Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Iompar Poiblí > Rialú tacsaithe agus feithiclí beaga seirbhíse poiblí

Print Page Send to a Friend

Rialú tacsaithe agus feithiclí beaga seirbhíse poiblí

Eolas

Is é an sainmhíniú atá ar fheithiclí beaga seirbhíse poiblí ná feithicil seirbhíse poiblí le suíocháin i gcomhair suas le hochtar. Tá tacsaithe, tacsaithe le rochtain do chathaoireacha rotha, hacnaithe agus limisíní san áireamh i bhFeithiclí Beaga Seirbhíse Poiblí in Éirinn. Is é cuspóir an doiciméid seo míniú a thabhairt ar an gcaoi a rialaítear na feithiclí iompair poiblí seo agus ar do chearta.

Cad é an difir idir tacsaí, hacnaí agus limisín?

  • Tacsaí: feithicil beag seirbhíse poiblí, a bhfuil ceadúnas tacsaí tugtha dó. Is féidir le tacsaithe seasamh ag stad tacsaí agus custaiméirí a lorg ar an tsráid.
  • Hacnaí: feithicil seirbhíse poiblí beag ar fruiliú go príobháideach, a bhfuil ceadúnas hacnaí tugtha dó. Ba chóir hacnaí a chur in áirithint roimh ré ar bhunús príobháideach, agus ní féidir iad a stopadh in áit phoiblí.
  • Limisín: feithicil beag seirbhíse poiblí ar fruiliú go príobháideach a bhfuil ceadúnas limisín tugtha dó. Ní mór do limisín a bheith feiliúnach ó thaobh stíle agus riochta le húsáid i gcomhair ócáidí searmanach nó le haghaidh cuspóirí corparáideacha nó cuspóirí cáile eile. Ba chóir limisín a chur in áirithe roimh ré ar bhunús príobháideach agus ní féidir iad a stopadh in áit phoiblí.

Conas a rialaítear tacsaithe agus feithiclí beaga seirbhíse poiblí eile?

Tá freagracht iomlán ar an gCoimisiún um Rialáil Tacsaithe as gach feithicil beag seirbhíse poiblí in Éirinn a rialú. Bunaíodh an Coimisiún i Meán Fómhair 2004 trí IR 523 de 2004 An tOrdú fán Acht um Rialáil Tacsaithe 2003 (Cuid 2) (An Lá Bunaithe) 2004. Is í an fheidhm atá ag an gCoimisiún rialacha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm maidir le rialú agus oibriú feithiclí beaga seirbhíse poiblí agus a dtiománaithe. Bunaíodh Comhairle Chomhairleach freisin faoi Acht 2003 chun comhairle a thabhairt don Choimisiún faoi shaincheisteanna maidir le feithiclí beaga seirbhíse poiblí agus a dtiománaithe. Tá ionadaithe sa ghrúpa seo ón tionscal tacsaithe, hacnaithe agus limisíní, údaráis áitiúla, an Garda Síochána, tionscal na turasóireachta agus grúpaí gníomhaíochta do dhaoine faoi mhíchumas.

Díscaoileadh an Coimisiún um Rialáil Tacsaithe i mí Eanáir 2011 agus a phríomh-fheidhm tógtha ar láimh ag an Údarás Náisiúnta Iompair faoin Acht um Rialáil Iompair Phoiblí 2009. Tá an Stiúrthóireacht um Rialáil Tacsaithe an Údaráis Náisiúnta Iompair freagrach anois maidir le feidhmiú na bhfeidhmeanna a leagtar amach san Acht um Rialáil Tacsaithe 2003. An Chomhairle Chomhairleach dtugtar anois mar an Coiste Comhairleach ar Feithiclí Beaga Seirbhíse Poiblí.

Rialacha

Cad a dhéanann an Rialtóir Tacsaithe?

