Is gné faoi chosaint in Éirinn iad fianna faoin Acht um Fhiabheatha, 1976 (leasaithe) agus is coir throm í seilg a dhéanamh orthu gan ceadúnas. Déanann saoistí cosanta atá fostaithe ag an tSeirbhís Pháirceanna Náisiúnta agus Fiabheatha (SPNF) bainistíocht ar na fianna fiáine in Éirinn, ina measc tá fia rua, fia fionn, Sika agus fia croschineálach. Is cuid den Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil é an SPNF.
Braitheann an méid ceadúnas seilge fia fiáin a eisítear in Éirinn ó bhliain go bliain ar an éileamh a bhíonn ann lena naghaidh agus ar bhainistíocht na bhfianna. Tagann athrú freisin ó bhliain go bliain ar an séasúr oscailte in Éirinn ag brath ar an áit agus ar an gcineál fia atá i gceist - sa bhliain 2003/2004 mar shampla, bhí an séasúr ann ón 1 Meán Fómhair 2003 go dtí an 28 Feabhra 2004. Taobh amuigh den séasúr oscailte seilge is féidir le húinéirí talún iarratas a dhéanamh ar cheadúnas faoi Rannóg 42 leis an méid fianna ar a dtalamh a ghearradh siar má tá damáiste dhá dhéanamh acu.
Is mar seo a leanas a bhí an Séasúr Oscaile in Éirinn don bhliain 2003/2004:
| Fianna | Átha Cliath agus Cill Mhantáin | Ciarraí | Gach Contae Eile |
| Ruaphoc | 1 Meán Fómhair go 28 Feabhra | Gan aon séasúr | 1 Meán Fómhair go 28 Feabhra |
| Fia rua baineann | 1 Samhain go 28 Feabhra | Gan aon séasúr | 1 Samhain go 31 Eanáir |
| Sika Fireann | 1 Meán Fómhair go 28 Feabhra | 1 Meán Fómhair go 28 Feabhra | 1 Meán Fómhair go 28 Feabhra |
| Sika Baineann | 1 Samhain go 28 Feabhra | 1 Samhain go 28 Feabhra | 1 Samhain go 31 Eanáir |
| Poc Fionn | 1 Meán Fómhair go 28 Feabhra | 1 Meán Fómhair go 28 Feabhra | 1 Meán Fómhair go 28 Feabhra |
| Fia Fionn Baineann | 1 Samhain go 31 Eanáir | 1 Samhain go 28 Feabhra | 1 Samhain go 31 Eanáir |
Déanann An tSeirbhís Pháirceanna Náisiúnta agus Fiabheatha próiseáil ar iarratais ar cheadúnais seilge fia taobh istigh de 20 lá oibre. Eisítear na ceadúnais gan aon táille a ghearradh, ach tá rialacha áirid nach mór a chloí leo.
Ní mór duit do dháta breithe a chur ar fáil.
Beidh an t-eolas seo a leanas ar an gceadúnas seilge fia a eisíonn an tSeirbhís Pháirceanna Náisiúnta agus Fiabheatha duit:
Más mian leat ceadúnas seilge fia a fháil, ní mór duit sonraí maidir le d'arm tine (gunna) a chur ar fáil leis an iarratas ar cheadúnas fia. Eisíonn Coimisinéir na nGardaí ceadúnais arm tine do ghunnaí a úsáidtear le fia a sheilg tríd an stáisiún áitiúil Garda. Baineann srianta tábhachtacha le húsáid agus scaoileadh na n-arm dáinséarach seo.
D'fhéadfadh sé go mbeadh an Garda áitiúil ag iarraidh ort fianaise a chur ar fáil go bhfuil slándáil chuí agat sa teach, uimhreacha fóilió má tá an t-arm le scaoileadh ar do chuid talún agus ceadúnas seilge fia roimh a chuireann siad teastas airm tine ar fáil duit. Más rud é nach úinéir talún thú d'fhéadfadh sé go mbeadh ort fianaise scríofa a chur ar fáil ó thriúr úinéir talún go bhfuil cead agat seilg a dhéanamh ar a dtalún chomh maith le ceadúnas seilge fia roimh dóibh teastas airm tine a eisiúint duit.
Ní ghearrtar aon táille ar cheadúnais seilge fia.
Líon isteach na gnáth fhoirmeacha ar Cheadúnas Fia (atá ar fáil ón tSeirbhís Pháirceanna Náisiúnta agus Fiabheatha - féach "Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas"). Muna bhfuil sé i gceist agat seilg a dhéanamh ar do thalamh féin ní mór duit fianaise i scríbhinn a chur ar fáil ón úinéir talún ag taispeáint go bhfuil cead agat seilg a dhéanamh ar a c(h)uid talún agus go bhfuil fianna ar an talamh sin.
Ní ghlactar le hiarratais ach amháin ar ghnáth fhoirm iarratais atá líonta go hiomlán agus atá bailí don séasúr seilge sa bhliain áirid sin. Eisítear an fhoirm iarratais chuig daoine a bhfuil ceadúnais acu cheana go bliantúil.
Déanfaidh an tSeirbhís Pháirceanna Náisiúnta agus Fiabheatha scrúdú ar an iarratas, chomh maith leis an gcead atá faighte agat ó úinéir na talún. Má bhí ceadúnas seilge fia agat an bhliain roimhe, iarrtar ort sonraí maidir leis na fianna a mharaigh tú an bhliain roimhe (admhálacha mála) a bhreacaigh síos ar an bhfoirm iarratais nua. Déanann saoistí cosanta atá fostaithe ag an tSeirbhís Pháirceanna Náisiúnta agus Fiabheatha ar fud na tíre cinnte go bhfuil na ceadúnais chuí seilge fia ag daoine atá ag seilg. Déanann saoistí iarratais ar cheadúnais nua a scrúdú freisin.
Tá tú féin freagrach as a bheith cinnte go bhfuil an ceadúnas cuí seilge fia agat agus arm tine den chailibre cuí. Cuirfear an dlí ort má bhíonn tú ag seilg fia le harm tine nach bhfuil feiliúnach nó má bhíonn tú dhá seilg ar aon bhealach eile.
An tÚdarás Clárúcháin Maoine
Sraid na Seansaireachta
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:(01) 670 7500
Lóghlao:1890 333 001
Facs:(01) 804 8074
Láithreán Gréasáin: http://www.landregistry.ie
R-phost: webmaster@prai.ie
Páirceanna Náisiúnta agus Fiabheatha
7 Plás Ely
Dublin 2
Ireland
Teil:+353 (0)1 888 2000
Lóghlao:1890 202 021
Facs:+353 (0)1 888 3272
Láithreán Gréasáin: http://www.npws.ie/
R-phost: natureconservation@environ.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.