Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Caitheamh Aimsire in Éirinn > Spórt agus Fóillíocht > Ag siúl agus ag fánaíocht in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Ag siúl agus ag fánaíocht in Éirinn

Eolas

Deirtear faoi Éirinn go mbíonn sáraimsir aici don siúlóid mar is annamh go mbíonn sé ró-the nó ró-fhuar chun an radharc tíre a thaiscéal de shiúl na gcos.

Tá trí phríomhscéim siúlóide in Éirinn d'fhorbairtí bealaí siúlóide:

  • An Bealach Náisiúnta Marcáilte/Clár Siúlóide i gComhairle Spóirt na hÉireann
  • Scéim Slí na Sláinte faoi choimirce Foras Croí na hÉireann
  • Foraoiseacha áineasa de chuid Coillte.

Baineann teoranna áirithe le siúlóid nó fánaíocht ar thalamh príobháideach.

Má chomhlíonann tú coinníollacha áirithe faoi úsáid do thalamh, mar shampla cuid de a oscailt don phobal, d'fhéadfá a bheith i dteideal maoinithe faoin Scéim um Chaomhnú an Chomhshaoil faoin Tuath.

Slí na Sláinte

Bhunaigh Foras Croí na hÉireann an scéim Slí na Sláinte chun daoine a spreagadh le dhul ag siúl ar mhaithe le caitheamh aimsire agus sláinte, is cuma cén aois iad ná cén cumas atá acu.

Úsáideann sé comharthaí ag eatraimh ciliméadair ar chosáin siúil bhunaithe chun cabhrú le siúlóirí an t-achar a shiúlann siad a aithint. Níl aon uimhreacha ar na comharthaí ionas gur féidir leat tosú agus críochnú ag pointe ar bith is mian leat. Is féidir leat liosta de bhealaí Slí na Sláinte ar fud na hÉireann a fheiceáil anseo.

Ní mór duit siúl go tapa ar feadh 30 nóiméad ar a laghad 5 uaire in aghaidh na seachtaine, ar mhaithe le do shláinte. Is féidir leat an 30 nóiméad nó níos mó a dhéanamh thar dhá nó trí sheisiún níos giorra.

Is féidir leis an Údarás Áitiúil i do cheantar Slí na Sláinte a chur i bhfeidhm i gcomhpháirtíocht leis an bpobal, agus, nuair is cuí, eagraíochtaí tráchtála, agus a bheith ar an liosta de na bealaí Slí ceadaithe. Más mian leat bealach Slí na Sláinte a fhorbairt i do cheantar féin, téigh i dteagmháil le Comhordaitheoir Náisiúnta Shlí na Sláinte i bhForas Croí na hÉireann. Tá tuilleadh eolais faoi bhealach a bhunú ar fáil i dtreoir Fhoras Croí na hÉireann maidir le forbairt bhealach Slí na Sláinte (pdf).

Bealaí marcáilte

Tá Coiste Comhairle na mBealaí Náisiúnta Marcáilte (NWWAC) de Chomhairle Spóirt na hÉireann freagrach as forbairtí bealaí siúlóide - Bealaí Marcáilte in Éirinn a chlárú agus a rialú. Tugann an NWWAC cúnamh agus oibríonn sé i gcomhair leis na húdaráis áitiúla, le Páirtíochtaí Áitiúla Spóirt agus le pobail áitiúla ar fud na tíre le bealaí nua a fhorbairt agus leis na bealaí atá ann cheana a chur chun cinn.

Déantar na Bealaí Marcáilte a fhorbairt le comhaontú agus le tacaíocht ó na húinéirí talún a mbeidh daoine ag dul trasna a gcuid talún. Ní gá gur bealaí achtaithe atá i gceist, cé go mbaintear úsáid as seanbhóithre agus cosáin ar chuid mhaith de na bealaí siúlóide seo, bealaí atá marcáilte agus a bhfuil comharthaí croctha orthu. Tá sa bhreis ar 30 Bealach Náisiúnta Marcáilte ar fud na hÉireann, ina measc Slí Chill Mhantáin, Slí Chiarraí agus Slí an Bhuirinn agus tá go leor siúlóidí níos lú freisin ann a bhaineann leis na forbairtí móra sin. Is féidir cuardach a dhéanamh agus eolas a fháil maidir leis na bealaí Náisiúnta Marcáilte ar shuíomh idirlín NWWAC.

Cé go bhfuil cúrsa na mbealaí marcáilte le fógraí buí, moltar duit treoirleabhar a thabhairt leat ar fhaitíos go mbeadh cuid de na fógraí folaithe ag fiadhúlra, nó go mbeadh sonraí uait a bhaineann le córais iompair, bialanna nó lóistín áitiúil. Tairiscíonn comhlachtaí príobháideacha áirithe turais treoraithe siúlóide agus rothaíochta feadh na mbealaí marcáilte.

