Print Page Send to a Friend

An Clár Go For Life

Eolas

Go for Life

Is é an clár Go for Life an clár náisiúnta spóirt agus imeachtaí fisiciúla do dhaoine atá níos sine in Éirinn. Tá sé mar aidhm ag an gclár níos mó daoine aosta a spreagadh le páirt a ghlacadh i spórt agus in imeachtaí fisiciúla.

Tá ceithre ghné faoi leith ag an gclár Go for Life.

  • An Clár Maireachtála Gníomhaí
  • An Clár Rannpháirtíochta Spóirt
  • An Scéim Náisiúnta Deontais um Spórt agus Imeachtaí Fisiciúla do Dhaoine Aosta
  • Nuachtlitir, bileoga fíricí agus eolas a chur ar fáil atá dírithe ar dhaoine a chur ar an eolas maidir leis na buntáistí a bhaineann le himeachtaí fisiciúla agus maidir le deiseanna rannpháirtíochta.

An Clár Maireachtála Gníomhaí

Tá sé mar aidhm ag an gClár Maireachtála Gníomhaí níos mó daoine a spreagadh le páirt a ghlacadh in imeachtaí fisiciúla atá go maith don tsláinte agus cuirtear an clár i bhfeidhm i gcomhair leis na hOifigigh um Chothú Sláinte ó na boird sláinte.

Cuirtear traenáil in imeachtaí fisiciúla le daoine níos sine ar theagascóirí Go for Life i ngach ceantar boird sláinte. Bíonn teagascóirí ar fáil ansin le traenáil a chur ar stiúrthóirí áitiúla imeachtaí fisiciúla. Is iondúil gur baill de ghrúpaí pobail iad na stiúrthóirí, mar shampla cumann pinsinéirí gníomhacha nó oibrithe in ionad lae.

Tá fáil ar theagascóirí agus ar stiúrthóirí go háitiúil le:

  • Labhairt le grúpaí pobail de dhaoine aosta maidir leis na bealaí gur féidir leo páirt a ghlacadh in imeachtaí fisiciúla (tugtar Taispeántais Go for Life orthu seo)
  • Ceardlanna atá dírithe ar stiúrthóirí deonacha imeachtaí fisiciúla a reachtáil.

Bíonn meascán de ghnéithe teoirice agus praiticiúla sna ceardlanna atá dírithe ar chonas is féidir páirt sábháilte a ghlacadh i réimse imeachtaí.

Tá gné eile den Chlár Maireachtála Gníomhaí Go for Life dírithe ar fhoireann phroifisiúnta in ionaid siamsaíochta. Is ceardlann é Cláracha do Dhaoine Aosta atá curtha le chéile le deis a thabhairt do na hionaid siamsaíochta cláracha imeachtaí fisiciúla a chur i bhfeidhm atá feiliúnach do riachtanais na ndaoine aosta.

Clár Rannpháirtíochta Spóirt

Tá sé mar aidhm ag an gclár seo rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt i measc daoine aosta a spreagadh.

Scéim Náisiúnta Deontais um Spórt agus Imeachtaí Fisiciúla do Dhaoine Aosta

Togra Rialtais é an Scéim Náisiúnta Deontais um Spórt agus Imeachtaí Fisiciúla do Dhaoine Aosta a bhfuil sé mar aidhm aige daoine aosta sa phobal a spreagadh le páirt a ghlacadh sa spórt agus i ngníomhaíocht fhisiciúil.

Tá an scéim dírithe ar

  • Cúnamh a thabhairt do chlubanna/eagraíochtaí cur leis na deiseanna atá ann cheana dá mbaill páirt a ghlacadh sa spórt siamsaíochta agus in imeachtaí
  • Cúnamh a thabhairt do chlubanna/eagraíochtaí tograí nua a chur i bhfeidhm atá dírithe ar dhaoine aosta a mhealladh le páirt a ghlacadh sa spórt siamsaíochta agus in imeachtaí.

Nuachtlitir Go for Life

Foilsítear Nuachtlitir Go for Life faoi dhó sa bhliain agus tá sé ar fáil saor in aisce do ghrúpaí pinsinéirí gníomhacha agus do ghrúpa eile de dhaoine aosta.

Where To Apply

Go for Life

Institiúid Oideachais Marino
Griffith Avenue
Baile Atha Cliath 9
Éire

Teil:+353 (0)1 805 7733
Láithreán Gréasáin: http://ageandopportunity.ie/physical-activity-sport
R-phost: gfl@ageandopportunity.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 July 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Grúpaí Gníomhaíochta Lucht Scoir
    Déantar cur síos anseo ar na h'eagraíochtaí éagsúla atá ann chun tacaíocht leis an aostach agus chun cabhrú leo páirt níos mó a ghlacadh i saol na tíre.
  • Clubanna Óige in Éirinn
    Grúpaí áitiúla do dhaoine óga iad clubanna óige agus bíonn imeachtaí siamsaíochta agus oideachais mar chuid de chláracha na gclubanna óige.
  • Cláir chun feasacht faoi alcól a fhorbairt
    Cuireann an doiciméad seo síos ar na cláir éagsúla chun feasacht faoi alcól a fhorbairt, a bhfuil sé mar chuspóir acu daoine a chur ar an eolas faoin mbaol atá ag an ólachán iomarcach, agus meon freagrach i leith alcóil a chur ar aghaidh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.