Grúpaí áitiúla do dhaoine óga iad clubanna óige, daoine atá idir 12 agus 18 go hiondúil, le roinnt ceannairí fásta. Bíonn imeachtaí siamsaíochta agus oideachais mar chuid de chláracha na gclubanna óige agus faigheann daoine óga taithí ar a gcuid imeachtaí féin a eagrú ar bhealach daonlathach. In Éirinn, don chuid is mó tá na clubanna óige dhá riaradh ag Foróige, eagraíocht náisiúnta deonach a fhaigheann bunmhaoiniú ón Roinn Oideachais agus Scileanna.
Bíonn Foróige ag obair le heagraíochtaí éagsúla, ina measc, TascFhórsaí Áitiúla Drugaí, Coistí Gairmoideachais, an Garda Síochana, An Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaineachta, Clár Speisialta an AE um Thacaíocht don Síocháin agus Athmhuintearas, Comhpháirtíochtaí Ceantair Áitiúla, TascFhórsaí Áitiúla Drugaí, URBAN agus Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le forbairt na hóige a chur chun cinn. Chomh maith le clubanna óige cuireann Foróige tacaíocht ar fáil d'Ionaid Eolais don Óige.
Tá Foróige dhá riaradh ag Comhairle Náisiúnta a dhéanann cinneadh ar pholasaí agus a bhfuil smacht aige ar gach gnó agus gnóthaí a chuireann an eagraíocht i gcrích nó a chuirtear i gcrích ar a son. Tagann an Chomhairle Náisiúnta le chéile ar a laghad faoi dhó sa bhliain agus tá Ceannaire Club amháin ina bhall di ar son gach contae ina bhfuil Clubanna Foróige agus ceathrar bhall a thoghann an Painéal Tagartha, painéal é seo a cruthaíodh le inchur díreach a thabhairt do na baill i riaradh Foróige ag leibhéal náisiúnta. Toghann an Chomhairle Náisiúnta, óna baill féin, Coiste Gnó Náisiúnta a thagann le chéile go rialta, uair sa mhí go hiondúil, agus atá freagrach don Chomhairle Náisiúnta. Bíonn an Coiste Gnó Náisiúnta ag plé le ceisteanna reatha a bhaineann le riaradh na heagraíochta.
Grúpaí structúrtha forbartha don óige iad clubanna óige Foróige ina bhfuil daoine óga ón bpobal áitiúil ina mbaill. Is iondúil go mbíonn níos lú ná 30 duine óg ina mbaill den aoisghrúpa 12-18 agus bíonn ceannairí deonacha fásta freisin ann, duine ar son gach deichniúr duine óg nó mar sin. Toghann baill an chlub a gcoiste chlub féin agus déanann siad an club a bhainistiú agus a riaradh i gcomhair leis na ceannairí fásta.
Tá gclár oideachais dhá riaradh ag Foróige i:
Tugann Oifigigh Réigiúnda Óige Foróige cúnamh do chlubanna óige Foróige tríd comhairle agus traenáil a chur ar fáil, maidir le ceisteanna riaracháin agus forbairt cláracha an chlub.
Bíonn ceannairí fásta ag gach club óige Foróige atá ina dtreoraithe agus comhairleoirí ag an gclub agus tá comhfhreagraíocht orthu as an gclub. Ní mór go mbeadh ar a laghad ceannaire fásta amháin i láthair nuair atá cruinniú den chlub dhá thionól. Ceapann ceannairí an chlub duine amháin acu le bheith ina p(h)ríomhcheannaire ar an gclub. Tá an duine seo intofa ar Chomhairle Náisiúnta Foróige agus tá vóta aige/aici sna toghcháin sin.
Déanann baill an chlub na hoifigigh seo a leanas a thoghadh ón mballraíocht:
Is iad oifigigh an chlub, Ceannaire an Chlub agus beirt bhall eile ar a mhéid a bhíonn ar choiste an chlub. Tá coiste an chlub freagrach as cruinnithe an chlub a phleanáil agus as a chinntiú go gcuirtear na tascanna a bhaineann le bainistiú laethúil an chlub i gcrích.
Bíonn cruinniú seachtainiúil ag club óige Foróige go hiondúil. Maireann gach cruinniú tuairim agus dhá uair an chloig agus i measc na n-imeachtaí bíonn:
Braitheann táillí ballraíochta ar an gclub atá i gceist, ach ní bhíonn
siad daor.
Is féidir leat dul i dteagmháil leis an gclub óige áitiúil más mian leat ballraíocht a ghlacadh nó le ceanncheathrú Foróige le fáil amach cá bhfuil an club i do cheantar. Tá fáil ar liosta de chlubanna óige Foróige anseo. B'fhéidir go mbeadh tuilleadh eolais le fáil freisin maidir leis an gclub óige áitiúil i halla pobail nó paróiste.
Má tá spéis agat club a bhunú, ba cheart duit dul i dteagmháil le ceanncheathrú Foróige le cúnamh agus comhairle a fháil.
Bloc 12D
Bealach an tSeoighigh
Páirc Thiar
Baile Átha Cliath 12
Éire
Teil:+353 (0)1 630 1560
Facs:+353 (0)1 630 1568
Láithreán Gréasáin: http://www.foroige.ie
R-phost: info@foroige.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.