Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Trácht agus Páirceáil > Maoir Thráchta in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Maoir Thráchta in Éirinn

Eolas

Luíonn an fhreagracht in Éirinn as forfheidhmiú an dlí mar a bhaineann sé le páirceáil mhídhleathach agus le stopadh mótarfheithiclí le Maoir Thráchta agus leis an nGarda Síochána. Meastar an pháirceáil mhídhleathach agus stopadh feithiclí ar bhóithre poiblí in Éirinn a bheith ina gcionta tráchta. Bíonn an chumhacht ag maoir thráchta i dteannta leis an nGarda Síochána le socraithe-mhuirear fíneáil a ghearradh ar na cionta sin.

Fostaíonn údaráis áitiúila maoir thráchta chun monatóireacht a dhéanamh ar chásanna de na cionta sin ina gceantar. Clúdaíonn na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961-2011 mótarfheithiclí agus is í an phríomhreachtaíocht a rialaíonn an réimse seo ná an tAcht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta) 1975 mar atá leasaithe. Ar na feithiclí a mbíonn díolúine acu ó na srianta ar stopadh agus páircéail, tá otharcairr, feithiclí póilíní agus feithiclí leis an mbriogáid dóiteáin.

Dualgais mhaoir thráchta

Má bhíonn cúis réasúnach ag maor tráchta le creidiúint go bhfuil duine éigin i mbun ciona, nó tar éis ciona a dhéanamh, is féidir leis nó léi socraithe-mhuirear fógra a sheachadadh ar fhoirm fhorordaithe. Tugtar "ticéad páirceála" ar an bhfoirm sin sa ghnáthchaint. Déarfaidh an fhoirm seo go bhfuil cion déanta agat agus beidh dáta, am, agus áit an chiona chomh maith le sonraí do clárú feithicle. Bronntar na cumhachtaí seo ar mhaoir thráchta faoi réir na nAchtanna um Thrácht ar Bhóithre.

Baineann an chuid is mó de na maoir thráchta úsáid as gaireas láimhe ríomhaireachta chun ticéid a eisiúint agus coinníonn an t-údarás áitiúil taifead de na ticéid ar fad a eisítear ar bhunachar sonraí lárnach. Is féidir leis an údarás áitiúil úsáid a bhaint as an mbunachar sonraí sin chun líon na bhfineálacha páirceála atá carntha ag duine ar leith a aimsiú.

Tá cosc ar pháirceáil in áiteanna áirithe in Éirinn. Mar shampla, bíonn an cumhacht ag údaráis áitiúla i mbailte agus i gcathracha áirithe cosc a chur ar pháirceáil ag amanna ar leith agus in áiteanna ar leith. Bíonn na srianta páirceála seo taispeánta go soiléir ar fhógraí ag colbha an bhóthair. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi fíneálacha agus srianta páirceála anseo.

Rialacha

Tá córas socraithe-mhuirear fíneáil i bhfeidhm ar fud na hÉireann don pháirceáil mhídhleathach agus do neamh-íoc na dtáillí páirceála. Eisíonn maoir thráchta agus baill den Gharda Síochána araon fíneálacha.

Beidh na sonraí seo a leanas ar an ticéad páirceála: uimhir thagartha, áit an chiona, uimhir chláraithe an chairr, méid na fíneála agus an dáta agus an t-am ar ar eisíodh an ticéad.

Má thug maor tráchta ticéad páirceála nó fógra faoi chion duit, bíonn 28 lá agat a thosaíonn ag tús dháta an fhógra chun an fhíneáil a íoc. Mura n-íoctar é laistigh de 28 lá, méadaítear an fineáil faoi 50% agus mura n-íoctar ina dhiaidh sin é tar éis 28 lá sa bhreis air sin, cuirtear tús le himeachtaí cúirte.

Is cion é a chur isteach ar thicéad páirceála a cuireadh ar fheithicil duine eile nó é a bhaint de. Má dhéanann tú amhlaidh, d’fhéadfá a bheith faoi dhliteanas um fhíneáil.

Má chuireann éinne bac ar mhaor tráchta agus é nó í i mbun a gcuid oibre bíonn an té sin ciontach i gcoir agus faoi dhliteanas d’fhíneáil ar chiontú go hachomhair iad.

Féadann maoir thráchta d’ainm agus do sheoladh a iarraidh nó a éileamh. Caithfidh siad aitheantas a thabhairt leo agus iad féin a chur in aithne mar mhaoir thráchta. Is cion é má mhainnítear chun ainm agus seoladh a thabhairt nuair a éilítear iad agus d’fhéadfá a bheith faoi dhliteanas fíneáil ar chiontú go hachomhair iad.

Rataí

Gearrtar fíneálacha socraithe-mhuirear idir €40 agus €80, ag brath ar an gcion féin.

Conas iarratas a dhéanamh

Is fostaithe de chuid an údarás áitiúil iad na maoir thráchta. Fograítear poist go rialta i do nuachtán áitiúil nó náisiúnta. Bíonn tuilleadh eolais faoi fholúntais atá le teacht nó na riachtanais a bhaineann le fostaíocht mar mhaor tráchta ar fáil ó Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha/na nAcmhainní Daonna i d’údarás áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 March 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.