Bíonn leabharlanna poiblí ar oscailt do gach duine agus ní gá duit a bheith i do bhall den leabharlann mura bhfuil tú ach ag iarraidh rud éigin a léamh sa leabharlann, ceist a chur nó ábhar tagartha a sheiceáil (m.sh. eolaí teileafóin nó foclóir nó ciclipéid).
Caithfidh tú a bheith mar bhall den leabharlann má bhíonn tú ag iarraidh leabhair nó ábhair a thógáil ar iasacht nó mar a bhíonn i gceist go minic, má bhíonn tú ag iarraidh úsáid a bhaint as an Idirlíon.
Tá difríochtaí sna seirbhísí a chuireann leabharlanna áirithe ar fáil, bíonn sé sin ag brath ar a méid agus ar an áit a bhfuil an brainse suite agus ar pholasaithe an tseirbhís leabharlainne.
Cuireann gach leabharlann phoiblí leabhair ar fáil gur féidir le muintir an phobal a thabhairt ar iasacht. Is féidir gach cineál leabhar a thabhairt ar iasacht, ficsean, (ar nós an leabhair is mó a díoladh le deireanasí nó úrscéal clasacach) agus leabhair nach ficsean iad (ar nós leabhair staire, beatháisnéisí, leabhair eolaíochta, leabhair taistil, leabhair féinchúnaimh ,rl.). Chomh maith le gnáthleabhair bíonn cóipeanna ag leabharlanna de leabhair i gcruth "cló mór", a thaitníonn go mór le léitheoirí a mbíonn amharc lag acu.
Bionn roinn na nÓg agus na nDaoine Aosacha i bhformhór leabharlann. Leanaí suas go dtí aois áirithe a bhaineann leas as roinn na nÓg a chuireann leabhair agus ábhair ar fáil do leanaí go speisialta. Tá leabhair ar fáil i leabharlann na nÓg do leanaí ag gach aois, ó naíonáin suas go dtí déagóirí.
Má bhíonn an leabhar atá ag teastáil amuigh ar iasacht ag duine éigin eile, is féidir leat an leabhar sin a chur in áirthint duit féin trí fhoirm a chomhlánú. Cuirfidh an leabharlann ar an eolas tú nuair a bheidh an leabhar réidh le tabhairt amach ar iasacht arís.
Mura bhfuil an leabhar atá uait ag an leabharlann, is féidir leat iarratas a dhéanamh air, trí fhoirm eile a chomhlánú. Féadfaidh an leabharlann an leabhar a cheannach nó féadfaidh siad cóip eile a lorg trí iasacht idir-leabharlann. Is córas é sin inar féidir le leabharlanna in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus ar fud an domhain rudaí a thabhairt ar iasacht dá chéile lena n-úsáid ag baill na leabharlainne.
Chomh maith le leabhair a thógáil ar iasacht, is féidir leat leabhair-éisteachta a thógáil ar iasacht as go leor leabharlanna, agus is éard atá iontu seo ná léitheoireacht taifeadta ar na leabhair. Bíonn gach cineál leabhair ar fáil atá taifeadta agus tá tú in ann iad a fháil ar théipeanna agus ar dhlúthdhioscaí
Bíonn duine in ann dlúthdhioscaí agus téipeanna ceoil a thógáil ar iasacht as go leor leabharlann. Bionn gach réimse ceoil orthu seo, ó cheol a bhíonn sna cairteanna go ceol traidisiúnta nó ceol clasacach.
Bíonn roinnt priontaí agus pictiúr ag leabharlainne freisin agus is féidir iad sin a thógáil ar iasacht.
Bíonn sraith nuachtán laethúil agus tréimhseachán i leabharlanna poiblí lena n-áirítear nuachtáin náisiúnta agus áitiúla agus irisleabhair le topaici éagsúla iontu. (m.sh. gnó, sláinte agus saol maireachtála, garraíodóireacht, eolaíocht, an nádúr, stair.
