Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Iompar agus Míchumas > Liúntas Soghluaiseachta

Print Page Send to a Friend

Liúntas Soghluaiseachta

Eolas

Íocaíocht mhíosúil lena mbaineann scrúdú maoine é an Liúntas Soghluaiseachta a íocann an Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Tá sé a íoctar le daoine atá 16 bliana d'aois agus os a chionn agus faoi bhun 66 bliain d'aois, agus a bhfuil míchumas orthu agus nach bhfuil in ann siúl ach go mbeadh sé de thairbhe dóibh a bheith in ann athrú ó áit amháin go háit eile, mar shampla, airgead a chur ar fáil do thuras tacsaí anois agus arís. Má bhronntar liúntas íocfar é tar éis don duine 66 bliain a bhaint amach, ach ní féidir le duine cur isteach ar an liúntas don chéad uair má tá sé/sí 66 nó ós a chionn.

Níl aon reachtaíocht faoi leith ann in Éirinn maidir le Liúntas So-Aistritheachta. Ba í an Roinn Sláinte a chuir tús leis i 1979 agus íoctar é faoi Alt 61 den Acht Sláinte 1970

Rialacha

Ní mór na coinníollacha seo a shásamh le bheith i dteideal na híocaíochta seo:

  • Gan a bheith in ann siúl, fiú má bhíonn géaga bréaga nó cúnamh cuí eile agat, nó de bharr drochshláinte go mbeadh sé dainséarach do do shláinte brú a chur ort féin agus dul amach ag siúl
  • Ní mór go mbeadh gach cosúlacht ann nach mbeidh sé ar do chumas siúl go ceann bliana ar a laghad
  • Ní mór go mbeadh cead dochtúra agat bogadh thart
  • Ní mór go mbeadh sé tairbheach duit bogadh ón áit ina bhfuil tú
  • Ní mór gur i do chónaí sa bhaile nó in institiúid fhad-théarmacha atá tú
  • Ní mór duit scrúdú maoine a shásamh

Is é/í PríomhOifigeach Leighis an Cheantair sa bhord sláinte a dhéanann an cinneadh an sásaíonn tú na coinníollacha leighis. Tá an scrúdú maoine cosúil leis an scrúdú maoine don Liúntas Míchumais.

Ón 1 Iúil 2002, má tá tú ag fáil Deontas Iompair Mhótair agus má bhíodh Liúntas Soghluaiseachta dhá fháil agat ní bheidh an Liúntas Soghluaiseachta ar fáil níos mó duit. Tarlaíonn seo mar gheall go bhfuil an coinníoll ag baint leis an Deontas Iompair Mhótair nach n-iarrfar ar an mBord Sláinte ag am ar bith sa todhchaí íocaíocht a chur ar fáil i dtreo na gcostas reatha a bhaineann leis an bhfeithicil. Ní bheidh tú i dteideal Líúntas Soghluaiseachta arís go ceann trí bliana ón dáta gur íocadh an Deontas Iompair Mhótair leat.

Achomharc a dhéanamh má dhiúltaítear iarratas ar Liúntas So-Aistritheachta

Níl aon chóras reachtúil ann maidir le hachomharc a dhéanamh ar Liúntas So-Aistritheachta. Is é sin le rá, níl do chead achomhairc leagtha síos sa dlí má dhiúltaíonn do Limistéar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Liúntas So-Aistritheachta a thabhairt duit. Má dhéantar tú a dhiúltú, áfach, inseoidh an Limistéar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go foirmiúil duit i scríbhinn faoin gcinneadh a rinne sé agus tabharfaidh sé sonraí duit maidir le hachomharc a dhéanamh ina aghaidh.

D’fhéadfadh difríochtaí a bheith ann i gcás an phróisis sin ó Limistéar amháin go Limistéar eile d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Bíonn ‘Éisteacht Athbhreithnithe’ ag cuid de na Limistéir nuair a bhuaileann Oifigigh Shinsearacha neamhspleácha Míocháine leis an iarratasóir chun athbhreithniú a dhéanamh ar an iarratas agus ar an bhfianaise míochaine. Cuireann Limistéir eile d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an t-iarratas ar aghaidh go dtí a nOifig Athbhreithnithe chun go ndéanfar é a iniúchadh. Téigh i dteagmháil le Limistéar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i do cheantar féin chun eolas a fháil faoin gcóras achomhairc atá acu.

Rataí

Íoctar an liúntas go míosúil. Tá ráta níos ísle iníoctha le daoine a ghlacann páirt sa Scéim do Thiománaithe le Míchumas agus Paisinéirí le Míchumas.

Is iad na huasrátaí 2010:

Ráta ard Ráta íseal
€208.50 sa mhí €104.25 sa mhí

Conas iarratas a dhéanamh

Cuir iarratas chuig an Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 January 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Deontas Iompair Mótair
    Sa doiciméad seo déantar cur síos ar dheontas atá ar fáil do dhaoine le míchumais atá ag iarraidh carr a cheannacht nó carr atá acu a chur in óiriúint dóibh féin.
  • Breoiteacht agus tú imithe ar scor
    Tá raon d’íocaíochtaí agus sheirbhísí ar fáil in Éirinn chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine aosta a éiríonn tinn nó a thiteann faoi mhíchumas. Eolas maidir le tacaíochtaí ioncaim, cúram sláinte, tithíocht, cánachas agus cúram a thabhairt do dhuine eile.
  • Conas Forlíonadh Ús Morgáiste a ríomh
    Léirítear na céimeanna a bhaineann leis an bhForlíonadh ús morgáiste atá agat a ríomh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.