Rialaíonn Iascaigh Intíre na hÉireann cúrsaí slatiascaireachta in Éirinn, comhlacht Stáit a bunaíodh i mí Iúil 2010 tar éis chónascadh an Príomh-Bhoird Iascaigh agus na Boird Iascaigh Réigiúnacha mar aon ghníomhaireacht amháin. Is é an phríomhfheidhm atá ag Iascaigh Intíre na hÉireann ná comhairle a chur ar an Aire maidir le beartas a bhaineann le caomhnú, cosaint, bainistíocht, forbairt agus feabhsú iascaigh intíre agus slatiascaireachta mara. Cinntíonn sé go gcloítear le dlíthe iascaigh náisiúnta agus áitiúla in uiscebhealaí intíre agus amach chomh fada leis an teorainn iascaigh 12 mhíle amach ón gcósta. Cinntíonn sé freisin go dtugtar cosaint agus go gcaomhnaítear acmhainní iascaigh na hÉireann.
Tá an iascaireacht duáin in Éirinn roinnte sna rannóga seo a leanas: garbh, spórt, farraige, liús, agus breac. I measc na ngnéithe éisc atá faoi chosaint in Éirinn tá bradán, breac geal, bass farraige, iasc sliogánach, eascann agus iasc uisce locha ar fad. Teastaíonn ceadúnais ón Stát le dul ag iascaireacht bradáin nó breac geal in aon chuid den tír.
Cuireann truailliú uisce, márú éisc agus fadhbanna eile isteach ar dhaonra éisc i mbealaí uisce intíre. Tá clár bainistiú stoic éisc ag an bPríomh-Bhord Iascaigh le daonra éisc in áiteanna a d'fhulaing a thabhairt ar ais. Baineadh úsáid freisin as bainistiú stoic éisc le stádas na hiascaireachta a ardú agus le dul i ngleic le ceisteanna maidir le cosaint agus caomhnú na ngnéithe. Léigh tuilleadh faoi fheirmeacha éisc in Éirinn anseo.
Tá baint ag an Iascach Intíre Éireann, ag Cabhlach na hÉireann, ag an Aer Corps agus an Garda Síochána ar fad i gcaomhnú na n-acmhainní iascaireachta in uiscí intíre agus i bhfarraigí na hÉireann. Sa bhliain 1996 bunaíodh plean náisiúnta patróil ar mhaithe le comhordnú a dhéanamh ar an obair chosanta agus faire.
Tá sé mar aidhm ag na seirbhísí patróil agus faire cosc a chur ar ghníomhaíocht mhídhleathúil tríd a bheith i láthair agus le feiceáil chomh minic agus is féidir in uiscí agus farraigí agus leis an dlí a chur orthu siúd a bhriseann é, líonta mídhleathacha, trealamh, gléas iascaireachta agus an t-iasc féin a thógáil.
Tháinig córas i bhfeidhm in Éirinn sa bhliain 2000 le cluaisíní a chur ar bhradáin agus tuairisc a choinneáil ar gach márú tráchtála agus spóirt. Tá an córas seo cosúil le córais atá i bhfeidhm i gCeanada, sa Fhrainc, sa Spáinn agus i Stáit Aontaithe Meiriceá. Cuireann an córas cluaisíní seo staitisticí tábhachtacha ar fáil maidir le máruithe agus tuairim maidir le leibhéal stoic sna haibhneacha.
Is féidir tuilleadh eolais faoi rialacháin iascaigh a fháil anseo.
Is gá Ceadúnas Stáit a fháil chun iascaireacht a dhéanamh i gcomhair bradán agus breac geal. Is féidir leat ceadúnas a cheannach ar feadh lá amháin nó suas chomh fada le bliain. Tá faisnéis faoin réimse ceadúnais atá ar fáil agus faoin gcostas a bhaineann leo ar láithreán slatiascaireachta Iascaigh Intíre na hÉireann, áit ar féidir leat an ceadúnas a cheannach ar líne.
Cé go bhfuil gá le ceadúnas chun iascach i gcomhair bradán agus breac geal, ní chiallaíonn sé go bhfuil tú i dteideal iascach. Is iondúil go mbíonn gá le ceadúnais nó cead iascaigh ó úinéirí iascaigh freisin, agus ní mór é sin a fháil as féin. Go ginearálta, cosnaíonn ceadúnas iascaigh idir €20 agus €50 in aghaidh an lae.
Téigh i dteagmháil le do shiopa áitiúil iascaireachta, d’Oifig Áitiúil Iascaigh nó le Iascaigh Intíre na hÉireann chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi cheadúnais agus slatiascaireacht i do cheantar.
29-31 Bóthar Adelaide
Baile Átha Cliath 2
ÉIRE
Teil:+353 1 678 2000
Lóghlao:1890 449 900
Facs:+353 1 678 2449
Láithreán Gréasáin: http://www.dcenr.gov.ie/
Aonad 4
Páirc Gnó Shoird
Shoird
Baile Átha Cliath
Éire
Teil:+353 1 884 2600
Facs:+353 1 836 0060
Láithreán Gréasáin: http://www.fisheriesireland.ie/
R-phost: info@cfb.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.