Tugann Coiste Comhairle na mBealaí Náisiúnta Marcáilte sonraí na mbealaí marcáilte timpeall na hÉireann ar a shuíomh idirlín. Le sonraí a fháil maidir le lóistín áitiúil timpeall na hÉireann, feic suíomh idirlín Fáilte Ireland (bord turasóireachta na hÉireann).

Tá fáil ar léarscáileanna agus ar threoirleabhair do na cúrsaí ar fad a bhfuil aitheantas acu ó NWWAC.

Déan teagmháil leis an údarás áitiúil, le Páirtíocht Áitiúil Spóirt nó go díreacht leis an gComhairle Spóirt má theastaíonn aon eolas uait maidir le bealach siúlóide a bhunú i do cheantar.

Foraoiseacha áineasa de chuid Coillte

11 Páirc Foraoise dhá rith ag Coillte ar fud na tíre, ina bhfuil don chuid is mó leithris, áiseanna páirceála, suímh picnice, ionaid súgartha do leanaí, siopa nó bialann (séasúrach) ar fáil. Ritheann Coillte 150 suímh áineasa ar fud na tíre, ina bhfuil don chuid is mó bunáiseanna ar fáil, áiteanna páirceála, suímh picnic agus cúrsaí siúlóide mar shampla.

Rialacha

Bealach achtaithe

Tá idirdhealú idir bealaí achtaithe poiblí agus príobháideacha i ndlí na hÉireann. Ceart an duine dul síos bóthar nó cosán, fiú mura bhfuil an bóthar nó an cosán i seilbh phoiblí is ea bealach achtaithe poiblí. Ceart dul isteach ar thalamh phríobháideach, chun rochtain a fháil isteach i, nó amach as píosa talún eile amháin, is ea bealach achtaithe príobháideach.

Tá cur síos ar chearta siúlóirí agus fánaithe san Acht um Dhliteanas Áititheoirí 1995, a chuimsíonn "úsáideoirí siamsaíochta" mar earnáil úsáideoirí talún príobháidí. De réir an Achta, is úsáideoir siamsaíochta é duine atá i láthair ar áitreabh nó ar thalamh saoránaigh phríobháidaigh, gan chostas (taobh amuigh de tháille réasúnta ar áiseanna páirceála) chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht siamsaíochta. Sna cúinsí seo, níl de dhualgas ar úinéir na talún ach amháin nach ndéanfadh sé/sí díobháil d'aonturas don úsáideoir siamsaíochta agus nach ngníomhaíonn sé le neamhshuim neamhchúramach i leas an úsáideora siamsaíochta. Is idirdhealú tábhachtach é seo, mar go ruaigeann sé imní faoi dhliteanais árachais a bhíodh ann cheana, agus a bhaineann fós le cuairteoirí a bhfuil cuireadh tugtha dóibh isteach ar thalamh phríobháideach.

Ag cur deiridh le bealaí achtaithe poiblí

Faoin Acht um Bóithre 1993, bíonn na húdaráis áitiúla timpeall na hÉireann freagrach as ceart an phobail rochtain a bheith acu do bhealaí achtaithe poiblí i gceantar gach údaráis áitiúil.

Faoin Acht Pleanála agus Forbartha 2000 áfach, is féidir le húinéir talún príobháidí iarratas a dhéanamh chuig a (h)údarás áitiúil deireadh a chur le bealach achtaithe poiblí ar a t(h)alamh. De ghnáth tharlódh sé seo dá mbeadh úinéir ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar a t(h)alamh ar bhealach a mbeadh tionchar aige ar rochtain an phobail. Sna cúinsí seo tá an chumhacht ag an údarás áitiúil na costais a bhaineann le píosa talún a dhúnadh do rochtain poiblí a fháil ar ais ó úinéir na talún.

Sular féidir deireadh a chur le bealach achtaithe poiblí, ní foláir don údarás áitiúil fógra a chur ar an talamh ag tabhairt na sonraí a bhaineann leis an deireadh atá molta don bhealach achtaithe. Ní foláir dóibh chomh maith fograíochtaí a chur i nuachtáin áitiúla ag fógairt an athraithe atá molta ar feadh 14 lá ar a laghad. Caithfidh an fógra agus na fograíochtaí araon sonraí a thabhairt faoi cén áit agus cén uair a tharlóidh na hathruithe atá molta, agus cead a thabhairt do shaoránaigh achomarc scríofa a dhéanamh in aghaidh an deiridh. Is féidir leis an údarás áitiúil a roghnú go dtabharfaidh siad éisteacht béil don duine atá in aghaidh an athraithe. Coinníonn an t-údarás áitiúil an ceart chun breithiúnas a dhéanamh ar achomhairc in aghaidh deireadh a chur le bealaí achtaithe poiblí. Ní foláir dó, áfach, cinneadh chun deireadh a chur le bealach achtaithe poiblí a fhoilsiú chomh luath agus atá an cinneadh déanta. Ní foláir dó, chomh maith, a chinneadh a chur in iúl i scríbhinn do dhuine ar bith a chuir ina choinne.

