Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Iompar Poiblí > Seirbhísí Bus in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí Bus in Éirinn

Eolas

Tá seirbhísí poiblí bus in Éirinn ceadúnaithe agus rialaithe ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt. Tá réimse seirbhísí iompair phoiblí in Éirinn (idir sheirbhísí poiblí agus seirbhísí an Stáit) a ofráileann seirbhísí ar go leor bealaí bus. Is comhlacht stáit é Córas Iompair Éireann a chuireann na seirbhísí is mó ar fáil go náisiúnta - baineann an t-eolas seo a leanas amháin le seirbhísí bus oibrithe ag an Stát.

Bus Átha Cliath

Cuireann Bus Átha Cliath seirbhísí bus ar fáil taobh istigh de chathair Átha Cliath chomh maith le chuig agus ó na ceantair mháguaird. I measc na seirbhísí seo tá seirbhísí bus na cathrach, Nasc Iarnróid, Nasc Scoile, NascAeir, Nasc Oíche agus seirbhís soláthair bus don DART. Eagraíonn Bus Átha Cliath turasanna lae chomh maith. Is féidir sceideal Bus Átha Cliath a fháil anseo. Tá sé de dhualgas ar Bhus Átha Cliath seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine le míchumas. Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin go seolfar sceidil Bhus Átha Cliath do do fhón soghluaiste ar tháille. (Déan téacs BUS agus uimhir an bhealaigh, mar shampla BUS 10 do 53503 agus seol). Geobhaidh tú freagra le hamanna an chéad thrí bhus eile i ngach treo. Chun turas a phleanáil roimh ré, seol téacs mar shampla BUS 10 1800 chun amanna an bhealaigh 10 ó 18.00 ar aghaidh a fháil. Tá táille 30 cent ar theachtaireacht téacs (CBL san áireamh) agus b’fhéidir táillí oibreoir gréasáin chomh maith.

Xpresso

Is seirbhís speisialta bus é Xpresso atá curtha ar fáil ag Bus Átha Cliath do phaisinéirí a bhíonn ag taisteal sna tráthanna brúite, chun go mbeadh taisteal níos tapúla agus níos éifeachtaí acu. Bíonn na bealaí Xpresso díreach agus gearrann siad síos ar am taistil idir áiteanna. Bíonn níos lú stopanna ar na bealaí seo agus mar sin is seirbhís níos tapúla atá inti. Is féidir sceidil Xpresso a fháil ar shuíomh idirlín Bhus Átha Cliath.

Nasc Aeir

Oibríonn Bus Átha Cliath seirbhísí idir Lár Chathair Átha Cliath agus Aerphort Átha Cliath. Ritheann na seirbhísí seo thar Busáras, Stáisiún Iarnróid Uí Chonghaile agus Stáisiún Iarnróid Heuston. Fágann an tseirbhís chóiste Nasc Aeir taobh amuigh den Halla Imeachta in Aerphort Átha Cliath agus Busáras i lár na cathrach. Chomh maith leis sin, oibríonn an chuid is mó de sheirbhísí bus luais idir Bhaile Átha Cliath agus Béal Feirste thar Aerphort Átha Cliath. Má bhíonn tú ag taisteal ó áit ar bith sa tír ar an eangach Luais, is féidir ticéad a cheannach a ligeann duit taisteal go dtí Baile Átha Cliath agus aistriú chuig seirbhís Nasc Aeir a fhágann Busáras. Cuireann Bus Éireann seirbhísí rialta bus ar fáil idir Aerphort na Sionainne agus Cathair Luimní, idir Aerphort na Sionainne agus Inis agus idir Aerphort Chorcaí agus Lár Chathair Chorcaí. Is féidir sceidil Nasc Aeir a fháil ar shuíomh idirlín Bhus Átha Cliath.

Seirbhís Scoile

Tá Bus Átha Cliath freagrach as an tseirbhís scoile atá dhá rith ag conraitheoirí príobháideacha. Déanann Bus Átha Cliath maoirseacht ar an tseirbhís agus tá sé scríofa go soiléar ar na cóistí ar fad le suaitheantais Bus Átha Cliath ar a gcúla, chun tosaigh agus ar a dtaobh. Tá an tseirbhís ar fáil d'aon pháiste atá ag freastal ar bhunscoil nó ar iar-bhunscoil i mBaile Átha Cliath. Piocann na cóistí paisinéirí ag stopanna Bhus Átha Cliath agus is féidir teacht de na cóistí ag na stopanna sin freisin. Tá eolas ar fáil ar shuíomh idirlín Bhus Átha Cliath.

