Socraíonn An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt teorainneacha luais náisiúnta in Éirinn. Tá cúig chineál éagsúla teorainneacha luais ann san iomlán agus baineann teorainneacha difriúla le bóithre de chineálacha difriúla ar fud na tíre. Má tá tú ag teacht go hÉirinn don chéad uair, nó má tá tú ag foghlaim conas tiomáint, tá sé tábhachtach duit a fhios a bheith agat faoin teorainn luais ar na bóithre. Gearrtar fíneáil muirir sheasta de €80 ar choireanna róluais má thiomáineann tú thar an teorainn luais. Muna n-íocann tú d’fhíneáil muirir sheasta, gearrfar pointí pionóis ort (féach "Rataí" thíos).
Cuirtear teorainneacha luais in iúl trí chomharthaí bóthair sainiúla ar fud na tíre a luann an teorainn i ngach ceantar. Faightear na comharthaí seo ar chuile mhótarbhealach agus ar phríomhbhóithre agus ar fhobhóithre ar fud na hÉireann. Is éard atá iontu ná comhartha ciorclach ar chúlra bán le himeall dearg. Taispeántar an teorainn luais i lár an chomhartha le huimhreacha dubha (is é sin 30, 40, 60 agus araile). Tá sé fíorthábhachtach a mheabhrú go gcuirtear teorainneacha luais in iúl le "mílte san uair" cé go dtomhaistear achair bhóthair ina gciliméadair.
Mar chuid den Stráitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre 2007 - 2012, tá an fheadhnacht GoSafe tar éis a bheith conraithe ceamaraí sábháilteachta nua a oibriú thar ceann na nGardaí Síochána. Ó mhí na Samhna 2010, tá na ceamaraí sábháilteachta, oibrithe ag foireann GoSafe, ar na bóithre ar a tharla imbhuailtí cheana agus luas mar fhachtóir ranníocach iontu. Tá na ceantair ina bhfuil na ceamaraí á bhfeidhmiú ar fáil ar shuíomh gréasáin na nGardaí. Oibríonn na ceamaraí ó veaineanna atá marcáilte le hábhar frithchaiteach ard-infheictheacht agus tá siombail cheamara sábháilteachta taispeánta iontu. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Tá cúig chineál luasteorainn éagsúla ar fud na hÉireann:
Tá luasteorainn de 50 ciliméadar in aghaidh na huaire i bhfeidhm i gceantair chomhthógtha (seachas mótarbhealaigh nó ceantair luasteorainn speisialta).
Tá luasteorainn de 100 ciliméadar in aghaidh na huaire i bhfeidhm ar bhóithre náisiúnta ar fud na hÉireann (débhealaí san áireamh).
Tá luasteorainn de 80 ciliméadar in aghaidh na huair i bhfeidhm ar bhóithre réigiúnacha agus áitiúla na tíre (tugtar bóithre neamh-náisiúnta orthu amantaí).
Tá luasteorainn de 120 ciliméadar in aghaidh na huaire i bhfeidhm ar mhótarbhealaigh. Ba cheart duit tabhairt faoi deara nach bhfuil cead ag tiománaithe foghlaimeora, feithiclí faoi 50 cc, rothair, coisithe, ainmhithe nó carráiste easláin a bheith ar mhótarbhealaigh in Éirinn.
Tá luasteorainn speisialta curtha i bhfeidhm ar bhóithre agus ar cheantair leithdháilte amantaí (go príomha, mar shampla, ar bhóithre ar an taobh amuigh de cheantair chomhthógtha, timpeall scoileanna, srl.). Tá luasteorainn speisialta do 30 km/h nó 60 km/h go ginearálta. Tá an chumhacht ag Údaráis Áitiúla in Éirinn fodhlithe a thabhairt isteach chun luasteorainn ar leith a leagadh amach i gceantair áirithe. Léigh tuilleadh faoi na cumhachtaí atá ag údaráis áitiúla anseo.
Baineann luasteorainn éagsúla le feithiclí áirithe in Éirinn atá éagsúil ó na cinn atá luaite thuas (go háirithe feithiclí atá le bheith úsáidte chun daoine a iompar nó riochtaithe chun a leithéid a dhéanamh, feithiclí atá níos troime ná meáchan áirithe, agus feithiclí le tréiléar).
Ní bhaineann teorainneacha luais in Éirinn le hotharcharranna, feithiclí an Gharda Síochána agus iad in úsáid oifigiúil acu ná feithiclí na briogáide dóiteáin.
Is coir í má úsáidtear brathadóir luasmhéadar i bhfeithicil ar bith in Éirinn de réir na Rialachán um Thrácht ar Bhóithre (Brathadóirí Luasmhéadar), 1991. De réir na reachtaíochta seo, is coir í chomh maith brathadóirí nó bacainní luasmhéadar a iompórtáil, a chur isteach nó a sholáthar.
Tá cead ag na Gardaí, de réir an Achta um Dhaingniú Custaim, 1876, an fearas seo a ghabháil má fhaightear é i d'fheithicil nó i do sheilbh.
Is é an pionós a ghearrtar ar choireanna luais ná fíneáil muirir sheasta de €80, chomh maith le dhá phointe pionóis ar do cheadúnas tiomána. Más amhlaidh gur aimsigh ceamara tráchta de chuid an Gharda Síochána tú ag tiomáint ar róluas, geobhaidh tú fógra tríd an bpost faoin bhfíneáil agus faoi na pointí pionóis taobh istigh de sheachtain ón lá a rinneadh an choir. Beidh 28 lá agat chun an fhíneáil a íoc.
Muna n-íocann tú d'fhíneáil, méadaíonn an fhineáil go €120, a chaithfidh tú a íoc taobh istigh de 28 lá. Ina dhiaidh sin, muna bhfuil an fhineáil íoctha agat, beidh ort dul chuig Cúirt Dúiche. Má chiontaítear sa chúirt tú i leith coireanna luais agus i leith neamhíocaíochta fineálacha, gearrfar ceithre phointe pionóis ort agus fineáil suas go uasmhéid €800.
Tá tuilleadh eolais ar na teorainneacha luais éagsúla atá i bhfeidhm ar fud na hÉireann ar fáil i Rialacha an Bhóthair, atá ar fáil ar chostas 3 euro ó d'oifig phoist áitiúil nó ón Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais, Teach Sun Alliance, Sráid Theach Laighean, Baile Átha Cliath 2.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.