Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Iompar Poiblí > Seirbhísí traenach in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí traenach in Éirinn

Information

Fochuideachta de chuid Chóras Iompair Éireann (CIE) comlacht atá in úinéireacht an Stáit, is ea Iarnród Éireann. Tá sí freagrach as seirbhísí traenach a riaradh in Éirinn. Tagann Iarnód Éireann faoin Roinn Iompair. Cuireann an comhlacht seirbhísí traenach do phaisinéirí ar fáil ar fud na tíre agus chomh maith leis sin soláthraíonn sé an tseirbhís DART i mBaile Átha Cliath agus an tseirbhís Arrow ó Bhaile Átha Cliath go dtí Cill Dara.

DART

Ritheann an DART (Iompar sciobtha Bhaile Átha Cliath agus a cheantracha) taobh le cósta Oirthear na hÉireann ó Mhullach Íde i gContae Bhaile Átha Cliath go dtí Na Clocha Liath i gContae Chill Mhantáin. Tá sonraí na n-áiseanna atá ar fáil i ngach stáisiún DART agus Cláir Ama DART ar fáil ar shuíomh idirlín Iarnróid Éireann. Is féidir táillí a íoc le hairgead glan nó is féidir le paisinéirí ticéid a cheannach roimh ré chun leas a bhaint as lascainí i gcomhair a dturas. Tá áiseanna páirceála don taistealaí i mórán stáisiún DART chun taistealaithe lae a spreagadh chun a gcarranna a fhágáil i gcarrchlóis na stáisiún ionas go laghdofaí an méid tráchta sa chathair.

Traenacha fobhailteacha

Feidhmíonn an tseirbhís traenach fobhailteach Arrow idir Baile Átha Cliath agus Cill Dara, agus feidhmíonn an gréasán traenach fobhailtigh idir Droichead Átha, an tInbhear Mór, Magh Nuad, agus Baile Átha Cliath. Tá Léarscáileanna den ghréasán traenach fobhailteach, eolas faoi tháillí agus cláir ama do na seirbhísí ar fad ar fáil ar shuíomh idirlín Iarnróid Éireann.

Idirchathracha

Cuireann seirbhísí idirchathracha Iarnróid Éireann ceangail traenach ar fáil idir príomhbhailte agus cathracha na hÉireann. Imíonn seirbhísí idirchathracha ó Stáisiún Heuston agus Stáisiún Uí Chonghaile, agus cuireann siad seirbhís ar fáil chuig na háiteanna seo a leanas: Béal Féirste, Sligeach, Béal an Átha, Cathair na Mart, Gaillimh, Luimneach, Inis, Trá Lí, Corcaigh, Port Láirge agus Europort Ros Láir. Ritheann seirbhísí idircathracha eile idir Europort Ros Láir agus Luimneach; Corcaigh agus Trá Lí; agus Corcaigh agus Luimneach. Freastalaíonn an tseirbhís Idirchathracha roinntear na carráistí idir Sárghrád (Grád 1) agus Gnáthghrád (Grád 2).

Enterprise

Feidhmionn an tseirbhís Enterprise idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath agus comhsholáthraíonn Iarnród Éireann agus Northern Ireland Rail an tseirbhís. Tá an tseirbhís dírithe ar phaisinéirí uilig; paisinérí gnó, cuairteoirí agus paisinéirí traenacha ginearálta. Tá na traenacha ar an tseirbhís seo in ann luas ard a bhaint amach (90 míle san uair) agus tá ar a gcumas an turas a chríochnú in achar ama díreach os cionn dhá uair an chloig. Roinntear carráistí idir Sárchéad (Chéad ghrád) agus Grád Enterprise (dara ghrád). Tá Freastalaí Sheirbhís Custaiméara ar fáil i ngach seirbhís Enterprise agus tá rochtain éasca do na traenacha do phaisinéirí le míchumas agus daoine i gcathaoireacha rothaí. Tá cosc ar thobac ar fud na seirbhíse Enterprise. Tá tuilleadh eolais faoin tseirbhís Enterprise anseo.

