Conas iarratas a dhéanamh ar do chéad phas Éireannach mar dhuine fásta

Réamhrá

Míníonn an doiciméad seo conas iarratas a dhéanamh ar do chéad phas Éireannach, má tá tú os cionn 18 mbliana d'aois.

Má eisíodh do phas roimhe sin nuair a bhí tú i do leanbh agus mura bhfuil sé éagtha go fóill (nó níl sé éagtha ach le déanaí), meastar gur iarratas athnuachana é d'iarratas agus ní iarratas céaduaire é.

Molann Seirbhís na bPasanna go láidir duit iarratas a dhéanamh ar do phas 8 seachtaine ar a laghad roimh do dháta taistil má tá tú ag déanamh iarratais tríd an bpost agus 20 lá ar a laghad má dhéanann tú iarratas ar líne.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar phas má tá tú 18 mbliana d'aois nó níos sine. Má tá tú faoi bhun18, caithfidh tú toiliú do bheirt tuismitheoirí nó do chaomhnóra/chaomhnóirí i scríbhinn a fháil chun do phas féin a fháil - is féidir leat tuilleadh eolais a fháil inár ndoiciméad maidir le pasanna do leanaí.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil freisin ar phas caillte nó goidte a athsholáthar agus conas do phas a athnuachan.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar do chéad phas Éireannach:

  • Ar líne, trí Pas Ar Líne
  • Tríd an bpost, trí Post Passport

Seirbhís Pas Ar Líne

Is féidir leat an tseirbhís Pas Ar Líne a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar do chéad phas Éireannach ó áit ar bith ar domhan.

Teastaíonn rochtain a bheith agat ar phrintéir le haghaidh do chéad iarratas ar phas. Ní mór duit a bheith in ann an táille a íoc le cárta creidmheasa nó le cárta dochair freisin. Ní mór duit doiciméid bhunaidh a sheoladh chuig Seirbhís na bPasanna tar éis duit do phróiseas iarratais ar líne a chríochnú.

Grianghraif Dhigiteacha

Ní mór duit grianghraf digiteach a chur isteach mar chuid d'iarratas. Is féidir leat é seo a dhéanamh ar 3 bhealach:

  • Iarr ar sholáthraí grianghraf rannpháirteach do ghrianghraf a thógáil, tabharfaidh sé cód uathúil duit le cur ar d'iarratas ar líne.
  • Iarr ar sholáthraí grianghraf rannpháirteach do ghrianghraf a thógáil, agus iarr air é a chur ar ríomhphost chugat, nó an grianghraf a shábháil ar fheiste USB, nó modh stórála eile. Caithfidh tú rochtain a bheith agat ar an ngrianghraf agus d'iarratas ar líne á chríochnú agat
  • Tóg grianghraf sa bhaile le ceamara digiteach nó le fón cliste. Caithfidh an grianghraf d'íomhá ón choim aníos a thaifeadadh.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi na riachtanais grianghraf don tseirbhís Pas Ar Líne.

D'aitheantas a Chruthú

  • Nuair a bheidh d'iarratas ar líne críochnaithe agat, iarrfar ort Foirm Fíoraithe Aitheantais a phriontáil
  • Má tá iarratas á dhéanamh agat in Éirinn, ní mór do bhall den Gharda Síochána an fhoirm seo a shíniú.
  • Má tá iarratas á dhéanamh agat ó thar lear, is féidir le gairmí ón liosta ar shuíomh Pas Ar Líne, nó ar an bhfoirm fíoraithe féin, an fhoirm a fhianú.

Doiciméid a sheoladh

Nuair a bheidh an t-iarratas críochnaithe agat, iarrfar ort Leathanach Clúdaigh Iarratais a phriontáil. Liostóidh sé seo na doiciméid nach mór duit a sheoladh chuig Seirbhís na bPasanna. Ní mór do gach doiciméad a sheoltar a bheith ina dhoiciméad bunaidh. Molann Seirbhís na bPasanna duit modh slán postála a úsáid chun do dhoiciméid a sheoladh. Cruthaítear lipéad postais mar chuid d'iarratas (má tá iarratas á dhéanamh agat in Éirinn).

Má tá tú ag déanamh iarratais ó thar lear, ba cheart duit seirbhís iontaofa poist a úsáid. I roinnt tíortha, níl na seirbhísí poist áitiúla iontaofa. Sa chás seo, is féidir leat do dhoiciméid a chur isteach ag an Ambasáid Éireannach is gaire duit.