Nasc Oíche

Cuireann Bus Átha Cliath seirbhís Nasc Oíche ar fáil chuig na ceantair mháguaird den chathair deireanach san oíche. Bíonn an tseirbhís ar fáil ó Luan go Satharn ar feadh na bliana. Bíonn an chéad bhus ann ag 12.30rn chuile oíche. Braitheann na hamanna imeachta ina dhiaidh sin ar an tseirbhís agus fad an turais. Bíonn an chuid is mó seirbhísí ann go dtí 4.30rn, ach bíonn seirbhís níos teoranta ar chuid de na bealaí, mar shampla, Sord agus na Clocha Liath, de bharr fad an turais. Braitheann an táille ar fhad do thurais ach is euro 4 nó euro 6 a bheidh le n-íoc. Is féidir ticéad a cheannach ag stop an bhus. Bíonn seirbhís bhreise ann faoi Nollaig gach bliain nuair a chuireann Nasc Oíche tuilleadh seirbhísí ar fáil leis an éileamh mór a shásamh. Féach tuilleadh eolais maidir le seirbhísí Nasc Oíche.

Nasc Iarnróid

Cuireann Bus Átha Cliath seirbhís ar fáil go minic chuig na mórstáisiúin iarnróid i mBaile Átha Cliath.

Seirbhísí áitiúla ar fáil ó Bhus Átha Cliath

Tá réimse seirbhísí áitiúla ar fáil ó Bhus Átha Cliath sna ceantair mháguaird de Bhaile Átha Cliath agus i dTuaisceart Chill Mhantáin. Co. Cill Dara agus Co na Mí. Cuireann sé seirbhísí bus ar fáil chuig na stáisiúin DART/iarnróid, ospidéil agus ionaid siopadóireachta. Níl aon cheann de na seirbhísí sin ar fáil chuig nó ó Lár na Cathrach.

Bus Éireann

Cuireann Bus Éireann seirbhísí éagsúla bus ar fáil ar bhealaí ar fud na hÉireann. Tá seirbhísí cóiste idir chathracha ar fáil chomh maith le seirbhísí do phaisinéirí lae chuig na príomh chathracha. Tá seirbhísí bus ar fáil sna cathracha agus sna bailte móra chomh maith le seirbhísí áitiúla bus ar fud na hÉireann. Cuireann Bus Éireann seirbhís bhus scoile ar fáil ar son na Roinne Oideachais agus Scileanna. Tá sé de dhualgas ar Bhus Éireann seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine le míchumas.

Seirbhís Luais Bhus Éireann

Is í seirbhís chóiste luais idir-chathracha príomhghnó Bhus Éireann. Tá breis agus 50 bealach le freastal orthu ag an tSeirbhís Luais a cheanglaíonn cathracha agus bailte móra ar fud na hÉireann chomh maith le áiteanna i dTuaisceart na hÉireann i gcomhair le Bus Uladh.

Seirbhísí Bus Éireann sna bailte móra agus sna cathracha

Cuireann Bus Éireann seirbhísí bus cathrach ar fáil i gCorcaigh, i nGaillimh, i Luimneach agus i bPort Láirge agus seirbhísí baile in Áth Luain, i nDroichead Átha, i nDún Dealgan, san Uaimh agus i Sligeach.

Seirbhísí Bus Éireann do phaisinéirí lae

Tá ardú tagtha ar líon na bpaisinéirí lae agus dá bharr tá méadú tagtha ar líon na seirbhísí atá ar fáil ó Bhus Éireann idir na príomhchathracha agus na bailte móra ina gcónaíonn na daoine sin. Tá na seirbhísí lae seo dhá leathnú amach le freastal ar bhorradh tionsclaíoch agus fostaíochta agus ar áiseanna tríú leibhéil.

Seirbhísí áitiúla atá ar fáil ó Bhus Éireann

Seirbhísí iompair i gcéimeanna agus seirbhísí tuaithe iad seirbhísí áitiúla Bus Éireann. Bíonn na seirbhísí iompair i gcéimeanna ar fáil gach lá ar bhonn rialta agus déanann siad freastal ar gach stop ar an turas. Stopfaidh an bus má iarrann paisinéir é le turlaingt nó chun dul air. Bíonn na seirbhísí tuaithe ar fáil lá sa tseachtain chuig baile margaidh ó na ceantair mháguaird. Is féidir ticéid a cheannach ó thiománaí an bhus ar gach seirbhís áitiúil.

