Maoir Tráchta Scoile

Eolas

Is féidir le gach údarás áitiúil socruithe a dhéanamh le Coimisinéir an Gharda Síochána patról a chuir i bhfeidhm in áiteanna ina dtrasnaíonn páistí scoile bóithre poiblí. Tugtar Maoir Tráchta Scoile ar na daoine a dhéanann patról ar na háiteanna seo. Is é an ról atá acu ná a chinntiú go dtrasnaíonn páistí scoile bóithre poiblí ar a mbealach go dtí an scoil agus ar ais ón scoil go sábháilte. Go hiondúil déanann Maoir Tráchta Scoile patról ar áiteanna ina thrasnaíonn páistí bunscoile amháin (níl an córas i bhfeidhm do pháistí meánscoile). Is iad Maoir Tráchta Scoile agus an Gharda Síochána amháin na hoifigigh a bhfuil údarás acu feithiclí eile ar bhóithre poiblí a stopadh.

Is é an dlí a rialaíonn ceapachán Maor Tráchta Scoile ná (Rannóg 96) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961. De ghnáth, oibríonn Maoir Tráchta Scoile ar maidin, ag am lóin agus um thráthnóna nuair is cosúla go dtrasnóidh páistí an bhóthair ar a mbealach go dtí/ón scoil.

Caitheann Maoir Tráchta Scoile culaith shainiúil (cóta agus hata shofheicthe). Ní mór do Mhaoir comhartha sainiúil a iompar chomh maith (diosca bán le himeall dearg agus an focal "Stop" sa lár).

Tá an chumhacht ag an Maor Tráchta Scoile an comhartha a thaispeáint agus ar an gcaoi sin a éileamh ar an trácht ar fad stopadh agus fanacht stoptha chun go mbeidh páistí scoile in ann an bóthar a thrasnú go sábháilte. Caithfidh an trácht a fhanacht stoptha fad is atá an comhartha á thaispeáint ag an Maor.

Scéim na Maor Tráchta Sóisearach

Feidhmíonn Maoir Tráchta Sóisearacha (go hiondúil dáltaí sinsearacha na mbunscoileanna) i bhfoirne i go leor ceantracha chun an tseirbhís céanna a chur ar fáil agus a dhéanann an Maor Tráchta Scoile. Feidhmíonn Maoir Tráchta Sóisearacha i bhfoirne de sheisear agus tugtar comhartha ag iarraidh ar an trácht stopadh as an dá thaobh den bhóthar. Nuair a stopann an trácht, tógann an seisear Maor Tráchta Sóisearach a n-áiteanna agus treoraíonn siad páistí níos óige trasna an bhóthair phoiblí. Ní mór d’fheithiclí ar fad fanacht stoptha go dtí go bhfilleann na Maoir Tráchta Sóisearacha ar fad ar an gcosán. Tá sé riachtanach go mbíonn radharc soiléir ar an mbóthar ag na Maoir Tráchta Sóisearacha ar fad ionas go mbeidh siad in ann a ndualgais a chomhlíonadh i gceart. Ní cheart go stopfaidh tiománaithe ná go bpáirceálfaidh siad ionas go gcuirfidh siad isteach ar radharc na Maor Tráchta Sóisearach ná na Maor Tráchta Scoile.

Rialacha

Ní féidir le Maor Tráchta Scoile feithiclí a stopadh ar an mbóthar poiblí ach amháin nuair atá siad ag caitheamh na culaithe cuí agus ag taispeáint an chomhartha chuí.

Tá aon duine a theipeann air/uirtha feithicil nó ainmhí a stopadh, nó a choinneáil stoptha de réir Rannóg 96 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, ciontach i gcoir. Tá fíneáil tosaigh €160 agus 2 phointe pionóis ag gabháil leis an gcion seo. Mura n-íocann tú an fhíneáil laistigh de 28 lá, méadaítear an fhíneáil go dtí €240 ar dtús. Mura n-íocann tú an fhíneáil agus má dhéantar é a thoghairm chun na cúirte, d’fhéadfaí fíneáil níos mó fós a ghearradh ort agus 5 phointe pionóis a fháil.

Ní mór do gach Maor clár oilúna cuimsitheach faoi shábháilteacht ar bhóithre agus faoina gcuid dualgas a dhéanamh sula dtosaíonn siad ar a ndualgais mar Mhaor Tráchta Scoile. Reachtáileann an t-údarás áitiúil na cláir.

Rataí

Is fostaithe d'údarás áitiúil iad Maoir Tráchta Scoile. Faigheann na fostaithe pá ar a ndualgais agus go hiondúil bíonn siad fostaithe ar bhonn páirtaimseartha le huasmhéid uaireanta in aghaidh na seachtaine. Tá na rátaí pá ar fáil ó Rannóg na Seirbhísí Corparáideach (Roinn na n-Acmhainní Daonna) i d'údarás áitiúil. Go hiondúil, más féidir le fostaí a c(h)uid dualgas a chomhlíonadh go sásúil, b'fhéidir go mbeifear solúbtha maidir le huasaois na bhfostaithe (is é sin, d'fhéadfaidís a bheith os cionn 65 bliain d’aois).

Conas iarratas a dhéanamh

Fógraíonn údaráis áitiúla postanna ar nós Maor Tráchta Scoile ina gceantracha go rialta. Cuirfear na fógraí seo de ghnáth sna nuachtáin áitiúla nó náisiúnta, nuachtlitir an pharóiste nó an phobail nó ar an raidió áitiúil. Is féidir tuilleadh eolais faoi folúntais le teacht nó faoi na riachtanais a bhaineann le fostaíocht mar Mhaor Tráchta Scoile a fháil ó d’údarás áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Eanáir 2024