Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Taisteal go hÉirinn > Rialacháin chustaim do thaistealaithe go hÉirinn

Print Page Send to a Friend

Rialacháin chustaim do thaistealaithe go hÉirinn

Eolas

Seiceálacha slándála ar thaistealaithe

Tá cead ag oifigigh chustaim in Éirinn seiceálacha roghnaitheacha a dhéanamh ar thaistealaithe ag gach pointe iontrála go hÉirinn (aer agus farraige). Déantar na seiceálacha seo chun a chinntiú nach bhfuil tú ag iompar earraí srianta nó coiscthe, agus chun smuigleáil a throid.

Rialacha

Taisteal go hÉirinn ón AE

Rialuithe airgid

Faoin Acht um Cheartas Coiriúil 1994 Alt 38(1) arna leasú ag an Acht um Fháltais ó Choireacht (Leasú) 2005 Alt 20, má tá tú ag iompar ar a laghad €6,348.69 in airgead tirim, is féidir le hoifigeach custaim an t airgead a thógáil agus a choinneáil siar. Ní mór don oifigeach custaim údar réasúnta a bheith aige nó aici a chreidiúint gur fáltais ó choireanna atá san airgead nó go bhfuil sé i gceist é a úsáid in iompar coiriúil.

Dleachtanna máil agus CBL ar earraí

Ón 30 Meitheamh, 1999, tá deireadh curtha le díol earraí saor ó dhleacht taobh istigh den Aontas Eorpach (AE). Ciallaíonn sé seo nach mbeidh tú ábalta earraí atá saor ó dhleacht mháil agus ó CBL (cáin bhreisluacha) a cheannach a thuilleadh má tá tú ag taisteal taobh istigh den AE. Beidh aon earraí a cheannaíonn tú taobh istigh den AE, (seachas bia, deoch agus táirgí tobac i gcomhair tomhaltais ar bord) faoi réir ghnáth rátaí dleacht mháil agus CBL anois. Leanfar le díolacháin saor ó dhleacht mar a bhí roimhe sin, má tá tú ag taisteal chuig ceann scríbe lasmuigh den AE.

Earraí ceannaithe i dtír eile san AE

Ní ghearrfar aon dleacht nó CBL breise ort ar cheannacháin ar a bhfuil an dleacht agus an CBL íoctha (mar shampla, earraí a ceannaíodh i siopaí, ollmhargaí srl.) i dtír eile de chuid an AE, chomh fada is gur i gcomhair d’úsáid phearsanta féin atá na hearraí.

Má tá do cheannacháin cothrom le nó níos ísle ná na méideanna atá leagtha síos sa tábla thíos, is iondúil go bhféachfar orthu mar earraí i gcomhair d’úsáid phearsanta féin. Má théann tú thar na méideanna seo, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort a chruthú don lucht Custaim gur i gcomhair d’úsáid phearsanta féin atá na hearraí.

Liúntais alcóil agus tobac do thaistealaithe go hÉirinn ón AE
Earraí Uasmhéid ceadaithe
Toitíní
Todóigíní
Todóga
Tobac
Biotáillí (fuisce, vodca, jin srl.)
Táirgí idirmheánacha (m.sh. seiris, pórt, srl, gan fíon súilíneach san áireamh)
Fíon (ní cheadaítear ach 60 lítear fíon súilíneach)
Beoir
800
400
200
1 kg
10 lítear
20 lítear
90 lítear
110 lítear

Níl tú i dteideal liúntais alcóil ná tobac má tá tú faoi bhun 17 mbliana d’aois.

Ba chóir duit aon admhálacha a choinneáil mar chruthúnas go bhfuil dleacht agus CBL íoctha agat.

