Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Trácht agus Páirceáil > Cárta Páirceála Duine le Míchumas

Print Page Send to a Friend

Cárta Páirceála Duine le Míchumas

Eolas

Tá cártaí páirceála Eorpacha ar fáil do dhaoine le míchumais áirithe agus do dhaoine atá cláraithe dall, is cuma más tiománaithe nó paisinéirí iad. Is féidir le duine le míchumas an cárta a úsáid in aon fheithicil ina bhfuil sé nó sí ag taisteal. Ciallaíonn sé seo gur féidir le duine le míchumas an cárta a thabhairt leis nó léi agus é a thaispeáint san fheithicil atá i gceist cé go bhfuil sé nó sí ina phaisinéir ag amanna difriúla ag daoine difriúla. Tá an cárta páirceála dlisteanach do thréimhse 2 bhliain ón dáta a éisíodh é. Go hiondúil ní éisítear an cárta do dhaoine faoi bhun 5 bliana d'aois.

Tá an scéim Cárta Páirceála do thiománaithe agus paisinéirí le mí chumais i bhfeidhm i gclósanna páirceála poiblí amháin. Ach mar sin féin, tugann an scéim an deis do chlósanna páirceála príobháideacha agus ollmhargaidh, srl, monatóireacht níos éifeachtaí a dhéanamh ar áiteanna atá curtha ar leataobh do dhaoine le míchumais.

Is féidir le daoine le míchumais cártaí páirceála Eorpacha a úsáid lastigh de 5 bhall stáit déag an Aontais Eorpaigh agus tá siad aitheanta i Stáit Aontaithe Meiriceá agus i gCeanada chomh maith. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat do chárta páirceála Eorpach a thabhairt leat agus tú thar lear. Ach mar sin féin, tá sé tábhachtach cur i gcuimhne go gcaithfidh tú breathnú amach do dhlíthe bóthair agus na teorainneacha atá i bhfeidhm maidir le páirceáil i dtíortha eile.

Is iad Cumann na dTiománaithe le Míchumais agus Cumann Cathaoir Rothaí na hÉireann a riarann an scéim cárta páirceála. Déan iarratas i scríbhinn don chárta chuig an dá eagraíocht.

I mí an Mheitheamh, tar éis athbhreithniú ar an Scéim Páirceála do dhaoine faoi Mhíchumas, thug SI 239.2011 Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil) (Leasú) 2011 isteach athruithe ar an Scéim lena n-áirítear:

  • Athruithe chuig na critéir teidlíochta míochaine chun díriú tuilleadh ar leibhéal an mhillte gluaisteachta
  • Miosúir nua chun úsáid chalaoiseach de cheadanna a laghdú
  • Méadú ar chomh mór is atá cineálacha bánna páirceála éagsúla
  • Tabhairt isteach cineálacha bánna páirceála nua do dhaoine faoi mhíchumas
  • Cumhachtaí a thabhairt d'údaráis áitiúla áiteanna páirceála le srian ama orthu a thabhairt isteach
  • Spásanna tuirlingthe den charr agus bailithe do dhaoine faoi mhíchumas amháin

Bhain an Rialachán an díolúine a bhí ann do shealbhóirí Chárta Páirceála ón riail i gcoinne páirceála arís sa áit phoiblí céanna taobh istigh d'aon uair an chloig.

Rialacha

Beidh tú i dteideal chárta páirceála go huathoibríoch má tá Teastas Míochaine Príomhúla agat (ag tabhairt díolúine duit ó VAT, mótarcháin agus Cáin Cláraithe Feithicle a íoc ach ní mór duit cur isteach, go foirmiúil, ar an gcárta páirceála.

Próiseálann Oifigí Sláinte Áitiúla d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) iarratas ar Theastas Míochaine Príomhúla. Má dhiúltaíonn FSS d’iarratas ar Theastas Míochaine Príomhúla, is féidir leat an diúltú a achomharc chuig Board Míochaine Achomhairc de chuid na dTiománaithe faoi Mhíchumas, An tOspidéal Náisiúnta Athshlánaithe, Ascaill Bhaile an Róistigh, Co. Átha Cliath.

