Ní mór do shaoránaigh ó thíortha áirithe atá ag iarraidh leo cúrsa léinn a dhéanamh in Éirinn iarratas a dhéanamh ar víosa le teacht go hÉirinn sula dtagann siad anseo. Tá an fhaisnéis ar iad siúd nach bhfuil gá le víosa iontrála ar fáil sa doiciméad: Riachtanais víosa le teacht isteach in Éirinn.
Ó Eanáir 2011 tá athruithe ar an gcóras inimirce do mhic léinn lánaimseartha neamh-LEE lena náirítear: teorainn leis an méid ama a fhéadann siad fanacht in Éirinn mar mhic léinn; agus socruithe idirthréimhseacha do mhic léinn neamh-LEE in Éirinn a dhéanfaidh na hathruithe difear dóibh.
Ní mór d’iarratasóirí i dtíortha áirithe a n-iarratais ar víosaí a dhéanamh ar líne ón 30 Meitheamh 2008 i leith. (Féach 'Conas iarratas a dhéanamh’.)
Ba chóir duit cur isteach ar ‘Víosa Staidéar C’ má tá sé ar intinn agat staidéar a dhéanamh in Éirinn ar feadh tréimhse níos lú ná trí mhí. Ba chóir duit cur isteach ar ‘Víosa Staidéar D’ má leanfaidh do chúrsa ar aghaidh níos faide ná trí mhí. Ní chuirfear síneadh ama le ‘Víosa Staidéir C’ de ghnáth tar éis duit teacht go hÉirinn. Is i gcásanna eisceachtúla amháin a chuirtear síneadh ama leis. Tá sé ríthábhachtach mar sin deimhin a dhéanamh go bhfuil a fhios agat cén fhad a mhairfidh do chúrsa sula gcuireann tú isteach ar víosa. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi iarratas a dhéanamh chun síneadh ama a chur le víosa mic léinn sa chuid ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos.
Beidh ort na nithe seo a leanas a sholáthar mar aon le d’iarratas ar víosa. (Ná déan dearmad le do thoil go bhfuil cáipéisí bunaidh ag teastáil agus go gcaithfidh siad a bheith as Béarla nó aistriúchán deimhnithe ag nótaire a bheith leo):
Ná déan dearmad, má thugtar víosa mic léinn duit le staidéar a dhéanamh in Éirinn nach dtugann sé seo aon cheart as féin d’aon duine eile teacht leat nó cuairt a thabhairt ort in Éirinn (bíodh an té sin gaolmhar leat nó ná bíodh).
Is féidir teacht ar faisnéis mhionsonraithe faoin a bhfuil ag teastáil chun víosa mic léinn a fháil ar láithreán gréasáin Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann de chuid na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
Ní gá. Mura bhfuil víosa iontrála riachtanach duit le teacht go hÉirinn ní gá víosa mic léinn le staidéar a dhéanamh anseo. Ní mór do gach duine nach náisiúnach de chuid LEE é nó í, lena n-áirítear daoine le víosaí, cead a fháil teacht isteach sa stát agus é sin a dhéanamh trí dhul i dteagmháil le hOifigeach Inimirce ag an bport iontrála. (Is iad 27 tír an Aontais Eorpaigh (AE) mar aon leis an Íoslainn, an Iorua, agus Lichtinstéin na tíortha LEE)
Ba chóir gach cáipéis a bhaineann le do chuid staidéir a bheith agat nuair a thagann tú tríd inimirce. Is é sin le rá gur chóir duit do litir, nó an tairiscint a fuair tú faoi áit a bheith agat i scoil nó in institiúid oideachais, a bheith ullamh agat chun go ndéanfaidh na hoifigigh inimirce í a iniúchadh. Féadfaidh tú tuilleadh a léamh inár ndoiciméad faoi cead tuirlingthe in Éirinn.
Maidir le mic léinn ó thíortha nach tíortha LEE iad, agus ar mian leo staidéar a dhéanamh in Éirinn ar feadh tréimhse níos faide ná trí mhí, ní mór dóibh clárú le hoifigeach inimirce an cheantair sin ina bhfuil siad ina gcónaí. (Is é sin Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce má tá cónaí orthu i mBaile Átha Cliath). Formhuineofar a bpasanna leis na coinníollacha faoina bhfuil cead acu fanacht agus an tréimhse ama atá i gceist. Ó 1 Aibreán 2011 nuair atá siad ag clárú, ní mór dóibh €3000 a bheith acu. Is féidir eolas faoi na doiciméid atá riachtanach do mhic léinn nuair atá cead á iarraidh acu a fháil ar láithreán gréasáin Sheirbhís na hÉireann um Eadóirseacht agus Inimirce.
Féadfaidh tú a fháil amach conas clárú inár ndoiciméad faoi Clárú náisiúnach nach náisiúnaigh de chuid LEE iad in Éirinn.
