Is féidir leis an tÚdarás Náisiúnta Iompair rialacha a dhéanamh maidir le hiompar agus dualgais tiománaithe tacsaithe agus feithiclí beaga seirbhíse poiblí eile in Éirinn. Tá tacsaithe, hacnaithe agus limisíní san áireamh i bhfeithiclí beaga seirbhíse poiblí in Éirinn. Tugtar de chumhacht don tÚdarás Náisiúnta Iompair na rialacha seo a dhéanamh le hAlt 39 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003.
Tugtar breac-chuntas leis an eolas seo a leanas ar na dualgais atá ar
thiománaithe na bhfeithiclí seo agus mínítear na dualgais a tháinig i
bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2006.
Eolas ar taispeáint laistigh den fheithicil. Caithfidh tiománaithe uimhir a gceadúnais tiomána FBSP a thaispeáint ar a suaitheantas. Chuir an Coimisiún rialacháin nua i ngníomh i Meán Fómhair 2006 lenar ceanglaíodh ar gach tiománaí an fhaisnéis seo a leanas a chur ar taispeáint freisin:
Éilítear an t-eolas seo a chur ar taispeáint ar fhógra A4 i limisíní. Ó Dheireadh Fómhair 2006 i leith is cion é gan an t-eolas seo a bheith ar taispeáint ag tiománaí. Má fhaightear ciontach é, is féidir €1,500 d’fhíneáil a ghearradh air.
Ó 1 Lúnasa 2011, ní mór an comhartha díon tacsaí áireamh amháin nó dhá-litir-cód a chur in iúl don chontae ina bhfuil an tiománaí ceadúnaithe oibriú. Is cion é gan é sin a dhéanamh i gcion, ag fágáil an tiománaí í a ionchúiseamh le fíneáil uasta de €2,500.
Ceart chun paisinéir a dhiúltú. Tá sé de cheart ag tiománaithe diúltú tú a ghlacadh ar bord mura bhfuil tú in ann a chruthú gur féidir leat an táille a íoc. Ní féidir leo diúltú go míréasúnach tú a thógáil achar nach faide ná 30 ciliméadar. Féadfaidh siad diúltú tú a thógáil níos faide áfach.
An bealach is giorra a thógáil. Faoi Alt 39 d’Acht um Rialáil Tacsaithe 2003, caithfidh tiománaithe an bealach is giorra is féidir a thógáil agus tú á thabhairt chuig do cheann scríbe acu.
Táillí. Le hAlt 39 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003, socraíodh gur cion é má ghearrann tiománaí táille ort ar mó é ná an uastáille atá ar taispeáint ar an tacsaiméadar nó i gcás hacnaí nó limisín, an táille a comhaontaíodh ag tús an turais. Má fhaightear tiománaí ciontach i gcion maidir le táille iomarcach a ghearradh nó gan an méadar a úsáid, féadfar fíneáil suas go dtí €3,000 a ghearradh air nó d’fhéadfaí príosúnacht a ghearradh air.
Trealamh a fheidhmiú. Caithfidh tiománaithe tacsaithe tacsaiméadar a úsáid a bheidh tástáilte agus séalaithe ag an tSeirbhís Mhéadreolaíochta Dlí (SMD) chun an táille a ríomh má bhíonn an turas laistigh dá limistéar tacsaiméadair. Caithfidh tiománaithe a chinntiú go mbeidh an méadar in ord maith oibre faoi mar a leagtar amach san Acht Méadreolaíochta 1996. Ó Mheán Fómhair 2006 i leith, ceanglaíodh ar thiománaithe tacsaithe an struchtúr táillí náisiúnta nua a bheith ríomhchláraithe ina dtacsaiméadair. Tá sé ina chion tacsaí a fheidhmiú tar éis an dáta sin gan an méadar a bheith socraithe chun táillí a ghearradh dá réir.
Admhálacha a eisiúint. Ceanglaítear ar gach tacsaí admháil phriontáilte a eisiúint duit ón tacsaiméadar ar íoc na táille duit. Ón 25 Meán Fómhair 2006 i leith caithfidh tiománaithe hacnaí agus limisíní admháil a eisiúint duit freisin (a d’fhéadfadh a bheith scríofa de láimh).
Inrochtaineacht. Tá sé d’oibleagáid ar thiománaithe FBSP freastal ar phaisinéirí a úsáideann cathaoireacha rotha má bhíonn feithicil agus ceadúnas acu lena gceadaítear cathaoireacha rotha a iompar. Caithfidh tiománaithe FBSPanna a chinntiú go gcloífidh a bhfeithicil leis na caighdeáin arna leagan amach sna Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Feithiclí Seirbhíse Poiblí) (Leasú), 1997. Ó Mheán Fómhair 2006 i leith, caithfidh tiománaithe greamáin Braille a chur ar taispeáint laistigh dá bhfeithicil le mionsonraí uimhir cheadúnais an FBSP agus mionsonraí teagmhála don Choimisiún. Ó 2008 i gcás ceadúnais nua-eisithe, caithfidh feithiclí atá inrochtana ag cathaoireacha rotha na caighdeáin arna leagan amach i bhfoilseachán an Choimisiúin um Rialáil Tacsaithe National Vehicle Standards (pdf) a chomhlíonadh. Foilsíodh é i Samhain 2007.
Earraí Caillte. Tá sé d’oibleagáid ar thiománaithe FBSP aon earraí caillte a fhágtar ina bhfeithicil a thabhairt ar láimh don Gharda Síochána. Tá sé d’oibleagáid ar thiománaithe a bhfuil a mbunáit i mBaile Átha Cliath earraí a thabhairt ar láimh do:
Caithfidh tiománaithe atá lonnaithe lasmuigh de Bhaile Átha Cliath earraí a thabhairt ar láimh do stáisiún áitiúil an Gharda Síochána.
Caithfidh tiománaithe FBSP in Éirinn an reachtaíocht um Thrácht ar Bhóithre arna leagan amach sna hAchtanna éagsúla um Thrácht ar Bhóithre a chomhlíonadh. Ciallaíonn sé seo go bhfuil sé d’oibleagáid orthu déanamh de réir na dteorainneacha náisiúnta luais ar bhóithre, criosanna sábhála a chaitheamh ag gach tráth agus iad ag tiomáint, a gceadúnas tiomána a iompar ag gach tráth agus a chinntiú go mbeidh leor-mhótarcháin agus leorárachas mótair reatha acu.
Mar aon le gach gluaisteánaí, féadfaidh tiománaithe FBSP pointí
pionóis agus fíneálacha a fháil má fhaightear iad ciontach i gcionta
tiomána áirithe.
Tá tuilleadh eolais maidir leis na dualgais atá ar thiománaithe Feithiclí Beaga Seirbhíse Poiblí (FBSP) ar fáil uathu seo a leanas:
Stiúrthóireacht an Rialáil Tacsaithe
Dún Scéine
Lána Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:(01) 879 8300
Facs:(01) 879 8333
Láithreán Gréasáin: http://www.nationaltransport.ie/taxi-and-bus-licensing/taxi/
R-phost: taxis@nationaltransport.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.