Tá réimse leathan áiseanna páirceála ar fáil do dhaoine le míchumas i mbailte agus cathracha ar fud na hÉireann. Tá spásanna páirceála do dhaoine le míchumas níos leithne ná na gnáth spásanna páirceála sa chaoi agus go mbeidh siad níos insroichte. Tá siad i gcónaí le fáil in áiteanna príomhiúla in aice an tslí isteach chuig foirgnimh i gcathracha agus bailte srl. Tá na spásanna páirceála le haghaidh daoine le míchumas máirceáilte go soiléir le comharthaí agus marcanna bóithre. (Go hiondúil is í an tsiombal "insroichteacht" a bhíonn ann mar mharcanna bóithre).
Cé nach bhfuil aon dualgas dlíthiúil ar na húdaráis áitiúla spásanna páirceála do dhaoine le míchumas a sholáthar, cuirtear ar fáil méid áirithe spásanna le páirceáil ar an tsráid agus i gcarrclóis de chuid an údaráis áitiúil agus i gcarrclóis na bhfoirgneamh poiblí. Beidh na háiteanna ina bhfuil na spásanna seo leagtha síos i bhfó-dlíthe an údaráis áitiúil. Mura féidir eolas a fháil ar an idirlíon cá bhfuil spásanna do dhaoine le míchumas, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil.
Níl aon dualgas dlíthiúil ar ionaid tráchtála mar shampla ollmhargaí agus ionaid siopadóireachta áiseanna páirceála do dhaoine le míchumas a sholáthar dona gcuid custaiméirí. Tá riachtanais áirithe leagtha amach i rialacháin fhoirgnimh maidir le háiseanna taobh istigh agus maidir leis an slí isteach chuig foirgneamh (mar shampla, ardán sa chaoi is go mbeidh sé insroichte ag cathaoir rothaí) ach níl an timpeallacht taobh amuigh de fhoirgneamh clúdaithe ag aon reachtaíocht (mar shampla, áiseanna páirceála ). Ní dhiúltófar cead pleanála, muna mbeidh áiseanna páirceála do dhaoine le míchumas san áireamh san iarratas pleanála. Ach mar sin féin seans go ndéanfaidh lucht pleanála an údaráis áitiúil moladh gur cheart spásanna páirceála do dhaoine le míchumas a sholáthar agus is féidir coinníoll a chur leis an gcead a chuireann iachall ar an tógálaí agus ar an ailtire na háiseanna seo a chur san áireamh.
Tá polasaí láidir i bhfeidhm ag na hÚdaráis Áitiúla ar fud na tíre maidir le spásanna atá in áirithe do dhaoine le míchumas. Gearrfar fíneáil 19 euro "ar an spota" ar thiománaithe a fhágann a gcuid carrana i spásanna atá coinnithe do dhaoine le míchumas agus nach bhfuil an Cárta Eorpach Páirceála bailí acu. Sna ceantair ina bhfuil clampáil i bhfeidhm (Baile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh) déanfar clampáil ar charranna atá páirceáilte go mí-dhleathúil sna spásanna seo agus beidh táille 80 euro le n-íoc leis an gcarr a shaorú.
Tá an dualgas ar oibritheoirí na gcarrchlós príobháideach, monatóireacht a dhéanamh sna carrclóis ar úsáid spásanna páirceála do dhaoine le míchumas agus is féidir clampáil a dhéanamh ar charranna atá páirceáilte go mí-dhleathúil i gcarrclóis phríobháideacha. Braitheann an táille a bheidh le n-íoc leis an gcarr a shaorú ar an oibritheoir. Ní éiseoidh Gardaí ná Maoir Tráchta ticéid do dhaoine atá páirceáilte go mí-dhleathúil i spásanna do dhaoine le míchumas i gcarrclós príobháideach.
Cuirtear in iúl go bhfuil an spás páirceála in áirithe le comhartha ina cholgsheasamh nó crochta ar a bhfuil an tsiombal "Insroichteachta".