Tabhairt isteach táirgí feola nó déiríochta

Ní ceadmhach ach amháin táirgí a táirgeadh de réir rialacha an AE a allmhairiú i gcomhair tomhaltais phearsanta. Mar threoir, níor chóir do na méideanna dul thar 10 kg. Go hiondúil, bíonn na táirgí ar díol don phobal i dtír thionscnaimh an AE, bíonn pacáistiú cuí orthu agus marc sláinte aitheantais de chuid an AE orthu. Is éard atá i marc sláinte an AE ná stampa ubhchruthach le:

  • Cód na tíre ar an gcuid uachtarach, mar shampla, UK
  • Uimhir cheadaithe sa lár
  • Na ceannlitreacha EC (sonrú an Choimisiúin Eorpaigh) ar an gcuid íochtarach.

Taisteal go hÉirinn ó thíortha lasmuigh den AE

Rialuithe airgid

Ón 15 Meitheamh 2007 i leith, má tá tú ag dul isteach nó amach as an Aontas Eorpach agus €10,000 nó níos mó in airgead tirim á iompar agat, ní mór duit dearbhú a dhéanamh d’údarás Custaim an bhallstáit a bhfuil tú ag dul isteach nó amach as. Faoi Rialachán (CE) 1889/2005, ní mór duit an dearbhú a lóisteáil ag an aerfort, calafort nó teorainn talún trína bhfuil tú ag dul isteach san AE - féach ‘Conas Iarratas a Dhéanamh’ thíos. Má tá tú ag taisteal chuig Oileáin Mhuir nIocht nó Oileán Mhanann nó ar ais ní mór duit dearbhú a dhéanamh freisin. Cuimsíonn airgead tirim:

  • Airgeadra i bhfoirm nótaí bainc nó boinn
  • Dréachtaí bainc, seiceanna nó orduithe airgid i bhfoirm iompróra, formhuinithe gan srian nó le hainm an íocaí fágtha amach.

Faoin Acht um Cheartas Coiriúil 1994 Alt 38(1) arna leasú ag an Acht um Fháltais ó Choireacht (Leasú) 2005 Alt 20, má tá tú ag iompar ar a laghad €6,348.69 in airgead tirim, is féidir le hoifigeach custaim an t airgead a thógáil agus a choinneáil siar. Ní mór don oifigeach custaim údar réasúnta a bheith aige nó aici a chreidiúint gur fáltais ó choireanna atá san airgead nó go bhfuil sé i gceist é a úsáid in iompar coiriúil.

Earraí

Tá cead agat na hearraí sa tábla thíos a thabhairt go hÉirinn, (faoi réir uasteorainneacha) má tá tú ag taisteal go hÉirinn ó aon tír lasmuigh den AE (cuimsíonn sé seo na hOileáin Chanáracha, Oileáin Mhuir nIocht agus Giobráltar).

D’fhéadfadh na hearraí atá i gceist a bheith ceannaithe saor ó dhleacht/ saor ó cháin nó dleacht-íoctha/cáin íoctha lasmuigh den AE.

Liúntais do thaistealaithe ó lasmuigh den AE
Earraí Uasmhéid ceadaithe
Toitíní
Todóigíní
Todóga
Tobac
200
100
50
250 gram
Biotáillí (fuisce, vodca, jin srl.)
Táirgí idirmheánacha (m.sh. seiris, pórt, fíon súilíneach, srl)
1 lítear
2 lítear
Fíon gan súilíní 4 lítear
Beoir 16 lítear
Earraí eile (m.sh. bronntanais, cuimhneacháin, cumhráin, éadach srl.) €430 in aghaidh an duine fásta
€215 in aghaidh an linbh atá faoi 15 bliana d'aois

Roinntear do liúntais táirgí tobac agus idirmheánacha ar bhunús codánach, .i. tá cead agat 1/2 lítear biotáillí móide líotar amháin pórt a thabhairt isteach, nó 100 toitín móide 50 todóigín.

Níl tú i dteideal liúntais alcóil ná tobac má tá tú faoi bhun 17 mbliana d’aois.

Ní féidir le daoine atá ag taisteal le chéile mar ghrúpa a liúntais aonair a cheangal le chéile chun earraí a cheannach.

Ba chóir duit aon admhálacha a choinneáil mar chruthúnas go bhfuil dleacht agus cánacha íoctha agat.

