An Ceoláras Náisiúnta

Eolas

Tá an Ceoláras Náisiúnta lonnaithe i lár chathair Bhaile Átha Cliath bhí taibhithe ó roinnt de na taibheoirí is fearr ar domhan ar siúl ann, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon. Mar aon le ceol clasaiceach, bíonn taibhithe ceoldrámaí, ceoil thraidisiúnta, snagcheoil, ceolsiamsa agus ceol pobail ar siúl ann.

Is iad Ceolfhoireann Siansa Náisiúnta RTÉ atá mar an gceolfhoireann chónaitheach ag an gCeoláras.

Tá faisnéis ar fáil faoi fhéilire imeachtaí an Cheolárais Náisiúnta ar láithreán gréasáin an Cheolárais.

Ionad

Tá dhá phríomhspás taibhithe ag an gCeoláras. Tá 1,200 suíochán sa phríomh-halla éisteachta agus tá cáil air as ucht a fhuaime nádúrtha. Is féidir le Seomra John Field 250 suíochán a chur ar fáil don lucht éisteachta agus úsáidtear é go príomha do cheol aireagail, do cheoldrámaí i rith am lóin agus do cheadail níos lú.

Oideachas agus for-rochtain

Trína chlár imeachtaí ar an suíomh agus amach ón suíomh, cuireann an Ceoláras réimse fairsing de dheiseanna foghlama ar fáil do leanaí, do scoileanna, do mhic léinn cheoil agus do dhaoine eile. Faigh amach níos mó faisnéise faoina chlár oideachais.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Ceoláras Náisiúnta

Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:(01) 417 0077
Facs:(01) 417 0078
Láithreán Gréasáin: https://www.nch.ie
R-phost: info@nch.ie

Page edited: 9 December 2014