Ní féidir do pháistí a chur ar do phas nuair a chuireann tú isteach ar phas nua. Ó Dheireadh Fómhair 2004, caithfidh gach leanbh pas Éireannach aonair a fháil ina n-ainm féin, is cuma cén aois atá siad. Tá pasanna tuismitheoirí a eisíodh roimh Deireadh Fómhair agus páistí orthu bailí go fóill agus ní gá cinn nua a fháil ina n-ionad.
Beidh cead ag páistí atá ar phas tuismitheoirí a eisíodh roimh Deireadh Fómhair 2004 taisteal go bunús na dtíortha suas go dtí a mbreithlá 16 bliana in éineacht leis an tuismitheoir sin a fhad is a mbíonn an pas bailí go fóill. Mar sin féin, tá eisceachtaí áirithe ann. Ina measc siúd tá Poblacht na Seice, an Eastóin agus SAM. Ó Dheireadh Fómhair 2004, tá pas aonair de dhíth ar dhuine ar bith le dul isteach chuig na Stáit Aontaithe, gan bacadh le haois. Má tá aon amhras ort, seiceáil le hambasáid nó le consalacht na tíre i gceist sula dtaistealaíonn tú.
Tá dhá chineál pas ann do leanaí. Tá pasanna trí bliana ar fáil do leanaí faoi 3, agus pasanna cúig bliana ar fáil do leanaí atá idir 3 agus 17 mbliana d’aois.
Déantar iarratas ar phas do leanbh ar fhoirm APS 1 (pdf), má tá cónaí ort sa Stát, nó ar fhoirm APS 2 (pdf), má tá cónaí ort thar sáile agus ní mór teastas iomlán breithe an linbh, ag léiriú ainmneacha a t(h)uismitheoirí, a chur isteach leis. Ar an bhfoirm iarratais tá alt le haghaidh thoiliú na dtuismitheoirí agus ní mór é a shíniú. Braitheann an cháipéisíocht bhreise a chaithfear a chur isteach leis an iarratas ar roinnt fachtóirí lena n-áirítear uair agus áit bhreithe an linbh.
Maidir le gach iarratas ar phas do leanbh faoi 18 mbliana d’aois, agus athnuachan ina measc, caithfidh teastas breithe iomlán an linbh agus seanphas an linbh a bheith in éineacht leis. Déantar iarratas ar fhoirm APS 1 nó APS 2, de réir mar is cuí.
Má tá nó má bhí tusa agus tuismitheoir eile do linbh pósta, agus má tá an tuismitheoir eile beo, nó más comhchaomhnóir an linbh thú, ní mór do na tuismitheoirí/caomhnóirí araon alt thoiliú na dtuismitheoirí a shíniú (alt 7) d’fhoirm iarratais an phas. Mura mbíonn teagmháil agat le tuismitheoir/caomhnóir eile do linbh, nó má dhiúltaíonn an tuismitheoir/caomhnóir sin toiliú a thabhairt, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche le haghaidh ordú cúirte, a ligfidh d’Oifig na bPasanna an pas a eisiúint gan an toiliú sin.
Bíonn an cás difriúil más caomhnóir aonair an linbh thú. Is féidir leis seo tarlú más máthair aonair thú agus nach bhfuil socrú déanta ag an athair le bheith ina chomhchaomhnóir. Tarlaíonn sé fosta má bhíonn an tuismitheoir/caomhnóir eile marbh. In ionad an dara cuid d’alt toilithe an tuismitheora a chomhlánú, caithfidh tú mionnscríbhinn (AFF1) a shonraíonn go bhfuil tú i do chaomhnóir aonair a shíniú. Má bhíonn an tuismitheoir/caomhnóir eile marbh, beidh ort deimhniú báis a sholáthar. Mura mbíonn teastas báis ar fáil fós toisc ní mór don chróinéir coiste cróinéara a thionól, ba chóir duit Teastas Sealadach Báis atá curtha ar fáil ag an gcróinéir a sholáthar.
Caithfidh an fhoirm iarratais ar phas a bheith in éineacht le teastas breithe an linbh (agus seanphas an linbh, má eisíodh é).
Sa chás gur rugadh do leanbh an 1 Eanáir 2005 nó ina dhiaidh sin ar oileán na hÉireann, is é do shaoránacht nó saoránacht an tuismitheora eile a chinneann incháilitheacht do linbh le haghaidh pas, nó i ngeall ar do stair chónaitheach féin nó stair chónaitheach an tuismitheora eile roimh an bhreith. Dá bhrí sin, ní mór cáipéisíocht bhreise a sholáthar leis an iarratas mar fhianaise ar shaoránacht nó chónaitheacht.
