Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Taisteal thar Lear > Taisteal Thar Lear: Vacsainiú agus Nodanna Sláinte

Print Page Send to a Friend

Taisteal Thar Lear: Vacsainiú agus Nodanna Sláinte

Eolas

Roimh Imeacht Duit

Má bhíonn gnáthchónaí ort in Éirinn agus go bhfuil tú ag taisteal thar lear, ba chóir duit seiceáil an dteastaíonn vacsaíniú uait chun taisteal go dtí an tír nó na tíortha a bhfuil sé ar intinn agat cuairt a thabhairt orthu. Ba chóir smaoineamh ar vacsaíní má tá tú ag taisteal go dtí ceantair lasmuigh d’Iarthar na hEorpa, Meiriceá Thuaidh, an Astráil agus an Nua-Shéalainn. Tá priacail sláinte éagsúla ann ó thír go chéile, mar sin ba chóir duit comhairle a lorg ó do dhochtúir teaghlaigh (GP), ionad sláinte, Limistéar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) nó gníomhaireacht taistil roimh thaisteal duit.

Ní féidir le CitizensInformation.ie sonraí a thabhairt maidir le gach vacsaíniú agus ionaclú a theastaíonn i gcomhair gach tír sa domhan. Soláthraíonn Liosta Tíortha de chuid an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte: tuarascáil Vacsainithe agus staid Maláire (pdf) an t-eolas seo, áfach.

Tá tús luath leis an bpróiséas fíor-thábhachtach má tá sé ar intinn agat taisteal le páistí. Ba cheart an vacsainiú BCG i gcoinne an eitinn, mar shampla, a bheith tugtha ar a laghad 3 mhí sula bhfuil do ghasúr chun fágáil.

Tá roinnt vacsainiúnna éigeantach. Sa chás seo, beidh ort Teastas Idirnáisiúnta Vacsainiú a thaispeáint chun gur féidir leat dul isteach sa tír áirithe sin. Tá vacsainiúnna eile a mholtar ach go bhfágtar an cinneadh fút féin. Is ciallmhar an rud é, áfach, gach rud is féidir leat a dhéanamh chun cosaint i gcoinne tinneas agus galar chomh fada is atá tú imithe.

Nuair a thagann tú arais

Má mhothaíonn tú tinn tar éis duit teacht ar ais go hÉirinn, déan cinnte go bhfeiceann tú dochtúir chomh luath agus is féidir. Tabhair sonraí iomlána de na tíortha ar thug tú cuairt orthu, ar fhaitíos go mbeadh sé seo ábhartha.

Déanann an dlí in Éirinn soláthar speisialta maidir le tuairisciú galar tógálach chuig an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte náisiúnta. Chomh luath agus is eol do chleachtóir leighis nó go bhfuil amhras orthu go bhfuil an duine ar a bhfuil siad ag freastal ag fulaingt nó ag iompar galair thógálaigh, ní mór dóibh fógra scríofa nó leictreonach a sheoladh chuig Oifigeach Leighis um Shláinte.

Ní mór fógra a thabhairt i leith galair thógálacha chun galair thógálacha a smachtú. Oibríonn Lárionad Faire um Chosaint Sláinte na hÉireann i gcomhpháirt le soláthróirí seirbhísí sláinte agus le heagraíochtaí i dtíortha eile chun a chinntiú go bhfuil eolas suas chun dáta ar fáil chun cur le smachtú éifeachtúil na ngalar tógálach.

Vacsainiúnna Éigeantach

Ní bheidh aon vacsaniú ag teastáil uait chun cuairt a thabhairt ar aon tír Eorpach, muna bhfuil tú tar éis cuairt a thabhairt ar thír taobh amuigh den Eoraip go gairid roimhe.

Rialacha

Ní féidir le CitizensInformation.ie sonraí a thabhairt maidir le gach vacsaíniú agus ionaclú a theastaíonn i gcomhair gach tír sa domhan. Tá priacail sláinte éagsúla ann ó thír go chéile, mar sin ba chóir duit comhairle a lorg ó do dhochtúir teaghlaigh (GP), ionad sláinte, Limistéar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) nó gníomhaireacht taistil roimh thaisteal duit.


Rataí

Ní bhíonn vacsaínithe ar fáil saor in aisce in Éirinn tríd an gcóras sláinte poiblí - fiú má tá cárta leighis agat. Beidh ort na costais iomlána a íoc le haghaidh vacsaínithe.

Gearrfar táille ort i leith do chuairte ar an dochtúir agus chomh maith leis sin, beidh ort íoc as gach vacsaín nó foireann táblaí a ordaítear.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 November 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.