Meas ar sheilbh úinéirí talún príobháidí

Cé nach riachtanas dlíthiúil é, molann na cumainn siúil, cumainn fánaíochta agus cumainn sléibhteoireachta uilig dá mbaill aire cheart a thabhairt agus iad ag baint leasa as a gceart chun talamh phríobháideach a úsáid le haghaidh siamsaíochta. Ba cheart do gach siúlóir agus cuairteoir chun na tuaithe an timpeallacht áitiúil a chaomhnú agus gan cur isteach ar imeachtaí ar an láthair a bhaineann le feirmeoireacht mar shampla. Tá cóipeanna ar fáil ó Fheirmeoirí Aonaithe na hÉireann den chód comhaontaithe tuaithe.

Chuir Alt 24 den Acht um Dhlí Teaghlaigh (Forálacha Ilgnéitheacha) 2002 rialacha nua faoi threaspás coiriúil leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994. Is cion coiriúil anois é d'éinne dul isteach ar thalamh i seilbh phríobháideach nó talamh i seilbh údarás áitiúil, í a áitiú, nó aon rud a thabhairt isteach inti, má tá an baol ann go ndéanfaidh an gníomh sin:

  • Damáiste suntasach don talamh
  • Damáiste suntasach d'áis ar bith ar an talamh, nó go gcuirfidh sé cosc ar dhuine ar bith úsáid réasúnta a bhaint as an áis sin
  • An talamh ná aon áis uirthi míshláintiúil nó contúirteach
  • Cur isteach suntasach ar an talamh nó ar áis uirthi.

Má chreideann úinéir talún go bhfuil duine éigin ag aitiú a t(h)alaimh in aghaidh an dlí ionas go bhfuil siad ag déanamh ceann de na coireanna thuasluaite, ba cheart dó/di na Gardaí Síochána a chur ar an eolas. Tá an chumhacht ag na Gardaí Siochána ansin cuairt a thabhairt ar an talamh, agus má fhaigheann siad éinne ar an talamh, is féidir leo ainm agus seoladh an duine a éileamh, agus a éileamh chomh maith go bhfágann sé/sí, agus aon rud faoina c(h)úram an talamh. Má dhiúltaíonn an duine géilleadh d'orduithe an Gharda, beidh an duine sin inchúisithe. Má chiontaítear duine faoi cheann de na coireanna treaspáis seo beidh fineáil suas go 3,000 euro, mí amháin priosúnachta, nó an dá rud dlite air. Mura gcomhoibríonn duine leis na Gardaí Síochána nuair a iarrtar air/uirthi an talamh a fhágáil, is féidir leis na Gardaí Síochána seilbh a ghabháil ar rud ar bith a thug se/sí ar an talamh, agus é a stóráil. Is féidir leis na Gardaí Síochána na rudaí sin a dhíol, nó a fháil réidh leo mura bhfreagraíonn úinéir na rudaí i scríbhinn d'fhógra oifigiúil gur gabhadh seilbh ar an rud taobh istigh de mhí ón dáta ar a bhfuair sé/sí an fógra. Ní foláir don duine na Gardaí Síochána a íoc as costas réasúnta ar bith a tháinig as seilbh a ghabháil ar an rud agus é a stóráil, sula dtabharfar cead dó/di é a ath@?ileamh.

Conas iarratas a dhéanamh

Má tá tú ag iarradh achomarc a dhéanamh in aghaidh deireadh a chur le bealach achtaithe poiblí, ní foláir duit scríobh chuig d'údarás áitiúil. Ní bhaineann táille ar bith lena leithéid d'achomharc a dhéanamh. Tá liosta teagmhála d'udaráis áitiúla ar fáil ar shuíomh idirlín an Roinn Chomhshaoil agus Rialtais Áitiúil.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Fáilte Éireann

88-95 Sráid Amiens
Baggot Street
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 1 602 4000
Lóghlao:1890 525 525
Facs:+353 1 855 6821
Láithreán Gréasáin: http://www.failteireland.ie
R-phost: info@failteireland.ie

Foras Croi na hEireann

4 Bóthar Chluaidh
Droichead na Dothra
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil:(01) 668 5001
Facs:(01) 668 5896
Láithreán Gréasáin: http://www.irishheart.ie
R-phost: info@irishheart.ie

Sléibhteoireacht Éire

CC Sport
13 Bealach an tSeoighigh
Lárionad Gnó na Páirce Thiar
Baile Átha Cliath 12
Éire

Teil:+353 (0)1 6251115
Facs:+353 (0)1 6251116
Láithreán Gréasáin: http://www.mountaineering.ie/
R-phost: info@mountaineering.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 July 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.