Coireanna Páirceála agus spásanna do dhaoine faoi mhíchumas

Is coir é feithicil a pháirceáil in áit páirceála do dhuine faoi mhíchumas ach amháin má tá Cárta Páirceála do dhaoine faoi Mhíchumas reatha agus bailí agat. Má pháirceálann tú go mídhleathach in áit páirceála do dhaoine faoi mhíchumas, gearrfar pionós 80 euro ort, le 28 lá chun é a íoc. Má theipeann ort é a íoc laistigh de 28 lá, méadaíonn an fhíneáil go 120 euro. Tá tuilleadh eolais faoi choireanna páirceála ar fáil anseo.

Tá an chumhacht ag maoir tráchta agus baill den Gharda Síochána iarradh ar agus scrúdú a dhéanamh ar chárta páirceála d’fhonn a chinntiú nach bhfuil mí-úsáid á bhaint as.

Rátaí

D’iarratasóirí nua, cosnaíonn cárta páirceála €35. Chun an costas athnuachana a fháil amach nó chun cárta caillte nó goidte a athchur, déan teagmháil leis an ngníomhaireacht a d’eisigh do chárta chugat.

Gearrfar fíneáil de €80 ar aon duine a pháirceálann go mídhleathach in áit páirceála do dhaoine faoi mhíchumas, ag ardú go €120 mura n-íoctar é taobh istigh de 28 lá.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun foirm iarratais a fháil do chárta páirceála, scríobh chuig Cumann na dTiománaithe faoi Mhíchumas nó chuig Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann le clúdach litreach le do sheoladh féin air. I do litir ba cheart duit sonraí a thabhairt maidir le do mhíchumas agus ar an gcaoi a chuireann sé isteach ar do chuid gluaisteachta. Má tá Teastas Míochaine Príomhúla agat ba cheart duit é a luadh.

Ní mór do do dhochtúir an fhoirm seo a chomhlánú agus a dhearbhú agus ní mór dó a bheith sínithe ag Garda freisin. Cinnfidh cinnteoirí taobh istigh de na húdaráis eisiúna má tá tú i dteideal bunaithe ar an eolas soláthraithe.

Chun Teastas Míochaine Príomhúla a fháil faigh foirm iarratais ó dOifig Sláinte Áitiúla. Ní mór duit an fhoirm iarratais a líonadh isteach agus seol ar ais í chuig an tOifigeach Míochaine Sinsearaí den Oifig Sláinte Áitiúla. Ceapann an tOifigeach Míochaine Sinsearaí dochtúir FSS chun cuairt a thabhairt ar do theach agus measúnú a dhéanamh ar leibhéal do mhíchumais. Má chomhlíonann tú na díotha, bronnann Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte (FSS) Teastas Míochaine Príomhúla ort.

Ba cheart iarratais a dhéanamh ar chártaí caillte/nach bhfuiltear in ann teacht orthu a athchur i scríbhinn díreach chuig Cumann na dTiománaithe faoi Mhíchumas nó Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann (cibé acu a d’eisigh an cárta).

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Cumann Tiománaithe le Míchumas

An Rannóg Chártaí Páirceála
Baile an Daighin
Clár Chlainne Mhuiris
Maigh Eo
Éire

Teil:(094) 936 4054
Facs:(094) 936 4336
Láithreán Gréasáin: http://www.ddai.ie/
R-phost: info@ddai.ie

Ionad Náisiúnta Soghluaisteachta

Cumann Chathaoir Rothaí na hÉireann
Claonadh
Clane
Cill Dara
Éire

Teil:+353 (0)45 893094/5
Facs:+353 (0)45 861144
Láithreán Gréasáin: http://www.iwa.ie
R-phost: maats@iwa.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 September 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Na háiseanna páirceála do dhaoine le míchumas
    Sa doiciméad seo déantar cur síos ar na háiseanna páirceála atá leagtha amach do dhaoine le míchumas, atá ar fáil ar fud na tíre.
  • Fíneálacha páirceála agus clampáil feithiclí
    Tá córas a chuireann srian ar pháirceáil agus a ghearrann fíneálacha i bhfeidhm ar fud bailte agus cathracha in Éirinn. Eolas faoi fhíneálacha, srianta ar pháirceáil agus an chaoi a chuireann d'údarás áitiúil an dlí i bhfeidhm.
  • Deontas Iompair Mótair
    Sa doiciméad seo déantar cur síos ar dheontas atá ar fáil do dhaoine le míchumais atá ag iarraidh carr a cheannacht nó carr atá acu a chur in óiriúint dóibh féin.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.