Seirbhísí aerphoirt Bhus Éireann

Tá seirbhísí cóiste ar fáil go rialta ó Bhus Éireann idir Aerphort Chorcaí agus Lár Cathair Chorcaí, Aerphort na Sionnaine agus Cathair Luimní agus Aerphort na Sionnaine agus Inis. Féach sonraí maidir le seirbhísí aerphoirt Bhus Éireann.

Seirbhísí do phaisinéirí le míchumas ó Bhus Átha Cliath agus ó Bhus Éireann

Tá dualgas ar Bhus Átha Cliath agus ar Bhus Éireann seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine le míchumas. Is féidir le daoine i gcathaoireacha rotha úsáid a bhaint as na cóistí nua ar fad a cheannaíonn an dá chomhlacht nó tá na cóistí déanta ionas gur féidir dul isteach agus amach níos éasca ná cheana. I measc na nithe atá ar fáil ar na busanna nua seo tá urlár íseal, céim amháin le dul isteach agus crochadh glúine ionas gur féidir airde na céime a ísliú. Is féidir le cathaoireacha rotha dul isteach iontu, tá fánáin inardaithe ag na doirse agus spás faoi leith ar fáil do lucht úsáide na gcathaoireacha rotha. Is féidir an spás seo a úsáid freisin do bhugaí páiste. I measc na n-áiseanna eile tá pasáistí níos leithne, níos mó airde, soilse agus teas níos fearr taobh istigh, barraí greama níos fearr, cloigíní a bhuaileann má leagann duine bos orthu agus chun tosaigh ar na busanna fógraí leictreonacha atá fíor-fheiceálach le ceann scríbe an bhus scríofa orthu. Tá caoi curtha freisin ar na stáisiúin bhus le go mbeadh sé níos éasca ag daoine le míchumas dul isteach agus amach astu. Is féidir tuilleadh eolais a léamh maidir leis na seirbhísí atá ar fáil do dhaoine le míchumas anseo Bus Átha Cliath agus seirbhísí atá ar fáil do dhaoine le míchumas anseo Bus Éireann.

Taisteal na Mac Léinn

Tá go leor seirbhísí curtha ar fáil ag Bus Éireann agus Bus Átha Cliath do mhic léinn tríú leibhéil. Freastalaíonn na bealaí cathracha agus bailte móra ar choláiste ina gceantar ginearálta agus is minic go stopann seirbhísí náisiúnta Bhus Éireann ag coláistí agus ollscoileanna ar na príomhbhealaí. Cuireann Bus Éireann seirbhísí ar cíos ar fáil freisin do chlubanna agus cumainn a bhíonn ag taisteal chuig coláistí eile do na himeachtaí idir-choláistí.

Faigheann mic léinn tríú leibhéil lascainí suntasacha ar sheirbhísí Iarnród Éireann agus ar sheirbhísí Bhus Átha Cliath leis an gCárta Taistil nua do Mhic Léinn.

Is féidir leat foirm iarratais ar Chárta Taistil do Mhic Léinn san dara leibhéil. Tá tuilleadh eolais anseo.

Is féidir leat táillí ar lascaine a fháil ar sheirbhísí Bhus Éireann nuair a thaispeánann tú ceann ar bith de na cártaí aitheantais seo a leanas:

  • Cárta Idirnáisiúnta Aitheantais do Mhic Léinn atá bailí
  • Cárta Thrasnasc Aitheantais do Mhic Léinn
  • Cárta Cathrach nó Cárta Náisiúnta Taistil do Mhic Léinn.

Cúrsaí Aitheantais

Teastaíonn cárta aitheantais le grianghraf le gach Ticéad Míosúil Duine Fásta agus Ticéad Bliantúil ó Bhus Átha Cliath. Is féidir Cárta Aitheantais do Dhuine Fásta a fháil ó CIE ag Lároifig Bhus Átha Cliath ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath. Tógfar do ghrianghraf san oifig agus tá táille de euro 2.50 ag baint leis seo. Is féidir freisin na cártaí aitheantais seo a fháil ó aon ghníomhaire ticéid Bhus Átha Cliath . Ní mór duit grianghraf den mhéid a bhíonn ar phas a chur ar fáil sa chás seo agus tá táille de euro 1.90 le n-íoc ar an gcárta. Ní théann na cártaí seo as dáta.

