Córas iompair iarnróid chaoil é Luas (córas iompair phoiblí tram) atá ag feidhmiú i mBaile Átha Cliath, Éire. Luas an Ghaeilge atá ar an bhfocal Béarla "speed" (fuaimnítear an focal ar nós "Lou-As" sa Bhéarla). Ceanglaíonn an córas tram seo roinnt fobhailte i gCathair Átha Cliath le lár na cathrach ar dhá líne tram éagsúil. Is iad seo a leanas na línte tram sin:
Is féidir leat breathnú ar léarscáil anseo a thaispeáineann na bealaí ar an Líne Uaithne agus ar an Líne Dhearg.
Ní cheanglaíonn an Líne Dhearg leis an Líne Uaithne. Tógfaidh sé 15 nóiméad siúl ón Líne Uaithne i bhFaiche Stiofáin go dtí an Líne Dhearg ar Shráid na Mainistreach.
Is féidir léamh tríd cuid de na ceisteanna coiteanta a bhaineann le Luas anseo.
Breathnaigh ar liosta iomlán na stopanna ar an Líne Uaithne anseo.
Breathnaigh ar léarscáil den Líne Dhearg anseo.
Beidh na tramanna ag rith gach 10 nóiméad ar feadh tréimhse ag an tús. Déanfar é seo le deis a thabhairt don trácht agus do phaisinéirí Luais dul i dtaithí ar an gcóras nua. Beidh na tramanna ag rith gach 5 nóiméad ag na hamanna is mó úsáide agus ar a laghad gach 10 nóiméad ag amanna nach bhfuil chomh gnóthach nuair a bheidh an Luas faoi lán tseoil.
Is iad seo a leanas an t-amchlár a bheidh ag tramanna Luais:
Beidh fógra leictreonach ann a thabharfaidh eolas duit cén t-am a bheidh an chéad tram eile ag teacht chuig gach stop. Chomh maith leis sin, beidh fógraí leictreonacha agus fógraí béil ar bord gach tram Luais le heolas a thabhairt do na paisinéirí faoin gcéad stop eile.
Beidh fógraí béil dhá dhéanamh i ngach tram agus fógraí leictreonacha freisin a thabharfaidh le fios cá bhfuil tú ar do thuras.
Beidh cead agat madra treorach a thabhairt leat ar bord tramanna Luais. Ach, ní cheadaítear aon ainmhithe eile ar tramanna Luais.
Is féidir le daoine i gcathaoireacha rotha úsáid a bhaint as tramanna agus stáisiúin Luais gan aon stró agus tá áiteanna páirceála faoi leith curtha ar leataobh do dhaoine atá faoi mhíchumas. Tá ardaitheoirí curtha ar fáil ag na stáisiúin atá tógtha ar bhóithre gearrtha nó ar chosán ardaithe ionas gur féidir le húsáideoirí cathaoireacha rotha iad a úsáid mar a úsáideanna coisithe.
Tá urlár íseal ag gach tram agus tairseach ar an leibhéal le go mbeidh bearna chomh beag agus is féidir idir urlár an tram agus an ardán. Ar an mbealach seo tá sé níos éasca ag duine atá i gcathaoir rotha dul ar bord na tramanna.
Má bhaineann tú úsáid as cathaoir rotha, ní mór duit dul isteach tríd na doirse dúbailte i lár an tram áit a bhfuil eolas ar fáil cén áit agus cén chaoi is fearr an cathaoir rotha a chur ar an tram. Bí cinnte go bhfuil d'aghaidh ar chúl an tram nuair atá tú ag taisteal.
Tá dhá spás faoi leith ar gach tram inár féidir freastal a dhéanamh ar cheithre chathaoir rotha, le tacaí uillinne compórdacha, ar a mbeidh dóthain comharthaí le tabhairt le fios do dhaoine go bhfuil siad curtha ar fáil d’úsáideoirí cathaoireacha rotha más gá. Tá dótháin spáis freisin do roinnt eile úsáideoirí cathaoireacha rotha in aice le doirse na dtramanna.
Is féidir leat taisteal ar an Luas gan aon táille a íoc má tá Pas Saorthaistil agat. Is féidir le leanaí faoi 3 bliana taisteal ar an Luas gan aon táille a íoc ach ní mór go mbeadh duine fásta in éineacht leo. Ba cheart do leanaí atá idir 3-15 bliana táille an linbh a íoc.
