Is cáipéis thaisteal é pas a aithnítear go hidirnáisiúnta a dheimhníonn d'aitheantas agus do náisiúntacht agus níl tú i dteideal pas Éireannach ach amháin sa chás go bhfuil tú Shaoránach Éireannach. Is cáipéis dlí thábhachtaigh é do phas. Ba cheart duit a chinntiú go bhfuil sé coinnithe in áit sábháilte i gcónaí. Tá uimhir aitheantais uathúil ag gach pas Éireannach agus ba cheart duit d'uimhir a nótáil, sa chás go gcailltear nó go ngoidtear do phas.
Anuas ar chead a thabhairt duit taisteal thar lear, tugann do phas Éireannach teidlíocht duit ar sheirbhísí tacaíochta dioplómaitiúla ó ambasáidí Éireannacha thar lear sa chás go mbíonn deacrachtaí agat. Cé gur cáipéis thaisteal é do phas Éireannach a aithnítear go hidirnáisiúnta, ní thugann sé cead isteach uathoibríoch duit chuig tíortha eile.
Eisíonn Rialtas na hÉireann do phas Éireannach tríd an Oifig Pas anseo in Éirinn. Eisítear pasanna Éireannacha trí ambasáidí agus trí chonsalachtaí Éireannacha ar fud na cruinne, agus is féidir leat iarratas a chur isteach chucu má tá cónaí ort thar lear.
Ón 11 Aibreán 2011 níl pasanna saor in aisce do dhaoine níos sine ná 65 bliain níos mó.
Ní féidir pas malairte a fháil níos mó (m.sh. más rud é go bhfuil damáiste déanta do do phas nó más rud é gur phós tú agus gur mian leat d'ainm a athrú ar do phas). Ina ionad sin, beidh ort cur isteach ar cheann nua. Féach ar ár gcáipéis ar phas Éireannach a athnuachan.
Má tá tú ag iarraidh cur isteach ar phas don chéad uair nó má tá tú ag iarraidh seanphas nó pas reatha a athnuachan, tá an fhoirm iarratais mar a chéile. Soláthraíonn an Roinn um Ghnóthaí Eachtracha agus Trádáil Seirbhís Meabhrúcháin Pas a sheolann meabhrúchán chugat i bhfoirm ríomhphoist trí mhí roimh dháta éaga do phas. Ní mór duit clárú don tseirbhís seo.
Má chuireann tú isteach ar phas nua sula n-éagann do cheann reatha, beidh do phas nua bailí ón uair a dhéanann tú iarratas.
Tá tuilleadh eolais ar fáil in ár gcáipéis ar phas Éireannach a athnuachan.
Ní féidir pas athchuir a fháil más rud é gur chaill tú do phas Éireannach nó más rud é go ngoideadh é. Ina ionad sin, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar phas nua ar nós go bhfuil tú ag déanamh iarratais don chéad uair. Tá tuilleadh eolais inár gcáipéis ar phas caillte nó goidte a athchur.
Tá saoránaigh Éireannacha atá ag taisteal chuig áiteanna taobh amuigh den AE curtha ar na srianta pas agus na díotha ar leith atá ag na tíortha sin. Ciallaíonn sé seo, mar shampla, agus tú ag taisteal taobh amuigh den AE, seans go mbeidh ar do phas a bheith bailí ar feadh tréimhse ar leith. Athraíonn na socruithe ó thír go tír, mar sin déan teagmháil leis an ambasáid ábhartha sula dtaistealaíonn tú chun an eolais is déanaí a fháil maidir leis na díotha seo. Ní féidir linn comhairle a chur ort maidir leis na díotha atá ag aon tír ar leith - ba cheart duit teagmháil a dhéanamh díreach leis an ambasáid.
Tá cead ag gach saoránach den AE dul isteach chuig agus cur fúthu i limistéar aon bhallstát eile de chuid an AE ar feadh suas go trí mhí. Ní mór duit ach pas bailí a chur os a gcomhair nó cárta aitheantais náisiúnta; ní theastaíonn aon fhoirmiúlacht eile. Ní féidir le tíortha an AE aon choinníoll breise a leagadh amach maidir le híosbailíocht nó le fad chárta aitheantais nó phas. Go bunúsach, ciallaíonn sé seo nach gá do do phas a bheith bailí ar feadh, abair, 6 mhí sula mbíonn cead agat dul isteach chuig tír eile de chuid an AE.
Is éard is pas soléite ag meaisíní ná pas le dhá líne chló-aghaidhe priontáilte ag bun an leathanaigh bheathaisnéisigh, atá soléite ag meaisíní. Féach ar bhun do phas Éireannaigh [an leathanach grianghraif] do dhá líne atá cló-aghaidheach. Tá litreacha, uimhreacha agus lúibíní uilleacha ar chlé sna línte seo.
