Is iad na h-údaráis áitiúla a chuireann linnte snámha poiblí ar fáil don phobal in Éirinn agus a dhéanann cothabháil orthu. Faoin Acht um Rialtas Áitiúil, 2001, titeann an cúram ar údaráis áitiúla áiseanna áineasa ar nós linnte snámha a sholáthar. Cé nach bhfuil sé de dhualgas ar údarás áitiúil linn snámha a sholáthar mar a sheasann sé tá ar a laghad linn snámha amháin poiblí i bhformhór na gceantar údaráis áitiúla.
Cuireann an Rialtas deontais chaipitiúla ar fáil do na húdaráis áitiúla le linnte snámha poiblí a thógáil agus le feabhsúcháin a dhéanamh orthu. Is é Clár Linnte Snámha na nÚdarás Áitiúil 2000-2002 an scéim reatha atá dhá riaradh ag An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Turasóireachta agus Spóirt. Níl an Roinn ag glacadh faoi láthair le hiarratais ar mhaoiniú mar gheall nach bhfuil clár nua linnte snámha cruthaithe go fóill agus mar gheall go bhfuil roinnt iarratais atá istigh cheana dhá phróiseáil fós.
Ní mór do gach ceantar snámha in Éirinn na bunchaighdeáin cháilíochta atá leagtha síos i dTreoir 1976 an AE um Uiscí Snámha a chomhlíonadh. Baineann an Treoir le ceantair snámha fíoruisce agus farraige. Tá an Roinn Chomhshaoil agus Rialtais Áitiúil, tríd an Údarás Cosanta Timpeallachta (ÚCT) freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht uisce i ngach ceantar poiblí snámha. Níl aon riachtanais cháilíochta reachtúla ann faoi láthair a bhaineann le linnte snámha.
Ní mór don ÚCT déanamh cinnte go bhfuil gach linn phoiblí agus gach ceantar fíoruisce agus farraige ina mbíonn daoine ag snámh ag cloí le bunchaighdeáin cháilíochta uisce, mar atá leagtha síos sa treoir. Tá sé mar dhualgas ar gach Stát athscrúdú rialta a dhéanamh ar na ceantair fíoruisce agus farraige. Rinne an tÚdarás Cosanta Timpeallachta an staidéar is déanaí i 1996 agus thug sé le fios go bhfuil formhór na gceantar snámha fíoruisce agus farraige timpeall na hÉireann ag cloí le bunchaighdeáin an AE.
Is é an Cumann Sábháilteacht Uisce an t-údarás reachtúil a bhíonn ag plé le sábháilteacht uisce agus tarrtháil snámha. Tá an eagraíocht dhá chomhaoiniú ag an Rialtas, ag an údarás áitiúil agus airgead príobháideach. Tá sé mar aidhm aici sábháilteacht uisce a chur chun cinn in Éirinn tríd eolas a sholáthar, cúrsaí traenála tarrthála a eagrú agus comhairle a chur ar údaráis áitiúla.
Tá oifigeach forbartha sábháilteachta uisce ag gach údarás áitiúil. Tá sonraí teagmhála do gach oifigeach forbartha sábháilteachta uisce sa tír ar fáil ón gCumann Sábháilteacht Uisce.
Ní mór go mbeadh bealaí éalaithe tine agus áit faoi leith curtha ar leataobh mar láthair thionóil ag áiseanna poiblí, go minic bíonn an carrchlós taobh amuigh leagtha síos, faoi Rialacháin um Shábháilteacht Tine in Áiteanna Tionóil 1985.
Is féidir le duine ar bith atá ar a laghad sé bliana déag d’aois agus atá ina snámhóir maith cúrsa a dhéanamh le bheith ina g(h)arda tarrthála cáilithe. Más mian leat dul ag obair mar gharda tarrthála i linn snámha ní mór duit dámhachtain Garda Tarrthála Linn Snámha ón gCumann Sábhailteacht Uisce a bheith agat. Bronntar an dámhachtain ar dhaoine a dhéanann scrúdú Garda Tarrthála Linn Snámha an Chumainn agus orthu siúd a chuireann i gcrích an traenáil mar Gharda Tarrthála atá le fáil ó Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (FETAC).
Ní mór ar a laghad 24 uair an chloig ceachtanna in athbheochan, sábháilteacht uisce agus garda tarrthála do chúrsa an Chumainn Sábháilteachta Uisce. Leis an dámhachtain a fháil bronnta orthu ní mór d'iarrthóirí dhá scrúdú fisiciúil a dhéanamh agus scrúdú scríofa. Tá eolas ar fáil freisin ag an gCumann Sábháilteacht Uisce ar chúrsaí sábháilteachta uisce atá ar fáil faoi láthair i ngach contae ar a shuíomh idirlín féin.
