Ba chóir an tsláinte a bheith ina thosaíocht agat agus tú ag beartú turas a dhéanamh thar lear. Tá níos mó is níos mó saoránach Éireannach ag taisteal thar lear na laethanta seo ar mhaithe le cúiseanna gairmiúla, siamsaíochta, sóisialta agus daonnachtúla. Ós rud é go mbímid ag taisteal níos faide agus chuig réimse níos leithne tíortha, is féidir leis seo ár sláinte a chur i gcontúirt i dtimpeallachtaí nach bhfuil mórán eolais againn orthu.
Tá súil againn nach mbeidh aon fholáireamh sláinte agat agus tú ar turas thar lear, ach caithfidh tú a bheith ullamh le haghaidh gach cáis. Is féidir an chuid is mó de na rioscaí a bhaineann le taisteal a íosmhéadú má ghlactar réamhchúraimí roimh ré, le linn agus i ndiaidh do thurais. Is deacair déileáil le tinneas ag an am is fearr ach is féidir leis a bheith níos measa fós agus tú i bhfad ó bhaile. Ba cheart duit a chinntiú go bhfuil gach réamhchúram déanta agat leis an bhféidearthacht sin a sheachaint agus, má tharlaíonn drochrud ina ainneoin sin, ba chóir duit a bheith muiníneach go bhfuil an t-árachas riachtanach eagraithe agat le híoc as an gcúram míochaine a bheadh de dhíth ort.
Ar na fachtóirí is tábhachtaí maidir le rioscaí don tsláinte a chinneadh agus tú ag Taisteal thar Lear, tá:
Má tá rún agat cuairt a thabhairt ar áit éigin i dtír i mbéal forbartha, ba chóir duit dul i gcomhairle le do dhochtúir teaghlaigh (GP) nó clinic míocháine taistil roimh an turas. Is inmholta an comhairliú seo a dhéanamh 4-6 seachtaine roimh an turas, go háirithe má bhíonn vacsaínithe de dhíth. Is féidir le do dhochtúir teaghlaigh nó le clinic comhairle a thabhairt duit faoin gceist seo.
Ar an dóigh chéanna, má tá riocht míochaine ort a bhfuil cúram leanúnach de dhíth air, nó má tá tú i ngrúpa ‘i mbaol’, is inmholta comhairle dochtúra a lorg roimh do thuras. Tá sé seo den chiall má bhíonn tú ag glacadh cógais ar oideas nó má tá tú ag dul a bheith thar lear go ceann tamall fada.
Tá Vacsaínithe agus imdhíonachtaí de dhíth le taisteal chuig tíortha áirithe timpeall an domhain. Ba cheart duit smaoineamh ar iad a fháil má tá tú ag taisteal chuig limistéir lasmuigh d’Iarthar na hEorpa, Meiriceá Thuaidh, an Astráil agus an Nua-Shéalainn. Is féidir le do dhochtúir teaghlaigh nó clinic míochaine taistil comhairle a thabhairt duit faoi na roghanna atá agat.
Más saoránach de chuid an AE/LEE thú agus má tá do thuras taobh istigh den LEE (na 27 ballstát den AE, an Iorua, an Íoslainn, Liechtenstein) nó an Eilvéis, moltar duit go láidir Cárta Eorpach um Árachas Sláinte, atá saor in aisce a thabhairt leat. Clúdóidh an Cárta seo an costas a bhaineann le cóireáil míochaine riachtanach (más gá) agus tú ar cuairt chuig ballstát eile.
Má tá tú ag dul a bheith lasmuigh den AE/LEE, moltar duit go láidir árachas speisialta saoire nó sláinte a lorg sula n-imíonn tú. Is féidir le rátaí árachais in Éirinn a bheith an-éagsúil agus dá bhrí sin moltar duit taighde a dhéanamh leis an margadh is fearr a fháil roimh do thuras.
Tá suíomh an-úsáideach curtha ar fáil ag an Eagraíocht Sláinte Domhanda a bhfuil a lán faisnéise agus comhairle air maidir le taisteal idirnáisiúnta agus sláinte.
Lena chinntiú go bhfuil tú ullmhaithe mar is ceart, caith giota beag ama roimh do thuras chomh maith ag seiceáil na faisnéise seo a leanas.
Is feidir le do dhochtúir teaghlaigh nó biúro míochaine tropaicigh cuid de na ceisteanna thuas a fhreagairt. Is den chiall chomh maith (ag brath ar do cheann scríbe) seiceáil le d’fhiaclóir/radharceolaí lena fháil amach an mbeidh seic de dhíth ort roimh imeacht duit.
Ba chóir go mbeadh do ghníomhaire taistil/oibritheoir turas/eagraitheoir turas in ann faisnéis a chur ar fáil faoin aimsir, lóistín, áiseanna sláinte agus imthosca eile san áit a bhfuil tú ag dul roimh do thuras. Is foinse maith eolais iad treoirleabhair taistil chomh maith. Chomh maith leis sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid nó Consalacht is cóngaraí den tír a mbeidh tú ag tabhairt cuairte uirthi le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Mar a dúradh thuas, is féidir an chuid is mó de na rioscaí don tsláinte a sheachaint agus is féidir iad a laghdú ach réamhchúraimí ciallmhara feiliúnacha a dhéanamh roimh, le linn agus i ndiaidh taistil. Ba chóir go mbeadh do thuras thar lear ina aistear pléisiúrtha chuig tír nua le haithne a chur ar dhaoine nua.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.