Bíonn roinn "tagartha" ag gach leabharlann phoiblí, ina mbíonn leabhair agus ábhair eile gur féidir a úsáid sa leabharlann. Ar na rudaí is mó a bhíonn le fáil sa roinn tagartha, bíonn achmhainní mar fhoclóirí, eolaithe, ciclipéidí, foilseacháin rialtais, eolas gnó, leabhair chinn bhliana agus léarscáileanna. Bíonn ábhar tagartha, go háirithe ábhair gnó, le fáil ar CD-ROM nó ar an Idirlíon.
Is féidir le leabharlanna poiblí sonraí teagmhála a chur ar fáil chomh maith le heolas ar na seirbhísí a chuireann an chomhairle chontae nó bardas ar fáil agus chomh maith leis sin ranna rialtais, ina mbeadh eolas faoi chúrsaí leasa shóisialaigh, ,rl.
Bíonn go leor eolas áitiúil le fáil i go leor leabharlann chomh maith le heolas faoi imeachtaí clubanna agus cumann go háitiúil.
Cruinníonn gach leabharlann phoiblí ábhar faoi stair a gcontae nó a n-áite féin. Bíonn gach cineál ábhair ar fáil lena n-áirítear stair an pharóiste agus an chontae, mapaí, grianghraif, pictiúir, seanthaifid, agus nuachtáin. I go leor cásanna bíonn an bailiúchán staire áitiúla le fáil i leabharlann an chontae mar sin ba chóir duit é sin a seiceáil ag do bhrainse áitiúil.
Tá ríomhairí i ngach leabharlann phoiblí anois agus bíonn an pobal in ann úsáid a bhaint astu chun dul ar an Idirlíon. Caithfidh tú a bheith i do bhall den leabharlann formhór den am le haghaidh an tseirbhís seo a fháil. Go hiondúil beidh ort seisiún a chur in áirthint roimh ré ach ba chóir duit é sin a sheiceáil i do bhraince áitiúil.
Cuireann go leor leabharlann poiblí, go mórmór na leabharlanna móra, achmhainní ar fáil chun go mbeadh duine in ann cúrsa a fhoghlaim nó a leanúint iad féin. Bíonn cúinní teanga iontu seo agus ábhair thraenála bunaithe ar ríomhairí. Faigh sonraí fúthu sin ag do bhrainse áitiúil.
Is féidir le haon duine a bheith ina bhall den leabharlann nó an leabharlann phoiblí a úsáid.
Tá difríocht sa méid ábhair atá tú in ann a thógáil ar iasacht ag aon am amháin agus san achar gur féidir leat an t-ábhar a choinneáil. Faigh sonraí fúthu sin ag do bhrainse áitiúil.
B'fhéidir go mbeadh ort roinnt seirbhísí a chur in áirthint, mar shampla ag foghlaim teanga nó an tIdirlíon roimh ré.
Ní féidir le leanaí iasacht a fháil ach ó leabharlann na n-Óg. Bíonn an aois gur féidir le daoine óga úsáid a bhaint as leabharlann na nAosach difriúil i ngach leabharlann mar sin is féidir leat é sin a sheiceáil ag do leabharlann áitiúil.
Cé go bhfuil an chuid is mó de na seirbhísí i bhformór leabharlann áitiúil saor in aisce, bíonn táillí áirithe a chaithfidh tú a íoc. Tá táille bheag ballraíochta ag cuid de na leabharlanna agus gearrann go leor leabharlann fineáil ar leabhair nó ar ábhar eile a bhíonn ar iasacht a thagann ar ais mall. Bíonn táille freisin ar ábhar a chur in áirthint nó ábhar a ndéantar iarratas air (go hiondúil 38 cent). Faigh eolas faoi sin ag do leabharlann áitiúil. Gearrann gach leabharlann phoiblí táille ar chóipeanna a fháil.
Bíonn cuid de na riachtanais difriúil, ag brath ar sheirbhís na leabharlainne, ach baineann na rialacha seo a leanas le gach seirbhís leabharlainne beagnach:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.