Gradam idirnáisiúnta comhshaoil is ea an Bhratach Ghorm a bhronntar ar thránna agus ar mhuiríní ar fud an domhain a léiríonn dea-chaighdeáin chomhshaoil agus áiseanna maithe sláintíochta agus sábháilteachta. Bronann an Fhondúireacht um Oideachas Comshaoil (FOC), eagraíocht neamhspleách neamhbhrabúis, an gradam seo. Tá an Bhratach Ghorm i bhfeidhm i mbreis agus 45 tír go hidirnáisiúnta. Is féidir leat faisnéis a fháil ar na tránna agus ar na muiríní in Éirinn a bhain gradaim amach ar láithreán gréasáin an Taisce.
In Éirinn, is iad an Taisce a fheidhmíonn an Bhratach Ghorm. Feidhmíonn an Taisce, freisin, scéim Gradaim um Chósta Ghlas do thránna a bhaineann caighdeáin cháilíocht uisce an AE amach ach a choimeádann a gcomhshaol nadúrtha gan mhilleadh. Is féidir leat an cháilíocht uisce a dheimhniú ag na 131 limistéar sannta atá in Éirinn ag www.bathingwater.ie.
Bronntar Bratach Ghorm ar thrá nó ar phort ar feadh séasúir amháin (Iúil go Lúnasa).
Ní mór cloí le 29 critéar a bhaineann leis na hábhair seo a leanas le Bratach Ghorm Eorpach a fháil:
Ní mór do thránna Eorpacha:
Tá sé riachtanach cloí leis na critéir sin thuasluaite le Bratach Ghorm a fháil.
Chomh maith, ní féidir aon fheamainn ná fásra a fhágáil le bailiú agus le feo ar an trá, ach amháin in áiteanna atá curtha ar leataobh don úsáid sin agus chomh fada agus nach gcuireann sé isteach ar dhaoine (níl ansin ach treoir).
Ní mór fógra poiblí a dhéanamh láithreach má bhíonn an trá nó cuid de truaillithe ná má tá baol truaillithe ann nó má tá sí míshábháilte ar bhealach eile. Ní mór go mbeadh sé leagtha síos i bplean éigeandála na trá cén chaoi a ndéanfar na fógraí poiblí sin a éisiúint i gcásanna mar seo.
Ní mór go mbeadh eolas le feiceáil ag an bpobal mar chuid den eolas turasóireachta ar an trá maidir le ceantair íogaire nádúir sa chrios cósta, an fásra agus ainmhithe san áireamh. Ba cheart go mbeadh comhairle tugtha d’úsáideoirí na trá cén chaoi len iad féin a iompar sna ceantair sin.
Ní mór don té atá i gceannas na trá a bheith sásta:
Ba cheart go mbeadh an pobal áitiúil in éineacht leis an té atá i gceannas na trá in ann a thaispeáint go bhfuil ar a laghad cúig imeacht oideachasúil timpeallachta dhá chur ar fáil ag an trá.
Ní mór go mbeadh dlíthe a bhaineann le húsáid na trá curtha ar fáil go héasca don phobal má iarrtar iad, mar shampla, in oifigí turasóireachta, i halla an bhaile nó ar an trá. Chomh maith leis sin, ní mór cód iompair do cheantar na trá a chrochadh ar an trá.
Ba cheart go mbeadh Ionad Mínithe Timpeallachta sa phobal áitiúil nó áit bhuan oideachasúil timpeallachta den chineál sin a bhíonn ag plé le timpeallacht an chósta (níl anseo ach treoir). Is féidir Bratach Ghorm a bhronnadh ar ionad den chineál seo má chuireann sé eolas maidir leis an mBratach Ghorm ar fáil agus má bhíonn sé ag feidhmiú mar lárionad d'imeachtaí timpeallachta oideachasúla don phobal maidir leis an gcósta agus leis an bhfarraige.
Ní mór go mbeadh plean um úsáid talún agus plean forbartha ag an bpobal áitiúil don chrios cósta. Ní mór don phlean seo agus imeachtaí reatha an phobail sa chrios cósta cloí le rialacháin phleanála agus rialacháin um chosaint an chrios chósta. Má tá an pobal fíor bheag d’fhéadfadh an plean a bheith mar chuid de phlean réigiúnda níos mó.