Is í Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna an t-údarás náisiúnta dámhachtainí a thugann teastais do chúrsaí gairmiúla atá dhá reachtáil in ionaid oideachais áitiúla ar fud na tíre faoi choimirce An Choiste Ghairmoideachais (CGO). Tríd FETAC, cuireann cuid de na CGO áitiúla bunchúrsaí Snámha agus Sábháilteachta Uisce ar fáil, ach le teastas mar Gharda Tarrthála a fháil ní mór d’iarrthóirí an cúrsa Sábháilteachta Uisce agus dhá chúrsa eile ar a dtugtar Snámh agus Sábháilteacht Uisce (cúrsa ag Leibhéal a 1) agus Garda Tarrthála (cúrsa ag Leibhéal a 2) a chur i gcrích. Tá an tríú cúrsa cosúil ó thaobh ábhair de le cúrsa a ritheann an Cumann Sábháilteacht Uisce. Ní mór d'iarrthóirí do chúrsa an Gharda Tarrthála a bheith ina snámhóirí maithe agus an bunchúrsa a bheith curtha i gcrích acu chomh maith leis an gcúrsa ag Leibhéal a 1, teastas Dámhachtain Tarrthála 2 a bheith acu ón gCumann Sábháilteacht Uisce nó taithí chuí saoil a bheith acu. Déantar méasúnú ar na scileanna a thaispeánann na h-iarrthóirí agus tríd scrúdú teoiriciúil agus ansin baineann siad amach pas, grád fiúntais nó oirircis. Bronntar teastas ar iarrthóirí a chuireann an cúrsa ag Leibhéal a 2 i gcrích agus bronntar teastas mar Gharda Tarrthála orthu ón gCumann Sábháilteacht Uisce.
Níl aon rialacha reachtúla leagtha síos le monatóireacht a dhéanamh ar shláinteachas agus ar cháilíocht uisce i linnte snámha príobháideacha. Tá scéim deonach, an Bhratach Bhán, dhá rith ag an Institiúid um Bhainistiú Fóillíochta agus Áiseanna (ILAM) agus ag An Taisce a dhéanann iarracht áiseanna áineasa d'ardchaighdeán a chur chun cinn, linnte snámha ina measc. Tá an duais seo bunaithe ar chaighdeán rochtana, sláinteachais agus sábháilteachta, ar pholasaí comhshaoil, áiseanna taobh istigh agus taobh amuigh, cáilíocht uisce chomh maith le eolas agus oideachas.
Cuireann formhór na linnte snámha poiblí agus go leor linnte snámha príobháideacha cúrsaí snámha ar fáil do snámhóirí ag gach leibhéal, cumas agus aois. Tá sonraí maidir leis na cúrsaí agus na ranganna atá ar fáil i do cheantar agus cá bhfuil an linn snámha áitiúil ar fáil ón údarás áitiúil.
Tá deontais ag uasráta de euro 3.8 milliún ar fáil le linnte snámha a thógáil nó le athchóiriú a dhéanamh orthu agus ní féidir ach uasmhéid de 80% de chostas iomlán an togra a fháil. Tá suas le 90% den chostas le fáil do cheantair faoi leith faoi mhíbhuntáiste.
Tá na deontais ar fáil le linn snámha, linn snámha do lapadáin, sauna agus seomra gaile a thógáil nó a athchóiriú.
Is iad na húdaráis áitiúla go hiondúil a dhéanann iarratais faoi Chlár Linnte Snámha na nÚdarás Áitiúil chuig An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Turasóireachta agus Spóirt. Is féidir le grúpaí pobail cosúil le clubanna spóirt iarratais ar mhaoiniú faoin scéim seo a dhéanamh freisin.
Má tá eagraíocht taobh amuigh den údarás áitiúil ag beartú ar linn snámha a thógáil ní mór dóibh ar dtús iarratas a chur faoi bhráid an údaráis áitiúil le cead a fháil. Sula dtugann an t-údarás áitiúil tacaíocht don togra ní mór dó a bheith cinnte go mbeidh an comhaoiniú a theastaíonn ar fáil agus go mbeidh fáil sásúil ag an bpobal ginearálta ar an togra nuair atá an obair curtha i gcrích. Níl sé leagtha síos go sonrach céard atá i gceist le fáil sásúil, ach i ndáiríre, déanann formhór na n-údarás áitiúil iarracht an táille iontrála a bheith níos saoire acu ná mar atá ag linnte snámha príobháideacha le go mbeidh níos mó den phobal in ann freastal uirthi.
Tugann An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt Turasóireachta agus Spóirt maoiniú do thograí a shásann Modh Oibre agus Treoracha Teicniúla na Roinne um Phleanáil, Ceadú agus Maoiniú Linnte Snámha. Mar sin ní mór do phleananna le linn snámha roinnt coinníollacha a shásamh. Ina measc tá:
Má cheadaítear iarratas cuirfear an togra i gcrích i gceithre chéim: an Chéim Réamhthuairisce, an Chéim Chonartha, an Chéim Tairisceana agus an Chéim Tógála. Déanann comhairleoirí teicniúla ó Oifig na nOibreacha Poiblí maoirseacht ar gach togra agus ní mór cead na hoifige a bheith faighte sular féidir leis an togra dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile.
Más mian leat gearán a dhéanamh nach bhfuil linn snámha i do cheantar nó maidir le caighdeán nó riocht na n-áiseanna snámha i do cheantar, ba cheart duit ar dtús báire teagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil le fáil amach cé a bhíonn ag breathnú i ndiaidh gearán don údarás áitiúil sin.
Tá oifigeach gearán nó oifigeach cúraim chustaiméara ag na húdaráis áitiúla a bhíonn ag plé le gearáin. Taobh istigh de chúpla lá ón am a chuireann tú litir uait, gheobhaidh tú fógra scríofa ag deimhniú go bhfuil an gearán faighte ag an údarás áitiúil. Déanfar cinneadh ar an ngearán taobh istigh de cheithre sheachtain.
Má tá tú míshásta leis an gcinneadh is féidir leat scríobh arís chuig an údarás áitiúil agus athbhreithniú a iarraidh ar do chás. Má tá tú míshásta le toradh na hathbhreithnithe seo is féidir leat do chás a thabhairt chuig Oifig an Ombudsman. Níl aon dul thar a c(h)inneadh.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.