Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Caitheamh Aimsire in Éirinn > Institiúidí Cultúrtha > Leabharlann Chester Beatty

Print Page Send to a Friend

Leabharlann Chester Beatty

Eolas

Iarsmalann ealaíne agus leabharlann atá i Leabharlann Chester Beatty agus tá inti bailiúchán lámhscríbhinní agus ealaíne Oirthearaí agus Iartharaí. Tá an leabharlann lonnaithe i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Sa bhailiúchán tá paipéir ársa, ina measc, roinnt de na téacsanna is luaithe dá bhfuil ann den Bhíobla, mar aon le lámhscríbhinní ársa na Críostaíochta, priontaí agus leabhair chlóbhuailte Iartharacha.

Tá i Seomra Léimh na Leabharlainne ábhar tagartha a bhaineann leis na bailiúcháin.

Bailiúcháin

I measc bhailiúcháin na leabharlainne tá samplaí ionadaíocha d'oidhreacht an domhain (ealaíonta, reiligiúnach agus saolta) ó thart ar an tráth 2700 RCh go dtí céad na linne seo. Ina measc tá an méid a leanas:

Taispeántais

Cuirtear bailiúcháin na Leabharlainne i láthair in 2 thaispeántas bhuana:

  • Traidisiúin Naofa
  • Ealíona an Leabhair

Ina theannta sin, cuireann an Leabharlann taispeántais shealadacha speisialta ar siúl.

Seirbhísí oideachais

I measc na ngníomhaíochtaí oideachais ag an Leabharlann tá cainteanna, ceardlanna agus taispeántais do leanaí i dteicníochtaí atá le sonrú sna bailiúchain, ar nós callagrafaíochta, péintéireachta, clóbhuailte agus ceirdeanna eile, mar aon le turais agus le scannáin.

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil faoi sceideal na n-imeachtaí ar láithreán gréasáin na Leabharlainne.

Rialacha

Tá an Leabharlann ar oscailt idir:

  • 10.00r.n. agus 5.00i.n., ó Luan go hAoine, idir Bealtaine agus Meán Fómhair
  • 10.00r.n. agus 5.00i.n., ó Mháirt go hAoine, idir Deireadh Fómhair agus Aibreán
  • 11.00r.n. agus 5.00i.n. ar an Satharn
  • 1.00i.n. agus 5.00i.n. ar an Domhnach

Tá an Leabharlann dúnta an 1 Eanáir; Aoine an Chéasta; an 24, 25, 26 Nollaig agus gach Luan atá ina shaoire phoiblí.

Rataí

Tá cead isteach chuig an Leabharlann saor in aisce agus níl aon táille le híoc do na turais phoiblí go léir. Caith súil ar sceideal na n-imeachtaí le teacht ar tháillí ar imeachtaí eile.

Conas iarratas a dhéanamh

Más mian leat turas a shocrú, is féidir leat é a chur in áirithe ar líne.

Más mian leat an Seomra Léimh a úsáid, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Leabharlannaí Tagartha ag (01) 407 0750 nó leas a bhaint as an bhfoirm teagmhála ar líne.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Leabharlann Chester Beatty

Caisleán Átha Cliath
Dublin
Ireland

Teil:+353 (0)1 4070750
Facs:+353 (0)1 4070760
Láithreán Gréasáin: http://www.cbl.ie
R-phost: info@cbl.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 April 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
    Tá bailiúchán náisiúnta ealaíne na hÉireann agus bailiúchán sárshaothar ealaíne na hEorpa araon faoi dhíon Gailearaí Náisiúnta na hÉireann.
  • Áras Nua-Ealaíne na hÉireann
    Ta an Iarsmalann Nua-Ealaíne na hÉireann an príomh institiúid na tíre le haghaidh nua-ealaín.
  • Áiléar Crawford
    I measc bhailiúchán buan Áiléar Crawford tá saothair phéintéireachta agus ó dhealbhóireachta Éireannaí agus Eorpaí ón ochtú haois déag aniar chuig suiteálacha comhaimseartha fístéipe.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.