Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Caitheamh Aimsire in Éirinn > Spórt agus Fóillíocht > Ceadúnú bád agus soithí uisce in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Ceadúnú bád agus soithí uisce in Éirinn

Eolas

Rialaítear báid shiamsúla in Éirinn ar shlite difriúla a bhaineann lena dtoirt agus leis an úsáid a bhaintear astu. Stiúraítear úsáid trealaimh sábháilteachta trí dhlíthe éagsúla i gcomhair soithí tráchtála, iascaireachta agus príobháideacha. Tá feidhm ag teorainneacha aoise i gcás úsáide soithí shiamsúla áirithe a thiomáintear go meicniúil, mar scaird-scíonna, agus cuirtear teorainn freisin le caitheamh alcóil nó drugaí agus na soithí in úsáid. Stiúraítear seoltóireacht ag Cumann Seoltóireachta na hÉireann, a chuireann sonraí cúrsaí seoltóireachta timpeall na hÉireann ar fáil. Má tá duine ag iarraidh trealamh raidió a chur isteach ina b(h)ád, ní mór dó nó di iarratas a chur isteach ar cheadúnas, agus d'fhéadfadh go mbeadh air nó uirthi scrúdú a dhéanamh in oibriú raidió.

Rialacha

Trealamh Sábháilteachta

Baineann rialacháin faoi leith sábháilteachta a rialaíonn úsáid bád le cineálacha éagsúla soithí.

Ní mór do gach soitheach loingis, is cuma cé chomh mór leis, seaicéid tarrthála/gairis phearsanta snámha a iompar do gach duine ar bord.

Ní mór do gach duine ar bord soithigh de níos lú ná 23 troigh (7.0 méadar) seaicéad tarrthála/gaireas pearsanta snámha a chaitheamh.

Bíonn rialacháin sábháilteachta ar leith ag baint le húsáide bád i gcás cineálacha éagsúla soithí. Baineann na rialacháin le báid phaisinéirí nach bhfuil ceadúnaithe níos mó ná 12 duine a iompar, longa phaisinéirí atá ceadaithe níos mó ná 12 duine a iompar, soithí iascaireachta agus soithí shiamsúla.

Longa paisinéirí atá ceadúnaithe níos mó ná 12 duine a iompar

De réir an Achta Loingis Tráchtála 1992, ní mór do longa paisinéirí atá ceadúnaithe níos mó ná 12 duine a iompar pas a fháil i gcigireacht sábháilteachta bhliantúil a chuireann an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainn Nádúrtha i bhfeidhm.

Soithí iascaireachta

Rialaítear úsáid trealaimh sábháilteachta de réir na Rialacha Soithí Iascaireachta (Gairis Snámha Pearsanta), 2001. De réir na Rialacha, ní mór seaicéad tarrthála nó gaireas snámha pearsanta a bheith ar fáil do gach ball foirne ar aon soitheach iascaireachta atá cláraithe agus ceadúnaithe in Éirinn. Ní mór do na baill foirne seaicéad tarrthála nó gaireas snámha pearsanta a chaitheamh i gcónaí agus iad ar deic oscailte nó i gcónaí ar shoithí oscailte nach bhfuil iostas taobh istigh acu. Tá feidhm ionann aige seo cé acu atá an bád ar farraige, sa chuan nó ag teacht anonn is anall óna feistiú. Ina theannta sin, cuireann na Rialacha Loingis Tráchtála (Gléasanna Tarrthála), 1967 agus na Rialacha Loingis Tráchtála (Gléasanna Tarrthála) (Leasú), 1999 iallach ar chaptaen an tsoithigh a chinntiú go bhfuil na seaicéid tarrthála uile ar chaighdeán sásúil. Ciallaíonn sin gur chóir go mbeadh comhartha na ceannlitreacha "CE" curtha ar gach seaicéad tarrthála nó gaireas snámha pearsanta chun taispeáint go gcomhlíonann sé ordú an Aontas Eorpaigh ó 1996 ar chaighdeáin trealaimh sábháilteachta muirí.

Soithí Siamsúla

De réir an Achta Loingis Tráchtála 1992, arna leasú ag an Acht Loingis Tráchtála (Fiosrú Taismeach Muirí) 2000, is soitheach siamsúil é aon soitheach in úinéireacht phearsanta a úsáidtear go príomha le haghaidh spóirt nó caitheamh aimsire. Cuirtear soithí príobháideacha a ligtear ar cíos don tríú duine san áireamh freisin, ar choinníoll go mbeadh na cíosóirí amháin á oibriú agus nach mbeadh gá le foireann chun é a oibriú.

