonraisc don turasóir atá ag fágáil an AE díreach as na tír seo amháin.

Muna bhfuil tú in ann stampa a fháil ar sonraisc ó lucht Custaim agus tú ag fágáil an AE nó muna bhfuil úsáid bainte agat as seirbhísí údaráis a dhéanann aisíoc ar CBL is féidir leat stampa a fháil ar na cáipéisí cuí i do thír féin ó dhuine le stádas oifigiúil (mar shampla, lucht Custaim nó na póilíní) roimh na cáipéisí a chur ar ais chuig an miondíoltóir in Éirinn.

Údaráis aisíoca-CBL

Bíonn go leor miondíoltóirí ag plé leis an scéim aisíoca tríd údaráis a dhéanann aisíoc ar CBL ar son an turasóra nó cuairteora. Bíonn na húdaráis aisíoca-CBL ag feidhmiú neamhspléach ó na húdaráis chánacha:

Tá trí bhealach éagsúil ina n-oibríonn na húdaráis seo:

  • Déantar na hearraí a dhíol saor ó cháin ag an bpointe díolacháin, líonann tú amach dearbhán aisíoca, cuireann lucht Custaim stampa ar an dearbhán agus cuirtear ar ais chuig an údarás aisíoca é. Beidh ortsa an cháin chuí a íoc ina dhiaidh sin tríd do chuntas cárta creidmheasa muna ndéantar an dearbhán a thabhairt suas ag an aerfort nó muna gcuirtear é ar ais chuig an údarás.
  • Íoctar cáin ag an bpointe díolacháin agus déantar é a aisíoc leat ag an aerfort agus tú ag fágáil na tíre
  • Íoctar cáin ag an bpointe díolacháin agus déanann an t-údarás é a aisíoc leat, tríd an bpost nó tríd do chuntas cárta creidmheasa.

Is féidir sonraisc aonair a bhfuil luach suas le 634.85 euro acu a lóisteáil go díreach ag ionaid aisíoca na n-údarás san aerfort i mBaile Átha Cliath agus sa tSionann gan stampa ó lucht Custaim a bheith orthu. Ní mór sonraisc ar earraí gur fiú níos mó ná 634.85 euro iad a chur faoi bhráid lucht Custaim i gcónaí le stampáil. Má bhíonn na hionaid aisíoca seo dúnta ní mór i gcónaí stampa a fháil ar na cáipéisí ó lucht Custaim.

Tá sé tábhachtach go gcoinníonn tú do chóip féin den sonrasc ón miondíoltóir. Má chuireann tú sonrasc ar ais ar mhaithe le haisíoc a fháil sa phost, b'fhearr fótachóip a choinneáil dó.

Muna bhfaigheann tú an t-aisíoc

Tá sé de dhualgas ar an miondíoltóir nó ar an údarás aisíoc a dhéanamh leat taobh istigh de 5 sheachtain ar a dheireanas ó fhaigheann siad sonrasc uait. Muna bhfaigheann tú aisíoc ba cheart dul i dteagmháil leis an miondíoltóir nó údarás aisíoca atá i gceist.

Má bhíonn fadhb agat aisíoc a fháil is féidir teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim, Brainse Riaracháin CBL, Caisleán Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, nach iad na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanann an Scéim Easpórtála Miondíola a riaradh ná a dhéanann aisíoc go díreach le turasóirí faoin scéim seo.

Rataí

Ar mhaithe le costais riaracháin a chlúdach, is iondúil go ngearrann miondíoltóirí agus údaráis aisíoca-CBL táille riaracháin. Tá sé de dhualgas ar mhiondíoltóirí agus ar údaráis aisíoca-CBL leibhéal na táille seo a bheith le feiceáil go soiléar. Nuair a dhéanann údaráis aisíoc in airgead iasachta ní mór dóibh freisin an ráta malairte ar baineadh úsáid as a thaispeáint go soiléar.

Conas Iarratas a dhéanamh

Má bhíonn aon fhadhb agat aisíoc a fháil déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim, Brainse Riaracháin CBL, Caisleán Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 July 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cáin Bhreisluacha
    Tá Cáin Bhreisluacha (CBL) san áireamh sa phraghas i gcás formhór na dtáirgí agus na seirbhísí a úsáidimid gach lá. D’fhéadfadh sé go mbeadh dliteanas ort CBL a íoc má cheannaíonn tú ar líne freisin. Faigh tuilleadh faisnéise maidir le CBL agus mar a íoctar í.
  • Conas gearán tomhaltóra a dhéanamh
    Soláthraítear cearta áirithe faoi reachtaíocht tomhaltóirí na hÉireann do cheannach earraí nó seirbhísí. Leideanna ar conas gearán a thabhairt go héifeachtach.
  • Aisíocaíochtaí, Nótaí Sochair agus Dearbháin
    Má ghlactar le gearán a dhéanann tú tar éis earraí neamhfheidhmeacha nó lochtacha a cheannach, tá tú i dteideal earra nua, deisiú nó aisíoc a fháil. Míníonn an cháipéis seo do chearta maidir le haisíocaíochtaí.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.