Nuair a léitear iad, soláthraíonn na línte seo eolas atá ar aon dul leis an eolas atá ar an leathanach beathaisnéiseach go leictreonach. (Is é an leathanach beathaisnéiseach an leathanach ar do phas a thaispeánann do ghrianghraf agus ar a bhfuil eolas maidir le d'ainm, dáta breithe, seoladh, náisiúntacht, srl.).
Tá gach pas eisithe ag na hOifigí Pas i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Ambasáid na hÉireann i Londain, a sheasann do níos mó ná 90% de phasanna atá i gcúrsaíocht, soléite ag meaisíní.
Ó mhí an Mheitheamh 2005 éilíonn na Stáit Aontaithe go bhfuil pas soléite ag meaisíní ag gach duine le pas Éireannach atá ag taisteal chuig na SA. Tá Éire ar cheann de na 27 tír ónar féidir le daoine le pasanna dul isteach sna SA gan víosa le dul ag taisteal nó ar ghnó ar feadh tréimhse nach bhfuil níos faide ná 90 lá. Mura bhfuil pas Éireannach atá soléite ag meaisíní agat ní mór duit víosa a fháil ionas gur féidir leat dul isteach sna SA.
Ó mhí Eanáir 2009, teastaíonn údarú taistil leictreonaigh (ESTA) ó dhaoine le pas Éireannach sula dtéann siad ar an eitleán chuig na SA. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin ambasáid SA.
I mí Dheireadh Fómhair 2006 thosaigh an Oifig Pas ag eisiúint pasanna leictreonacha Éireannacha (rPasanna). Tá pas leictreonach mar an gcéanna le gnáthphas atá soléite ag meaisíní le ciorcad beag comhtháite nó slis istigh sa leathanach grianghraif. Stórálann an slis íomhá digiteach den ghrianghraf go sábháilte chomh maith le sonraí pearsanta an sealbhóra de réir mar atá siad ar an leathanach sonra den phas, a éascaíonn úsáid theicneolaíocht aitheantais dreacha ag rialaithe teorann. Cuimsíonn an slis teicneolaíocht sínithe dhigitigh d’fhonn údaracht na sonraí atá stóráilte ar an slis a dheimhniú.
Is féidir leat tuilleadh
eolais a léamh maidir le pasanna leictreonacha ar shuíomh gréasáin na
Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádáil.
Caithfidh tú a bheith i do shaoránach Éireannach chun a bheith i dteideal pas Éireannach.
Tá sé de cheart agat cur isteach ar phas má tá tú ocht mbliana déag d'aois nó níos sine. Má tá tú faoi ocht mbliana déag d’aois, teastóidh cead uait ó do bheirt thuismitheoir nó chaomhnóir i scríbhinn chun go mbeidh tú in ann do phas féin a fháil.
Ní chuirtear teidil cosúil le Uas, Bn, Dr, Rev., Duine, Tiarna, Bean Uasal, srl ar phasanna Éireannacha.
Mura bhfuil an leagan den ainm atá le cur ar an bpas ar aon dul leis an ainm atá ar an teastas breithe, ní mór duit fianaise a sholáthar a dhearbhaíonn go bhfuil an t-ainm in úsáid ar feadh ar a laghad dhá bhliain, m.sh. ráiteas bainc, ceadúnas tiomána, cártaí creidmheasa, srl. Ba cheart ar a laghad dhá shampla den fhianaise seo a chur le d'iarratas.
Is féidir pas a eisiúint in ainm pósta an iarratasóra má sholáthraítear teastas phósadh sibhialta.
Ó mhí Dheireadh Fómhair 2004 ní mór do gach páiste, is cuma cén aois atá siad, a bpas Éireannach féin a bheith acu ina n-ainm féin. Is féidir pasanna a mhaireann ar feadh trí bliana a fháil do pháistí faoi thrí bliana d’aois, agus tá pasanna cúig bliana ar fáil do pháistí idir 3-17 bliana d’aois.
Is féidir le páistí atá san áireamh ar phas tuismitheora, eisithe roimh Dheireadh Fómhair 2004, leanúint ar aghaidh ag taisteal chuig an gcuid is mó de thíortha leis an tuismitheoir sin suas go dtí an 16 breithlá acu. Tá eisceachtaí ann, áfach.
Tá tuilleadh eolais ar ag cur isteach ar phas do pháiste inár gcáipéis ar phasanna do pháistí.
Ní mór ceithre ghrianghraf den sealbhóir pas a chur isteach le gach iarratas. Ba cheart don duine a bhí mar fhínne ar an iarratas péire acu a shíniú ar chúl. Ba cheart don fhínne uimhir an fhoirm taispeánta a scríobh i Roinn 9 den fhoirm iarratais ar an dá ghrianghraf sin. Má tá tú ag déanamh iarratais in Éirinn ní mór don fhínne a bheith ina b(h)all den Gharda Síochána. Má tá tú ag déanamh iarratais thar lear, tá catagóirí feiliúnacha d’fhinné liostáilte ar an bhfoirm iarratais.
