Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Iompar Poiblí > Táillí le haghaidh seirbhísí tacsaí, hacnaí agus limisín

Print Page Send to a Friend

Táillí le haghaidh seirbhísí tacsaí, hacnaí agus limisín

Eolas

Tá rialacha áirithe i bhfeidhm in Éirinn maidir leis an mbealach a dhéantar táillí le haghaidh seirbhísí tacsaí, hacnaí agus limisín a struchtúrú agus a shocrú. Tá an Stiúrthóireacht um Rialáil Tacsaithe an Údarás Náisiúnta Iompair freagrach go hiomlán as táillí le haghaidh na seirbhísí seo a shocrú.

Sa doiciméad seo, scrúdaítear na rialacha reatha maidir leis an mbealach a leagtar amach uastáillí, mínítear conas a ríomhtar agus a thaifeadtar táillí tacsaí chomh maith leis na dualgais atá ar phaisinéirí agus ar thiománaithe.

Tugadh de chumhacht don Choimisiún um Rialáil Tacsaithe limistéar tacsaiméadair amháin a dhéanamh d’Éirinn le hAlt 42 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003. Tugadh Uastáille Náisiúnta Tacsaí isteach i Meán Fómhair 2006 lenar socraíodh uastáillí don limistéar tacsaiméadair náisiúnta seo. Ciallaíonn sé seo go ríomhtar gach táille tacsaí le haghaidh gach turas tacsaí ar an méadar (ach amháin i gcás tacsaithe a chuirtear in áirithe roimh ré a bhfuil comhaontú scríofa maidir le tarscaoileadh i bhfeidhm). Beidh éifeacht leis an Uastáille Náisiúnta Tacsaí ón 1 Samhain 2008.

Cad é an t-uastáille tacsaí?

Tá ráta caighdeánach agus ardráta ann don Uastáille Náisiúnta Tacsaí. Bíonn an ráta caighdeánach i bhfeidhm ó 8 rn go dtí 8 in. Bíonn an t-ardráta i bhfeidhm istoíche ó 8 in go dtí 8 rn agus ar an Domhnach agus ar laethanta saoire poiblí. Faoin Uastáille Náisiúnta Tacsaí athbhreithnithe, bíonn ardráta i bhfeidhm idir 8 in Oíche Nollag agus 8 rn Lá Fhéile Stiofáin agus idir 8 in Oíche Chinn Bhliana agus 8 rn Lá Caille.

Tá 3 chuid ar leithligh san Uastáille Náisiúnta Tacsaí:

  • Táille tosaigh: suim a bhíonn le feiceáil ar an méadar ag tús an turais. Is é an táille tosaigh náisiúnta atá i bhfeidhm ó Shamhain 2008 ná ráta caighdeánach €4.10 agus ardráta €4.45 agus tá achar tosaigh 1km, nó tréimhse 170 soicind san áireamh leis sin.
  • Achar níos faide: tar éis don tacsaí dul os cionn an achair/ama atá i gceist leis an táille tosaigh, ríomhtar an táille d’achar níos faide in aghaidh tráthanna gearra le linn an turais. Nuair a bhíonn luas íseal faoin tacsaí, nó nuair atá sé ina sheasamh, ríomhtar an táille ar bhonn ama. Nuair a théann an tacsaí os cionn luas áirithe, ríomhtar an táille de réir an achair atá déanta ag úsáid trí tharaif chéimnithe.
  • Táille bhreise: tá rialacha dochta ann maidir le táillí breise is féidir a ghearradh ar an bpaisinéir. San áireamh leo seo, tá táille áirithinte, táillí le haghaidh paisinéirí breise agus táille salaithe.

Tá sé tábhachtach cuimhneamh go bhfuil sé de cheart ag custaiméirí lascaine a iarraidh sula bhfostaíonn siad seirbhísí tacsaí. Tá sé de cheart ag tiománaithe an tsuim uasta arna ríomh ar an méadar a ghearradh ar an bpaisinéir, nó suim is lú ná sin dá rogha féin. Féadfar aon lascainí a thugtar a thaifeadadh de láimh ar an admháil.

Mura gcomhaontaítear aon socrú maidir le lascainí roimhe ré, dlitear den chustaiméir an tsuim iomlán arna ríomh ag an méadar a íoc.

Tá tuilleadh eolais maidir leis an tUastáille Náisiúnta Tacsaí ar fáil ar láithreán gréasáin an t-Údarás Náisiúnta Iompair.