Earraí srianta nó coiscthe

Ní féidir earraí áirithe a allmhairiú go hÉirinn nó ní féidir iad a allmhairiú ach amháin faoi cheadúnas.

Is iad na príomhearraí nach féidir a allmhairiú nó nach mór a allmhairiú faoi cheadúnas ná:

  • Arm tine
  • Armlón
  • Pléascáin agus tinte ealaíne
  • Arm troda
  • Ábhar mígheanasach nó graosta (Leabhair, tréimhseacháin, priontaí agus físthaifid)
  • Plandaí nó bleibíní
  • Ainmhithe beo nó ainmhithe marbha (cait agus madraí san áireamh)
  • Éin, éanlaith chlóis nó uibheacha
  • Speicis i mbaol
  • Feoil agus táirgí feola, bainne agus táirgí bainne agus bia-ábhar áirithe (le heisceachtaí sainiúla)
  • Tuí nó cochán (fiú amháin má úsáidtear mar phacáistiú é).

Drugaí

Is cion é substaintí rialaithe (drugaí) a allmhairiú nó a iompar leat agus tú ag taisteal isteach nó amach as Éirinn. (Samplaí de substaintí rialaithe iad cannabas, cócaon, hearóin agus amfataimíní). Tá aonaid madraí ag an bhFoireann Náisiúnta Custaim um Dhrugaí ag aerfoirt agus ag calafoirt. Tá na madraí oilte chun drugaí cosúil le cannabas, cócaon, hearóin agus amfataimíní a thabhairt faoi deara. Tá pionóis ann i gcomhair cionta drugaí in Éirinn.

Tabhairt isteach táirgí feola nó déiríochta

Tá cosc ort táirgí feola nó déiríochta do thomhaltas pearsanta a allmhairiú ó beagnach gach tír lasmuigh den AE. Is féidir méideanna áirithe de tháirgí áirithe eile a allmhairiú chomh fada is gur tír atá ceadaithe ag an AE é a dtír thionscnaimh. Tá tuilleadh eolais ar fáil i ndoiciméad na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, Animal Products Imports for Personal Consumption (pdf).

Conas Iarratas a dhéanamh

Má tá tú ag teacht go hÉirinn ó thír lasmuigh den AE le €10,000 nó níos mó in airgead tirim, ní mór duit dearbhú comhlánaithe C& E 1889 (pdf) a thabhairt do lucht Custaim ag an aerfort nó ag an gcalafort nuair a thagann tú go hÉirinn. Mura seolann tú foirm cheart isteach d’fhéadfadh lucht Custaim do chuid airgid a choinneáil agus d’fhéadfaí pionóis a ghearradh ort. Tá tuilleadh eolais faoi rialuithe airgid ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Má tá aon amhras ort faoi na nithe is féidir nó nach féidir leat a allmhairiú ó laistigh nó lasmuigh den AE, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Oifig Faisnéise Custaim.

Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas

Oifig Faisneise Custaim

Teach Nua an Chustaim
Bóthar an Phromanáid
ZZZ
Ireland

Teil:+353 (0)1 877 6222, 877 6223
Láithreán Gréasáin: http://www.revenue.ie/
R-phost: customsinfo@revenue.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 October 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cáin Bhreisluacha
    Tá Cáin Bhreisluacha (CBL) san áireamh sa phraghas i gcás formhór na dtáirgí agus na seirbhísí a úsáidimid gach lá. D’fhéadfadh sé go mbeadh dliteanas ort CBL a íoc má cheannaíonn tú ar líne freisin. Faigh tuilleadh faisnéise maidir le CBL agus mar a íoctar í.
  • Dleachtanna máil
    Sainiú achoimreach ar conas a ghearrtar dleacht mháil ar alcól, ar thobac agus ar tháirgí eile.
  • Oifigigh Chustaim agus Máil - cearta chun bagáiste taistealaithe a chuardach
    Pléann an cháipéis seo cumhachtaí na n-oifigeach custaim agus máil cuardach a dhéanamh ar thaistealaithe chun iomportáil earraí cosctha nó earraí nach bhfuil dearbhaithe d'fhoireann chustaim a sheachaint.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.