Amharclann na Mainistreach

Eolas

Is í Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath amharclann náisiúnta na hÉireann, a bhunaigh W.B. Yeats agus Lady Gregory i 1903. Chabhraigh sí le roinnt de na saothair amharclainne is fearr ar domhan a thaibhiú ó scríbhneoirí, fearacht J M Synge agus Seán O’Casey. Leanann sí le scríbhneoireacht nua a chothú, chomh maith le drámaíocht chlasaiceach Éireannach agus idirnáisiúnta a chur i láthair. Tá fáil ar fhéilire imeachtaí ar láithreán gréasáin na hAmharclainne.

Ionad

dhá halla ann in Amharclann na Mainistreach, stáitse na Mainistreach agus stáitse Peacock. Is é an líon suíochán atá i stáitse na Mainistreach 492, agus is é an líon suíochán do stáitse Peacock 128. Tá fáil ar fhaisnéis faoi inrochtaineacht anseo.

Oideachas

Tá ag an Amharclann clár ceardlann, cainteanna agus imeachtaí do dhaoine de gach aois. Ina theannta sin, cuireann sí turais chúl an stáitse ar fáil mar aon le pacáistí acmhainní a chur i dtoll a chéile. Is féidir teacht ar thuilleadh faisnéise faoi chlár oideachais na hAmharclainne anseo.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Amharclann na Mainistreach

26 Srád na Mainistreach Íochtarach
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:(01) 887 2200
Facs:(01) 872 9177
Láithreán Gréasáin: http://www.abbeytheatre.ie/

Page edited: 9 December 2014