Traenacha Eorpacha

Tá eolas ar fáil faoi thicéid agus cláir ama roinnt seirbhísí traenacha sa Ríocht Aontaithe san Eorap ar shuíomh idirlín Iarnród Éireann.

Seirbhísí do phaisinéirí le míchumais

Féadfar socruithe speisialta a dhéanamh do phaisinéirí le míchumais, ach moltar duit dul i dteagmháil leis an stáisiún ábhartha nó Oifig Theagmhála do dhaoine le Míchumas Gluaiseachta ag Iarnród Éireann ar a laghad 24 uair roimh tús an turais agus cuid de shonraí do phleananna taistil a thabhairt dóibh. Ba cheart go gclúdófaí na rudaí seo a leanas:

  • Cén t-am agus cén áit a mbeidh do thraen ag fágáil
  • Cá bhfuil tú ag dul agus an gcaithfidh tú aistriú idir thraenacha i rith do thurais
  • An cineál míchumais atá ort
  • An mbeidh tú ag taisteal i d'aonar nó in éineacht le compánach
  • An mbeidh cúnamh uait agus tú ag teacht nó ag imeacht ón stáisiún.

Ba cheart duit foireann chuí Iarnród Éireann a chur ar an eolas maidir le hathrú ar bith a thagann ar do thuras nó má tá sé le cur ar ceal. Tá cuid de na stáisiúin in ann spás chun carr a phairceáil a chur ar fáil d'úsáideoirí cathaoireacha rothaí agus tá rochtain do dhaoine le míchumas chuig ar a laghad ardán amháin i chuile stáisiún. Bíonn ardán inaistrithe ar fáil sa chuid is mó staisiún d'úsáideoirí cathaoireacha rothaí atá ag taisteal ar thraenacha Príomhlíne agus traenacha Fobhailteacha chun go mbeidh siad in ann bordáil ón ardán isteach sa charráiste. Tá carráistí bia uilig Iarnród Éireann athraithe chun rochtain a chur ar fáil d'úsáideoirí cathaoireacha rothaí agus do dhaoine le míchumas gluaiseachta. Tá sé seo amhlaidh mar bíonn ball foirne sa charráiste bia i gcónaí, bíonn soláistí ar fáil, agus tá teileafón ar fáil in aice láimhe. Má tá grúpa daoine a úsáideann cathaoireacha rothaí ag taisteal le chéile ba cheart Iarnród Éireann a chur ar an eolas roimh ré ionas gur féidir na háiseanna riachtanacha a chur ar fáil. Is féidir rochtain a fháil díreach ó na hárdain chuig traenacha DART agus tá doirse leathana ar na traenacha agus spás fairsing do chathaoireacha rothaí.

Tá córas glórfhógartha ag an gcuid is mó de na stáisiúin phríomhlíne agus fobhailteacha agus ag na stáisiúin DART uilig chun sonraí traenacha agus seirbhísí a thabhairt do dhaoine le míchumais amhairc. Tá leacáin tadhlacha curtha ar fáil i gcuid de na stáisiúin chun cúnamh a thabhairt do dhaoine le míchumais amhairc agus in ardaitheoirí i stáisiúin níos nua, tá cnaipí le códanna Braille agus teicnic "ardaitheoir a labhraíonn". Is féidir na háiseanna atá ar fáil i stáisiún ar bith i ngréasán Iarnróid Éireann a sheiceáil ach breathnú ar an rannóg Do Stáisiún ar a shuíomh idirlín.

Ainmhithe

Ní ligtear peataí (taobh amuigh de mhadraí na ndall agus madraí éisteachta do dhaoine le míchumas éisteachta) ar bord traenacha DART ná traenacha fobhailteacha. Ceadaítear peataí ar thraenacha idirchathracha, má tá siad coinnithe i gceart faoi smacht agus faoi mhaoirseacht.

