Dámhachtain náisiúnta sláinteachais/timpeallachta í an Bhratach Bhán d'Áiseanna Áineasa atá dírithe ar linnte snámha, hallaí spóirt, giomnáisiaim agus áiseanna eile áineasa faoi dhíon ar fud na hÉireann. Tá an dámhachtain seo bunaithe ar an scéim idirnáisiúnta don Bhratach Ghorm agus leagann sé béim ar ardchaighdeáin in imeachtaí timpeallachta agus ar shláinteachas.
Seoladh scéim na Brataí Báine sa bhliain 2001 agus is ILAM Éireann (Institiúid um Bhaistiú Áiseanna Áineasa na hÉireann Teo.) a bhíonn dhá reachtáil. Bronnadh an Bhratach Bhán 2011ar ochto naoi áiseanna áineasa ar fud na hÉireann.
Ní mór d'áiseanna a dhéanann iarratas ar an scéim na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
Ní mór go mbeadh rochtain sábháilte agus éasca chuig an áis le dóthain comharthaí eolais agus ba cheart go mbeadh taobh amuigh den áis cóirithe agus coinnithe go maith.
Ní mór go mbeadh láthair fáilte, radhairc, seomraí feistis agus imeachtaí coinnithe go maith, glan agus gan aon bhrúscar a bheith ann. Ní mór go mbeadh dóthain seomraí feistis ar fáil chomh maith le háiseanna sláintíochta, áiseanna atá feiliúnach do dhaoine faoi mhíchumas agus áiseanna le clúidíní linbh a athrú. Ba cheart go mbeadh dóthain áiseanna sláintíochta cuí, sláintiúil agus tógtha mar is cóir don lucht snámha amháin mar atá leagtha síos in Uisce Linnte Snámha, atá foilsithe ag an nGrúpa Comhairle um Chóireáil Uisce Linnte Snámha (PWTAG). Ní mór go mbeadh plean cuí sláinteachais i bhfeidhm a leagann síos cláracha glanta, sceidil agus rialacha monatóireachta. Ní mór do sauna, seomraí gaile, áiseanna gréine agus leapacha gréine cloí leis na caighdeáin chuí sláinte agus sábháilteachta de réir na dtreoirlínte atá leagtha síos i dTreoirleabhar Oibreoirí Sláinte agus Folláine, atá foilsithe ag ILAM Éireann (Institiúid um Bhaistiú Áiseanna Áineasa na hÉireann Teo.). Ní mór do na háiseanna lónadóireachta uilig cloí leis na caighdeáin chuí sláinte agus sábháilteachta.
Ba cheart go mbeadh citheanna réamh-snámha ar fáil ag an áis sula dtéann daoine isteach sa linn snámha, chomh maith le fógraí ag spreagadh snámhóirí le cith a thógáil sula dtéann siad ag snámh. Ní mór do linnte spá na caighdeáin atá leagtha síos in "Uisce Linnte Snámha", a shásamh chomh maith leis na sainchuntair um Dhearadh Acmhainne Snámhóra. Ní mór go mbeadh garda tarrthála curtha ar fáil de réir na moltaí atá i "mBainistiú Sláinte agus Sábháilteachta i Linnte Snámha" (Coimisiún Sláinte agus Sábháilteachta, RA). Chomh maith, ní mór go mbeadh cáilíocht náisiúnta garda tarrthála ag gach garda tarrthála.
Ní mór go mbeadh clár éifeachtach glanta ag an áis a chuireann gach gné den áis san áireamh. Ní mór go mbeadh an fhoireann oibre oilte in oibriú an chláir ghlanta agus ní mór go mbeadh iniúchadh agus athbhreithniú cuí déanta ar an gclár. Caithfidh Plean Gníomhaíochta Éigeandála foirmiúil a bheith ag an áis (le cuir isteach mar chuid den iarratas ar an mbratach) maidir le doirteadh agus eachtraí ollthruaillithe ar láthair thirim, fliucha agus ar láthair na linnte agus gach cás éigeandála a bhféadfadh theacht aníos, ag cur san áireamh na moltaí atá déanta in "Uisce Linnte Snámha". Ní mór go mbeadh an Plean Gníomhaíochta Éigeandála curtha ar fáil mar chuid den iarratas ar an mBratach Bhán. Ní mór go mbeadh seomra fearais na linne coinnithe sláintiúil agus ní mór go mbeadh ar a laghad oibreoir fearais linne amháin oilte cláraithe i measc foireann lán-aimseartha na háise. Mar chríoch, ní mór go mbeadh láthair stórála cuí ag an áis le hábhair ghlanta agus gach ceimiceán a choinneáil mar is ceart.
Ní mór fáil réidh le brúscar ón áis ag ionad ceadúnaithe. Ní mór go mbeadh dramhaíl chontúirteach storáilte agus bailithe mar is cuí, ceimiceáin díghalraithe mar shampla. Caithfidh struchtúr a bheith i bhfeidhm san áis le fuinneamh a shábháil agus polasaí atá cairdiúil don timpeallacht a bheith i bhfeidhm maidir le glantóirí, páipéarachas agus trealamh a cheannach.
Ní mór go mbeadh ar a laghad duine amháin lán-aimseartha ar an bhfoireann oibre ainmnithe mar ionadaí ná háise don Bhratach Bhán agus ní mór sonraí teagmhála an duine sin a bheith ar thaispeáint san áis. Caithfidh clár/cláracha fógraí a bheith ag an áis in áit/áiteanna atá feiceálach agus lárnach ar fud na háise a chuireann an t-eolas seo a leanas ar fáil:
Ní mór don áis forbairt a dhéanamh ar roinnt imeachtaí timpeallachta agus sláintíochta atá dírithe ar leanaí agus ar dhaoine fáste le oideachas agus eolas a chur chun cinn.
Ní mór don áis a chinntiú go bhfuil sí ag cloí le Polasaí na hInstitiúide um Bhainistiú Áiseanna Áineasa Mír 4 - Cáilíocht Uisce Linne agus na moltaí atá leagtha síos in "Uisce Linnte Snámha". Ní mór go mbeadh taifid linne atá coinnithe go maith le monatóireacht a dhéanamh ar dhíghalráin, pH, leibhéal alcaileach, iomlán dlúthábhair tuaslagtha agus soiléireacht. Ní mór tástálacha Baictéareolaíochta a dhéanamh ó am go chéile, ach ar a laghad uair sa mhí. Sa chás go bhfuil tuairim ann go bhfuil cáilíocht an uisce tithe ní mór na tástálacha baictéareolaíochta a dhéanamh níos minicí. Ní mór tástála seachtainiúla Cothromaíochta Uisce a dhéanamh ar uisce na linne snámha agus más gá go mbeadh na céimeanna cuí feabhais tógtha.
ILAM Éireann (Institiúid um Bhaistiú Áiseanna Áineasa na hÉireann Teo.)
An Sean Dún
An tSráid Mhór
Claonadh
Cill Dara
Éire
Teil:+353 (0)45 861201
Facs:+353 (0)45 893195
Láithreán Gréasáin: http://www.ilam.ie
R-phost: info@ilam.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.