Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Taisteal thar Lear > Taisteal thar lear: comhairle ghinearálta

Print Page Send to a Friend

Taisteal thar lear: comhairle ghinearálta

Eolas

Is féidir le taisteal thar lear a bheith fiúntach agus luachmhar. Más é do chéad uair ag fágáil Éirinn nó más taistealaí rialta thú, tá treoirlínte ginearálta áirithe eisithe ag Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hÉireann a chabhróidh leat ullmhú do thaisteal thar lear.

Sula dtaistealaíonn tú thar lear

Roimh thaisteal, faigh eolas faoin gceann scríbe. An bhfuil víosa ag teastáil chun taisteal ann? Cad é an t-airgeadra áitiúil? An bhfuil difríocht ama idir do cheann scríbe agus Éire? Is féidir an t-eolas seo ar fad a fháil roimh ré ó do ghníomhaire taistil nó ambasáid na tíre ábhartha. Ina ionad sin, is féidir leat an t-eolas seo a chuardach ar líne.

Pasanna

Tá dualgas ar shaoránaigh Éireannacha pas bailí a bheith acu chun taisteal go dtí gach ceann scríbe ach amháin taisteal go dtí an RA. Tá an ceart ag gach saoránach AE limistéar ballstáit eile an AE a iontráil agus cónaí ann ar feadh tréimhse suas le 3 mhí ach pas bailí nó cárta aitheantais náisiúnta a thaispeáint; níl aon ghnás eile riachtanach. Ní féidir le tíortha AE coinníollacha breise a fheidhmiú maidir le bailíocht íosmhéide nó tréimhse an chárta aitheantais nó pas.

Tá saoránaigh Éireannacha a bhíonn ag taisteal go ceann scríbe lasmuigh den AE faoi réir rialuithe a bhaineann leis na tíortha sin maidir le náisiúnaithe eachtrannacha ag teacht isteach ina gcríocha féin agus ba chóir dóibh teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid ábhartha na dtíortha sin roimh thaisteal chun eolas nuashonraithe a fháil maidir leis na riachtanais sin. Cuimhnigh gur féidir do phas a athnuachan ag am ar bith - ní gá fanacht go dtí go bhfuil do phas as dáta. Léigh tuilleadh eolais faoi iarratas a dhéanamh ar phas inár ndoiciméad Iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach.

Víosaí

Ní féidir linn tuar a dhéanamh an mbeidh víosa riachtanach duit chun taisteal thar lear - braitheann sé ar do cheann scríbe. Is féidir le do ghníomhaire taistil nó ambasáid na tíre atá mar cheann scríbe an t-eolas seo a thabhairt duit.

Sláinte

Má tá tú ag taisteal chuig ceann scríbe laistigh den AE, tá tú i dteideal cóireáil leighis éigeandála a fháil ar an mbunús céanna le náisiúnach na tíre sin, ach caithfidh tú an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a thabhairt leat atá ar fáil ó d’Oifig Sláinte Áitiúil. Léigh tuilleadh eolais ar cóireáil leighis éigeandála thar lear anseo.

Má tá tú ag taisteal thar lear ar feadh tréimhse fada, ba chóir duit comhairliú le do dhochtúir chun rioscaí féideartha sláinte a phlé. Tá sé seo an-tábhachtach má tá riocht sláinte ort cheana féin nó má tá cuairt á tabhairt agat ar cheantar teochriosach ina bhfuil coinníollacha ann do leathadh na ngalar tógálach. Má thógann tú cógas ar bhonn rialta, ba chóir duit iarraidh ar do dhochtúir méid dóthanach a ordú duit don chuairt agus é a thabhairt leat. Lena chois sin, tugtar comhairle duit litir ó do dhochtúir a thabhairt leat a leagann amach do riocht sláinte agus an cineál cógais atá ag teastáil. Léigh tuilleadh anseo faoi thaisteal thar lear; vacsaíní agus leideanna sláinte.

Airgead

Go ginearálta, bíonn seiceanna taistil agus cártaí creidmheasa idirnáisiúnta ar an mbealach is sábháilte le hairgead a iompar agus tú ag taisteal thar lear. Mar sin féin, b’fhéidir nach mbeifí ábalta iad a úsáid i gceantair níos iargúlta. Arís, seiceáil le do ghníomhaire taistil roimh imeacht faoin mbealach is fearr chun airgead a iompar. Tá sé inmholta méid bheag den airgeadra áitiúil a iompar i gcónaí chun íoc as táillí bus nó tacsaí nó ceannacháin bheaga nó glaonna teileafóin.

Sula n-imíonn tú ó Éirinn, breac síos uimhir éigeandála 24 uair an bhainc a d’eisigh do chárta creidmheasa - ionas gur féidir leat é a chur ar ceal má ghoidtear é. Ba chóir duit sraithuimhreacha do sheiceanna taistil a bhreacadh síos freisin chun athsholáthar a éascú má ghoidtear iad.

Nóta: d’fhéadfá deacrachtaí a bheith agat má tá an t-ainm ar na seiceanna taistil nó cártaí creidmheasa difriúil leis an ainm ar do phas.