Bagáiste

Ba cheart bagáiste a chur sna hurranna atá curtha ar fáil go speisialta, ar na racaí os do chionn, nó faoi do shuíochán. Ní foláir duit chomh maith a dhéanamh cinnte nach bhfuil do bhagáiste ag cur isteach ar phaisinéirí eile. Iompraítear rothair ar an gcuid is mó de thraenacha Príomhlíne agus Idirchathracha, ach ba cheart duit dul i dteagmháil le maoirseoir an stáisiúin chun eolas a fháil faoin tseirbhís a bhfuil sé i gceist agat úsáid a bhaint aisti. Beidh an maoirseoir in ann a insint duit cén áit ba cheart duit do rothar a stóráil. Ní cheadaítear rothair a iompar in áit ar bith ar an traen ina mbíonn páisinéirí agus muna bhfuil urrann speisialta ar an traen do rothair, ní foláir iad a stóráil i veain an gharda.

Gearáin

Má tá gearáin agat faoi sheirbhísí Iarnróid Éireann ba cheart iad a chur faoi bhráid bhainisteoir an stáisiúin chu. Má tá tú ag iarraidh dul níos faide le do ghearán, d'fhéadfá dul i dteagmháil le rannóg Seirbhísí Custaiméara (Idirchathracha) nó rannóg Seirbhísí Custaiméara (Traenacha Fobhailteacha) Iarnróid Éireann. Moltar duit litir gearáin a scríobh a chlúdaíonn an oiread sonraí agus is féidir (dáta agus am taistil, an áit óna raibh tú ag taisteal, an áit a bhí tú ag taisteal chuici agus uimhir fóin). Ba cheart duit do thicéad a sheoladh, chomh maith, má tá sé fós agat. B'fhéidir go bhfaighfeá freagra ar do ghearán láithreach ach muna bhfaigheann, gheobhaidh tú admháil taobh istigh de thrí lá, agus ba cheart duit freagra iomlán a fháil taobh istigh de 15 lá. Is féidir chomh maith gearán a dhéanamh nó ceist faoi sheirbhís chustaiméara a chur ar an idirlíon.

Aisíocaíochtaí

Má chuirtear do sheirbhís ar ceal, nó má tá moill fhada curtha uirthi de bharr cúise ar bith atá faoi smacht Iarnróid Éireann, d'fheadfá a bheith i dteideal aisíocaíochta, nó dearbhán lascaine. Má chuirtear do thraen ar ceal nó má tá moill air agus má shocraíonn tú gan an turas a dhéanamh, tabharfar aisíocaíocht duit in airgead tirim má thugann tú an ticéad nár úsáideadh ar ais láithreach go dtí an oifig inar cheannaigh tú é. Braitheann luach na ndearbhán lascaine ar fhad na moille agus an táille a d'íoc tú ar do thuras singil (sé sin, thart ar leath luach thicéad fillte). Má shocraíonn tú ar chúis ar bith gan ticéad traenach atá ceannaithe agat a úsáid, d'fhéadfá iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht ag príomhstáisiún Idirchathrach ar bith, oifig Traenacha Fobhailteacha i Stáisiún an Phiarsaigh, nó i Lárionad taistil ar bith. D'fhéadfadh táille riaracháin a bheith i gceist, agus ní foláir duit iarratais ar bith ar aisíocaíocht a dhéanamh taobh istigh de 28 lá ón dáta go dtéann an ticéad as feidhm. Mura cheannaigh tú do thicéad ó Iarnród Éireann, ba cheart duit é a thabhairt ar ais chuig an áit inár cheannaigh tú é. Socróidh eisitheoir an ticéid aisíocaíocht ar bith atá dlíte agus d'fhéadfadh sé táille réasúnta riaracháin a ghearradh. Eisítear aisíocaíochtaí agus dearbháin lascaine chomh maith muna dtugtar suíochán duit a chuir tú in áirithe sa chás nach bhfuil suíochán eile den chaighdeán céanna ar fáil duit, nó muna dtairiscítear seirbhís bhia sa suíochán duit nuair a fógraítear gur cuid den tseirbhís é.