Sa chás gur saoránach Éireannach tuismitheoir, nó go bhfuil an tuismitheoir incháilithe le bheith ina saoránach Éireannach, ní mór teastas iomlán breithe nó pas an tuismitheora sin a sholáthar.
Sa chás gur saoránach Briotanach tuismitheoir, tá pas an tuismitheora sin de dhíth.
Sa chás gur náisiúnach Bhallstát an AE/LEE nó na hEilvéise tuismitheoir, ní mór go raibh an tuismitheoir ina chónaí ar oileán na hÉireann ar feadh trí bliana ar fad nó níos mó le linn na gceithre bliana roimh an mbreith. Ní mór pas an tuismitheora sin, nó cárta náisiúnta aitheantais, agus Foirm Dhearbhaithe A (pdf) a sholáthar. Baineann caomhnóir, nó duine atá ag feidhmiú in áit tuismitheora úsáid as (Foirm Dhearbhaithe B (pdf), nuair nach mbíonn tuismitheoir ábalta an dearbhú a dhéanamh.)
Sa chás nach náisiúnach Bhallstát an AE/LEE nó na hEilvéise, an tuismitheoir, ní mór go raibh an tuismitheoir ina chónaí go dleathach ar oileán na hÉireann ar feadh trí bliana ar fad nó níos mó le linn na gceithre bliana go díreach roimh an mbreith. (Níl san áireamh anseo tréimhsí ina mbítear ag fanacht ar chinneadh ar stádas dídeanaithe nó le linn tréimhse staidéir). Ní mór an méid a leanas a sholáthar:
Sa chás inar tugadh stádas dídeanaithe do thuismitheoir roimh an mbreith, níl riachtanas cónaithe trí bliana ann. Ní mór an méid a leanas a sholáthar:
Nuair a bhíonn cead ag tuismitheoir cónaí a dhéanamh i dTuaisceart na hÉireann gan srian ar bith ama agus nach náisiúnach Bhallstát an AE/LEE ná na hEilvéise é, ní mór teastas náisiúntachta maidir leis an leanbh a fháil ar dtús ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Ní mór an teastas agus pas an tuismitheora a sholáthar ar dtús.
Chun teastas náisiúntachta a fháil, ní mór don tuismitheoir sin Foirm
Dhearbhaithe C (pdf) a chomhlíonadh ón Roinn Dlí agus Cirt agus
Comhionannais. Baineann caomhnóir, nó duine atá ag feidhmiú in áit
tuismitheora úsáid as (Foirm
Dhearbhaithe D (pdf), nuair nach mbíonn tuismitheoir ábalta an dearbhú a
dhéanamh.)
Má rugadh do leanbh thar lear agus má rugadh thú féin ar oileán na hÉireann, ní mór teastas iomlán breithe do linbh, do theastas iomlán breithe féin agus do theastas pósta (más infheidhme) a sholáthar.
Mura rugadh thú féin ná tuismitheoir eile do linbh in Éirinn, ansin ní mór teastas iontrála i gClár na mBreitheanna Eachtracha, a d’eisigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, agus teastas breithe an linbh a sholáthar.
Más saoránach Éireannach thú agus má uchtaíodh do leanbh de réir
dhlí na hÉireann, tá an teastas iontrála i gClár na nUchtaithe Eachtracha
ag Bord Uchtála na hÉireann ag teastáil chomh maith le do theastas breithe.
Ón 11 Aibreán 2011, is amhail a leanas a bheidh na táillí agus tú ag cur isteach ar phas linbh Éireannach trí ‘Phas Sciobtha’ (féach thíos) nó trí ambasáid nó trí chonsalacht:
Nuair a bhíonn iarratas á dhéanamh agat ar Oifig na bPasanna nó tríd an ngnáthphost cláraithe, is amhail a leanas a bheidh na táillí:
Má bhaineann tú leas as seirbhís Phas Sciobtha an Phoist, ag a bhfuil sé de chuspóir do phas a sholáthar laistigh de 10 lá oibre, beidh táille bhreise €8.50 i gceist in aghaidh an iarratais. Cuireann an Post rogha ‘Iarratas Teaghlaigh’ ar fáil, freisin, ar ráta speisialta €14.50. (Is féidir a mhéid le 4 iarratas ar phas do theaghlach a chur faoi iamh in aon chlúdach litreach amháin). Áirítear leis an táille seo postas chuig/ó Oifig na bPasanna. Cosnaíonn an tseirbhís Phas Sciobtha trí bhrainsí Oifig Poist na RA i dTuaisceart Éireann (pdf) £6. Féadfaidh síneadh teacht ar an tréimhse a ghlacann sé chun iarratais a phróiseáil ag tráthanna áirithe den bhliain de bharr líonta méadaithe iarratas. Seiceáil láithreán gréasáin Oifig na bPasanna le teacht ar fhaisnéis faoin tráth reatha próiseála.
