Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Iompar Poiblí > Dualgais atá ar phaisinéirí feithiclí beaga seirbhíse poiblí (FBSP) in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Dualgais atá ar phaisinéirí feithiclí beaga seirbhíse poiblí (FBSP) in Éirinn

Réamhrá

Ceanglaíonn an dlí in Éirinn ar phaisinéirí déanamh de réir rialacha áirithe agus iad ag taisteal i dtacsaithe, hacnaithe agus limisíní. Leagtar amach na dualgais atá ar phaisinéirí cloí le rialacha áirithe iompair faoi Alt 40 d’Acht um Rialáil Tacsaithe 2003.

Is éard atá sa mhéid seo a leanas ná breac-chuntas ar do dhualgais mar phaisinéir.

Rialacha

Cad iad na freagrachtaí atá orm mar phaisinéir feithicle bige seirbhíse poiblí?

Comhoibriú le treoracha an tiománaí: Má bhíonn tú ag taisteal i bhFBSP, ceanglaítear ort faoi Alt 40 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003 comhoibriú le haon iarratas réasúnach ón tiománaí. San áireamh leis seo, tá crios sábhála a chaitheamh, an doras a chur faoi ghlas, tú féin a iompar ar mhodh sibhialta agus gan iarraidh ar an tiománaí níos mó paisinéirí a thógáil ná mar a cheadaítear dóibh leis an dlí.

Faoi Alt 39 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003, is féidir le tiománaí iarraidh ort gan teacht isteach san fheithicil nó an fheithicil a fhágáil má bhíonn údar imní acu. Sampla de seo ná má airíonn an tiománaí go bhfuil tú ag bagairt air/uirthi nó má bhíonn amhras air/uirthi go bhfuil tú ar meisce. Caithfidh tú déanamh de réir threoracha an tiománaí sa chás seo.

Gan damáiste a dhéanamh don fheithicil: Mar phaisinéir, ní fhéadfaidh tú damáiste a dhéanamh don fheithicil nó í a shalú ar bhealach ar bith. San áireamh leis seo, ní fhéadfaidh tú ithe nó ól le linn an turais.

Gan an tiománaí a chur i mbaol: Ní fhéadfaidh tú aon nithe géara a fhágáil san fheithicil a d’fhéadfadh an tiománaí a chur i mbaol. Tá steallairí nó nithe géara san áireamh leis seo. Mar phaisinéir FBSP ní fhéadfaidh tú tú féin a iompar ar bhealach ar bith a d’fhéadfadh an tiománaí a chur i mbaol nó a sábháilteacht a chur i gcontúirt.

Déanamh de réir na rialacha maidir le hainmhithe a iompar: Níl ach dhá chúinse ann ina bhféadfar ceadú duit ainmhí a thabhairt ar bord tacsaí, hacnaí nó limisín. Ar dtús, má bhíonn lagú amhairc ort agus má bhíonn ort madra treorach a úsáid. Sa chás seo, bíonn sé d’oibleagáid ar an tiománaí an madra a thógáil ar bord faoi Alt 39 den Acht.

Sa dara cás, má bhíonn géarghá ag an ainmhí le tréidlia. Sa chás seo, áfach, cé nach bhfuil sé d’oibleagáid ar an tiománaí an t-ainmhí a thógáil, féadfaidh siad é a dhéanamh má thograíonn siad.

An táille cuí a íoc: Má bhíonn tú ag taisteal i dtacsaí, caithfidh tú an uastáille a íoc de réir mar a thaispeántar ar an tacsaiméadar ag deireadh an turais (má bhíonn an turas laistigh de limistéar an tacsaiméadair). Má bhíonn tú ag taisteal lasmuigh de limistéar an tacsaiméadair i dtacsaí, nó ag taisteal i hacnaí nó i limisín, caithfidh tú aontú an táille a íoc sula dtosóidh an turas, agus aon táille áirithinte san áireamh. Caithfidh tú a bheith in ann a chruthú don tiománaí freisin go bhfuil sé d’acmhainn agat an táille a íoc nó éarlais a thabhairt sula dtosóidh an turas.

Tuilleadh Eolais

Is féidir leat tuilleadh eolais maidir le cearta agus freagrachtaí paisinéirí a aimsiú ar láithreán gréasáin an Údarás Náisiúnta Iompair transportforireland.ie.

Údarás Náisiúnta Iompair

Stiúrthóireacht an Rialáil Tacsaithe
Dún Scéine
Lána Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:(01) 879 8300
Facs:(01) 879 8333
Láithreán Gréasáin: http://www.nationaltransport.ie/taxi-and-bus-licensing/taxi/
R-phost: taxis@nationaltransport.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 August 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.