Teastaíonn Cártaí Aitheantais Scoile le Grianghraf ó gach páiste scoile atá idir 12 agus 15 atá ag éileamh na dtáillí laghdaithe. Ní theastaíonn cártaí aitheantais ó pháistí faoi bhun 12. Leis an gcárta seo a fháil ní mór duit foirm iarratais a líonadh agus í a fháil sínithe ag príomhoide na scoile nó múinteoir scoile. Níl aon táille ag baint leis seo agus tá na foirmeacha iarratais ar fáil sa chuid is mó scoileanna agus ó Bhus Átha Cliath. Is féidir an (pdf)fhoirm iarratais do chárta aitheantais pháiste scoile a íoschóipeáil anseo.

Má tá tú idir 16 agus 18 agus ag freastal ar oideachas dara leibhéil is féidir ticéad scoláire a fháil má tá an Cárta Aitheantais Scoláire chuí agat. Arís, tá foirmeacha iarratais ar fáil ón gcuid is mó scoileanna agus ó Bhus Átha Cliath agus ba cheart an fhoirm a bheith sínithe ag múinteoir nó ag príomhoide na scoile. Tá an cárta saor in aisce agus bailí ar feadh bliana. Is féidir (pdf)foirm iarratais ar Chárta Aitheantais Scoláire a íoschóipeáil anseo.

Má bhíonn Cárta Idirnáisiúnta Aitheantais Mhic Léinn (CIAML) agat beidh tú in ann ticéid mhic léinn a cheannach ar sheirbhísí Bhus Éireann. Is féidir an cárta seo a fháil ó oifigí CIAML uilig agus Aontas na Mac Léinn. Cosnaíonn an Cárta Aitheantais Mhic Léinn euro 19.

Bagáiste

Is féidir leat píosa amháin bagáiste láimhe agus mála nó cás leathmhór amháin a thabhairt leat saor in aisce ar Bhus Éireann. Ní mór an mála nó an cás a chur san urrann bagáiste den bhus agus ba cheart bagáiste láimhe a chur faoin suíochán nó sa raca lastuas. Beidh cead aon bhagáiste breise a thabhairt leat, rothair san áireamh, má bhíonn an spás ar fáil. Gearrfar táille de euro 10 ar rothar a thabhairt ar an mbus, is cuma cén fhad é an turas.

Iarrann Bus Átha Cliath ort do bhagáiste nó bugaí páiste a chur sna hurranna bagáiste. Is féidir freisin bugaí a chur in áit na gcathaoireacha rothaí ar na busanna atá cóirithe lena n-aghaidh. Ach, ní mór an spás sin a chur ar fáil má bhíonn sé ag teastáil ó dhuine i gcathaoir rothaí. Ní ceart ariamh bagáiste a chur in áiteanna ina mbíonn sé ina bhac ag paisinéirí eile nó ag doirse an bhus.

Ainmhithe

Ní ghearrtar aon táille ar mhadraí na ndall má bhíonn siad ag taisteal le duine a bhfuil Pas Duine Dall Cláraithe aige/aici ar Bhus Átha Cliath agus Bus Éireann. Ní thabharfar cead, i gcúinsí ar bith, d'aon ainmhithe eile taisteal ar Bhus Éireann.

Is faoin tiománaí cinneadh a dhéanamh ainmhithe seachas madraí na ndall a ligean ar sheirbhísí Bhus Átha Cliath. Tá sé leagtha síos sna fo-dlíthe a bhaineann le Bus Átha Cliath nach féidir leat ainmhí a thabhairt ar an mbus má iarrann duine in údarás (mar shampla, an tiománaí nó cigire) ort gan é sin a dhéanamh.

Maoin Chaillte

Fágfar aon mhaoin a fhaightear ar bhusanna Bhus Éireann ag an áras áitiúil den chomhlacht. Gearrfar táille láimhdeachais ar gach earra nuair a thagann tú le do mhaoin a phiocadh suas. Díolfar aon earraí fágtha ar feadh dhá mhí nó níos mó. Bainfidh Bus Éireann úsáid as an airgead leis na costais a bhain leis an maoin a choinneáil a chlúdach.

Tá oifig ag Bús Átha Cliath do mhaoin chaillte agus cuirtear aon earraí a fhaightear ar na busanna chuici taobh istigh de cheithre uaire fichead. Tá an oifig sin oscailte ó Luan go hAoine, ó 8.45rn go dtí 5.00in, ach amháin Saoire Bhainc. Gearrtar euro 2 ar gach earra má thagann duine dhá éileamh. Gheobhaidh Bus Átha Cliath réidh le hearraí nach ndéantar éileamh orthu taobh istigh de 30 lá.

