Pas Éireannach caillte nó goidte a athsholáthar

Réamhrá

Doiciméad tábhachtach dlíthiúil is ea do Phas Éireannach. Is fianaise ar do chéannacht é agus gur saoránach de chuid na hÉireann tú agus gur saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh tú. Ba chóir do phas Éireannach a choinneáil in áit shábháilte i gcónaí nuair a bhíonn tú sa bhaile agus ag taisteal thar lear.

Má tá do phas Éireannach caillte, imithe amú nó goidte agus gur mian leat ceann eile a fháil, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ar cheann athsholáthair nó foirm iarratais pháipéir a úsáid.

Rialacha

Ní mór duit a bheith ar an aird:

  • Nach doiciméad taistil bailí é aon phas a thuairiscítear a bheith caillte nó goidte agus níor chóir duit iarracht a dhéanamh taisteal ar phas ar tuairiscíodh gur cailleadh nó gur goideadh é.
  • Má tá drochthaifead maidir le pasanna agat, (is é sin, go bhfuil 2 phas nó níos mó caillte agat) is dócha nach dtabharfar ach áiseanna teoranta pas duit le haghaidh sainchuspóirí taistil. Gach uair a n-eisítear pas nua duit, (fiú nuair a bhíonn an pas á eisiúint ar feadh tréimhse teoranta) beidh ort costas iomlán an phas sin a íoc.

Ba chóir duit a bheith ar an eolas go n-éilíonn riachtanais inimirce i dtíortha áirithe go mbeadh do phas bailí ar feadh tréimhse áirithe ama sular féidir leat dul isteach i ndlínse eile.

Ní féidir linn eolas a sholáthar ar na riachtanais bhailíochta pasanna maidir le haon tír faoi leith ar domhan. Déan teagmháil le do ghníomhaire taistil/aeriompróir nó le hambasáid/consalacht na tíre a bhfuil tú ag taisteal chuici chun an t-eolas seo a chinntiú. Ba chóir duit é seo a dhéanamh in am trátha sula dtéann tú ag taisteal.

Do phas a chailleadh in Éirinn

Más saoránach Éireannach tú agus cónaí ort in Éirinn agus má tá do phas Éireannach caillte agat, nó má goideadh é, ní mór duit caillteanas do phas a thuairisciú d’Oifig na bPasanna láithreach. Beidh ort an caillteanas nó goid a thuairisciú don Gharda Síochána chomh maith. Iarrfar ort an caillteanas a dhearbhú i scríbhinn nó má tá tú ag cur isteach ar phas nua na sonraí a chur isteach ar d’iarratas.

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar líne ar phas athsholáthair nó ar pháipéar, (ag úsáid APS 1). Ní mór duit imthosca an chaillteanais a thabhairt i gCuid 6 den fhoirm. Is féidir leat foirm APS 1 a fháil ó do stáisiún Gardaí is cóngaraíóOifig an Phoist. Ní mór an fhoirm seo a bheith fianaithe/frithshínithe ag ball den Gharda Síochána, agus ní mór don té sin Cuid 6 a shíniú agus a stampáil.

  • Má tá pas a ndearnadh díobháil dó á ionadú, b’fhéidir gur gá duit an pas a ndearnadh díobháil dó a thabhairt ar ais d’Oifig na bPasanna. Beidh ort seo a dhéanamh má tá an méid seo a leanas á ionadú agat:
  • Pas do dhuine fásta a bhfuil bailíocht breis agus 12 mhí fágtha ann
  • Pas do leanbh a bhfuil bailíocht breis agus 6 mhí fágtha ann

Ní mór duit gach doiciméad tacaíochta a bhíonn de dhíth le gnáthiarratas céaduaire ar phas a chur isteach arís chuig Oifig na bPasanna. Áirítear sna doiciméid sin an teastas breithe iomlán fadfhoirme, teastas pósta/páirtnéireachta sibhialta (más infheidhme) agus 4 ghrianghraf de mhéid an phas. Tá tuilleadh eolais faoi iarratas a dhéanamh ar phas inár ndoiciméad Iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach.

Do phas Éireannach a chailleadh thar lear

Más saoránach Éireannach tú agus tú i do chónaí thar lear, ag taisteal nó ar laethanta saoire thar lear agus má chailltear/goidtear nó má théann do phas Éireannach amú ní mór duit teagmháil a dhéanamh le d’ambasáid nó consalacht na hÉireann is cóngaraí láithreach. Iarrfar ort an caillteanas a dhearbhú i scríbhinn nó má tá tú ag cur isteach ar phas nua na sonraí a chur isteach ar d’iarratas. (Bain úsáid as an fhoirm APS 2 nuair a chuirtear isteach ar phas nua má tá cónaí ort i dTuaisceart Éireann nó lasmuigh d'Éirinn.) Má tá tú i dtír faoi láthair nach bhfuil ionadaíocht ar bith Éireannach ann, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hambasáid/consalacht Bhallstát eile de chuid an AE a rachaidh i dteagmháil le hambasáid na hÉireann is cóngaraí ar do shon.