Maoin chaillte

Tá oifig na mbeart caillte i ngach stáisiún agus tugtar rudaí faighte ar thraenacha isteach ansin, áit a choinnítear iad go dtí mbailítear iad. Ba cheart dul i dteagmháil leis an stáisiún cuí le tuilleadh eolais a fháil.

Rataí

Táillí

D'fhéadfá do tháille traenach a íoc le hairgead glan nó úsáid a bhaint as ticéad íoctha roimh ré. Braitheann táillí ar an tseirbhís a úsáidtear agus tá sonraí iomlán ar fáil faoi tháillí siamsaíochta, táillí do thaisteal lae agus táillí traenacha sa Ríocht Aontaithe agus san Eorap ó shuíomh idirlín Iarnróid Éireann. Is féidir ticéid íoctha roimh ré a cheannach ó na hoifigí ticéid uilig. Cuirtear táillí lascaine ar fáil ach an cárta aitheantais chuí a thaispeáint. Ní foláir do dhaoine atá ag éileamh Saorthaisteal Pas Taistil bailí eisithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí a thaispeáint.

Faigheann mic léinn lascainí suntasacha ar sheirbhísí Iarnród Éireann agus ar sheirbhísí Bhus Átha Cliath leis an gCárta Taistil nua do Mhic Léinn. Tá dhá chineál Chárta Thaistil do mhic léinn:

  • Cárta Cathrach do Mhic Léinn atá bailí le haghaidh taistil ar sheirbhísí Bhus Átha Cliath agus ar sheirbhísí comaitéara de chuid Iarnród Éireann i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, seirbhísí DART san áireamh. Cosnaíonn an Cárta Cathrach do Mhic Léinn 10 euro.
  • Cárta Náisiúnta Taistil atá bailí le haghaidh taistil ar sheirbhísí de chuid Iarnród Éireann, Seirbhísí Idircathrach, Seirbhísí traenach do chomaitéirí, seirbhísí DART agus seirbhísí Bhus Átha Cliath. Cosnaíonn an Cárta Náisiúnta Taistil do Mhic Léinn 15 euro.

Is féidir leat (pdf)foirm iarratais ar Chárta Taistil do Mhic Léinn a íoschóipeáil anseo.

Is féidir le mic léinn 16 bliain d'aois iarratas a dhéanamh ar Chárta Taistil do Mhic Léinn.

Glacann Iarnród Éireann le híocaíochtaí le hairgead glan, nó seiceanna, agus glacann roinnt staisiún le cártaí creidmheasa chomh maith (is iad na cártaí inghlactha ná Visa, Mastercard agus American Express).

Leap Card

I mí na Nollag 2011, tugadh isteach córas ticéadaithe comhtháite iompair do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ar a dtugtar an Leap Card. Tá faisnéis ar fáil ag Leapcard.ie.

Conas iarratas a dhéanamh

cláir ama do phaisinéirí ar fáil ar shuíomh idirlín Iarnróid Éireann. Tá foirmeacha iarratais le haghaidh cártaí aitheantais do thraenacha fobhailteacha ar fáil ó do stáisiún traenach fobhailteach áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 31 January 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seirbhísí Bus in Éirinn
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar sheirbhísí bus in Éirinn atá dhá riaradh ag an Stát.
  • Córas tram Luais
    Córas iompair iarnróid chaoil é Luas (córas iompair phoiblí tram) atá ag feidhmiú i mBaile Átha Cliath, Éire. Tá eolas ar fáil anseo maidir le bealaí, seirbhísí agus táillí Luais.
  • Ticéid taistealaí ar chórais iompair phoiblí agus cáin
    Tugann an Scéim Ticéid Taistealaí TaxSaver deis do fhostaithe leas a bhaint as íocaíochtaí laghdaithe cánach agus ÁSPC agus do fhostóirí íocaíochtaí laghdaithe ÁSPC a dhéanamh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.