Is iad na dualgais atá ar an Rialtóir ná:

  • Maoirsiú a dhéanamh ar cheadúnais gach tacsaí, hacnaí agus limisín. Déanann siad próiseáil ar iarratais, eisíonn siad agus déanann siad athnuachan ar cheadúnais d’fheithiclí beaga seirbhíse poiblí agus a dtiománaithe. Déantar é seo tríd an gCóras Náisiúnta Tástála Carranna ar son an Choimisiúin. Go dtí Deireadh Fómhair 2005, bhí gach údarás áitiúil in Éirinn freagrach as ceadúnais d’fheithiclí beaga seirbhíse poiblí a eisiúint. Tar éis chur i bhfeidhm IR 651 de 2005 Na Rialacháin fán Acht um Rialáil Tacsaithe 2003 (Táillí agus Ceadúnú) 2005 aistríodh an fhreagracht don fheidhm sin go hoifigiúil ó na húdaráis áitiúla chuig an gCoimisiún.
  • Clár na gCeadúnas a bhainistiú mar a leagtar síos faoi Alt 38 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003. Tá faisnéis thábhachtach faoi gach feithicil beag seirbhíse poiblí agus a dtiománaithe sa chlár seo, an fhaisnéis seo a leanas ina measc:
  • (a) Ainm agus seoladh an tsealbhóra ceadúnais
  • (b) Uimhir cheadúnais
  • (c) Ceantar inar ceadaíodh an ceadúnas
  • (d) Uimhir chláraithe na feithicle
  • (e) Uimhir cheadúnas tiomána an tsealbhóra
  • (f) Catagóir na feithicle bige seirbhíse poiblí
  • (c) Dáta ar tugadh an ceadúnas
  • (h) Aistriú sonraí úinéireachta
  • (i) Sonraí maidir le haon fhionraí / cúlghairm ar cheadúnas an tiománaí
  • Chun a chinntiú go gcloínn tiománaithe leis na dualgais éagsúla atá ar thiománaithe feithiclí beaga seirbhíse poiblí mar a leagadh síos iad in Alt 39 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003. Clúdaíonn na rialacha seo caitheamh i gceart le paisinéirí, táillí a ríomh agus úsáid an mhéadair, taispeáint ceadúnais, eisiúint admhálacha agus cloí leis an mbealach is giorra is féidir.
  • Cinntiú go gcloínn paisinéirí leis na rialacha a bhaineann leis na dualgais atá ar phaisinéirí. Faoi Alt 40 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003, ní mór do phaisinéirí feithiclí beaga seirbhíse poiblí cloí le rialacháin áirithe nuair atá siad ag taisteal i dtacsaí, hacnaí nó limisín. Cuimsíonn na rialacha seo gan damáiste a dhéanamh don fheithicil, gan an tiománaí a chur i mbaol, agus an táille aontaithe a íoc.
  • Uastáillí tacsaí a shocrú.
  • A chinntiú go gcomhlíonann an fheithicil bheag seirbhíse poiblí caighdeáin feithicle mar a leagtar síos iad in IR 190/1963 Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Tógáil, Trealamh agus Úsáid Feithiclí), 1963. Déantar é seo tríd an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna.
  • Rialacháin an Achta um Rialáil Tacsaithe 2003 a chur i bhfeidhm. Faoi Alt 49 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003 tá an Coimisiún ag earcú oifigigh forfheidhmithe faoi láthair chun seiceáil randamach a dhéanamh agus imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin.

Tá gach cumhacht a thugtar don Choimisiún faoin Acht um Rialáil Tacsaithe 2003 i bhfeidhm go hiomlán seachas Alt 36 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003. Déanann an tAlt sin foráil do dhícháiliú uathoibríoch tiománaí a bhfuil ceadúnas feithiclí beaga seirbhíse poiblí aige má chiontaítear é i gcionta tromchúiseacha coiriúla áirithe.

Caighdeáin feithicle

Foilsíodh na ceanglais nua maidir le Caighdeáin Feithiclí Náisiúnta d’fheithiclí beaga seirbhíse poiblí an 26 Samhain 2007. Tá béim ar leith sna Caighdeáin ar fheithiclí a bhfuil rochtain iontu do chathaoireacha rotha, ag tógáil dearcadh fadtéarmach maidir le cur i bhfeidhm Chineál Cheadú CE don tionscal athchóirithe agus tógála cóiste.

Tháinig na National Vehicle Standards (pdf) nua i bhfeidhm an 1 Eanáir 2009.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Tá tuilleadh eolais ar rialú feithiclí beaga seirbhíse poiblí in Éirinn ar fáil ó:

Údarás Náisiúnta Iompair

Stiúrthóireacht an Rialáil Tacsaithe
Dún Scéine
Lána Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:(01) 879 8300
Facs:(01) 879 8333
Láithreán Gréasáin: http://www.nationaltransport.ie/taxi-and-bus-licensing/taxi/
R-phost: taxis@nationaltransport.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 January 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.