Tá cead ag mic léinn ó thíortha nach tíortha LEE iad, agus atá cláraithe lena n-oifigeach inimirce áitiúil, obair pháirtaimseartha a dhéanamh in Éirinn (ar feadh tréimhse 20 uair an chloig i rith na seachtaine agus go lánaimseartha le linn saoirí) chun iad féin a chothú. Ní mór duit a bheith ag freastal ar chúrsa lánaimseartha a mhairfidh ar feadh bliana ar a laghad agus a mbeidh cáilíocht aitheanta le fáil ag a deireadh. I measc na gcáilíochtaí sin tá na cinn a eisíonn Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, na hOllscoileanna, Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna agus Comhairle na nDámhachtainí Ard-oideachais agus Oiliúna. Tá ‘Clár na gClár Aitheanta ag an Aire Oideachais agus Scileanna chun críche rochtain mac léinn ar fhostaíocht’ tiomsaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá Clár na gClár roinnte in dhá chuid:
Meastar gur 25 seachtaine agus ní 52 seachtaine fad na bliana acadúla agus ar an ábhar sin is féidir cúrsaí den fhad seo a liostáil ar an gclár.
Féadfaidh tú tuilleadh faisnéise a léamh faoi cearta
fostaíochta oibrithe páirtaimseartha in Éirinn anseo.
Eolas ar iad siúd nach bhfuil gá le víosa atá ar fáil sa doiciméad: Riachtanais víosa le teacht isteach in Éirinn. Ní gá duit víosa a fháil le cuairt a thabhairt ar Éirinn más más saoránach de chuid an AE/LEE tú.
Is iad seo a leanas na táillí maidir le próiseáil iarratas ar víosaí. Ní féidir aisíocaíochtaí a fháil orthu.
Víosa do thuras singil: €60
Víosa do thuras iolrach: €100
Ní gá d’iarratasóirí áirithe aon táille a íoc. Áirítear leo siúd céilí ar gá dóibh víosaí a bheith acu agus baill theaghlaigh saoránach de chuid an AE/LEE. Lena chois sin ní gá d’iarratasóirí ó thíortha áirithe aon táille a íoc. Ós rud é go n-athraíonn sé seo ó am go chéile, ba chóir duit ceist a chur ar ambasáid nó ar chonsalacht na hÉireann atá gar duit nó ar an Oifig Víosa - féach ‘Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas’.
Tá áis iarratas víosa ar líne á chur ar fáil i ngach ambasáid agus consalacht de chuid na hÉireann ar bonn céimithe i rith 2008. Caithfidh tú iarratas ar víosa a dhéanamh ar líne. Tá faisnéis faoi conas iarratas a dhéanamh ar líne as Béarla (pdf) agus as Araibis (pdf), as Sínis (pdf), as Rúisis (pdf), as Fraincis (pdf), as Tuircis (pdf) agus as Urdais (pdf).
Tá sonraí faoi na cáipéisí a bheidh ag teastáil uait agus na riachtanais ghrianghrafadóireachta le fáil ar láithreán gréasáin Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ).
Tosaíonn Rialtas na hÉireann sonraí bithmhéadracha ó iarratasóirí víosa áirithe a bhailiú. Ó Márta 2010 ní mór do gach iarratasóir víosa atá os cionn aois 6 agus ina chónaí sa Nigéir, méarloirg a sholáthar. Tá tuilleadh eolais faoi shonraí bithmhéadracha ar fáil sa liosta ceisteanna coitianta ar an suíomh gréasáin SEIÉ.
Molann Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann go dtabharfá 8 seachtaine ar a laghad chun d’iarratas ar víosa a phróiseáil.
Sula gcuireann tú isteach ar víosa athiontrála ní mór duit clárú le hoifigeach inimirce an cheantair sin ina bhfuil tú i do chónaí. (Is é sin Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce má tá cónaí ort i mBaile Átha Cliath). Féadfaidh tú tuilleadh a léamh faoi chlárú inár ndoiciméad faoi Clárú náisiúnach nach den LEE iad in Éirinn.
Seol an Foirm Iarratais le haghaidh Víosa Athiontrála (pdf) comhlánaithe mar aon leis an gcáipéisíocht riachtanach go léir trí phost cláraithe chuig:
Oifig Próiseála Víosaí Athiontrála,
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann,
13-14 Cé an Bhúrcaigh,
Baile Átha Cliath 2.
Cuir isteach ar do víosa athiontrála i bhfad roimh na dátaí a bhfuil sé ar intinn agat taisteal. Déanfar iarratais ar víosaí athiontrála a fhaightear tríd an bpost a phróiseáil laistigh de 4 lá ón am a fhaightear iad, agus cuirfear do víosa athiontrála ar ais chugat trí phost cláraithe.
Feadfaidh tú cur isteach go pearsanta ar víosa athiontrála laistigh d’uaireanta áirithe ag an seoladh thuas. Beidh ort foirm iarratais chomhlánaithe agus an cháipéisíocht riachtanach go léir a bheith agat.
Tá tuilleadh eolais faoi cur isteach ar
víosa athiontrála agus faisnéis faoi riachtanais ghrianghrafadóireachta
le fáil ar láithreán gréasáin Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na
hÉireann.
Caithfidh tú iarratas ar víosa a dhéanamh ar líne
Ambasáid nó consalacht na hÉireann is gaire duit
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13-14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
ÉIRE
Láithreán Gréasáin: http://www.inis.gov.ie/
R-phost: visamail@justice.ie
13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan-Déardaoin: 8rn go 10in, Aoine: 8rn go 4in
Teil:+353 1 666 9100
Láithreán Gréasáin: http://www.garda.ie/Controller.aspx?Page=31
R-phost: gnib_dv@garda.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.