Rialacha

Tacsaithe

Faoi Rialacháin reatha, is é an t-uastáille tacsaí an tsuim is airde is féidir le tiománaí tacsaí a ghearradh ort. Roimhe seo, limistéir shoiléire a bhí sna limistéir thacsaiméadair arna gcinneadh ag na húdaráis áitiúla le struchtúir táillí éagsúla áit ar ceadaíodh do thacsaithe feidhmiú. Le hAlt 45 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003, aistríodh an chumhacht le limistéir thacsaiméadair a chinneadh chuig an gCoimisinéir um Rialáil Tacsaithe agus d’fhógair an Coimisiún gurb aon limistéar náisiúnta tacsaiméadair amháin í an tír. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún na huastáillí tacsaí a shocrú do limistéir thacsaiméadair freisin.

Píosa trealaimh a dtugtar tacsaiméadar air a ríomhann na táillí tacsaí agus bíonn sé le feiceáil amuigh chun tosaigh san fheithicil. Ríomhann an méadar an táille de réir ama agus achair. Caithfear gach tacsaiméadar a thástáil agus a shéalú sular n-úsáidtear i dtacsaithe iad. An tSeirbhís Mhéadreolaíochta Dlí a dhéanann é seo. Tá an tSeirbhís Mhéadreolaíochta Dlí ina cuid de Údarás Náisiúnta Caighdeán na hÉireann (ÚNCÉ) agus tá an tseirbhís freagrach as an dlí a fhorfheidhmiú maidir leis an mbealach a úsáidtear ionstraimí tomhais sa saol gnó.

Hacnaithe

Ní shuiteáiltear tacsaiméadair (is é sin, trealamh a shuiteáiltear chun táillí tacsaí a thaifeadadh) i hacnaithe agus mar gheall air sin, ní bhíonn uastáillí i gceist leo. Caithfidh an tiománaí agus an paisinéir gach táille a chomhaontú sula dtosaíonn an turas.

Limisíní

Mar aon le hacnaithe, ní shuiteáiltear tacsaiméadair i limisíní agus mar sin, arís, ní bhíonn uastáillí i gceist. Má roghnaíonn tú seirbhísí limisín a fhruiliú, caithfidh tú aon táillí a chomhaontú leis an tiománaí sula dtosaíonn do thuras.

Cártaí táillí

Is éard atá i gcárta táillí ná cárta a chaithfear a chur ar taispeáint i ngach tacsaí agus lena dtaispeáintear conas a ríomhtar limistéar na táille. Tá mionsonraí maidir le hachar, am agus míreanna breise ar an gcárta. Ba chóir go mbeadh an cárta táillí ar taispeáint go soiléir áit a mbeidh sé éasca ag an bpaisinéir é a fheiceáil.

Tá sé d’oibleagáid ar gach tacsaí ceadúnaithe eolas do phaisinéirí, lena n-áirítear cearta agus freagrachtaí agus eolas maidir le táillí, a chur ar taispeáint amuigh chun tosaigh agus ar chúl na feithicle. Soláthróidh an Coimisiún um Rialáil Tacsaithe an t-eolas seo.

Rialacháin Reatha

Faoi Alt 39 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003, is cion é má ghearrann tiománaí tacsaí nó hacnaí táille ort ar mó é ná an t-uastáille atá ar taispeáint ar an méadar nó an táille a comhaontaíodh ag tús an turais. Má mheasann tú gur gearradh táille iomarcach ort, tá tú i dteideal gearán a dhéanamh faoin tiománaí tacsaí. Faoi Alt 40 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003, is cion é mura gcomhaontaíonn paisinéir in SPSV an táille comhaontaithe nó an t-uastáille a thaispeántar ar an tacsaiméadar a íoc. Tá an tiománaí i dteideal iarraidh ort a chruthú go bhfuil sé d’acmhainn agat an táille a íoc sula dtosaíonn an turas. Mura féidir leat é seo a chruthú, is féidir leis diúltú tú a thabhairt leis ar an turas.

Faoi Alt 39 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003, tá tú i dteideal admháil phriontáilte a fháil ag deireadh an turais tacsaí tar éis duit íoc as. Ba chóir go mbeadh mionsonraí faoin dáta, faoi fhad an turais, faoin achar agus faoin tsuim a íocadh ar an admháil chomh maith le huimhir cheadúnais na feithicle.

An féidir liom gearán a dhéanamh faoi tháille tacsaí?

Is féidir. Má tá táille ina cnámh spairne agat, ba chóir an táille a thaispeántar ar an méadar a íoc mar aon le míreanna breise. Ba chóir duit a chinntiú go bhfaighidh tú admháil phriontáilte agus gearán foirmiúil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Rialáil Tacsaithe. Féach ár ndoiciméad maidir le gearán a dhéanamh faoi thiománaí tacsaí, hacnaí nó limisín.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Údarás Náisiúnta Iompair

Stiúrthóireacht an Rialáil Tacsaithe
Dún Scéine
Lána Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:(01) 879 8300
Facs:(01) 879 8333
Láithreán Gréasáin: http://www.nationaltransport.ie/taxi-and-bus-licensing/taxi/
R-phost: taxis@nationaltransport.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 November 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.