Ó 11 Aibreán 2011, seo a leanas na táillí agus tú ag cur isteach ar phas Éireannach trí 'Phas Sciobtha' (féach thíos) nó trí ambasáid nó consalacht:
Agus tú ag cur isteach ar phas ar an bhfód in Oifig Pas nó trí ghnáthphost nó post cláraithe seo a leanas na táillí:
Má bhaineann tú leas as an seirbhís Pas Sciobtha de chuid An Post, a dhearbhaíonn go bhfaighidh tú do phas taobh istigh de 10 lá oibre, beidh costas breise de €8.50 in aghaidh an iarratais. Tá rogha ‘Iarratas Teaghlaigh’ ag An Post freisin ag ráta speisialta de €14.50. (Is féidir suas go 4 iarratas pas do theaghlach a bheith curtha isteach in aon chlúdach litreach amháin). Cuimsíonn an táille seo postas chuig agus ón Oifig Pas. Cosnaíonn an tseirbhís Phas Sciobtha £6 trí bhrainsí d'Oifig an Phoist i dTuaisceart Éireann.
Más saoránach Éireannach thú nach bhfuil ag maireachtáil in Éirinn agus má tá tú ag cur isteach ar phas trí d'ambasáid nó do chonsalacht Éireannach, d’fhéadfadh costais riaracháin bhreise nó táille láimhseála a bheith ann, ag brath ar an áit ina bhfuil cónaí ort. Déan é seo a chinntiú roimh ré leis an ambasáid nó leis an gconsalacht sa tír ina bhfuil cónaí ort.
Is féidir leat íoc as do phas Éireannach trí Phas Sciobtha, ag deasc phoiblí in Oifig Pas, tríd an ngnáthphost, nó tríd an ambasáid nó an gconsalacht is giorra duit thar lear. Má tá tú ag íoc le seic, ní mór dó a bheith in euro agus a bheith tarraingthe ar bhanc Éireannach.
Má tá tú ag baint úsáide as an seirbhís Phas Sciobtha de chuid An Post, ba cheart duit na táillí iarratais pas agus an táille bhreise le haghaidh Phas Sciobtha díreach chuig An Post, in airgead tirim, seic nó le cárta dochair.
Má tá tú ag déanamh iarratais duine le duine ag an Oifig Pas i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh, is féidir leat íoc in airgead tirim, seic, cárta creidmheasa nó dochair Laser, ordú poist nó dréacht bainc.
Ba cheart do sheiceanna, orduithe poist agus dréachtaí bainc atá curtha isteach le gnáthiarratais tríd an bpost a bheith iníoctha chuig an Oifig Pas. Is féidir leat íoc le cárta creidmheasa nó dochair ar ghnáthiarratas poist freisin. Ar chúinsí slándála, ní cheart duit airgead tirim a sheoladh le hiarratais tríd an bpost.
Ní féidir iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach ar líne. Faoi láthair, ní féidir an fhoirm iarratais atá le líonadh isteach a íoslódáil ach an oiread.
Más saoránach Éireannach thú atá ag maireachtáil sa Stát, ba cheart duit foirm APS 1 a líonadh isteach. Tá na foirmeacha seo ar fáil ag gach stáisiún Garda agus ag aon Oifig an Phoist leis an lógó “Seirbhís Bhreise” taispeánta.
Más saoránach Éireannach thú atá ag maireachtáil i dTuaisceart Éireann nó taobh amuigh d’Éire agus má tá tú ag cur isteach ar phas Éireannach, ba cheart duit an fhoirm APS 2 a líonadh amach. Is féidir leat an fhoirm iarratais a fháil ón ambasáid nó ón gconsalacht Éireannach sa tír ina bhfuil cónaí ort (nó an ceann is giorra). Tá an tseirbhís Phas Sciobtha, na foirmeacha san áireamh ar fáil trí bhrainsí áirithe d'Oifig an Phoist sa RA i dTuaisceart Éireann (pdf).
Nuair a fhaigheann tú an fhoirm, ba cheart duit na nótaí mionsonraithe a chuirtear ar fáil leis chun cuidiú leat d’iarratas a líonadh amach i gceart.
Ó Eanáir 2011, ní mór do dhaoine fásta atá ag cur isteach ar phas Éireannach don chéad uair na rudaí seo a leanas a chur isteach lena n-iarratas:
D'fhéadfadh sé go mbeidh ort tuilleadh eolais a sholáthar agus/nó freastal ar agallamh.