Tá Luas páirteach sa Scéim Taistealaí TaxSaver. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag an seoladh ríomhphoist taxsavers@connex.ie nó ar an teileafón ag 01 461 49 39.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar chonas a cheanglaíonn tramanna Luais le seirbhísí bus agus iarnróid anseo.
Tá áiseanna páirceála do charranna ar fáil ag cuid de na stáisiúin ar an Líne Uaithne (Na stáisiúin ag Baile Amhlaoibh, Stigh Lorgan, Áth an Ghainimh) Beidh áiseanna páirceála ar fáil ag na stáisiúin ag an Red Cow agus i dTamhlacht nuair a bheidh an Líne Dhearg oscailte.
Tá spás i stáisiún Áth an Ghainimh do bhreis agus 100 carr, tá stáisiún Stigh Lorgan in ann sa bhreis ar 300 carr a choinneáil agus sa bhreis ar 400 áit pháirceála ar fáil ag stáisiún Bhaile Amhlaoibh. Tá spás do rothair ar fáil freisin ag stáisiúin Áth an Ghainimh agus Stigh Lorgan.
4 euro an costas atá ar pháirceáil ar feadh an lae agus 2 euro do leath lae. Muna bhfuil ticéad Luais agat atá bailí le taisteal ar an lá a fhágann tú do charr ag stáisiún Luais, beidh táille bhreise le n-íoc agat ar an mbealach amach ón gcarrchlós. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Gearrfar 45 euro ort má bheirtear ort gan ticéad Luais atá bailí don turas. Má theipeann ort an fhíneáil seo a íoc, cuirfear an dlí ort.
Ní mór go mbeadh do thicéad bailí do na ceantair Luais a thaistealaíonn tú uathu, tríd agus chucu. Braitheann costas do thicéid ar an líon ceantar a chlúdaíonn do thuras. Is féidir leat léarscáil a íoschóipeáil anseo a thaispeáineann na ceantair Luais ar fad.
Is féidir leat ticéad a ceannaíodh do thuras a thosaigh ar líne amháin Luais agus a chríochnaíonn ar líne eile a úsáid don turas ar fad.
Íoschóipeáil anseo treoir do na cineálacha
éagsúla ticéad Luais agus liosta de ghníomhairí ticéad Luais
anseo.
Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar Chárta Aitheantais le Grianghraf más duine fásta nó mac léinn thú ag ceannach:
Cárta Cliste Luas – Ar 21 Márta seoladh Cárta Cliste Luas. Is cárta buan é seo (thart faoi mhéid cárta creidmheasa) a ligeann duit íoc mar a imíonn tú agus tú ag taisteal ar Luas.
Tá dhá chineál cárta ann – ‘Daoine Fásta’ agus ‘Leanaí’. Úsáidtear cárta na leanaí do leanaí ó aois 3 go 15. Oireann Cárta Cliste Luas do dhaoine a úsáideann Luas go minic ach nach minic go leor chun ticéad seacht nó tríocha lá a cheannach. Cosnaíonn turas singil Chárta Cliste Luas leathphraghas an ghnáth-thurais fhillte. Tá seo níos saoire ná ticéad singil a cheannaítear ó mheaisín ticéad de chuid Luas. Chomh luath agus a fhaigheann tú Cárta Cliste Luas, níl le déanamh agat ach é a thaispeáint os comhair innill bhailíochta ar an ardán roimh bhordáil agus tar éis an tram a fhágáil. Inseoidh an t-inneall bailíochta go bhfuil glactha leat nuair a dhearbhaítear do chárta i gceart.
Cosnaíonn na cártaí seo 10 euro an ceann agus is féidir iad a líonadh go dtí uasmhéid 100 euro ó aon mheaisín Luas. Féach liosta ceisteanna coitianta faoi na cártaí anseo.
I mí na Nollag 2011, tugadh isteach córas ticéadaithe comhtháite iompair do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ar a dtugtar an Leap Card. Tá faisnéis ar fáil ag Leapcard.ie.
Cur isteach ar líne ar Chárta Cliste Luas anseo (pdf).
Is féidir úsáid a bhaint as cárta aitheantais Bhus Átha Cliath nó Iarnród Éireann le Grianghraf do Dhuine Fásta nó do Mhac Léinn le ticéid Luais a cheannach
Connex / Luas Depot
Red Cow Roundabout
Clondalkin
Dublin 22
Ireland
Teil:+353 1 4614910
Láithreán Gréasáin: http://www.luas.ie
R-phost: luascustomercare@veolia-transport.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.