Ní mór go mbeadh dóthain boscaí brúscair ar an trá, iad coinnithe go daingean agus cothabháil rialta déanta orthu chomh maith len iad a fholamhú go rialta. Ní mór go mbeadh soláthar cuí déanta le brúscar, algaí agus ábhar truaillithe eile a bhailiú ón trá agus ní mór fáil réidh leis an mbrúscar ón trá in ionad ceadúnaithe.
Ní mór go mbeadh an trá glanta go laethúil i rith an tséasúir snámha nuair is cuí. Tá cosc ar na nithe seo a leanas ar an trá:
Ní mór go mbeadh áiteanna faoi leith curtha ar leataobh le cairr a phárcáil ar na tránna gur féidir cairr a thiomáint orthu, áiteanna a bheith leagtha amach nach féidir tiomáint orthu agus níl aon chead ag am ar bith go mbeadh cairr thíos ag béal na farraige. Chomh maith leis sin, ní mór go mbeadh rochtain sábháilte ann chuig an trá.
Ní mór bainistiú a dhéanamh ar úsáideoirí agus úsáidí éagsúla na trá le timpistí agus easaontas a sheachaint.
Má tá ceantair nadúrtha ar imeall na trá ba cheart céimeanna a thógáil le droch thionchar óna úsáid agus ó thrácht ag teacht agus ag imeacht ón trá agus a farraigí a sheachaint.
Ní mór go mbeadh áiseanna sláintíochta cuí agus glan ag an trá le córas séarachais smachtaithe a chloíann leis na riachtanais atá leagtha síos sna critéir a bhaineann le Treoir um Uisce Séarachais Uirbigh an AE.
Chomh maith, moltar gur ceart go mbeadh áiseanna ag an trá d'ábhair bhrúscair inathchúrsáilte, buidéil ghloine agus cannaí mar shampla agus go gcuireann an pobal áitiúil chun cinn córas iompair i gceantar na trá atá cairdiúil don timpeallacht, rothaíocht, siúlóid agus córas iompair phoiblí mar shampla.
Ní mór go mbeadh maoir trá ar dhualgas i rith an tséasúir snámha agus/nó soláthair chuí sábháilteachta, trealamh tarrthála agus treoracha lena úsáid chomh maith le fáil díreach ar theileafón.
Ní mór don trealamh tarrthála:
Mar an gcéanna, ní mór go mbeadh maoir trá traenáilte agus creidiúnaithe faoi réir ag na riachtanais náisiúnta leagtha síos ag údaráis nó ag cumainn phroifisiúnta.
Ní mór go mbeadh fáil éasca agus ar an bpointe ar theileafón sa chás nach bhfuil an trá faoi chúram na maor trá.
Ní mór go mbeadh garchabhair ar fáil ar an trá agus an áit ina bhfuil sé ar fáil a bheith feiceálach go maith.
Ní mór go mbeadh na dlíthe náisiúnta maidir le madraí, capaill agus ainmhithe tí curtha i bhfeidhm go dlúth ar an trá. I ngach cás ní mór smacht a choinneáil ar ainmhithe a thagann go dtí an trá agus ar a n-iompar agus iad i láthair.
Ní mór go mbeadh rampaí rochtana chuig an trá ag ar a laghad ceann de thránna an údaráis áitiúil chomh maith le leithris do dhaoine faoi mhíchumas, ach amháin sa chás nach féidir é seo a dhéanamh de bharr dinnseanchas na háite. Sa chás nach bhfuil ach trá amháin ag údarás áitiúil a bhfuil an Bhratach Ghorm bronnta uirthi ní mór go mbeadh rochtain agus áiseanna do dhaoine faoi mhíchumas ag an trá sin, ach amháin sa chás nach féidir é seo a dhéanamh de bharr dinnseanchas na trá.
Ní mór go mbeadh cothabháil chuí déanta ar fhoirgnimh agus trealamh ar an trá.
Moltar go mbeadh foinse uisce óil faoi chumhdach ag an trá.
Ní mór go mbeadh an t-uisce agus an talamh a bhaineann leis an bport glan (gan aon séarachas, ola ná brúscar & rl) - déantar eisceachtaí do chúrsaí aimsire anchúinse.
Ní ceart go mbeadh aon séarachas gan chóireáil ó bháid agus/nó ón talamh ag teacht isteach sa phort ná sa cheantar cósta lena thaobh.