Ní mór duit chomh maith teagmháil a dhéanamh leis na póilíní áitiúla agus ráiteas scríofa go bhfuil caillteanas do phas tuairiscithe agat a iarraidh. Ní mór do bhall údarás na bpóilíní sa tír ina bhfuil tú ag fanacht an ráiteas seo a dhearbhú. Beidh sé seo de dhíth ort chun teastas éigeandála taistil a fháil ó ambasáid/consalacht de chuid na hÉireann.

Má theastaíonn cáipéis taistil éigeandála uait ó ambasáid nó consalacht na hÉireann, caithfidh tú teagmháil a dhéanamh leis na póilíní áitiúla agus ráiteas scríofa a lorg gur thug tú le fios gur cailleadh do phas. Caithfidh comhalta den údarás póilíneachta sa tír ina bhfuil tú ag fanacht bheith mar fhinné ar an ráiteas seo.

Arís, má tá tú i dtír faoi láthair nach bhfuil ionadaíocht ar bith Éireannach ann, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hambasáid/consalacht Bhallstát eile de chuid an AE. Ní féidir le hambasáid nó le consalacht Bhallstát eile de chuid an AE pas nua ná doiciméad éigeandála taistil a eisiúint duit. Ina áit sin rachaidh siad i dteagmháil le hambasáid nó consalacht na hÉireann is cóngaraí ar do shon, a rachaidh i dteagmháil leat ansin. I gcásanna áirithe is féidir le hambasáid nó consalacht i mBallstát eile de chuid an AE Doiciméad Taistil Éigeandála AE (ETD) a eisiúint duit.

Doiciméid éigeandála taistil

má chailleann tú do phas thar lear, is féidir le hambasáid nó consalacht de chuid na hÉireann doiciméad éigeandála taistil a eisiúint duit.

In imthosca den chineál sin, is fearr teagmháil a dhéanamh le hambasáid nó consalacht na hÉireann is cóngaraí go díreach d’fhonn a fháil amach cad iad na doiciméid a bheidh ag teastáil uait.

Turais Il-Stopanna

Má bhíonn do phas caillte agat agus tú ag taisteal thar lear ar thuras iolstopanna, ina rachaidh tú trí níos mó ná dlínse amháin, beidh pas nua Éireannach ag teastáil uait. Ní mór duit caillteanas do phas Éireannaigh a thuairisciú d’ambasáid nó consalacht na hÉireann is cóngaraí. Mura bhfuil ambasáid ná consalacht na hÉireann sa tír ina bhfuil tú, téigh i dteagmháil le hambasáid Bhallstát eile de chuid an AE a rachaidh i dteagmháil le hambasáid na hÉireann is cóngaraí ar do shon. Ní féidir le hambasáid Bhallstát eile de chuid an AE pas nua Éireannach a eisiúint duit.

Beidh ort teagmháil a dhéanamh leis na póilíní áitiúla agus ráiteas scríofa go bhfuil caillteanas do phas tuairiscithe agat a iarraidh orthu. Ní mór do bhall údarás na bpóilíní sa tír ina bhfuil tú ag fanacht an ráiteas seo a dhearbhú. Bheadh sé úsáideach chomh maith cóip de do phas (leathanach na sonraí) a bheith ar iompar agat nuair a bhíonn tú ag taisteal.

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis na póilíní áitiúla lena thabhairt le fios gur cailleadh nó gur goideadh do phas. B’fhéidir go mbeadh sé áisiúil duit fótachóip de do phas a iompar (an leathanach sonraí) nuair a bhíonn tú ag taisteal.

Rataí

Is iad seo a leanas na táillí nuair a dhéantar iarratas ar líne:

  • Gnáthphas10 mbliana le 34 leathanach: €80
  • Pas mór 10 mbliana le 66 leathanach: €110
  • Cárta pas: €35
  • Gnáthphas agus cárta pas: €105

Is iad seo a leanas na táillí nuair a dhéantar iarratas ag úsáid Pas Luais (féach Pas Éireannach a Athnuachan) nó trí ambasáid nó consalacht:

  • Gnáthphas10 mbliana le 34 leathanach: €80
  • Pas mór 10 mbliana le 66 leathanach: €110
  • Pas 5 bliana (faoi 18 bliain d’aois): €30

Ní áiríonn na táillí an muirear is iníoctha le An Post le haghaidh úsáid Sheirbhís na bPasanna Luais.

Is iad seo a leanas na táillí nuair atáthar ag déanamh iarratas ar phas go pearsanta ag Oifig na bPasanna:

  • Gnáthphas 10 mbliana le 34 leathanach: €95
  • Pas 5 bliana (faoi 18 bliain d’aois): €45

Conas iarratas a dhéanamh

Má chaill tú do phas Éireannach anseo in Éirinn, ní mór an caillteanas a chur in iúl d’Oifig na bPasanna láithreach (féach ‘Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas’).Má chaill tú do phas Éireannach thar lear, ní mór duit é a chur in iúl d’ambasáid nó consalacht na hÉireann is cóngaraí láithreach.

Tá tuilleadh eolais ar fáil in ár doiciméad pas Éireannach a athnuachan.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Oifig na bPasanna

Teach Knockmaun
42-47 Sráid an Mhóta Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 TN83
Éire

Uaireanta Oscailte: 9:00am -4:30pm, Mon-Fri
Teil: +353 (0)1 671 1633

Oifig na bPasanna

1a An Mál Theas
Cork
Ireland

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 Deireadh Fómhair 2023