Forálann an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2002 do chóras táillí seasta nua a chur in áit na bhfíneálacha ‘ar an spota’. Tá uasleibhéil na bhfíneálacha seasta sin fíor-ard i gcomórtas leis an bhfíneáil reatha de 19 euro ‘ar an spota’. Níl fíneálacha seasta le haghaidh mí-úsáid spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas i bhfeidhm i láthair na huaire agus tá gá le riachtanais dlíthiúla faoi leith chun na fíneálacha nua a chur i bhfeidhm. Tá súil ag An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt go dtabharfar isteach na rialacháin seo níos déanaí sa bhliain 2005. Go n-uige sin, fanann an fhíneáil má pháirceálann tú i spás do dhuine faoi mhíchumas ná 19 euro, sin mura bhfuil Cárta Páirceála Eorpach bailí agat.
Caithfidh tú Cárta Eorpach Páirceála bailí a bheith agat agus é le feiceáil go soiléir ar an bhfuinneog le úsáid a bhaint as spás páirceála do dhaoine le míchumas. Beidh síniú agus grianghraf an úinéara le feiceáil air agus tá sé ar fáil ó Chumann Chathaoir Rothaí na hÉireann nó Cumann Tiománaithe le Míchumas. Is féidir úsáid a bhaint as spásanna do dhaoine le míchumas a fhad agus go bhfuil úinéir an chárta ag tiomáint nó ag taisteal sa charr. Ní féidir le gaolta nó cairde nach bhfuil míchumas orthu an cárta a úsáid ar mhaithe lena leas féin. Má pháirceálann tú i spás páirceála do dhaoine le míchumas de chuid an údaráis áitiúil, is féidir le maor tráchta nó Garda do chárta Eorpach páirceála a iarraidh ort. Is féidir leo fíneáil de 19 euro a ghearradh ort "ar an spota" muna bhfuil do Chárta Eorpach Páirceála agat nó ag na paisinéirí nó má tá an cárta in ainm duine éigin eile.
Bíonn spásanna páirceála ar fáil do dhaoine le míchumas go hiondúil i gcarrclóis phríobháideacha chomh maith le carrclóis in ionaid siopadóireachta, ollmhargaí, ollscoileanna, óstáin agus ospidéil. Caithfidh tú an Cárta Eorpach Páirceála a bheith agat le úsáid a bhaint as na spásanna seo. Má tá teorainn ama i gceist sna carrclóis seo, seans nach gcuirfear i bhfeidhm iad do dhaoine le míchumas. Ba cheart go mbeadh na coinníollacha páirceála le feiceáil go soiléir ar na comharthaí.
Níl aon gheallúint ann go bhfaighidh tú spás páirceála muna bhfuil sé ar fáil de bharr go bhfuil Cárta Eorpach Páirceála agat.
Má tá Cárta Eorpach Páirceála bailí agat ní ghearrfar aon táille pháirceála ort sna spásanna atá curtha ar fáil ag na húdaráis áitiúla do dhaoine le míchumas, beidh sé saor in aisce agus ní bheidh aon teorainn ama i gceist. Beidh táille i gceist i gcuid de na clóis pháirceála príobháideacha le haghaidh spásanna do dhaoine le míchumas, ag brath ar an oibritheoir.
Tá liostaí ag cuid de na hÚdaráis Áitiúla ar a suímh idirlín de spásanna atá ar fáil do dhaoine le míchumas. Muna bhfuil tú cinnte faoi na háiseanna páirceála atá ar fáil, cuir glaoch ar an áit roimhré. Tabharfaidh an tÚdarás Áitiúil cuí an t-eolas uilig duit ar na cineálacha áiseanna páirceála atá ar fáil ina cheantar.
An Rannóg Chártaí Páirceála
Baile an Daighin
Clár Chlainne Mhuiris
Maigh Eo
Éire
Teil:(094) 936 4054
Facs:(094) 936 4336
Láithreán Gréasáin: http://www.ddai.ie/
R-phost: info@ddai.ie
Cumann Chathaoir Rothaí na hÉireann
Claonadh
Clane
Cill Dara
Éire
Teil:+353 (0)45 893094/5
Facs:+353 (0)45 861144
Láithreán Gréasáin: http://www.iwa.ie
R-phost: maats@iwa.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.