Soithí Siamsúla a thiomáintear go meicniúil

Tá úsáid trealaimh sábháilteachta ar aon soitheach siamsúil a thiomáintear go meicniúil faoi réir ag na Rialacháin Loingis Tráchtála (Soithí Shiamsúla a thiomáintear go meicniúil) (Sábháilteacht), 2001. Cuirtear báid mhótair, báid chumhacht-thiomáinte, báid chumhacht-thiomáinte luais (atá in ann taisteal ar luas 17 muirmhíle) agus soithí uisce phearsanta, orthu a nglaoitear scaird-scíonna, san áireamh.

De réir na Rialacha, ní mór do gach bád mótair agus bád chumhacht-thiomáinte seaicéad tarrthála nó gaireas snámha pearsanta le haghaidh gach duine atá ar bord a chur ar fáil. Ní mór d'aon duine atá ag úsáid soitheach uisce pearsanta nó scaird-scí seaicéad tarrthála nó gaireas snámha pearsanta a chaitheamh i gcónaí. Ní mór freisin d'aon duine atá ar théad ag bád mótair nó bád chumhacht-thiomáinte seaicéad tarrthála nó gaireas snámha pearsanta a chaitheamh i gcónaí.

Tá feidhm ag teorainneacha aoise áirithe i gcás úsáide seaicéid tarrthála nó gairis snámha pearsanta ar soithí siamsúla a thiomáintear go meicniúil. Ní mór do gach duine faoi bhun 16 bliana d'aois seaicéad tarrthála a chaitheamh i gcónaí agus iad ar bhád mótair nó chumhacht-thiomáinte oscailte, nó nuair a bhíonn siad ar deic má tá iostas taobh istigh ag an mbád mótair nó chumhacht-thiomáinte.

Tá feidhm ag teorainneacha aoise áirithe i gcás úsáide soithí siamsúla a thiomáintear go meicniúil freisin. De réir na Rialacháin, tá sé mídhlíthiúil d'aon duine faoi bhun 16 bliana d'aois bád chumhacht-thiomáinte luais nó scaird-scí a oibriú nó a stiúradh. Tá sé mídhlíthiúil do dhaoine faoi bhun 12 bhliain d'aois aon soitheach siamsúil a thiomáintear go meicniúil le hinneall níos cumhachtaí ná 3.7 cileavatanna a oibriú nó a stiúradh.

Cuirtear teorainn le caitheamh alcóil nó drugaí ar bord ag na rialacháin freisin. Níl cead ag daoine atá ag oibriú báid chumhacht-thiomáinte luais nó scaird-scí alcól nó drugaí a chaitheamh, agus ní mór d'aon duine atá ar bord aon soitheach siamsúil a thiomáintear go meicniúil atá ag caitheamh alcóil nó drugaí iad a chaitheamh sa chaoi nach gcuireann sé isteach ar shábháilteacht nó nach dtarraingíonn sé achrann ar an duine atá ag stiúradh an tsoithigh. Má dhéantar a leithéid de choir, tá úinéir an tsoithigh agus an duine a bhí ag stiúradh ag an am araon infhíneáilte de suas le 1,270 euro nó suas le sé mhí príosúin nó an dá rud ar chiontú achomair.

Spóirt uisce agus traenáil bhádóireachta shiamsúil

Is é Cumann Seoltóireachta na hÉireann (CSE) an Chomhairle Rialaithe Náisiúnta (CRN) a fheidhmíonn ar son seoltóireachta, surfáil gaoithe, bádóireacht chumhacht-thiomáinte agus soithí uisce phearsanta in Éirinn. Tugann sé comhairle ar gach gné de shábháilteacht bádóireachta agus tá sraith fothuithe múinteoireachta aige a chuireann traenáil ar fáil do gach saghas soithí siamsúil in Éirinn. Cuireann an traenáil seo cúrsaí in oibriú báidín calaidh, báid chíle, catamarain, báid chumhacht-thiomáinte, soithí uisce phearsanta nó scaird-scíonna agus cláir surfáil gaoithe san áireamh. Cuirtear cúrsaí ar fáil chomh maith i dteacht chun bheith i do Luamhaire i bhFarraige nó Ar Tír.

