Is íocaíocht thástáil acmhainne é an Deontas Mótariompair atá an Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte (FSS) do dhaoine faoi mhíchumas in Éirinn atá orthu carr a cheannach chun obair a choinneáil. Tá an íocaíocht seo do dhaoine faoi mhíchumas a theastaíonn carr nó feithicil eile curtha in oiriúint dóibh uathu d’fhonn é a chur ar a gcumas acu tiomáint, agus de thoradh air sin, maireachtáil.
Chun a bheith i dteideal an deontais seo, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a shásamh:
Ní mór go dteastaíonn carr nó feithicil eile uait chun fostaíocht a choinneáil. D’fhéadfadh sé go bhféachfaí ar an deontas i gcúinsí eisceachtúla do dhaoine faoi mhíchumas dona nach bhfuil níos sine ná 17 bliain, ach atá ina gcónaí in áiteanna an-iargúlta agus nach bhfuil in ann iompar poiblí a úsáid.
D’fhéadfadh sé go bhfuil an fhéidearthacht ann deontas a fháil má tá tú dífhostaithe agus dá bhféadfá glacadh le hobair, atá ar fáil duit, dá mbeadh carr agat. D’fhéadfadh daoine féinfhostaithe deontas a fháil.
De ghnáth, tá an deontas iníoctha nuair a thiomáineann tú tú féin. D’fhéadfadh sé go mbeidh an fhéidearthacht ann cead a fháil deontas a bheith íoctha nuair atá do charr féin agat agus go n-eagraíonn tú a oiriúnú agus go dtiomáineann duine ainmnithe eile é ar an ábhar nach bhfuil tú in ann tiomáin go fisiciúil nó go liachta.
Tógtar d’acmhainní agus acmhainní do chéile/pháirtí, más ann dóibh, san áireamh sa thástáil acmhainne don deontas. Tá acmhainní déanta amach ar aon dul le glanioncam (ollioncam lúide PAYE, PRSI agus asbhaintí aoisliúntais) agus cuimsíonn sé ioncam ó rudaí cosúil le hinfheistiú agus le ligean. Déadúchtaítear íocaíochtaí do chíos nó do mhorgáiste ó ioncam.
Ní thógtar na híocaíochtaí seo a leanas san áireamh agus d’acmhainní á mheas:
Íocaíochtaí cúramóirí
Má tá do chéile/pháirtí ag fáil Liúntas/Sochar Cúramóra, déantar neamhaird air. Ina ionad sin, déantar d’ioncam a mheas mar do phríomhíocaíocht móide aon mhéadú do leanaí cáilithe, móide an méadú Liúntas Leasa Bhreise do dhuine fásta cáilithe.
Sa chás ina n-íoctar Liúntas/Sochar Cúramóra do dhuine eile ar do shon nach do chéile/pháirtí iad déantar neamhaird air agus déantar d’ioncam a mheas mar do phríomhíocaíocht móide aon mhéadú do leanaí cáilithe.
Caipitil
Tá an fhoirmle a úsáidtear agus measúnú á dhéanamh ar ioncam ó chaipitil mar a chéile leis an gceann a úsáideann an DSP sa thástáil acmhainne do Liúntas Míchumais.
Nuair a íocadh deontas cheana chun feithicil a cheannach, ní íoctar deontas chun an carr a athchur de ghnáth, ach amháin má tá cúinsí maolaitheacha ann, go dtí 3 bliana ó dháta íoctha an deontais cheana.
Má fhaigheann tú Deontas Mótariompair, agus tú ag fáil Liúntas Gluaisteachta, ní bheidh tú i dteideal an Liúntas Gluaisteachta a fháil ar feadh 3 bliana. Tá íocaíocht an Deontais Mótariompair curtha ar an gcoinníoll nach n-iarrfar ar Fheidhmeannach na Seirbhíse Sláinte airgead a thabhairt chun an fheithicil a rith ag aon phointe ar leith sa todhchaí. Beidh tú i dteideal an Liúntais Gluaisteachta arís 3 bliana tar éis dáta íocaíochta an Deontais Mótariompair.
Tá daoine atá faoi dhrochmhíchumas nó faoi mhíchumas buan agus a úsáideann feithiclí atá curtha in oiriúint dóibh mar thiománaithe agus mar phaisinéirí i dteideal réimse díolúinte cánach agus aisíocaíochtaí. Tá na scéimeanna seo rite ag na Coimisinéirí Ioncaim agus tá na rialacha leagtha síos sa reachtaíocht. Má chailleann tú do Dheontais Mótariompair FSS, ní chiallaíonn sé go mbeidh tú i dteideal na ndíolúintí cánacha, ach níl a mhalairt de chiall lena mhalairt.
Tá Cartaí Páirceála Eorpacha ar fáil do dhaoine áirithe atá faoi mhíchumas áirithe agus daoine atá cláraithe mar dhall, más tiománaithe nó paisinéirí iad. Is féidir le duine faoi mhíchumas an cárta páirceála a úsáid in aon fheithicil ina bhfuil sé/sí ag taisteal. Baineann an scéim um chárta páirceála do thiománaithe agus do phaisinéirí faoi mhíchumas le ceantair pháirceála cairr poiblí amháin.
Is é an t-uasmhéid gur féidir leat a fháil mar dheontas mótariompair ná €5,020.50.
D’fhéadfadh deontas de 75% de chostas an mhótariompair a bheith íoctha, ag brath ar an deontas uasta. Is é costas an mhótariompair an praghas ceannaigh:
Má tá d’acmhainní measta don bhliain níos mó ná an mheáníocaíocht thionsclaíoch náisiúnta (€33,165 d’iarratais sa bhliain 2010), déadúchtaítear an bharraíocht ón deontas is mó iníoctha do do chás féin.
Mar shampla, sa chás ina bhfuil acmhainní bliantúla measta de €35,000 ag duine atá ag iarraidh carr a chosnaíonn a cheannach (tar éis na ndéaduchtuithe luaite thuas) déantar an deontas a ríomh mar seo a leanas:
Déanann tú iarratas ar an deontas ar an bhFoirm Éilimh Dheontas Mótariompair (PDF) chuig d’Oifig Sláinte Áitiúil.
Is féidir leat cúnamh agus comhairle a fháil maidir le hoiriúnaithe cairr ó:
Cumann Chathaoir Rothaí na hÉireann
Claonadh
Clane
Cill Dara
Éire
Teil:+353 (0)45 893094/5
Facs:+353 (0)45 861144
Láithreán Gréasáin: http://www.iwa.ie
R-phost: maats@iwa.ie
Baile an Daighin
Clár Chlainne Mhuiris
Maigh Eo
Éire
Teil:+353 (0)94 936 4054 or +353 (0)94 936 4266
Facs:+353 (0)94 936 4336
Láithreán Gréasáin: http://www.ddai.ie
R-phost: kenneth.fox@ddai.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.