Nóta: Má tá tú in ann a chur ar fáil d'aon aitheantas fótagrafach ginearálta, beidh ort a chur i gcrích deimhniú céannachta agus bíodh finné. Beidh an deimhniú céannachta a sheoladh chugat nuair a fhaightear d'iarratas phas. Beidh an deimhniú san áireamh sonraí réamhchlóite, lena n-áirítear do ghrianghraf iarratas. Caithfidh sé a bheith fianaithe ag duine ó liosta de na daoine a bheidh inghlactha ag an Seirbhís Pas chun na críche seo, agus a fhios agat go pearsanta chomh maith.
Líon isteach Cuid 6 den fhoirm iarratais. Cuir isteach an fhoirm mar aon leis an gcáipéisíocht luaite thuas ar nós gurb é do chéad uair é ag cur isteach ar phas. (Féach eolas mionsonraithe ar conas pas Éireannach caillte nó goidte a athchur anseo).
Moltar d’iarratasóirí úsáid a bhaint as an seirbhís Phas Sciobtha atá curtha ar fáil ag An Post agus trí oifigí an phoist i dTuaisceart Éireann. Nuair a dhéantar iarratas tríd an seirbhís Phas Sciobtha cinntíonn sé go mbeidh iarratais atá comhlánaithe i gceart próiseáilte, de ghnáth, taobh istigh de 10 lá oibre. D'fhéadfadh an tréimhse seo a bheith leabhraithe ag amanna áirithe i rith na bliana má tá ardú i líon na n-iarratas. Déan seic ar shuíomh gréasáin na hOifige Pas chun eolas a fháil maidir leis na hamanna próiseála reatha.
Má dhéanann tú iarratas tríd an ngnáthphost, ba cheart duit 8 seachtaine ar a laghad a thabhairt do do phas le bheith próiseáilte.
Má ghlaonn tú isteach ar aon cheann de na hOifigí Pas in Éirinn, tógfaidh do phas coicís ar a laghad le próiseáil.
Má theastaíonn pas uait go práinneach, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Seirbhís Pas. Deimhnítear go mbeidh iarratais a ndéantar in Éirinn, le fianaise taistil (m.sh. ticéid aerlíne), próiseáilte laistigh de 3 lá oibre. Tá táille bhreise ar an seirbhís phráinneach - €55 do dhuine fásta agus €30 do pháiste.
Sa chás go bhfuil fíor-éigeandáil i gceist, is féidir leis an oifigeach dualgais sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádáil pas éigeandála a eisiúint le bailíocht teoranta. Seo a leanas samplaí de na héigeandálaí seo:
Tá táille le híoc as an seirbhís éigeandála seo nach gcuirtear ar fáil le linn na ngnáthuaireanta oibre - €110 do dhuine fásta agus €55 do pháiste. Tá an pas éigeandála bailí ar feadh tréimhse ama teoranta. Ní mór iarratas a dhéanamh ar ghnáthphas ina dhiaidh.
Má tá tú ag maireachtáil thar lear, go ginearálta ba cheart duit ar a laghad a fhágáil mar am próiseála do do phas trí d’ambasáid nó do chonsalacht áitiúil.
I mí na Nollag 2006 sheol an Oifig Pas a Sheirbhís um Rianú Pas. Cuireann an tseirbhís seo ar do chumas agat stádas d’iarratais a sheiceáil ar líne. Chun é seo a dhéanamh, ní mór duit an uimhir iarratais ó d’fhoirm a bheith agat (ar fáil thuas sa chúinne ar thaobh na láimhe clé den fhoirm).
Má tá tú ag déanamh iarratais taobh istigh den Stát, ba cheart duit Pas Sciobtha a úsáid. Cuir isteach d’iarratas ag an Oifig Poist Sheirbhís Bhreise is giorra duit. Ní cheart ach do dhaoine le pleananna taistil láithreacha nó gá le taisteal ar chúinsí éigeandála teaghlaigh iarratas a dhéanamh duine le duine ag Oifig Pas.
Má tá tú ag déanamh iarratais taobh amuigh den Stát, seol an t-iarratas comhlánaithe chuig an ambasáid nó an chonsalacht Éireannach is giorra, nó cuir isteach chuig an Oifig Poist Thuaisceart Éireann is giorra a sholáthraíonn an tseirbhís má tá tú ag baint úsáide as Pas Sciobtha.
Foirgnimh Fhreidric
Sráid Theach Laighean
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 671 1633
Lóghlao:1890 426 888
Facs:+353 (0)1 671 1092
Láithreán Gréasáin: http://www.passport.ie
R-phost: passportdublin@dfa.ie
1a An Mál Theas
Cork
Ireland
Teil:+353 21 494 4700
Lóghlao:1890 426 900 (outside the (021) area)
R-phost: passportcork@dfa.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.