Tá tuilleadh eolais faoi na doiciméid a chaithfidh tú a sheoladh thíos.

Is féidir leat Ceisteanna Coitianta a léamh faoin tseirbhís leathnaithe Pas Ar Líne.

Iarratas a dhéanamh tríd An Post le Post Passport

Is seirbhís é Post Passport a chuireann An Post ar fáil.

Más saoránach Éireannach atá ina chónaí in Éirinn é do leanbh, ba chóir duit foirm APS 1 a chomhlánú. Ní féidir faoi láthair leagan páipéir den fhoirm iarratais a íoslódáil

Grianghraif

Ní mór duit 4 ghrianghraf chomhionanna de do leanbh a tógadh le déanaí a chur isteach le d'iarratas. Ba chóir d'fhinné an iarratais dhá cheann de na grianghraif seo a shíniú ar a gcúl. Ba chóir don fhinné an uimhir fhoirm a thaispeántar i gcuid 9 den fhoirm iarratais a scríobh ar an dá ghrianghraf sínithe. Má tá tú ag déanamh iarratais ar do phas in Éirinn caithfidh an finné a bheith ina b(h)all den Gharda Síochána.

eolas ar ghrianghraif pas atá níos mionsonraithe ar fáil.

Post Passport thar lear

Soláthraíonn roinnt brainsí de chuid Oifig an Phoist sa Ríocht Aontaithe an tseirbhís Post Passport (pdf).

oifig an phoist sa Bhreatain Mhór a thairgeann Post Passport (Glaschú, Cardiff agus Learpholl).

Má tá tú ag déanamh iarratais ó thar lear, tá catagóirí oiriúnacha finné liostáilte ar an bhfoirm iarratais. Ba chóir don fhinné a uimhir theagmhála i rith an lae a lua ar an bhfoirm iarratais mar d'fhéadfadh sé go mbeadh sé seo le deimhniú ag an tSeirbhís Pasanna nó ag an ambasáid nó ag an gconsalacht ábhartha.

Iarratas a dhéanamh go pearsanta

Ní mholtar iarratas a dhéanamh go díreach chuig Oifig na bPasanna le haghaidh chéad phas do linbh.

Tá an tseirbhís chuntair in Oifig na bPasanna ceaptha le freastal ar dhaoine a dteastaíonn uathu a bpasanna a athnuachan go práinneach, agus gan go leor ama acu chun iarratas a dhéanamh ar bhealaí eile.

Má tá tú i do chónaí i dtír nach bhfuil Post Passport ná Pas Ar Líne ar fáil duit, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach go pearsanta nó trí iarratas a sheoladh trí ghnáthphost nó post cláraithe chuig an ambasáid nó an chonsalacht Éireannach is gaire duit. Úsáidtear foirm APS 2.

Ní féidir leat an fhoirm iarratais a íoslódáil. Is féidir leat an fhoirm iarratais a fháil ó ambasáid nó ó chonsalacht na hÉireann sa tír ina bhfuil cónaí ort (nó ón ambasáid nó ón gconsalacht is gaire).

Táillí ar phasanna

Pas caighdeánach 10 mbliana 34 leathanach

Pas Ar Líne - € 75 (+ €15 postas má chónaíonn tú lasmuigh d'Éirinn)

Post Passport - € 80 (+táille € 9.50)

Go pearsanta - €95

Pas mór 10 mbliana 66 leathanach

  • Pas Ar Líne - € 105 (+ €15 postas má chónaíonn tú lasmuigh d'Éirinn)
  • Post Passport - € 110 (+táille € 9.50)
  • Go pearsanta - €125

Chomh maith leis sin, cuireann An Post rogha 'Iarratas Teaghlaigh' ar fáil inar féidir suas le 4 iarratas ar phasanna a chur isteach i gclúdach amháin. Is í an táille bhreise ar Iarratas Teaghlaigh ná €16.

Cad iad na doiciméid atá de dhíthorm?

