Leagann an dlí Alt 51 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003 síos na cineálacha gearán is féidir a dhéanamh leis an gCoimisiún um Rialáil Tacsaithe. Is iad na gearáin sin:
Más mian leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Rialáil Tacsaithe maidir le oibrí feithiclí beaga seirbhíse poiblí, ní mór duit do ghearán a dhéanamh i scríbhinn. Tá an fhoirm ghearáin ar fáil le híoslódáil anseo (pdf).
Ní mór an fhoirm ghearáin a chomhlánú ina iomláine. Cuimhnigh na sonraí ábhartha go léir maidir leis an eachtra a chur ar fáil chomh maith le cóip d’aon admháil a fuair tú don turas a bhí i gceist. Ní mór dóthain faisnéise a bheith ag an gCoimisiún chun an duine nó an fheithicil a bhfuil an gearán á dhéanamh faoi a aithint. I ndiaidh duit an fhoirm iarratais a bheith comhlánaithe agat, seol ar ais chuig an gCoimisiún í (féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’). Seolfaidh an Coimisiún litir admhála chugat ag dearbhú go bhfuair siad do ghearán.
Déanfaidh foireann forfheidhmithe an Choimisiúin imscrúdú ar gach gearán a dhéantar i scríbhinn. Tabharfaidh an Coimisiún cuireadh do gach finné ábhartha ráiteas maidir leis na heachtraí a chur ar fáil. Déanfaidh an t-imscrúdú measúnú ar fhianaise a chuireann gach páirtí ar fáil i gcás atá faoi dhíospóid. Chomh luath is a bhíonn an fhianaise seo bailithe agus measúnú déanta uirthi, déanfar cinneadh maidir le conas dul ar aghaidh leis an ngearán.
Is féidir deireadh a chur le gearáin ar cheann amháin de thrí bhealach. Is iad sin:
Ní thógfar caingean i gcoinne duine aonair ach amháin sa chás go bhfuil fianaise ar chaighdeán sách maith ar fáil. Ba chóir duit fios a bheith agat gur chóir do gach gearánaí a bheith sásta freastal ar an gcúirt (más gá) chun fianaise a thabhairt maidir leis an eachtra. Tabhair faoi deara nach féidir gearáin a chur chun cinn gan ainm.
Is é an Garda Síochána a láimhseálann cionta coiriúla in Éirinn. Más mian leat gearán a dhéanamh faoi thiománaí tacsaí, hacnaí nó limisín maidir le cion coiriúil, ba chóir duit dul i dteagmháil le do Stáisiún Gardaí áitiúil láithreach agus tuairisc theagmhais a líonadh isteach. I gcás éigeandála, ba chóir duit glaoch ar 112 chun labhairt leis na Gardaí.
Tá sé i gcoinne an dlí ag tiománaí nó ag paisinéir tobac a chaitheamh i bhFeithicil Bheag Seirbhíse Poiblí, ós rud é go mbreathnaítear orthu mar áit oibre iata. Más mian leat gearán a dhéanamh sa chás go bhfuil tiománaí nó paisinéir ag caitheamh tobac, ba chóir duit iarraidh ar an duine stopadh ar dtús. Mura bhfaigheann tú freagra sásúil, ba chóir duit an oiread faisnéise agus is féidir a thabhairt faoi deara faoin gcás. Mar shampla, scríobh síos sonraí an turais, an suíomh, dáta, am, cineál feithicle, sonraí clárúcháin na feithicle agus aitheantas an tiománaí.
Is féidir leat dul i dteagmháil leis an líne géilliúlachta Íosghlao ag
an Oifig Náisiúnta um Rialú Tobac, FSS ag 1890 333 100 chun an gearán a
chlárú. Oifigigh Sláinte Comhshaoil an FSS a fhorfheidhmiú is mó de
na reachtaíochta um rialú tobac. Tugann an ghníomhaireacht forfheidhmithe
ord tosaíochta do na gearáin go léir agus láimhseáiltear iad dá réir
sin.
Tá comhairle agus faisnéis maidir le conas gearán a dhéanamh faoi oibrí tacsaí, hacnaí nó limisín ar fáil ó líne eolais ag an gCoimisiún um Rialáil Tacsaithe ag 0761 064000.
Stiúrthóireacht an Rialáil Tacsaithe
Dún Scéine
Lána Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:(01) 879 8300
Facs:(01) 879 8333
Láithreán Gréasáin: http://www.nationaltransport.ie/taxi-and-bus-licensing/taxi/
R-phost: taxis@nationaltransport.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.