Mínítear san fhaisnéis seo a leanas conas iarratas a dhéanamh ar Chárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS) má tá tú i do chónaí in Éirinn nó i do chónaí i Stát AE/LEE eile atá nasctha le Córas Slándála Sóisialaí na hÉireann. Má tá tú i do chónaí in Éirinn agus nasctha le Córas Slándála Sóisialaí de chuid Stát AE/LEE eile, déan teagmháil le húdaráis sláinte na tíre sin le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Má tá tú i do náisiúnach AE/LEE agus tú ag taisteal nó ag fanacht ar bhonn sealadach i stát eile de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) nó na hEilvéise, beidh tú i dteideal cúram míochaine a fháil má éiríonn tú tinn nó má bhíonn timpiste agat.
Más mac léinn nó oibrí ar iasacht tú, nó má tá tú i dteideal pinsean slándála sóisialaí sa stát sin, beidh tú i dteideal cúram sláinte a fháil sa bhreis ar an gcóireáil láithreach.
Tháinig an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS) i gcomharba ar an bhfoirm E111 agus ar roinnt foirmeacha ‘E’ eile lena n-áirítear an E128, agus dá réir sin is furasta duit cúram míochaine a fháil go tapa agus go réidh. Is fianaise é go bhfuil tú mar chuid de scéim árachais sláinte arna riar ag stát eile san LEE/san Eilvéis. D’fhonn cúram sláinte a fháil leis an gCárta, is féidir leat dul chuig an dochtúir is gaire de chuid an chórais phoiblí, chuig an ospidéal poiblí, nó chuig ionad cóireála poiblí eile agus do Chárta a thaispeáint.
Bíonn difríochtaí idir na córais cúraim sláinte phoiblí ó thír go tír, agus is beag é líon na dtíortha a íocann as costas iomlán an chúraim sláinte le haghaidh sealbhóirí an Chárta, dá réir sin d’fhéadfadh gné chomhíocaíochta a bheith i gceist le haghaidh na seirbhísí a fhaigheann tú.
Faoi láthair, cuimsítear sa LEE 27 tír an Aontais Eorpaigh (AE) mar aon leis an Íoslainn, an Iorua, agus Lichtinstéin. Tá do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte bailí lena úsáid ar fud aon cheann de na tíortha seo agus san Eilvéis.
In aon tír AE/LEE agus san Eilvéis. Lean an nasc seo chun faisnéis a fháil maidir le cá háit ar féidir leat do Chárta a úsáid agus conas is féidir leat rochtain a fháil ar chúram agus tú thar lear.
Mura bhfuil an tír ar a bhfuil tú ar chuairt san áireamh sna cinn atá liostaithe, ní féidir leat an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a úsáid ann agus ba cheart duit árachas sláinte príobháideach a fháil ina ionad.
Níl Andóra ná Monacó mar chuid den AE (tá siad ina bprionsachtaí ar leith). Ós rud é nach bhfuil siad mar chuid den AE, níl siad faoi réir ag rialacháin an AE agus ní ghlactar le do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte iontu. Moltar duit árachas sláinte príobháideach a fháil ina ionad.
Ar an 1 Meitheamh 2003 tháinig Rialachán 859/2003 i bhfeidhm ar fud an AE. Ciallaíonn sé seo gur féidir le náisiúnach nach ón AE é/í, a m(h)uintir ná a m(h)arthanóirí, ach atá ina c(h)ónaí i gcríoch bhallstát an AE iarratas a chur isteach ar Chárta Eorpach um Árachas Sláinte nó ar Theastas Ionadach Sealadach agus leas a bhaint astu nuair a bhíonn siad ar chuairteanna sealadacha idir bhallstáit.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chárta Eorpach um Árachas Sláinte ó húdaráis sláinte na hÉireann má bhaineann an méid seo a leanas leat:
Dála an sean-E111, ní thugann an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte teidlíocht duit ach amháin i leith na scéime cúraim sláinte stát-mhaoinithe sa tír ina bhfuil tú ag fanacht. Ní chlúdóidh sé aon cheann de na costais a ghabhann le d’iompar ar ais go hÉirinn.
Beidh a c(h)árta féin ag teastáil ó gach ball aonair de theaghlach nó de ghrúpa.
Beidh gach Cárta Eorpach um Árachas Sláinte bailí ar fud an LEE agus na hEilvéise ar feadh tréimhse nach mó ná 2 bhliain.
Is féidir leat Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a fháil in Éirinn má tá tú i do chónaí anseo de ghnáth.
Ní thabharfaidh an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte clúdach duit maidir le cúram sláinte i dtír ar bith lasmuigh den LEE, ach amháin i gcás na hEilvéise agus Oileáin Chairibeacha Ghuadalúip, a ghlacfaidh leis an gcárta fosta, ós spleáchríoch na Fraince iad.
Ní gá duit Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a bheith agat d’fhonn cúram sláinte riachtanach a fháil fad is atá tú ar chuairt shealadach sa RA más cónaitheoir Éireannach tú. Is leor é cruthúnas a thabhairt go mbíonn tú i do chónaí in Éirinn de ghnáth. (Is éard atá i gcruthúnas go mbíonn tú i do chónaí in Éirinn de ghnáth ná ceadúnas tiomána, pas Éireannach nó doiciméad comhchosúil.)
