Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Caitheamh Aimsire in Éirinn > Cláir don Óige > Ionaid Eolais don Óige

Print Page Send to a Friend

Ionaid Eolais don Óige

Eolas

Tá Ionaid Eolais don Óige lonnaithe ar fud na hÉireann agus cuireann siad eolas saor in aisce, faoi rún ar fáil do dhaoine óga agus do dhaoine atá ag obair leis an óige. Tá eolas ar fáil uathu ar ábhair a bhaineann le hoideachas, fostaíocht, slíte beatha, cearta agus teidlíochtaí, spórt, taisteal agus deiseanna Eorpacha do dhaoine óga.

I measc na n-acmhainní atá ag Ionaid Eolais don Óige tá nuachtáin, treoirleabhair, bileoga eolais, fístéipeanna, cláracha fógraí agus bancanna sonraí ríomhaireachta. Is féidir úsáid a bhaint as an idirlíon i gcuid de na hIonaid Eolais, seirbhís ullmhúcháin CV a fháil ar chostas íseal, Cártaí Eorpacha Óige agus cártaí Brúnna a fháil. Is féidir do cheist a phlé go príobháideach leis an bhfoireann ag an Ionad Eolais don Óige.

Go ginearálta, ní chuireann Ionaid Eolais don Óige a gcuid bileoga eolais féin le chéile, ach amháin i gcás eolais áitiúil. Tagann formhór an ábhair ó údaráis eile reachtúla agus deonacha. Bíonn an fhoireann sna hIonaid Eolais don Óige ag comhoibriú le údaráis reachtúla agus deonacha agus d'fhéadfadh sé go molfadh an fhoireann duit teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis sin muna féidir leo féin do cheist a fhreagairt.

Imeachtaí for-rochtana

Cuireann Ionaid Eolais don Óige réimse imeachtaí for-rochtana ar fáil atá dírithe ar eolas a thabhairt do dhaoine óga tríd pointí eolais, foilseacháin, ceardlanna, seimineáir, taispeántais, scoileanna agus obair chlubanna óige chomh maith leis an raidió áitiúil agus nuachtáin.

Rialacha

Tá Ionaid Eolais don Óige ar fáil do gach duine óg agus do dhaoine atá ag obair leis an óige.

Rataí

Níl aon táille le n-íoc as eolas a fháil ó Ionaid Eolais don Óige. Ach, d'fhéadfadh sé go mbeadh costas beag le n-íoc ar fhótachóipeanna.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat dul isteach in Ionad Eolais don Óige le cúnamh a fháil maidir le ceist faoi leith nó díreach le breathnú ar an gcineál eolais atá ar fáil ann. Is féidir freisin glaoch gutháin nó ríomh-phost a sheoladh chuig an ionad má bhíonn ceist bheag shimplí agat.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Rannóg Eolas don Ógra
Bloc 2
Urlár 2
Sráid Maoilbhríde
Baile Átha Cliath 1
Éire

Láithreán Gréasáin: http://www.youthinformation.ie/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 January 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.