Nuair atá tú ag taisteal thar lear le páistí is féidir leis a bheith ina eachtra luachmhar. Is an-deis oideachasúil é cuairt a thabhairt ar thíortha eile agus taithí a fháil ar chultúir éagsúla. Ach mar sin féin tá sé tábhachtach go ndéanfá machnamh roimhré, an bhfuil sé fóirstineach do gach ball den chlann, do chuid páistí san áireamh. Má tá na páistí an-óg ( níos óige ná 18 mí ) ní thuigfidh siad go bhfuil siad ar saoire agus i gcuid mhór de na cásanna, b'fhearr leo a bheith ag baile san áit a bhfuil aithne agus eolas acu ar gach rud timpeall orthu.
Ón 1 Deireadh Fómhair, 2004 i leith caithfidh gach leanbh, is cuma cén aois é/í a p(h)as féin a fháil ina (h)ainm féin. I gcás pasanna a eisíodh do thuismitheoirí roimh 1 Deireadh Fómhair a bhfuil a leanaí luaite iontu, tá siad seo fós bailí agus ní gá pasanna a fháil ina n-áit. Féadfaidh na leanaí sin taisteal lena tuismitheoirí go formhór tíortha an domhain go dtí go mbíonn siad 16 bliana d'aois má luadh iad ar phasanna a eisíodh dá dtuismitheoirí roimh an 1 Deireadh Fómhair agus má tá na pasanna féin fós bailí.
Tá roinnt eisceachtaí ann, áfach. Féach ‘Iarratas ar Phas Éireannach’ le tuilleadh eolais a fháil. Sula dtosaíonn tú ar thuras ba chóir duit a chinntiú nach mbeidh aon phas as dáta go ceann sé mhí ar a laghad.
Faigh tuilleadh eolais agus comhairle ó do dhochtúir má tá tú ag taisteal taobh amuigh de cheantar Iarthar na hEorpa, Meiriceá Thuaidh, An Astráil nó An Nua Shéalainn mar go bhfuil vacsaíní riachtanach nó molta nuair atá tú ag tabhairt cuairte ar thíortha áirithe. Má tá seans ann go bhfuil maláire san áit ina mbeidh tú ag taisteal, ba cheart do gach duine, na páistí san áireamh, na vacsaíní cuí a thógáil ar eagla na heagla.
Má tá stair tinnis ag do pháiste ag baile bí réitithe don tinneas agus tú thar lear. Faigh comhairle ó do dhochtúir sula dtéann tú ag taisteal agus tabhair soláthar leighis éigeándála leat. Má tá tú chun taisteal a dhéanamh laistigh de Chomhphobal na hEorpa, déan íoschóipeáil ar Cárta Eorpach Árachas Sláinte agus líon isteach é sula bhfágann tú Éire, beidh tú i dteideal cóir leighis éigeandála agus tú i dtír de chuid Chomhphobal na hEorpa.
Tá páistí an-leochailleach (go háirithe naíonáin) don ghrian agus don dó gréine agus is cúis choitianta mí-chompord atá ann. Faigh comhairle ón Chógaslann nó an dochtúir maidir le fachtóir ard uachtair agus uachtar a chuireann bac ar an ghrian sula dtéann tú ag taisteal. Déan cinnte go mbíonn tú cúramach agus coinnigh páistí clúdaithe suas.
Nuair atá tú taisteal thar lear, tá tástáil bia mar pháirt den táithí ach má bhíonn tú cúramach tá níos lú seans ann go bhfaighidh tú galair nó galrú. Tá sé tabhachtach go n-ólann gach duine sa ghrúpa, go háirithe páistí, a ndótháin uisce as buidéil má tá siad ag taisteal go dtí tíortha teo.
Cuir iachall ar pháistí fanacht glan ó ainmhithe agus tú thar lear agus ná tabhair ainmhí ar ais go hÉirinn ar do bhealach abhaile. Níl ach seans beag ann go bhfaighfeá galrú confadh ach ba cheart duit comhairle leighis a fháil láithreach má bhaintear greim asat nó scríobadh go háirithe ó mhadraí, ó chait agus moncaithe nuair atá tú thar lear.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.