Gearáin

Ba cheart aon ghearán maidir le seirbhísí Bhus Átha Cliath a chur chuig Binse Aiseolais Custaiméara, Bus Átha Cliath, 59 Sráid Uí Chonaill Uacht., Baile Átha Cliath 1. Ba cheart aon ghearán maidir le seirbhísí Bhus Éireann a chur díreach chuig an mBainisteoir Ceantair, tá na hoifigí sin lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Dún Dealgan, Port Láirge, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh, Sligeach, Béal an Átha agus Ath Luain. Molann an dá chomhlacht duit litir a scríobh ag tabhairt an oiread sonraí agus is féidir maidir leis an ngearán agus uimhir theagmhála gutháin a chur ar an litir. Gheobhaidh tú admháil go bhfuil an gearán faighte taobh istigh de 4 nó cúig lá oibre. Déanfar an gearán a scrúdú agus cuirfear freagra i scríbhinn chugat go hiondúil taobh istigh de chúig lá oibre déag.

Rialacha

Tá sé in aghaidh an dlí tobac a chaitheamh ar sheirbhísí Bhus Átha Cliath, Bus Éireann agus taobh istigh i stáisiúin Bhus Éireann.

Rataí

Is féidir sonraí de tháillí Bhus Átha Cliath ar bhealaí cathracha, bealaí taobh amuigh den chathair agus bealaí Citizone a fháil anseo. Tá sonraí ar fáil freisin maidir le táillí do na ticéid seachtaine, mhíosa, bhliana agus ticéid réamh-íoctha eile.

córas uathoibríoch táillí in úsáid ag seirbhísí uilig Bhus Átha Cliath. Mar sin níl aon ghá don tiománaí airgead a láimhseáil.

Is féidir leat sonraí maidir le táillí ticéid Bhus Éireann a fháil anseo. Tá taisteal saor in aisce ar fáil don té atá ina theideal faoi na Scéimeanna Saor in Aisce atá ag an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Ticéid a cheannach ar an idirlíon

Is féidir ticéid náisiúnta Bhus Éireann agus cuid de thicéid Bhus Átha Cliath a cheannach ar an idirlíon.

Leap Card

I mí na Nollag 2011, tugadh isteach córas ticéadaithe comhtháite iompair do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ar a dtugtar an Leap Card. Tá faisnéis ar fáil ag Leapcard.ie.

Conas iarratas a dhéanamh

liosta de ghníomhairí ticéid Bhus Átha Cliath ar fáil ar shuíomh idirlíon Bhus Átha Cliath. Is féidir, go hiondúil, ticéid Bhus Éireann a cheannach ó thiománaí an bhus. Mura féidir, táthar ar fáil ag ionaid taistil Bhus Éireann agus sa chuid is mó oifigí Aontas na Mac Léinn sna coláistí.

Ba cheart ceisteanna i dtaobh seirbhíse "Bustxt" Bhus Átha Cliath a chur chuig Bus Átha Cliath ag (01) 873 4222.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Ard Oifig Bhus Átha Cliath

59 Sráid Uí Chonaill Uacht
Dublin 1
Ireland

Teil:+353 1 873 4222
Facs:+353 1 703 3037
Láithreán Gréasáin: http://www.dublinbus.ie

Bus Éireann

Broadstone
Dublin
Ireland

Teil:+353 (0)1 8302222
Facs:+353 (0)1 8309377
Láithreán Gréasáin: http://www.buseireann.ie
R-phost: info@buseireann.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 31 January 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seirbhísí traenach in Éirinn
    Déanann an cháipéis seo cur síos ar sheirbhísí traenach atá á oibriú ag an Stát in Éirinn.
  • Córas tram Luais
    Córas iompair iarnróid chaoil é Luas (córas iompair phoiblí tram) atá ag feidhmiú i mBaile Átha Cliath, Éire. Tá eolas ar fáil anseo maidir le bealaí, seirbhísí agus táillí Luais.
  • Cearta aerphaisinéirí san Aontas Eorpach
    Faigh eolas faoi do chearta agus tú ag ceannach ticéid, ag cur eitiltí in áirithe, agus ag taisteal ar eitleáin le haerlínte Eorpacha.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.