Trealaimh raidió

  • Loing thrádála

Faoi na Rialacha um Loingeas Trádála (Raidió), 1992, ní mór do gach long paisinéirí nó lasta de 300 olltonna nó níos mó trealamh raidió a insealbhú faoi réir ag na riachtanais atá ag an gCóras Domhanda Guaise agus Sábháilteachta Muirí. Ní mór go mbeadh sé ar chumas an trealaimh raidió cineálacha éagsúla teachtaireachtaí raidió a tharchur agus a ghlacadh, ina measc teachtaireachtaí guaise, práinne agus sábháilteachta, eolas meitéareolaíoch agus comhfhreagras poiblí. Chomh maith, ní mór go mbeadh an trealamh in ann comharthaí aimsithe a tharchur agus a ghlacadh.

  • Soithí Iascaireachta

Faoi na Rialacháin um Shoitheach Iascaireachta Loingis Thrádála (Trealaimh Raidió), 1998, ní mór do gach soitheach iascaireachta cláraithe trealamh raidió a insealbhú faoi réir ag na riachtanais atá ag an gCóras Domhanda Guaise agus Sábháilteachta Muirí. Tá an tAonad um Ghnóthaí Raidió Muirí (AGRM) aonad san Oifig Shuirbhéireachta Mara den Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nadúrtha, freagrach as cur i bhfeidhm na Rialacha agus na Rialacháin seo agus freagrach freisin as suirbhéireacht agus cigireacht a dhéanamh ar threalaimh raidió chomh maith le Teastais Sábháilteachta Raidió a eisiúint. Is féidir leis an AGRM suirbhéireacht agus cigireacht a dhéanamh ar shoithí atá Cláraithe Thar Lear agus sna cásanna sin, déantar an obair seo faoi réir ag na caighdeáin atá leagtha síos ag an gCoinbhinsin um Shábháilteacht Anama ar Muir den Eagraíocht Idirnáisiúnta Muirí. Sa chás go ndéantar cinneadh go bhfuil an soitheach ag sárú aon cheann de na Rialacha, Rialacháin agus caighdeáin thuasluaite agus má dhéanann Suirbhéir Raidió cinneadh go bhféadfadh mórthionchar a bheith ag an sárú seo ar shábháilteacht an tsoithigh ar muir, tá sé de chumhacht ag an Suirbhéir an soitheach seo a choinneáil go dtí go bhfuil an scéal curtha ina cheart.

Ceadúnais Raidió

An tAcht Raidió-Thelegrafaíochta, 1926 a rialaíonn ceadúnais do chórais raidió muirí. Cuireann an Coimisiún um Rialachán Cumarsáide an tAcht seo i bhfeidhm agus i gcás na gcóras raidió muirí, cuireann an AGRM comhairle theicniúil ar fáil don Choimisiún. Ní mór go mbeadh Ceadúnas Raidió Loinge ag gach long a bhfuil córas raidió insealbhaithe ann. Cé nach gá d’úinéirí báid áinsesa mar shampla, luaimh, cúrsóirí seoltóireachta, cúrsóirí mótair, córas raidió a insealbhú, má roghnaíonn siad córas raidió a insealbhú ní mór dóibh freisin Ceadúnas Raidió Loinge a iompar ar bord. Eisíonn an Coimisiún Ceadúnais Raidió Loinge nuair atá cead teicniúil faighte ón AGRM. Ní mór d'iarrthóir ceadúnais sonraí teicniúla an trealaimh raidió atá insealbhaithe ar an soitheach a sholáthar agus is féidir na foirmeacha iarratais seo a fháil ar shuíomh idirlín na Roinne, nó ar shuíomh idirlín an Choimisiúin. Ní mór go mbeadh ar a laghad oibreoir raidió mara cáilithe amháin ar gach soitheach a bhfuil trealamh raidió insealbhaithe air. Braitheann cáilíocht(aí) an oibreora/na n-oibreoirí ar roinnt cuinsí, san áireamh leibhéal an trealaimh raidió insealbhaithe agus ceantar trádála an tsoithigh. Tá sonraí ar fáil maidir le ceadúnais d'oibreoirí raidió, Soláthraithe Cúrsaí Traenála agus Scrúdaitheoirí Raidió, ar fáil ar shuíomh idirlín na Roinne.