Ní mór duit na nithe seo a leanas a chur isteach le d'fhoirm iarratais:

  • Do dheimhniú breithe sibhialta iomlán
  • Do dheimhniú pósta shibhialta nó páirtnéireachta sibhialta (má athraigh tú do shloinne)
  • Cruthúnas ar sheoladh
  • Cruthúnas ar ainm
  • Cóip de do Chárta Seirbhísí Poiblí nó den bundoiciméad aitheantais fótagrafaigh eisithe ag an rialtas
  • Má tá tú i do chónaí i dTuaisceart Éireann nó thar lear, ní mór duit pas bunaidh, cárta aitheantais náisiúnta, cárta slándála sóisialta a sholáthar; nó cóip dheimhnithe de do cheadúnas tiomána

B'fhéidir go mbeadh ort doiciméid bhreise a sheoladh chomh maith leo siúd atá liostaithe thuas ag brath ar do chás áirithe.

Doiciméid Bhreise

Má rugadh tú thar lear do thuismitheoir a rugadh in Éirinn nó i dTuaisceart Éireann - ba chóir duit na rudaí seo a sheoladh freisin:

  • Deimhniú breithe do thuismitheoir a rugadh in Éirinn
  • Deimhniú phósadh sibhialta do thuismitheoirí (más bainteach)

Má bhfuair tú do shaoránacht Éireannach trí eadóirsiú - ba chóir duit na rudaí seo a sheoladh freisin

  • Do dheimhniú eadóirseachta bunaidh
  • Do phas eachtrach bunaidh (má tá sé ar fáil).

Má bhfuair tú do shaoránacht Éireannach tríd an bpróiseas cláraithe breithe coigríche – ba chóir duit na rudaí seo a sheoladh freisin:

  • Do dheimhniú iontrála ar Chlár na mBhreitheanna Coigríche
  • Do phas eachtrach

Más rud é gur uchtaíodh tú – ba chóir duit na rudaí seo a sheoladh freisin:

  • Do dheimhniú iontrála sa Chlár um Uchtuithe Idir Tíortha(Má uchtaíodh tú thar lear, ní mór d’uchtáil a chur ar Chlár na nUchtálacha idir Tíortha)
  • Do dheimhniú pósta shibhialta nó páirtnéireachta sibhialta (má athraigh tú do shloinne)
  • Deimhniú breithe nó pas Éireannach do thuismitheora uchtála
  • Do dheimhniú uchtála

Má bhfuair tú do shaoránacht Éireannach trí shaoránacht iarphósta - ba chóir duit na rudaí seo a sheoladh freisin:

  • Do dheimhniú iarphósta (ní mór é seo a bheith eisithe roimh 30 Samhain 2005)

Mura bhfuil do chuid doiciméad i mBéarla ní mór duit leaganacha Béarla deimhnithe a sholáthar freisin, iad aistriú ag aistritheoir cláraithe.

Is féidir le hOifig na bPasanna doiciméid bhreise a lorg agus/nó iarratasóirí a chur faoi agallamh.

Is féidir leat deimhnithe breithe, pósta, páirtnéireachta sibhialta agus uchtála a ordú ó FSS.

Is féidir leat deimhniú iontrála i gClár na nUchtálacha Idirthíortha a ordú ón Údarás Uchtála.

Tá eolas maidir le conas deimhniú cláraithe breithe coigríche a fháil ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Cé chomh fada is a thógfaidhm'iarratas ar phas?

Críochnaítear iarratais ar líne laistigh de thart ar 20 lá oibre.

Má tá tú ag athnuachan tríd an tseirbhís Post Passport, ba chóir duit 8 seachtaine ar a laghad a fhágáil chun d'iarratas a phróiseáil (gan amanna postais san áireamh). Is féidir an tréimhse seo a bheith níos faide ag amanna áirithe den bhliain mar gheall ar líon méadaithe na n-iarratas.

Seiceáil láithreán gréasáin na Seirbhíse Pasanna le haghaidh na n-amanna próiseála reatha.

Dul chun cinn d'iarratas ar phas a rianú

Cuireann Seirbhís na bPasanna Seirbhís Rianaithe Pasanna ar fáil, a ligeann duit stádas d'iarratais a sheiceáil ar líne. Chun é seo a dhéanamh, ní mór duit an uimhir iarratais ó d'fhoirm a bheith agat (i gcúinne uachtarach na láimhe clé den fhoirm) chun é seo a dhéanamh.

An Pas a Shíniú

Nuair a fhaigheann tú do phas, ba chóir duit é a shíniú. Más pas linbh é, ba chóir don leanbh é a shíniú. Mura bhfuil an páiste in ann a (h)ainm a shíniú, ba chóir é a fhágáil folamh.

Teagmhálacha Úsáideacha

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Eanáir 2024