Ag tiomáint thar lear

Má bheartaíonn tú tiomáint nuair atá tú thar lear, déan cinnte go bhfuil do cheadúnas tiomána Éireannach bailí agus tabhair leat é. Bíonn dualgas ag tíortha áirithe lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (ballstáit an Aontais Eorpaigh, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin) Ceadúnas Tiomána Idirnáisiúnta a bheith agat chomh maith le ceadúnas tiomána Éireannach. Léigh tuilleadh eolais faoi cheadúnais tiomána idirnáisiúnta anseo.

Tá sé fíorthábhachtach a chuimhneamh nach ionann rialacha an bhóthair thar lear agus na rialacha in Éirinn. Déan cinnte go bhfuil tú eolach ar rialacha áitiúla agus nósanna tiomána. Is féidir le hambasáid nó consalacht na tíre ábhartha eolas a thabhairt duit faoi riachtanais sula n-imíonn tú. Déan cinnte i gcónaí go bhfuil árachas ceart agat nuair atá tú ag tiomáint thar lear.

Trealamh leictreach

Beidh plugaí agus soicéid leictreach i dtíortha eile difriúil ó chinn a úsáidtear in Éirinn. D’fhéadfadh cuibheoirí speisialta a bheith ag teastáil uait chun fearais leictreacha a úsáid a thugann tú leat ó Éirinn (cosúil le triomadóirí gruaige, bearrthóirí, srl.). Is féidir leat na cuibheoirí seo a cheannach in aerfoirt agus mórán siopaí in Éirinn.

Má tá fón póca á thabhairt leat, seiceáil roimh ré go n-oibreoidh sé sa tír atá mar cheann scríbe agat. Is féidir leis na táillí fánaíochta a bheith an-ard agus déanann sé seo costas úsáide an fhóin phóca Éireannaigh thar lear fíorchostasach. Déan teagmháil le do sholáthraí seirbhíse chun tuilleadh eolais a fháil faoi ghlaonna thar lear a dhéanamh agus a fháil.

Rabhaidh taistil

Soláthraíonn Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hÉireann comhairle taistil d’Éireannaigh atá ag pleanáil turais thar lear. Tugann an chomhairle seo measúnú breithnithe ar na rioscaí atá ann do shaoránaigh Éireannacha a thaistealaíonn go tíortha ar leith. Léigh tríd na nuashonruithe rabhaidh taistil is déanaí anseo.

Nuair atá tú thar lear

Breac síos seoladh, uimhir theileafóin agus uaireanta oscailte Ambasáid nó Chonsalacht na hÉireann sa tír a bhfuil cuairt á tabhairt agat uirthi. I dtíortha gan ionadaíocht Éireannach taidhleoireachta nó consalachta, is féidir cúnamh éigeandála a fháil ó ambasáidí nó consalachtaí thíortha eile an Aontais Eorpaigh.

Má tá tubaiste nádúrtha nó ionsaí sceimhlitheora sa tír a bhfuil cuairt á tabhairt agat uirthi , déan teagmháil le do theaghlach sa bhaile le hinsint dóibh go bhfuil tú slán. Fiú amháin más eol dóibh go bhfuil tú fada ó láthair na heachtra, beidh imní orthu faoi do shábháilteacht agus beidh siad buíoch dearbhú a fháil nach bhfuil tú i mbaol. Comhairle ghinearálta eile:

  • Eagraigh cóiríocht don chéad cúpla oíche.
  • Géill do dhlíthe agus nósanna áitiúla. Cuimhnigh go mb’fhéidir go bhfuil rud atá dlíthiúil in Éirinn nach bhfuil ceadaithe sa tír a bhfuil cuairt á thabhairt agat uirthi.
  • Bí tuisceanach maidir le cultúr agus nósanna áitiúla. D’fhéadfaidís a bheith an-difriúil ó chultúr na hÉireann agus moltar duit gan iompar ar bealach a bheadh maslach do dhaoine áitiúla.
  • Bíodh meas agat ar chóid éide áitiúil, go háirithe i dtíortha Ioslamacha.
  • Coinnigh súil ar do mhalaí i gcónaí agus ná hiompar málaí ná pacáistí riamh do dhuine eile.
  • Faigh amach faoin gceantar ina bhfuil tú ag fanacht. Seachain cuairt a thabhairt ar cheantair dorcha agus iargúlta (go háirithe leat féin).
  • Má tharlaíonn gadaíocht, déan teagmháil leis na póilíní áitiúla láithreach. Faigh ráiteas caillteanais ó phóilíní nuair a dhéanann tú an gadaíocht a thuairisciú. (Beidh sé seo ag teastáil chun éileamh árachais a dhéanamh nó chun pas nua a fháil).

Nuair atá tú ag taisteal lasmuigh d’Éirinn, bíonn sé inmholta i gcónaí plean taistil a dhéanamh roimh ré. Déanfaidh sé mórán ama a shábháil ort agus cabhróidh sé do chuid ama thar lear a dhéanamh níos taitneamhaí. Cuimhnigh an clann agus do chairde in Éirinn a chur ar an eolas faoin áit a bhfuil tú agus cén uair a chloisfidh siad uait. Ciallóidh sé seo gur féidir leo teagmháil a dhéanamh leat freisin i gcás éigeandála.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 July 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.