Longa paisinéirí agus longa lasta

De réir na Rialacha Sábháilteachta Muirí (Raidió) 1992, ní foláir do gach long phaisinéirí nó long lasta atá ag cur chun na farraige dhá chóras cumarsáide raidió ar leith a chur isteach. Ní bhaineann na rialacha le soithí shiamsúla atá i seilbh duine aonair nó le soithí loingis mar luaimh a n-úsáidtear le haghaidh siamsaíochta amháin.

Ní mór don dá chóras raidió a bheith ábalta mórán teachtaireachtaí éagsúla - mar comharthaí guaise, teachtaireachtaí cuardaithe agus tarrthála, comharthaí aimsiuithe, agus teachtaireachtaí ó long go long, teachtaireachtaí "droichead-go-droichead" a chuirtear ó lárionad stiúrtha loinge amháin go ceann eile san áireamh - a tharchur agus a ghlacadh.

Stiúrann Aonad Cúrsaí Raidió Muirí (ACRM) an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainn Nádúrtha na rialacha seo. Tá an ACRM freagrach as tástálacha agus scrúduithe trealaimh a dhéanamh de réir na Rialacha Sábháilteachta Muirí (Raidió) 1992. Tá an ACRM freagrach as caighdeáin áirithe trealaimh a chinntiú faoi mar a cheap an Roinn iad chomh maith. Agus é ag tástáil nó ag scrúdú soithí atá cláraithe thar lear, cuimhníonn an ACRM ar chaighdeáin an Chumainn Muirí Idirnáisiúnta (CMI). Muna bhfuil ceann den dá chóras raidió ar bord soithí ag feidhmiú, ní mheasfar go bhfuil an soitheach ag sárú na dlíthe ach ligfear dó leanúint ar aghaidh ar a aistear ar choinníoll gurb fhéidir leis an gcóras raidió eile atá ar bord an chumarsáid riachtanach uile a dhéanamh. Is féidir an córas a dheisiú ansin nuair a shroicheann an soitheach a cheann scríbe.

Bealaí uisce intíre

Coimeádtar bealaí uisce intíre in Éirinn do shoithí siamsúla agus scíthe, toisc go bhfuil cosc ar thrácht tráchtála nó lasta ar chanálacha agus aibhneacha na hÉireann. Cuireann comhlachtaí phríobháideacha turais báid ar fáil chomh maith le báirsí ar cíos ar na bealaí uisce seo.

Ní gá le ceadúnas chun bád a oibriú ar bhealaí uisce intíre mar aibhneacha agus canálacha in Éirinn. Má tá bád do do chuid féin agat, áfach, ní mór duit é a chlárú le Bealaí Uisce Éireann. Tá clárú saor in aisce agus má cheannaíonn tú an bád ar athlámh, tá seans go mbeadh sé cláraithe cheana féin.

Rataí

Tá sé de dhualgas ar an gCoimisiún Rialacháin Cumarsáide (ComReg) ceadúnais raidió a eisiúint. Cosnaíonn an ceadúnas 3.81 euro agus caithfear é a athnuachan gach uile bhliain.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Bealaí Uisce Éireann

20 Sráid Darling
Inis Ceithleann
BT74 7EW
Fear Manach
United Kingdom

Teil:+44 28 66323004
Facs:+44 28 66346237
Láithreán Gréasáin: http://www.waterwaysireland.org
R-phost: info@waterwaysireland.org

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 October 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Sábháilteacht Trealamh Cosanta Pearsanta
    Ní foláir do threalamh cosanta pearsanta an tsláinte a chaomhnú agus sábháilteacht úsáideoirí a chinntiú. Insíonn an cháipéis seo duit an dlí atá ann maidir le trealamh cosanta pearsanta.
  • Ceadúnais Iascaireachta
    Teastaíonn ceadúnas iascaireachta Stáit más mian leat páirt a ghlacadh i gcuid de na himeachtaí iascaireachta in Éirinn. Tá eolas ar fáil anseo maidir le conas iarratas a dhéanamh ar cheadúnas agus cén áit leis an iarratas sin a dhéanamh.
  • Tránna agus Poirt le Bratach Ghorm in Éirinn
    Dámhachtain idirnáisiúnta í an Bhratach Ghorm a bhronntar ar thránna agus ar phoirt a léiríonn caighdeáin mhaithe timpeallachta agus áiseanna maithe sláintíochta agus sábháilteachta.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.