Ba cheart go mbeadh eolas timpeallachta curtha ar fáil d'úsáideoirí an phoirt, eolas maidir le háiteanna leochailleacha gur ceart fanacht glan orthu nuair atá bád ag seoladh nó ar feistiú, ach amháin sa chás go meastar go ndéanfaí dochar don suíomh nó dá shamplaí dá gcuirfí an t-eolas sin ar fáil.
Ba cheart go mbeadh duine acmhainne fostaithe ag an bport go bhféadfaí dul i gcomhairle leis/léi maidir le ceisteanna timpeallachta agus maidir leis an mBratach Ghorm.
Moltar go mbeadh cód timpeallachta ag an bport agus go mbeadh critéir um Phort le Bratach Ghorm ar thaispeáint chomh maith le aon riachtanais náisiúnta breise in áit fheiceálach, gar don Bhratach Ghorm.
Ba cheart go mbeadh soithí éagsúla brúscair ag an bport le fáil réidh le ceimiceáin agus le hábhair chontúirteacha (mar shampla péint, tuaslagóirí, scríobhthaí báid, oibreáin frith-fostaithe, bladhairí). Chomh maith, ba cheart go mbeadh fáil éasca ar áiseanna le dramhola a ghlacadh ar an talamh, le neart comharthaí ag taispeáint cá bhfuil na háiseanna sin lonnaithe. Ba cheart go mbeadh áiseanna soghluaiste ar fáil le hola a ghlacadh freisin.
Ní mór go mbeadh dóthain áiseanna brúscair ag an bport agus bainstiú maith dhá dhéanamh orthu.
Moltar go mbeadh an port ag dul go maith leis an timpeallacht nádúrtha agus tógtha agus go mbeadh áiseanna pumpála bodharuisce curtha chun cinn. Chomh maith, moltar go mbeadh córas iompair phoiblí curtha ar fáil idir an port agus an ceantar uirbeach cónaithe is gaire má tá níos mó ná dhá chiliméadar idir an dá áit.
Ní mór go mbeadh na nithe seo a leanas ar fáil ag an bport:
Moltar freisin, go mbeadh dóthain pointí cumhachta agus soilse poiblí ag an bport. Ní mór go mbeadh gach suiteáil leictreachais ag an bport ag cloí le reachtaíocht náisiúnta.
Déanann an t-údarás áitiúil cuí iarratas ar Bhratach Ghorm dá thránna. Cuireann an t-údarás áitiúil an fhoirm chomhlánaithe (leis na cáipéisí faoi iamh) chuig an Giúiré Náisiúnta. Nuair is trá atá i gceist san iarratas ní mór go mbeadh sonraí maidir le huisce snámha ceadúnaithe ón mbliain roimhe curtha ar fáil i bhfoirm cháipéiseach in éineacht leis an iarratas.
Is é/í úinéir an phoirt atá freagrach as iarratas a dhéanamh ar Bhratach Ghorm a fháil bronnta ar an bport.
Le bheith intofa don Bhratach Ghorm ní mór do thrá/port na riachtanais uilig a chomhlíonadh agus, chomh maith leis sin, cuirtear san áireamh é má chomhlíontar uasmhéid na gcritéar treoirlíne.
Is iad seo a leanas baill an Ghiúiré Náisiúnta:
Déanann an Giúiré Náisiúnta iarratais a mheas le cinntiú go bhfuileadar ag cloí le critéir na Brataí Goirme agus ceadaíonn nó diúltaíonn sé an t-iarratas ag leibhéal náisiúnta. I gcásanna speisialta, is féidir leis an Giúiré Náisiúnta deonú a thabhairt. Cuireann an Giúiré Náisiúnta ar aghaidh ansin na hiarratais cheadúnaithe agus na deonuithe chuig an Giúiré Idirnáisiúnta.
Ná daoine seo a leanas atá ar an ngiúiré idirnáisiúnta:
Déanann an Giúiré Idirnáisiúnta meastóireacht roimh cinneadh deireanach a thógáil cé na tránna agus na poirt a mbronnfar an Bhratach Ghorm orthu don séasúr.
Is é An Taisce Giúire Náisiúnta na hÉireann.
An Taisce
5A Scabhat Swift
Sráid San Proinsias
Baile Átha Cliath
Éire
Teil:+353 (0)1 4002210
Facs:+353 (0)1 4002285
Láithreán Gréasáin: http://www.antaisce.org/education/BlueFlags/tabid/175/language/en-IE/Default.aspx
R-phost: blueflag@antaisce.org
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.