Is é Spórt na nDall in Éirinn an t-údarás náisiúnta a rialaíonn imeachtaí spóirt do dhaoine atá dall agus a bhfuil míchumas na súl orthu. Bunaíodh an eagraíocht sa bhliain 1989 le daoine atá dall agus a bhfuil míchumas na súl orthu a spreagadh le páirt a ghlacadh i spórt ag gach leibhéal. Tá coiste gnó ag an eagraíocht agus bunreacht a leagann síos na rialacha agus na treoirlínte do na himeachtaí. Tá maoiniú dhá chur ar fáil do Spórt na nDall in Éirinn ó Chomhairle Spóirt na hÉireann.
Tá ballraíocht oscailte do dhaoine de chuile aois, cúlra agus cumas spóirt (plúr na lúthchleasaithe san áireamh). Is féidir le daoine a bhfuil radharc na súl acu a bheith ina mbaill den eagraíocht freisin. Chomh maith le páirt a ghlacadh i spórt bíonn daoine le radharc na súl ag feidhmiú go minic ina dtreoraithe agus ina n-oibrithe deonacha, mar sin tá sé riachtanach meascán de dhaoine le radharc na súl, le míchumas na súl agus daoine atá dall a bheith san eagraíocht.
Glactar páirt i spóirt ag gach leibhéal (ard leibhéal san áireamh). Tá go leor bainte amach ag daoine aonair agus ag foirne ó Spórt na nDall in Éirinn ag Craobhacha na hEorpa agus an Domhain agus ag na Cluichí Para-oilimpeacha. Tá príomh-eagraí ceapaithe le plé le gach spórt a bhfuil baint ag an eagraíocht leis agus tá an duine sin freagrach as imeachtaí a chur chun cinn agus a eagrú taobh istigh den spórt áirid sin.
Le blianta anuas, tá méadú suntasach déanta ag an eagraíocht ar réimse na spórt a nglacann sé páirt iontu. Faoi láthair is féidir a bheith páirteach i júdó, sacar, sciáil, imirt bollaí deich scidil, snámh, ficheal, gailf agus rothaíocht bheirte. Bíonn na himeachtaí eagraithe ar bhonn "bliain fhéilire". Foilsíonn Spórt na nDall in Éirinn nuachtlitir "Sportslink", a fhaigheann gach ball agus tá cur síos ann ar imeachtaí atá thart, atá ar fáil ag an am agus atá ag teacht aníos.
Is cuid lárnach de Spórt na nDall in Éirinn iad na hoibrithe deonacha, traenálaithe agus treoraithe. Gach bliain eagraítear "Féile Idirnáisiúnta Spóirt" (ar a dtugtar "Cluichí Bealtaine"). Deis atá ann do na lúthchleasaithe ag gach leibhéal páirt a ghlacadh sa spórt, spriocanna a bhaint amach, castáil le cairde agus spraoi a bheith acu.
Cé gur féidir le duine ar bith ballraíocht a ghlacadh i Spórt na nDall in Éirinn, tá formhór na mball ina ndéagóirí agus níos sine.
Cosnaíonn ballraíocht bhliana i Spórt na nDall euro 25 (iníoctha ar an 1 Eanáir gach bliain). Déantar gach iarratas ar bhallraíocht a mheas ann féin agus i gcásanna áirid is féidir an táille bhallraíochta a chur ar neamhní.
Más mian leatsa, nó duine ar d'aithne, páirt a ghlacadh (mar rannpháirtí, oibrí deonach, traenálaí, treoraí, & rl) déan teagmháil leis an eagraíocht ag an seoladh thíos. Tá tuilleadh eolais maidir leis na spóirt atá i gceist agus sonraí teagmhála an té atá ag plé le gach spórt ar fáil ón seoladh thíos.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.