Sainmhíníodh an téarma ‘cúram riachtanach’ faoi chinneadh 194 na bliana 2003 ón gCoimisiún Riaracháin maidir le Slándáil Shóisialach d’Oibrithe Imirceacha (pdf). Rinneadh sainmhíniú leis an gcinneadh sin ar chúram riachtanach mar tairbhí a thugtar ionas nach mbeadh ar dhuine a bhfuil árachas aige/aici dul abhaile chuig an mballstát as a dtáinig sé/sí agus cuireann sé ar a c(h)umas leanúint ar aghaidh lena f(h)anacht sealadach i mballstát eile faoi dhálaí míochaine sábháilte. Sonraíonn an cinneadh nach gclúdaíonn sé daoine a dhéanann taisteal san Eoraip d’fhonn cóir leighis a fháil i dtír seachas sin ina bhfuil siad faoi árachas.
Ní dhéanfar do Chárta a athnuachan go huathoibríoch - beidh ort iarratas a dhéanamh chun do Chárta a athnuachan. Féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos le haghaidh treoracha.
Cuimhnigh, más rud é go bhfuil athrú tagtha ar aon cheann de do chuid sonraí (m.sh. seoladh, srl) ón am a eisíodh do chárta deireanach tá ort teagmháil a dhéanamh le d’Oifig Sláinte Áitiúil d’fhonn an fhaisnéis sin a nuashonrú roimh an athnuachan.
Mura bhfuil do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte faighte agat, is cuma an chúis, is féidir leat Teastas Ionadach Sealadach a fháil. Tá an teidlíocht chéanna agat leis an Teastas is atá leis an gCárta, ach ar feadh tréimhse níos giorra. Is féidir leat iarratas a chur isteach ar an Teastas ar líne, tríd an bpost nó go pearsanta ag an Oifig Sláinte Áitiúil. (Féach ‘'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos). Eisítear aon Teastas Ionadach Sealadach amháin in aghaidh an duine.
Tá breis is 2,000 dochtúirí teaghlaigh (DG) in Éirinn a bhfuil conradh acu le haghaidh scéim an Chárta Eorpaigh um Árachas Sláinte. Más náisiúnach AE/LEE tú a bhfuil Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (nó a chomhionann) agat agus tú ar chuairt in Éirinn is féidir leat leas a bhaint as seirbhísí riachtanacha dochtúirí teaghlaigh agus as cóireáil fiaclóireachta éigeandála chun faoiseamh a fháil ó phian (agus cíor fiacla a dheisiú) faoi rialacháin AE. Is féidir teagmháil a dhéanamh le seirbhísí in Éirinn trí ghlao a chur ar 999 nó ar 112, saor in aisce. Tá tuilleadh faisnéise maidir le conas cóireáil ó dhochtúir teaghlaigh nó ó fhiaclóir, leigheasanna oidis agus cóireáil ó ospidéil a fháil agus tú ar cuairt in Éirinn ar fáil anseo.
Ní ghearrtar aon táille maidir leis an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte nó maidir le Teastas Ionadach Sealadach. Tá sé saor in aisce Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a athnuachan fosta.
Má tá tú ag taisteal chuig tír AE/LEE nó chuig an Eilvéis ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Chárta Eorpach um Árachas Sláinte (nó ar Theastas Ionadach Sealadach) roimh duit taisteal a dhéanamh.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ar do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte má tá tú i do chónaí faoi láthair in Éirinn agus má tá ceachtar de chárta leighis nó cárta Scéim Íoctha Drugaí (DPS) agat cheana féin. Déanfar d’iarratas ar líne a chur ar aghaidh chuig Seirbhís Aisíocaíochta Cúraim Phríomhúil FSS lena phróiseáil. Cuirfear do Chárta nó do Theastas chugat sa phost ansin.
Nó féadfaidh tú foirm iarratais ar Chárta Eorpach um Árachas Áitiúil a íoslódáil anseo (pdf). Má tá tú ag déanamh iarratais ar Theastas Ionadach Sealadach, scríobh 'Teastas Ionadach Sealadach' ar an bhfoirm.
Déan an fhoirm a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chuig an Oifig Sláinte Áitiúil 1 mhí ar a laghad sula n-imíonn tú ó Éirinn.
Tá cóipeanna den fhoirm iarratais ar Chárta Eorpach um Árachas Sláinte ar fáil fosta ó ‘Rannóg Thar Lear’ na hOifige Sláinte Áitiúla.
Má tá tú i do chónaí i mballstát AE/LEE eile, úsáidtear foirm iarratais éagsúil. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne nó an fhoirm a íoslódáil agus í a chur i ríomhphost nó sa phost.
Ní eisítear Cártaí Eorpacha um Árachas Sláinte go huathoibríoch nuair a théann siad as feidhm. Ina ionad sin, bíonn ort iarratas a dhéanamh chun do Chárta a athnuachan. Sula ndéanfaidh tú iarratas chun do Chárta atá as feidhm a athnuachan ar líne, cuimhnigh do shean-Chárta a bheith ar láimh agat. Má athraigh tú do sheoladh nó d’ainm ón am a eisíodh do Chárta deireanach beidh ort dul i dteagmháil leis an Oifig Sláinte Áitiúil. Moltar duit iarratas a dhéanamh i bhfad roimh an dáta ar a ndéanfaidh tú taisteal.
Déan do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte a athnuachan ar líne anseo. Roghnaigh an rogha Déan an Cárta Reatha a Athnuachan ar barr an scáileáin. Iarrfar ort an uimhir aitheantais 10 ndigit atá liostaithe ar do Chárta éagtha a chur isteach. Tá an uimhir seo lonnaithe ar aghaidh do Chárta, sa chuid ar bun thaobh na láimhe clé. Iarrtar ort an seoladh ar cheart an Cárta a chur chuige a dhearbhú ansin. Ina dhiaidh sin, feicfidh tú scáileán dearbhúcháin, ag dearbhú gur éirigh le d’iarratas ar athnuachan agus go cuirfear do Chárta chugat.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.