Má theastaíonn pas uait go práinneach, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Pasanna. Tugtar ráthaíocht go bpróiseálfar iarratais in Éirinn ag a bhfuil cruthúnas taistil (e.g. ticéid aerlíne) laistigh de 3 lá oibre. Is ann do tháille bhreise don tseirbhís phráinneach – €30 do leanbh.
I gcásnna fíoréigeandála, is féidir leis an Oifigeach Dualgais ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála pas éigeandála a eisiúint a bheidh bailí ar feadh méid teoranta ama. Is ann do tháille don tseirbhís éigeandála seo a chuirtear ar fáil lasmuigh d'uaireanta oibre – €55 le haghaidh linbh. Beidh gá le hiarratas a chur isteach ar ghnáthphas ina dhiaidh sin.
Más ag cur isteach ar phas atá tú trí ambasáid Éireannach nó trí chonsalacht, d’fhéadfadh costais bhreise riaracháin nó táillí láimhseála a bheith i gceist, ag brath ar cén áit a gcónaíonn tú. Déan é seo a sheiceáil roimh ré leis an ambasáid Éireannach nó leis an gconsalacht sa tír ina bhfuil cónaí ort.
Ní féidir iarratas ar líne a dhéanamh ar phas Éireannach. Ina theannta sin, ní féidir foirmeacha iarratais atá le comhlánú a íoslódáil i láthair na huaire. Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne ar fhoirmeacha agus déanfar iad a sheoladh chugat sa phost.
Nuair a fhaightear an fhoirm, ba chóir na nótaí mionsonraithe a sholáthraítear léi a léamh go cúramach, chun cabhrú leat d’iarratas a chomhlánú go cruinn.
Má chónaíonn tú sa Stát, ba chóir duit foirm APS 1 a chomhlíonadh atá ar fáil i ngach Stáisiún na nGardaí agus gach Oifig an Phoist ina bhfuil an lógó “Service Plus” ar taispeáint.
Má chónaíonn tú i dTuaisceart na hÉireann nó taobh amuigh d’Éirinn, ba chóir duit an fhoirm APS 2 a chomhlíonadh. Is féidir leat foirm iarratais a fháil ó ambasáid nó consalacht na hÉireann sa tír ina bhfuil cónaí ort (nó an ambasáid nó consalacht is cóngaraí). Is féidir leat iarratas ar fhoirm iarratais APS 2 a dhéanamh anseo freisin. Tá seirbhís Passport Express lena n-áirítear foirmeacha ar fáil trí brainse áirithe oifig an Phoist RA i dTuaisceart Éireann (pdf).
I ngach cás, beidh ort an t-iarratas cuí a sheoladh ar ais chomh maith leis an táille cuí chomh maith le:
Is féidir eolas ginearálta ar phasanna do leanaí a léamh anseo nó amharc ar leabhrán Treoir ar phasanna do leanaí tuismitheoirí nach bhfuil pósta (pdf)
Tá tuilleadh eolais ar an dóigh le hiarratas a dhéanamh agus ar an áit le hiarratas a dhéanamh inár gcáipéis Iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach.
Foirgnimh Fhreidric
Sráid Theach Laighean
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 671 1633
Lóghlao:1890 426 888
Facs:+353 (0)1 671 1092
Láithreán Gréasáin: http://www.passport.ie
R-phost: passportdublin@dfa.ie
1a An Mál Theas
Cork
Ireland
Teil:+353 21 494 4700
Lóghlao:1890 426 900 (outside the (021) area)
R-phost: passportcork@dfa.ie
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
Teach Heffernan
Bothar Dhún Droma
Baile Thiobraid Árann
Tiobraid Árann
Éire
Uaireanta Oscailte:Líne chabrach 10-12.30pm Dé Máirt agus Déardaoin amháin
Teil:+353 (0)62 32500
Lóghlao:1890 25 28 54
Láithreán Gréasáin: http://www.inis.gov.ie/
13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan-Déardaoin: 8rn go 10in, Aoine: 8rn go 4in
Teil:+353 1 666 9100
Láithreán Gréasáin: http://www.garda.ie/Controller.aspx?Page=31
R-phost: gnib_dv@garda.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.